Numbers of speakers of Irish
Aibreán 7, 2014
Sir, – Your Irish language columnist Caoimhe Ní Laighin misleadingly states in her article(“Cinniúint na Catalóine”, April 2nd) that there are “77,000 cainteoir ag an nGaeilge”.
This is not correct. The number of Irish speakers who claim to use Irish daily “outside the educational system only” should not be equated with the total number of Irish speakers, as your columnist has done. Many Irish speakers living outside Irish-speaking communities do not easily get opportunities on a daily basis to use Irish but they are still Irish-speakers.
In my opinion a better measure of the number of active Irish-speakers is the number of people who claim in census returns to use the language at least weekly outside education. This figure, according to the 2011 census is 188,000 for the 26 counties.
The 2011 census taken in Northern Ireland showed that there were 64,847 people who claimed to be able to understand, read, write and speak Irish. Unfortunately we don’t have figures for daily and weekly users but I would suggest a figure of approximately 16,000 would not be an exaggeration, giving a figure of a little more than 200,000 for the number of people who use Irish on a regular basis within the island of Ireland.
DONNCHA Ó hÉALLAITHE
Gaeltaighde,
Indreabhán,
Co na Gaillimhe
www.irishtimes.com
Brian Bóroimhe agus Cath Chluain Tarbh
Aibreán 3, 2014
Tá Úrscéal Graifeach i mBéarla – Brian Boru and the Battle of Clontarf– agus i nGaeilge- Brian Bóroimhe agus Cath Chluain Tarbh– foilsithe ag Levins Print Ltd., mar chuid de cheiliúradh míle bliain an chatha sin.
Tá 32 leathanach lán de phictiúir iontacha sa leabhar a thaispeánann stair agus tarlúintí an chatha go soiléir agus go suimiúil. Tuigfidh múinteoirí agus mic léinn an scéal i bhfad níos fearr tar éis an leabhar seo a léamh.
Leabhar Éireannach é seo ar fad, scríofa ag an údar clúiteach Rory McConville, tharraing an maisitheoir Deirdre de Barra na pictiúir, agus d’aistrigh an file Gabriel Rosenstock an scéal go Gaeilge. Thug Foras na Gaeilge tacaíocht don leagan Gaeilge agus táimid buíoch dóibh.
Beidh na leabhair ar fáil do scoileanna ar €4 an ceann, ach caithfear 50 cóip ar a laghad a ordú. Is féidir leis an scoil iad a dhíol ar €5 an chóip.
Cuir glaoch ar 01-890 2055 leis an ordú, nó seol chuig leo@levinsprint.com
Beir gach bua agus beannacht,
Leo Levins
Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste
Aibreán 3, 2014
Is í Gaelscoil na bhFál curadh Fhéile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste. Seo an dara bliain as a chéile don scoil an gaisce a dhéanamh le léiriúchán faoi shaol na cathrach le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Ocht nGaelscoil a chuaigh chun ardáin le linn na féile agus bhí idir drámaí cogaíochta, drámaí aistrithe agus ceoldrámaí i measc na léiriúchán.
Roghnaíodh Bunscoil Phobal Feirste, Bunscoil Naomh Pádraig agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i dteannta Ghaelscoil na bhFál chun ionadaíocht a dhéanamh ag Féile Uladh.
Chaith Meon Eile lá na féile cois ardáin, seo chugaibh buaicphointí na haisteoireachta, an cheoil agus siamsaíochta na féile.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Iomainn i nGaeilge
Aibreán 2, 2014
Tá mí Aibreáin linn, agus tá go leor de na scoileanna lán-Ghaeilge ag díriú ar na sacraimintí faoi láthair. Ba mhór linn áis a chur ar www.gaelscoileanna.ie dóibh siúd atá ag ullmhú don Chéad Chomaoineach agus Cóineartú, sé sin go bhfeadfadh scoileanna na hiomainn atá acu a chur ar aghaidh chugainn le go roinnfear iad ar scoileanna eile. Bheadh fáilte ach go háirithe roimh iomainn nua-aimseartha agus nua-chumtha, agus má tá taifead fuaime nó físe agaibh de gur mian libh a roinnt, ba bhreá linn sin a chur ar an suíomh chomh maith. Tabharfar creidiúint d’údair ar aon ábhar a fhoilsítear, agus is féidir ábhar a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie.
