Méid an Téacs

Nursery proposal turned down

Lúnasa 23, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

An rás mallaithe

Lúnasa 23, 2012

CROBHINGNE: TÁ TORTHAÍ na hardteistiméireachta ar fáil arís agus rás na bpointí in airde láin.

An chaint chéanna bliain i ndiaidh bliana. Casadh beag an t-am seo toisc marcanna sa bhreis a bheith ar shumanna seachas mar a bhíodh.

An tAire a d’iarr na hathruithe agus atá anois ag iarraidh iad a chasadh siar, nó mar adeir siad sa bhéarlagair neodrach, “athbhreithniú” arís a dhéanamh orthu.

Máithreacha agus aithreacha an tsaoil ag glaoch ar an raidió agus ag breacadh chun na nuachtán um éagothroime an chórais.

Ní féidir a rá nach bhfuil smut mór den cheart acu. Is diabhalta agus is éagórach an córas é go mbeadh saol agus fáistine duine ag brath go hiomlán ar conas mar a rinne an duine sin ar aon lá cinniúnach amháin, fág gach a ndearna sé roimhe sin as an áireamh.

D’fhéadfadh sé a bheith ar an duine ba mheabhraí amuigh, agus é ag obair ó dhubh go dubh, agus a bhundún curtha amach go míbhéasach aige ar feadh sé mbliana fada allais, agus ar lá na sprice tinneas cinn a bheith aige, nó is measa ná é, go bhfuair a shinseanmháthair bás.

Is intuigthe go léir go n-éileofaí, dá réir sin, córas a thabharfadh san áireamh cumas duine san fhairsingeacht, seachas scrúdú a bheadh i dtaobh leis an aon iarracht amháin. Moltar meastóireacht leanúnach, tuairiscí ó mhúinteoirí, fillteáin reatha, litreacha molta, teastais dochtúra, fianaise fhad na haimsire…

Tá an moladh seo chomh ciallmhar sin gur chóir é a chur i bhfeidhm ar gach gné den saol a bhfuil iomaíocht éigin i gceist. Bhí an t-ádh le buíon na dteistiméireachtaí i mbliana go raibh na cluichí Oilimpeacha ar siúl tar éis allas na scríbhneoireachta, mar is deimhnitheach go mbeadh go leor ag féachaint orthu i mí an Mheithimh mar mhalairt ar na leabhair. Ní móide gur rith sé leo, áfach, go raibh rud éigin éagothrom ó bhonn aníos ag baint le na cluichí céanna úd.

Tá na cluichí Oilimpeacha seo, agus beagnach gach saghas spóirt eile bunaithe ar an tuairim amaideach go mbaineann bua le feabhas faoi leith ar lá áirithe.

Níor ghá go mbeadh aon bhaint ag an lá áirithe atá sa treis le haon rud a chuaigh roimhe, gan amhras, agus dá réir sin, bronntar boinn óir agus airgid agus cré-umha ar dhaoine a ráiníonn gurb iad is fearr ag pointe áirithe, agus déantar dearmad glan ar na gaiscígh eile ab fhearr ná iad a tharla go glanseansúil nach raibh siad chomh maith leo ar lá úd na cinniúna.

Ní cheapaim féin gurb aon tslí loighiciúil í seo le comórtas cluichíochta a eagrú. Mo thuairim mhacánta féin, gur chóir na cluichí Oilimpeacha a mheas ar conas mar a éiríonn le lúthchleasaithe idir dhá mhórchomórtas. Dá réir sin, sa chás is go mbeadh duine ag caitheamh an chasúir fad fada áirithe ar feadh cheithre mbliana, ba cheart go meáfadh sin níos mó ná aon chaitheamh mór timpistiúil amháin agus an ghrian ag taitneamh.

Fairis sin, áfach, mura n-éireodh le duine seachas a chéile ar an lá spriocálta ba chuí go mbeadh córas achomhairc ann ina dtiocfadh gach duine ar ais chun an ráis a rith arís, nó na saighde a theilg, nó na léime a thabhairt, nó an chasúir a chaitheamh.

