Folúntais: Bord Oideachais & Oiliúna Chill Dara & Chill Mhantáin
Meán Fómhair 28, 2015
Múinteoir Ealaíne (saoire máithreachais, 20 uair in aghaidh na seachtaine)
agus
Múinteoir Bitheolaiochta and Fisice (saoire máithreachais, 20 uair in aghaidh na seachtaine)
i nGaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór
Tuilleadh sonraí agus foirmeacha iarratais: www.etbvacancies.ie/kildarewicklow
Nuachtlitir nua na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le forbairtí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán
Meán Fómhair 25, 2015
Tá an chéad eagrán de nuachtlitir na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le forbairtí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán foislithe.
Is é cuspóir na nuachtlitreach léargas a thabhairt ar chlár oibre leanúnach na Roinne maidir le tacú le forbairt phobal na Gaeltachta, cothú agus cur chun cinn na Gaeilge agus feabhsú an chaighdeáin mhaireachtála ar na hoileáin.
Tá cóip den nuachtlitir ar fail ag an nasc thíos:
Nuachtlitir Gaeilge Gaeltacht agus Oileáin MF 2015
Seisiún eolais faoi dámhachtainí le Gaeilge ó Fulbright
Meán Fómhair 25, 2015
Beidh an seisiúin eolais á réachtáil in Oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an gCeadaoin 30 Meán Fómhair ag 4.30pm
Beidh cur i láthair trí Ghaeilge faoi na dámhachtainí agus an proiseas iarratais, beidh roinnt iarscoláirí Fulbright ag labhairt ar phainéal agus beidh an t-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD ag labhairt faoin gclár agus faoin nGaeilge sna Stáit Aontaithe freisin.
Is deis iontach í seo do mhic léinn agus do scoláirí tuilleadh a fhoghlaim faoi na deiseanna atá ar fáil do dhaoine le Gaeilge leis na dámhachtainí Fulbright agus faoin nGaeilge sna Stáit Aontaithe inniu.
RSVP chuig lisa.nicanbhreithimh@fulbright.ie roimh 27 Meán Fómhair ar a dhéanaí.
http://www.fulbright.ie/irish-citizen-awards
Folúntas: Gaelscoil na Bóinne, Co na Mí
Meán Fómhair 25, 2015
Tá múinteoir sealadach de dhíth i nGaelscoil na Bóinne, Co na Mí. Tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23568/
Ealaín Sráide ag Paráid Fhéile Ealaíon Chathair na Mart
Meán Fómhair 25, 2015
Beidh failte roimh chách go Paráid Fhéile Ealaíon Chathair na Mart Dé Domhnaigh 4.10.15 le breathnú ar obair ealaíne sráide de chuid Stát Neamshpleách Sonais ag obair taobh le Buachail Mór Mhacnas is le páistí bhunscoileanna uile an cheantair.
Tuilleadh eolais maidir leis an imeacht ag an nasc thíos:
http://westportartsfestival.com/?portfolio=macnas-parade
Tá an Stát Neamshpleách Sonais ag obair chomh maith ar thionscadal ollmhór dátheangach Gàidhlig le píosaí ealaíne is dráma sráide a fhorbairt le thart 46 aisteoirí, damhsóirí is stiltealaíontóírí óga ó thrí chompántas ealaíne óige, le haghaidh Paráid Oíche Samhna a bheidh ar siúl ó 6pm, Dé hAoine,31ú Deireadh Fómhair i bPáislig, díreach 10 nóiméad sa charr ó Aerfort Ghlaschu na hAlban. Le cois iompróirí na lóchran atáthar ag cruthú freisin, beidh thart faoi 116 duine ag glacadh páirte sa pharáid seo agus ag obair go díreach lena n-ábhar, is 46 culaith éagsúla lámhdhéanta dá gcuid.
Amhráin Van Morrison aistirhte go Gaeilge d’fhéile IMRAM
Meán Fómhair 24, 2015
Beidh Liam Ó Maonlaí ag casadh amhráin ar nós “Damhsa na Gealaí” a d’aistrigh na filí Cathal Poirteir agus Gabriel Rosenstock d’fhéile IMRAM na bliana seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
Folúntas: Gaelscoil na Ríthe, Co na Mí.
Meán Fómhair 23, 2015
Tá múinteoir acmhainne páirtaimseartha de dhíth i nGaelscoil na Ríthe, Co na Mí. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23534/
Folúntas: Príomhoide Bhunscoil Bheanna Boirche, Caisleán Uidhlín
Meán Fómhair 23, 2015
Tugadh cuireadh d’iarratais fa choinne post
PRÍOMHOIDE BHUNSCOIL
BHEANNA BOIRCHE
Caisleán Uidhlín.
CAITHFIDH NA HIARRATASOIRÍ A BHEITH:
• I do mhúinteoir cáilithe, aitheanta ag an Roinn
Oideachais
• Líofa i nGaeilge, labhartha agus scríofa
• Ar a laghad 5 bliana de thaithí ag teagasc i mbunscoil, agus cathfidh go bhfuil trí chinn acu, ar a laghad, san cúig bliana seo caite
• Liúntas Teagaisc a bheith agat anois nó roimhe, nó post mar leas-phríomhoide nó príomhoide, fa choinne bliain amháin ar a
laghad
Chun foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil le do thoil le,
Seán Ó Muireagáin
Comhairle na Gaelscolaíochta, Teach an Gheata Thiar
4, Sraid na Banríona, Béal Feirste
Tel: 028 9032 1475
somuireagain@comhairle.org
Dáta druidte:
Dé hAoine, 9ú Deireadh Fómhair, 2015
Is fostóir comhionannais é Bunscoil Bheanna Boirche
BUNSCOIL-BHEANNA-BOIRCHE-2-12X2
Folúntas: Gaelscoil Bhríde, Tiobraid Árann
Meán Fómhair 23, 2015
Tá folúntas poist i nGaelscoil Bhríde. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23503/
Folúntas: Gaelscoil Uí Chéadaigh, Cill Mhantáin
Meán Fómhair 23, 2015
Tá Gaelscoil Uí Chéadaigh ag lorg ionadaí do shaoire mháthrachais. Tá tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23528/