Nuachainteoirí – Taighde ar bun
Aibreán 2, 2014
Tá tionscnamh taighde nua ar bun maidir le tuismitheoirí a bhfuil ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Tá an taighde dírithe ar na fáthanna a roghnaíonn tuismitheoirí Gaeilge dá bpáistí, na dúshláin atá ann dóibh agus conas ar fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge féin. Ba mhór leis an taighdeoir, an Dr. Bernadette O’Rourke, labhairt le tuismitheoirí a bheadh sásta a gcuid eispéiris a roinnt, agus is féidir teagmháil a dhéanamh lei ar bernieorourkenuachaointeoir@gmail.com nó 0044 7799152298.
Tá an Dr. O’Rourke mar chathaoirleach ar COST – Action New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges
Reachtaíocht teanga le foilsiú gan mhoill
Aibreán 2, 2014
Foilseofar gan mhoill Cinn an Bhille nua le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (2003) a leasú i ndiaidh gur phléigh an Rialtas inné iad.
Ní fios fós an bhfuil aon athrú déanta ar an dréacht de Chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (2014) ó sceitheadh iad le Conradh na Gaeilge ag tús na míosa seo caite. Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, le Bileog inné go raibh sé ag súil “nach iad na moltaí lochtacha céanna” a d’fhoilseofaí.“Más mar a chéile na leasuithe a sceitheadh linne mí ó shin agus na leasuithe a fhoilseofar, céim mhór ar gcúl don teanga a bheadh ann a chruthódh nach raibh an Rialtas seo ag éisteacht leis an bpobal agus nár thug siad aird ar na moltaí a tháinig ón bpobal mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha,” a dúirt sé.
Rinne Conradh na Gaeilge cáineadh láidir ar na dréachtmholtaí a sceitheadh. Dúirt Ó Cearbhaill an uair sin gur chúis iontais ba ea é gur thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas “dréacht chinn Bhille chomh lag, lochtach, díomách a dhréachtú”. Dúirt Ó Cearbhaill chomh maith gur léir ón gcáipéis sceite nár tógadh mianta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh agus an reachtaíocht á dréachtú agus nach raibh i gceist inti ach “cúngú agus cúlú agus níos lú seirbhísí Gaeilge don phobal”. Cháin Conradh na Gaeilge na leasuithe a bhí molta sa cháipéis sceite mar nach raibh aon soláthar inti a chinnteodh go mbeadh gach seirbhís á cur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta “gan ceist, gan coinníoll” agus mar nach raibh aon spriocanna inchreidte tugtha inti maidir le hearcaíocht daoine le Gaeilge san earnáil phoiblí.
Ba chúis dhíomá don Chonradh go raibh sé i gceist dul ar aghaidh leis an gcónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman, rud a chuirfeadh “dea-obair agus neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga i mbaol”. Rinne an freasúra cáineadh chomh maith ar a raibh molta sa cháipéis sceite. Dúirt iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív (FF) go raibh formhór na moltaí “teicniúil nó diúltach”. Thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) le fios go raibh “an chosúlacht” ar an gcáipéis “gurb é an treo atáthar ag dul ná go bhfuiltear ag dul ag déanamh lagú an-mhór ar Acht na dTeangacha Oifigiúla”.
Idir an dá linn, beidh Conradh na Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí a fhreastlóidh inniu ar an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach a bhunaigh Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley le plé a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Beidh toscaireacht ó Chonamara ag dul go Baile Átha Cliath inniu chun stocaireacht a dhéanamh ar na hionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ag freastal ar an chéad chruinniú den choiste. Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí na toscaireachta, go raibh sé ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh “lámha” na n-ionadaithe “ceangailte ag na téarmaí tagartha atá leagtha síos” ag Roinn na Gaeltachta don choiste nua.
Dúirt sé gur chóir go mbuailfeadh na hionadaithe le chéile níos minicí ná uair sa ráithe mar a bhí beartaithe agus gur cheart go mbeadh an coiste nua faoi chathaoirleacht neamhspleách. “Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh deis ag an gCoiste Comhairleach nithe a chur ar an gclár oibre ar nós na leasuithe a theastaíonn a bheith curtha ar Acht na Gaeltachta agus an gá práinneach atá le Bord Oideachais don Ghaeltacht má tá aon rath le bheith ar an bpleanáil teanga, sa mhéid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt,” a dúirt Ó hÉallaithe.
www.irishtimes.com
Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain Ceaptha
Aibreán 1, 2014
Amárach, tionólfar an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá beartaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Coiste Comhairleach a bhunú i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Tá na heagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí sa Ghaeltacht ag éileamh a leithéid de choiste le tamall fada agus cur chuige an Rialtais i dtaca leis an Straitéis cáinte go láidir acu, agus é curtha i leith an státchórais go bhfuil sé ag tarraingt na gcos maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.
I mí Dheireadh Fómhair 2013, eagraíodh seimineár idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta. Le linn an tseimineáir sin, moladh go láidir go mbunófaí struchtúr nua ionas go bhféadfadh an earnáil dheonach ionchur a bheith aici i gcur i bhfeidhm na Straitéise.
Is mar seo a leanas a bheidh an bhallraíocht ar an gCoiste Comhairleach: An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Cathaoirleach); Údarás na Gaeltachta; Foras na Gaeilge; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Gaelscoileanna Teoranta; Conradh na Gaeilge; Gael Linn; Oireachtas na Gaeilge; Glór na nGael; Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta; Muintearas; Oidhreacht Chorca Dhuibhne; CONCOS; Comhar na Naíonraí Gaeltachta; Óige na Gaeltachta; Ealaín na Gaeltachta; agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
I litir chuig na heagraíochtaí ag tabhairt cuiridh dóibh freastal ar an gcéad chruinniú, léirigh an tAire Stáit Gaeltachta go bhfuil sé “ag súil go gcothóidh an Coiste Comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Spraoicheisteanna Fhéile na Gaeilge i gCeatharlach
Aibreán 1, 2014
Reachtáladh réimse an-leathan d’ócáidí Gaelacha i rith Fhéile na Gaeilge ó thús go deireadh Mhí an Mhárta i gCeatharlach.
I measc na n-imeachtaí a bhí ar chlár na féile bhí ceolchoirmeacha, drámaíocht, damhsa, scéalaíocht, ceardlanna agus spraoi. Chomh maith leis sin reachtáladh dhá chomórtas spraoicheist, ceann amháin dírithe ar mhicléinn na hidirbhliana agus ceann eile do bhunscoileanna an cheantair. Tháinig breis is céad dalta ó bhunscoileanna an cheantair maille lena dtuismitheoirí agus a múinteoirí le chéile i gClub Éire Óg ar oíche Luain seo caite chun páirt a ghlacadh i spraoicheist na mbunscoileanna. Bhí 27 foireann páirteach ó ocht scoil éagsúil le daltaí ó Ghaelscoil Eoghain Uí Thuraisc, Scoil Bhaile Nua Dún Leicne, Scoil Dhiarmada, Scoil an Easpaig Úí Fhoghlú, Scoil Mhuire gan Smál, Beann na gCaorach, Scoil Ard Lios agus Scoileanna bhuachaillí agus cailíní an Teaghlaigh Naofa páirteach sa chomórtas.
Bhí idir mhúinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí thar a bheith sásta le caighdeán na gceisteanna. Foireann as Scoil Mhuire gan Smál a bhuaigh an comórtas le Scoil Bhaile Nua Dún Leicne sa dara háit. Bhí foirne as Bheann na gCaorach agus Scoil Náisiúnta Ard Lios ar chomhscór don tríú háit. Bhí beagnach fiche foireann i láthair do Thráth na gCeist na hidirbhliana a bhí ar siúl maidin Mháirt in Ionad Pharóiste na hArdeaglaise le daltaí ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, Choláiste Naomh Leoin, Choláiste an Chnoic Bhig agus ó Acadamh Naomh Muire san iomaíocht. Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar cheol, chursaí reatha, spórt, scannáin, stair, tíreolas agus eolas ginearálta. Ag deireadh na mbabhtaí tháinig foireann ó Ghaelcholáiste Cheatharlach sa chéad áit. Bhí foireann eile an Ghaelcholáiste agus Acadamh Naomh Muire ar chomhscór don dara háit agus is buachaillí an Chnoic Bhig a tháinig sa tríú háit.
Chuir na buaiteoirí go léir fáilte roimh na huibheacha cásca a bhí mar dhuaiseanna agus deineadh comhgháirdeachas leis na foirne go léir a ghlac páirt sa dá ócáid taitneamhach. Gabhann Glór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na foirne uile a bhí páirteach agus le muintir Éire Óg agus Ionad Pharóiste na hArdeaglaise as na háiseanna a chur ar fáil dúinn. Is cinnte go mbeidh éileamh ar a thuilleadh spraoicheisteanna i gcaitheamh na bliana.
www.carlow-nationalist.ie
Aip Nua don Bhéaltriail
Aibreán 1, 2014
Tá mic léinn gnóthach an tseachtain seo agus iad ag tabhairt faoin mBéaltriail agus tá cúnamh breise ar fáil dóibh.
Le 40% de mharcanna na Gaeilge ag dul don bhéaltriail, tá áis shuimiúil nua seolta ag www.clevercourses.ie mar chabhair do dhaltaí na hArdteistiméireachta. Is aip idirghníomhach é Sraith Pictiúr 2014 a chuireann síos ar na fiche pictiúr a scrúdaítear mar chuid den bhéaltriail. Taobh istigh de gach scéal tá fuaimrianta, foclóir cuí, frásaí úsáideacha chomh maith le haistriúcháin Bhéarla agus tá 120 fuaimrian ó chainteoirí dúchasacha le feabhas a chur ar fhoghraíocht na ndaltaí.
Is áis iontach úsáideach í Sraith Pictiúr 2014 don ullmhúchán agus an dul siar atá ar siúl ag daltaí i láthair na huaire in am don bhéaltriail.Tá an aip cruthaithe ag sain-mhúinteoirí agus iar-scrúdaitheoirí don scrúdú béil agus deireann tairgeoirí Sraith Pictiúr go gcabhraíonn sé le daltaí tógáil ar na scileanna riachtanacha lena leagan féin a dhéanamh de na scéalta chun sármharcanna a fháil sa scrúdú béil.
Dúirt Tiernan O’Neill, an bainisteoir margaíochta “I ndiaidh dom bualadh le go leor múinteoirí Gaeilge le roinnt seachtainí anuas, tá an t-aiseolas an-dearfach go dtí seo, agus tá go leor acu i ndiaidh an aip a íoslódáil le húsáid lena gcuid daltaí. Cuireann sé an teicneolaíocht chun cinn san oideachas chomh maith, agus táimid paiseanta faoin aidhm sin”. Tá an Aip Sraith Pictiúr 2014 ar fáil don ardleibhéal agus don ghnáthleibhéal ag Google Play agus siopaí IOS ó €1.99 go €4.49. B’fhéidir nach aon díobháil triail a bhaint as.
www.carlow-nationalist.ie