Méid an Téacs

KÍLA IN COLLABORATION WITH CARTOON SALOON & FÓCAS FILMS RELEASE CÚL AN TÍ ON DVD

Samhain 14, 2018

image.png

Title: Cúl an Tí

Format: DVD

Label:  Kíla Records/Fócas Films/Cartoon Saloon

Catalogue Number: KRDVD004

WATCH TRAILER HERE

Purchase Here

 

Description: Cúl An Tí, is a collaboration between KílaCartoon SaloonFócas Films and some of Ireland’s top singers (Mundy, Imelda May, Liam Ó Maonlaí, Mary Coughlan, Lisa Hannigan, Danny O’Reilly of The Coronas, John Spillane & more) to produce one of the finest pieces of Irish music and art in a decade.

Fócas Films producer, Éamon Ó Cualáin, brought these artists together to reinvigorate some old Irish songs by recording new versions and having animations made of them. He feared that our traditional songs were being made redundant by the digital age and that Irish children were only learning songs they listened to online. The DVD also contains 4 new songs brought to life through animation; 2 poems and 2 original tracks.

Cúl An Tí was originally broadcast as a 6-episode series on TG4 where presenter Pól Ó Ceannabháin travelled to schools around Ireland and school children were introduced to the songs and the visual ideas sought by the animators. A second series is now in the pre production stages.

The DVD is an invaluable tool for teachers and parents alike, containing a printable lyric sheet, translation sheet and the option of viewing the lyrics as karaoke style subtitles. If the songs alone weren’t enough the beauty of the animations, the music and singing performances will dfinatley inspire children to learn these songs.

The 12 performances on Cúl An Tí are a jewel for lovers of music and animation.

Order now from the Kila online shop.

Cur Síos: Séard is Cúl an Tí ann ná comhoibriú ealaíonta idir Kíla, Cartoon Saloon, Fócas Films agus amhránaithe móra le rá ar nós Mundy, Imelda May, Liam Ó Maonlaí, Mary Coughlan, Lisa Hannigan, Danny O’Reilly of The Coronas, John Spillane, chun cheann de na saothair ealaín agus ceoil is fearr a cruthaíodh in Éireann le deich mblian anuas.

Thug Éamon Ó Cualáin, léiritheoir Fócas Films, na healaíontóirí seo le chéile chun sean-amhráin Gaeilge a athbhunú trí leaganacha nua a thaifeadadh agus beochaintí a dhéanamh díobh. Bhí faitíos air go raibh na hamhráin traidisiúnta á chailliúint le ré an aois dhigiteach agus nach raibh ach amhráin a bhfuil ar fáil ar líne á fhoghlaim ag leanaí na hÉireann. Ar an DDF/DVD freisin tá 4 amhráin eile a bhfuil beochainti deanta astu, 2 dhán agus 2 amhrán nua.

Craoladh Cúl an Tí ar dtús mar shraith ar TG4 ina ndeachaigh an craoltóir Pól Ó Ceannabháin chuig scoileanna timpeall na hÉireann agus inar lorgaíodh smaointe ceol agus ealaíona na ndaltaí. Tá obair tosaithe ar an dara sraith.

Is uirlis luachmhar é an DDF/DVD do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí araon, ina bhfuil bileog lyric inchlóite, bileog aistriúcháin agus an rogha féachaint ar na liricí mar fhotheidil i stíl karaoke ar na beochaintí. Mura raibh na h-amhráin iontu féin mealltach a dhóthain is cinnte go spreagfaidh áilleacht na beochana, an cheoil agus na h-amhránaithe ar an DDF/DVD féin go leor chun leanaí chun na h-amhráin a fhoghlaim.

 Seod iad an 12 mhír ar Cúl An Tí dóibh siúd a bhfuil cionn acu ar cheol agus ar bheochaintí.

 Ceannaigh anois é ó Shiopa Kíla.

For further information, interview requests, images, etc. please contact

Caoimhe Ní Riagáin/Caoimhe@Gardinermusic.net/086 809 1838

Deis deiridh clárú do Thionól Forbartha 2018 – dornán spásanna fágtha!

Samhain 6, 2018

Níl Tionól Forbartha 2018 i bhfad uainn anois! An mbeidh ionadaithe ó do scoil i measc an 300+ toscaire a bheas i láthair in Óstán an Clayton, Gaillimh, ar an 16ú Samhain?

An bhfuil tusa nó comhghleacaithe leat ag iarraidh breis a fhoghlaim faoin gcódú agus cúrsaí teicneolaíochta, conas dráma simplí a léiriú, bealaí praiticiúla le teanga na matamaitice a fhorbairt, an Ghaeilge lasmuigh agus laistigh den seomra ranga, acmhainní nualácha don 21 hAois, nó conas plé le scoláirí le riachtanais speisialta oideachais sa suíomh lán-Ghaeilge? Beidh ceardlanna ar na hábhair seo agus neart eile ar chlár na bliana seo.

Tá scoth na gcainteoirí le bheith linn lena gcuid saineolais, taighde agus smaointe nuálacha a roinnt. Ina measc, beidh Gearóid Ó Tuathaigh, Deirdre Ní Dhorchaí, Seán Ó Grádaigh, Lydia Uí Ruairc, Frank Ó Tormaigh, Fil Uí Dhubhghaill, Monica Ní Choitir, Muireann Ní Bheaglaoich, Pádraig Ó Duibhir, T.J. Ó Ceallaigh, agus go leor cainteoirí eile den scoth.

Beidh deiseanna iontacha forbartha gairmiúla ar fáil ó 09.30 ar aghaidh go 17.15, agus deiseanna sóisialaithe agus líonraithe le hiliomad múinteoirí agus príomhoidí eile le toscairí ag teacht ó scoileanna DEIS, scoileanna uirbeacha, scoileanna beaga, scoileanna Gaeltachta agus eile.

Ná déan dearmad go bhfuil an fáiltiú agus mórdhinnéar ceiliúrtha san áireamh sa bpraghas le clár iontach siamsaíochta an oíche sin – lúibíní, ceol le Kíla, agus duaischarta le go leor duaiseanna den scoth a bhuachan.

Tapaigh an deis agus cláraigh inniu. Is é an dáta deiridh don chlárúchán ná 12 Samhain 2018. Níl ach 40 spás fágtha againn anois!

Clárúchán 

Clár 2018

Camchuairt 2019 fógartha ag Foras na Gaeilge

Samhain 1, 2018

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt le scéimeanna maoinithe a bheidh ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge in 2019 a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ag Aonach an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 2 Samhain. Le linn na n-oícheanta roinnfidh Foras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantar féin agus ceisteanna a chur.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe thuaidh agus theas aitheanta againn óna bhfuil líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Le dul i ngleic leis seo, eagraíodh camchuairteanna i míonna Feabhra agus na Samhna 2017 le labhairt le pobail sna ceantair seo agus é mar aidhm againn feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ba mhór an tairbhe a bhain leis na seisiúin sin toisc gur roinn rannpháirtithe aiseolas luachmhar linn atá anois curtha san áireamh againn. Táimid ag súil go mór le dul i mbéal an phobail arís leis an dara camchuairt seo le scéimeanna maoinithe 2019 a chur faoina mbráid.”

I measc na scéimeanna a bheidh á bplé beidh Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh agus scéimeanna scríbhneoireachta. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna, le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

02/11/2018 15:00 Cill Airne, Co. Chiarraí

Aonach an Oireachtais, Oireachtas na Samhna, Gleneagle Hotel, V93 V6WF

07/11/2018 19:30 Cathair Chill Chainnigh

Springhill Court Hotel, R95 NX32

07/11/2018 19:00 An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain

Burnavon Theatre, BT80 8DN

08/11/2018 19:30 Port Laoise, Co. Laoise

Maldron Hotel, R32 HKN3

14/11/2018 19:30 Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Grianán Theatre, F92 RV1F

15/11/2018 19:30 Cathair Shligigh

Sligo Southern Hotel, F91 EW24

16/11/2018 16:15 Cathair na Gaillimhe

Tionól Forbartha Gaeloideachas, Clayton Hotel, H91 D526

« Previous Page