Ina theannta san, níl aon amhras ná gur chóir tuairimí agus tuairiscí na saineolaithe a chur san áireamh. Cuir i gcás an cóitseálaí proifisiúnta sin a thuig go raibh reathaire amháin thar barr agus a scoith gach duine thall is abhus oíche i ndiaidh oíche, níl aon chúis nach gcuirfí a bhreith sin suas is anuas leis an amaitéarach aon uaire a bhainfeadh bonn óir gan súil, gan choinne.

Bheadh sé fuiriste go leor teacht ar chóras a mheáfadh tuarascálacha chóitseálaithe seachas a chéile, córas a dháilfeadh pointí orthu de réir boscaí a thiceáilfí ar ghréasáin eolaíochtúla de réir na slata tomhais b’oibiachtúla amuigh.

Abair go rithfeadh duine 100 méadar faoi bhun 10 soicind – ní bheadh aon deimhne againn gur dhein sé riamh roimhe sin é, ná go ndéanfadh arís mura mbeadh tuarascálacha agus meastóireacht leanúnach againn ón aos oiliúna.

Ní hí an cheist, mar sin, na scrúduithe a reáchtáil níos cosúla leis na cluichí Oilimpeacha, ach na cluichí Oilimpeacha a reáchtáil níos cosúla leis na scrúduithe, mar atá siad á moladh.

Is beag é m’amhras ná go mbeadh foraois de bhoinn óir againn an chéad uair eile, ach na tuarascálacha a bheith i gceart.

www.irishtimes.com

Raidió yí-há

Lúnasa 22, 2012

CHEADAIGH AIRE Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deontas €27,000 don stáisiún idirlín, Raidió Rí-Rá, an tseachtain seo caite.

Tá Rí-Rá ag craoladh an cheoil is déanaí ó na cairteacha trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga ó bhí Márta 2008 ann.   Mhol McGinley an stáisiún as “an obair fhiúntach” agus “fís” a bhí acu freastal a dhéanamh ar riachtanais teanga dhaoine óga; bhí “an-mholadh” ag dul dóibh.

Dúirt cathaoirleach an stáisiúin, Traic Ó Braonáin, gur mhór leo an t-aitheantas agus an chabhair a thug an deontas dóibh cur lena gcuid seirbhísí. Ba é cuspóir Rí-Rá an mhuintir óga a spreagadh “leis an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, nuálaíoch lasmuigh den seomra ranga”.

www.irishtimes.com

Maths bonus points cost me college place

Lúnasa 22, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Naíscoil na Daróige diúltaithe ag Aire Oideachais

Lúnasa 22, 2012

Tá iarratas chun naíolann lánaimseartha a fhorbairt i nDoire diúltaithe ag Aire Oideachais an Tuaiscirt, John O’Dowd.

Rinne Gaelscoil na Daróige iarratas go n-athrófaí Naíscoil Mhaol Íosa, atá lonnaithe ar thailte na scoile, ó bheith ina ghrúpa spraoi deonach go dtí a bheith ina naíolann lánaimseartha ach níor ghlac an tAire leis an moladh.

“Is féidir le tuismitheoirí rogha a dhéanamh a gcuid páistí a theagasc trí mheán na Gaeilge agus tá muinín agam gur féidir leis an soláthar réamhscolaíochta Gaeilge sa cheantar freastal a dhéanamh orthu,” arsa O’Dowd.

Mhaígh an Roinn go raibh beagnach leath de na spáis atá ceadaithe i naíolanna sa cheantar folamh.

Cháin Mark Durkan ón SDLP an cinneadh, áfach.

“Ó bunaíodh é, tá áit bainte amach ag Gaelscoil na Daróige i gcroílár an phobail i mBaile Mhic Robhartaigh agus tá an-díomá orm go bhfuil John O’Dowd ó Shinn Féin ag diúltú naíolann sa scoil a fhorbairt,” a dúirt an Durcánach.

www.gaelsceal.ie

A bonus for mathematics students

Lúnasa 21, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Lá Oscailte Ghaelscoil Dhroichead na Bandan

Lúnasa 17, 2012

TÁ lá oscailte le bheith ag Gaelscoil nua i gContae Chorcaí Dé Domhnaigh seo chugainn chun cur leis an suim sa ghaelscolaíocht sa cheantar.
Is i nDroichead na Bandan a osclóidh an Ghaelscoil is déanaí sa chontae agus tá dóchas láidir i measc lucht a bunaithe go n-éireoidh chomh geal léi agus a d’éirigh le gaelscoileanna i gCloch na Coillte, Beanntraí agus An Sciobairín.
Tá an Ghaelscoil nua suite faoi láthair i gclubtheach an CLG ar an mbaile. Traolach Ó Donnabháin atá ina chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta – tarlaíonn sé go bhfuil sé freisin sa phost céanna ar an mBord Bainistíochta i gCloch na Coillte a ch ní miste leis an cúram breise.
“Tá ana ríméad orainn go bhfuil céim eile tógtha ag an nGaelscolaíocht sa cheantar seo, iarthar Chorcaí, agus go bhfuil Droichead na Bandan anois i gciorcal caradach na Gaelscolaíochta,” ar sé. “Beimid ag súil go mbeidh ár ndóthain daltaí againn chun tús a chur leis an bhforás anseo i nDroichead na Bandan, mar a tharla roimhe seo ar mo bhaile dúchais féin, Cloch na Coillte, agus ar an Sciobairín agus Beanntraí freisin.”
An tseachtain seo caite fuair muintir Chloch na Coillte cead pleanála d’fhoirgneamh nua sé sheomra dhéag dá nGaelscoil. De réir plean nua atá ag an Roinn Oideachais, tá ceangal ar an bhforbróir an foirgneamh a chríochnú go hiomlán laistigh de 30 seachtain, rud a chiallaíonn go mbeidh 320 dalta na Gaelscoile agus an fhoireann de 25 ag bogadh isteach go dtí a bhfoirgneamh nua ag tús na scoilbhliana seo chugainn, 2013-14.
Foilseofar gné-alt faoin obair éachtach atá ar bun i gCloch na Coillte an tseachtain seo chugainn i nGaelscéal.

http://www.gaelsceal.ie/

Girls outperform boys in most Leaving subjects

Lúnasa 17, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Faoiseamh agus sonas le dáileadh torthaí A-Leibhéal

Lúnasa 17, 2012

Beagnach 13,000 scoláire i dTuaisceart na hÉireann a fuair torthaí A-Leibhéal i mbliana. Le himeacht an tsamhraidh, tá tús nua anois i ndán do na fir agus na mná óga seo.

Tugadh deis do scoláirí teacht ar a gcuid torthaí ar an idirlíon. Tháinig beagnach 5,000 scoláire i 35 tír éagsúil ar a dtorthaí ar an dóigh seo i mbliana. In ainneoin an fhíric seo, lean an tromlach acu an bealach traidisiúnta lena dtorthaí a bhailiú ón scoil.

Thug Shane Ó Curraighín cuairt ar Choláiste Feirste, an mhéanscoil Ghaeilge is mó sna sé chontae nuair a dáileadh na torthaí i measc iar dhaltaí na scoile.
Labhair sé leo faoin dúil agus dóchas atá acu don todhchaí agus faoi osna faoiseamh na maidine…

Bhí dea-scéala torthaí ann fosta d’fhir agus mná óga lasmuigh den ghnáth chóras mhéanscolaíochta. Díríonn GaelChúrsaí ar dhaltaí nár lean gnáth chóras na méanscolaíochta nó a d’fhág an scoil go luath.

“Seo an chéad bhliain dúinn daltaí a chur fríd an Ard Leibhéal agus d’éirigh le 100% Ard Leibhéal a bhaint amach, a dúirt Colma Kee, Stiúrthóir Gaelchúrsaí. “Scéal iontach agus sár-iarracht ag na daltaí seo,” arsa Colma.

Físeán le feiceáil ar Meon Eile.

Shane leads roll of honour at gaelscoil

Lúnasa 16, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »