Bainisteoir Imeachtaí do Rith 2014
Bealtaine 23, 2013
Is é Déardaoin 30 Bealtaine an spriocdháta iontrála don phost mar bhainisteoir imeachtaí le RITH Teo. d’Fhéile Rith 2014.
Is conradh lánaimseartha 8 mí a bheidh i gceist don phost ó mhí Mheán Fómhair 2013 go dtí Aibreán 2014. Is féidir iarratas a dhéanamh trí CV a sheoladh chuig post@rith.ie.
Beidh féile Rith 2014 ar siúl ón 7-15 Márta 2014 agus é mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa dúshlánach leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ó Bhaile Bhúirne i gContae Chorcaí go dtí Béal Feirste. Tá sé fógartha ag Rith freisin go bhfuil €15,000 dáilte acu ar ghrúpaí Ghaeilge fud fad na tíre.
D’eascair na deontais seo as brabús ó Rith 2012. B’fhéile náisiúnta a bhí i Rith 2012 a mheall 27,000 le páirt a ghlacadh in ollrith sealaíochta a bhí ar siúl ón 8- 17 Márta 2012 thar chúrsa 700km, ó Ghaoth Dobhair go hInis Mór, Árann. Scaipeadh an ciste ar 32 coiste atá ag feidhmiú i 15 contae ar
thograí pobail, teaghlaigh, spóirt, oideachais, drámaíochta, ealaíona, idirlíon agus óige.
Dúirt cathaoirleach Ciste Rith, Lorcán Mac Gabhann, “Fuair muid líon ard iarratais agus is cúis áthais
dúinn gur éirigh le Ciste Rith tacaíocht a chur ar fáil do 32 grúpa éagsúla ar fud na tire agus iad ag eagrú imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge. Tá muid dóchasach go mbeidh an chéad Rith eile in ann níos mó tacaíochta a chuir ar fáil d’imeachtaí mar seo.”
I gcontae na Gaillimhe bronnadh na deontais seo leanas: An comhlacht Gar, €300 do shuíomh idirlín; Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, €500 do chlub drámaíochta don óige; Tuismitheoirí na Gaeltachta, €750 do cheardlann chumadóireachta agus amhránaíochta; agus Coiste Pobail na bhForbacha, €750 do cheardlann cheoil.
Foilsithe ar 23 Bealtaine 2013
Moltaí á gcur chun cinn ag Gaelscoileanna maidir le pleananna Ruairí Quinn rialachán a chur faoin gcleachtas iontrála i scoileanna na tíre
Bealtaine 23, 2013
Tá moltaí á gcur chun cinn ag ár gcairde ag Gaelscoileanna mar gheall ar an dréacht bhille atá idir lámha ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, rialachán a chur faoin gcleachtas iontrála i scoileanna na tíre, lena n-áirítear scoileanna lán-Ghaeilge idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna.
Is mian le Quinn deireadh a chur leis an chleachtas ina dtugann scoileanna lán-Ghaeilge tús áiteanna do theaghlaigh lán-Ghaeilge, agus córas aonchineálacha á mholadh aige. Measann Gaelscoileanna nach dtógann an córas nua atá á moladh cosaint sainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh.
Tá cleachtais agus polasaithe éagsúla i bhfeidhm i scoileanna Lán-Ghaeilge faoi láthair maidir le cúrsaí iontrála agus an Ghaeilge : tugann roinnt dóibh tús áite do pháistí ó theaghlaigh Gaeilge, tugann scoileanna eile tús áite do leanaí ó theaghlaigh a léiríonn tiomantas i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge , agus tá scoileanna áirithe ann nach gcuireann ceist na teanga san áireamh.
Creideann Gaelscoileanna gur chóir go mbeadh sé de cheart ag scoileanna lán-Ghaeilge an próiseas iontrála a úsáid chun an sainmheon teanga a chosaint. I measc na moltaí atá á gcur chun cinn ag Gaelscoileanna sonraíonn siad gur chóir go mbeadh rogha ag na scoileanna tús áite do thabhairt do pháistí ó theaghlaigh lán-Ghaeilge sa phróiseas rollaithe agus go mbeadh sé de cheart ag iar-bhunscoileanna tús áite a thabhairt do pháistí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Gaeilge. Tá FNT ag tacú le Gaelscoileanna maidir leis an saincheist seo.
Ba mhaith le FNT an deis seo a thógáil freisin chun comhghairdeas a ghabháil lenár gcairde ag Gaelscoileanna a bheas ag ceiliúradh 40 bliain mar eagras i mbliana ag an Chomhdháil Bhliantúil. Beidh an Chomhdháil acu ar siúl ar an 22 agus 23 Samhain in Óstán an Johnstown House, Co. na Mí agus beidh an t-Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn i láthair leis an chloch míle speisialta seo a cheiliúradh leo. Is léir go bhfuil obair luachmhar déanta ag Gaelscoileanna le blianta beaga anuas agus tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ag an gComhdháil lena n-éachtaí a cheiliúradh leo.
Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) – 10 mBliana ar Aghaidh – Óráid an Rúnaí Ginearálta, An Roinn Oideachais agus Scileanna: Seán Ó Foghlú
Bealtaine 23, 2013
A oifigigh, a thoscairí, agus a dhaoine uaisle, tá an-áthas orm a bheith in bhur láthair inniu ar an ócáid speisialta seo. Thar mo cheann féin agus thar cheann na Roinne, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Muireann Ní Mhóráin agus le cathaoirleach COGG, John Carr, as an chuireadh a thabhairt dom labhairt ag an chomhdháil thábhachtach seo.
Is ócáid chéiliúrtha í seo do COGG ar deich mbliana de fhreastal ar shainriachtanais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl aon amhras ná go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar an oideachas trí Ghaeilge le linn an ama sin agus tréaslaím le COGG as an ghaisce atá déanta in a leith seo. Dar ndóigh, tá go leor le déanamh go fóill chun an t-oideachas trí Ghaeilge agus foghlaim na Gaeilge a threisiú sa chóras oideachais.
Tá sé ar intinn agam inniu machnamh a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl faoi láthair idir dhúshláin agus ghníomhartha chun tacú leis an Ghaeilge and an oideachas trí Ghaeilge i gcomhthéacs na bhforbairtí éagsúla polasaí agus reachtaíochta. Chomh maith leis sin, caithfidh mé tamall ag labhairt ar cad atá socraithe ag an Roinn Oideachais maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus ról COGG san obair sin.
Tábhacht na Gaeilge agus Tiomantas na Roinne don Ghaeilge
Tuigtear dom go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn inniu agus a bhí sí riamh. Is comhartha láidir féinaitheantais í i sochaí Éireannach ilchultúrtha in a labhartar 150 teanga go laethúil. Déanann an Ghaeilge idirdhealú idir pobal na hÉireann agus aon phobal eile ar domhan. Níl aon amhras ná le teagasc maith, go gcuidíonn foghlaim na Gaeilge linn a bheith dhátheangach agus le teangacha eile a fhoghlaim go héasca. Chomh maith le sin, tá dualgas orainn san earnáil oideachais a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla, mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus dar ndóigh, san oideachas.
Bhíodh sé mar mhian phearsanta agam le fada agus tá sé ann go fóill, agus mé ag feidhmiú mar Rúnaí Ginearálta na Roinne, go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo nua-aimseartha, agus go n-aithneoimid go léir, an tábhacht náisiúnta agus cultúrtha a bhaineann léi. D’fhoghlaim mé féin an Ghaeilge mar ábhar roghnach agus mé ar scoil sa chuid den tír nach bhfuil sé riachtanach, agus tuigim an tábhacht a bhaineann le dearcadh dearfach agus féinspreagadh maidir le foghlaim na teanga.
Feictear dom go bhfuil go leor factóirí faoi choimirce an Stáit agus taobh amuigh de ag cuidiú leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Le sé bliana anuas anois, tá an Ghaeilge ar an 20ú teanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach. Cuireann Comhairle Aontas na hEorpa agus An Chairt Eorpach béim ar leith ar dhualgais Stáit maidir le teangacha reigiúnacha agus mionteangacha a chosaint agus a chur chun cinn. Is suntasach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á múineadh i mbreis is 50 ollscoil ar fud an domhain taobh amuigh den tír seo.
Anseo in Éirinn, tá an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí mar thoradh ar thionchar na meán agus na teicneolaíochta.
Tá an reachtaíocht atá tagtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas, ag tacú le stádas na Gaeilge a dhaingniú sa státchóras agus sa chóras oideachais. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta dá cuid freagrachtaí de réir na reachtaíochta seo.
De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2001, tá an Roinn Oideachais tiomanta do sheirbhísí Gaeilge a sholáthar. Mar a fheictear i Scéim Teanga na Roinne seo faoin Acht, tá beartais á gcur i bhfeidhm ag an Roinn a chuirfidh le cumas baill foirne na Roinne sa Ghaeilge agus a chinnteoidh go mbeidh ábhair trí Ghaeilge ar shuíomh idirlín na Roinne.
Tá dul chun cinn leanúnach maidir le cur i bhfeidhm míreanna éagsúla den Acht Oideachais, 1998 chun an soláthar don Ghaeilge a threisiú. Mar shampla, tá pleananna i mbun láimhe ag an Roinn bunús reachtúil a chur faoin soláthar tumoideachais i mbunscoileanna faoi Mhír 33 den Acht Oideachais. Tá sé ar intinnan curaclam bunscoile a leagadh síos ar bhonn reachtúil go luath a thabharfaidh cead do scoileanna an lántumoideachas a chleachtadh go dtí deireadh an chéad téarma sna naíonáin shinsir.
Táimid sa Roinn ag féachaint ar impleachtaí Acht na Gaeltachta 2012 ar an soláthar don oideachas trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé ar intinn againn polasaí na Roinne maidir le hoideachas trí Ghaeilge a shoiléiriú. Beidh mé ag caint a thuilleadh faoi sin ar ball beag.
Straitéis 20 Bliain
Taobh amuigh den reachtaíocht, tá an Straitéis 20 Bliain ar an doiciméad polasaí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de a foilsíodh riamh. Ceapaim go dtugann an Stráitéis treochlár soiléir do na ranna rialtais agus na heagrais éagsúla atá ag obair go straitéiseach lena chéile chun beocht leanúnach na Gaeilge a chinntiú.
Tá an Roinn tiomanta go hiomlán d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge mar a bhaineann ach go háirithe le feidhmiú na moltaí a bhaineann le hoideachas trí Ghaeilge. Tá foireann ar leith ag obair sa Roinn anois chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a luaitear sa Straitéis. Chomh maith leis sin, tá an Roinn ag obair i gcomhpháirt lenár gcomhleacaithe sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun na beartais oideachais a chur i bhfeidhm. Buaileann na Ranna go rialta le Grúpa Ardleibhéil faoi réir na Stráitéise ar a bhfuil Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus COGG. Tugann an teagmháil seo deis dúinn tuairimí na bpáirtithe leasmhara a thógáil ar bord agus sinn ag dul i ngleic le beartais oideachasúla na Straitéise.
Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ag an Roinn chun na beartais oideachais sa Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá dul chun cinn ach go háirithe déanta maidir le trí mhórghné- curaclam, measúnacht agus oideachas múinteoirí. Tá beartais maidir leis na trí ghné seo ag dul ar aghaidh taobh le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta. Tá tuairisc curtha ag an Roinn faoi bhráid an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na beartais atá curtha i gcríoch chomh maith leis na beartais atá le cur i gcrích. Beidh an tuairisc sin á foilsiú go luath agus feicfidh sibh na mionsonraí sa tuairisc sin. Inniu, díreoidh mé ar shamplaí de bheartais na Roinne Oideachais agus Scileanna go dtí seo.
Mar shampla, tá beartais ar bun a dhíríonn ar fheabhas a chur ar Ghaeilge ábhar oidí ag an bpointe iontrála agus i rith a gcuid oideachais tosaigh don mhúinteoireacht. Tá comhairliúchán leanúnach ar siúl ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le hardú na riachtanas iontrála, an Ghaeilge san áireamh, don bhunmhúinteoireacht. Táimid ag súil go gcuideoidh an méadú ar fhad na gcúrsaí oideachais tosaigh le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge in ár mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Chomh maith leis sin, fáiltím roimh an tréimhse níos faide a chaithfidh ábhar oidí bunscoile sa Ghaeltacht. Tabharfaidh sé seo deis do na hoidí óga seo a gcuid Ghaeilge a chleachtadh thar dhá thréimhse de choicíos i gcomhthéacs dílis teanga.
Mórghníomh eile sa Straitéis is ea an soláthar oideachais trí Ghaeilge. Mar a d’fhógair mé ag Comhdháil Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna lán-Ghaeilge Mí na Samhna seo caite, tá sé ar intinn ag an Roinn an soláthar don oideachas trí Ghaeilge a leathnú agus a láidriú. De réir an tuarascáil ón Fhóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile, tá sé i gceist ag an Roinn scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal a sholáthar i gceantair ina mbíonn méadú déimeagrafach. I gceantair in a bhfuil an daonra seasta, cuideoimid le scoileanna a mhúineann trí Bhéarla athrú chuig pátrún nua a chuirfidh oideachas trí Ghaeilge ar fáil. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, leanfaimid orainn le haitheantas a thabhairt do cheantair in a bhfuil gá le gaelcholáiste de réir thairseach an éilimh de 400 scoláire – tá an tairseach seo i bhfad níos lú ná an tairseach do scoileanna a mhúineann trí Bhéarla.
Tá sé i gceist freisin athbhreithniú a dhéanamh agus mionsonraithe a bhailiú ar cheist na ndíolúintí ón nGaeilge i scoileanna ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal. Tá líon na ndíolúintí ag dul i méid agus níor mhiste mionanailís a dhéanamh ar na fachtóirí éagsúla a bhaineann le bronnadh na ndíolúintí sula dtagtar ar mholtaí gnímh. Beidh an obair seo ag tosnú go luath agus rachfar i gcomhairle leis na grúpaí cuí i rith an athbhreithnithe seo.
Clár leasúcháin don Ghaeilge sa churaclam agus impleachtaí do COGG
Ceann de na structúir is tábhachtaí sa chóras oideachais chun cáilíocht na scolaíochta a chur chun cinn ná an creatlach curaclam a sholáthraítear.
Tá go leor le rá ag an Straitéis Fiche Bliain agus an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta maidir le cúrsaí curaclaim. Tá obair fíor thábhachtach i mbun láimhe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, maidir le forbairtí teanga.
Tá áthas orm a rá go mbeidh curaclam nua comhtháite teanga don Bhéarla agus don Ghaeilge ar fáil do na ranganna sóisearacha go rang a dó, i Meán Fómhair 2014 agus á chur i bhfeidhm bliain ina dhiaidh sin. Cuideoidh an curaclam seo go mór le múinteoirí mar beidh tórthaí foghlama soiléire ann don Ghaeilge agus don Bhéarla ag na leibhéil ranga éagsúla.
Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tabharfaidh forbairt siollabais nua sa Ghaeilge sa Chreat Nua don tSraith Shóisearach deis iontach leanúnachas agus dul chun cinn céimnithe san fhoghlaim a chur chun cinn idir an mbunscoil agus blianta tosaigh na hiarbhunscolaíochta. Dar ndóigh, táimid ag súil go mbeidh béim mhór ar chur chun cinn na scileanna labhartha sa siollabas nua don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach agus go mbeidh an scrúdú cainte mar chuid riachtanach den mheasúnacht do gach scoláire.
Luíonn seo chomh maith leis an bhéim a chuirtear ar an Ghaeilge labhartha i scrúdú na Ardteistiméireachta, sin riar de 40% de na marcanna don scrúdú cainte. Beidh athbhreithniú ar thaithí scoláirí Ardteiste 2012 agus 2013 ar bun ag an gComhairle Náisiúnta agus Measúnachta roimh dheireadh na bliana seo. Beimid ag súil le torthaí an athbhreithnithe go luath i 2014.
Tá a fhios againn le tamall gur gá an Ghaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal a láidriú agus freastal ar shainriachtanais na scoláirí sna scoileanna seo. Tá an t-Aire i ndiaidh iarraidh ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta gearrchúrsa speisialta sa Ghaeilge a fhorbairt sa tSraith Shóisearach chomh maith leis na gnáth-chúrsaí reatha sa Ghaeilge. Ligfeadh gearrchúrsa dá leithéid do scoláirí staidéar a dhéanamh agus creidiúint a fháil d’ardchumas agus saibhreas sa teanga.
Ba mhaith linn freastal chomh maith ar shainriachtanais na scoláirí seo sa tSraith Shinsearach. Tá an scéal níos casta anseo toisc an tionchar a fhéadfadh a bheith ag aon athrú ar oibriú chóras iontrála do chúrsaí triú leibhéil. Tá sé iarrtha ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle a sholáthar in a leith seo.
Is léir ansin gur mó na hathruithe atá ar bun ó thaobh cúrsaí curaclaim Ghaeilge de ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal.
Níl aon amhras mar sin ná go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh ag baint le COGG cuidiú leis na forbairtí seo go léir a chur chun cinn. Tugann comhshuíomh COGG leis an CNCM agus comhcheangal riaracháin COGG laistigh den CNCM deis do COGG a fheidhmeanna tacaíochta, taighde agus comhairleacha a neartú, go háirithe maidir le forbairt acmhainní agus curaclaim. Tugann sé deis don dá eagraíocht a gcuid saineolais a roinnt a chuideoidh le foghlaim den scoth sa Ghaeilge a sholáthar d’ár scoláirí an bealach ar fad ón mbunscoil go dtí an Ardteistiméireacht.
Tábhacht na Gaeltachta, na scoileanna Gaeltachta agus athbhreithniú an tsoláthair oideachais sa Ghaeltacht
Mar aon leis an Straitéis 20 Bliain, tuigeann an Roinn an ról tábhachtach atá ag na ceantair Ghaeltachta maidir le caomhnú agus forbairt na teanga. Is iad na ceantair Ghaeltachta tobar na Gaeilge agus níor mhiste gach iarracht iad a chaomhnú agus a fhorbairt. Ó mo thaithí féin ón am a chaith mé i Loch an Iúir agus i Rann na Feiriste nuair a bhí mé ar scoil, tá sé tábhachtach don fhoghlaimeoir go bhfuil ceantair ann in a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáththeanga an phobail. Tuigimid go maith freisin an ról lárnach ar féidir a bheith ag scoileanna Gaeltachta cumas cainte na scoláirí a shaibhriú i bpobal beo na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
Is léir dúinn ón taighde, áfach, go bhfuil úsáid laethúil na Gaeilge i ndiaidh titim go suntasach i gceantair Ghaeltachta.
Tá go leor dúshlán ann do na scoileanna Gaeltachta ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn agus ó thaobh oideachais trí Ghaeilge a sholáthar. Tá a fhios againn ón taighde go bhfuil líon na bpáistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta le Gaeilge ón mbaile nó fiú le Gaeilge líofa ag teacht ar scoil ag titim. Ceann de na dúshláin is mó atá ag múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ná plé le héagsúlacht chumais labhartha Gaeilge na scoláirí. Dúshlán eile is ea méid na scoileanna agus dearcadh éagsúil tuismitheoirí i leith na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge.
Níl aon dabht ná go bhfuil na ceisteanna maidir le scolaíocht sa Ghaeltacht an-chasta agus ag athrú an t-am ar fad. Ceann de na saincheisteanna don Roinn Oideachais agus Scileanna ná cad é mar is féidir linn freastal ar sholáthar don oideachas trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta agus i scoileanna Gaeltachta atá an éagsúil ón a chéile ó thaobh na teanga de. Is léir nach leor réiteach amháin do gach cás.
Dá bharr sin, tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta le cúlraí teanga difriúla. Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012.
Déanfar iniúchadh ach go háirithe ar an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta atá déanta cheana féin, taighde COGG san áireamh, agus ar chleachtas reatha na scoileanna Gaeltachta.
Tá áthas orm a rá go bhfuil téarmaí tagartha don athbhreithniú seo réidh. Roinnfear iad le páirtithe éagsúla, COGG san áireamh, go luath. Tuigimid an tábhacht a bhaineann le tuairimí na bpáirtithe leasmhara Gaeilge agus Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú seo agus tá sé ar intinn againn próiseas chomhairliúcháin a bhunú chun na tuairimí agus na dearcthaí éagsúla a bhailiú. Beidh an t-athbhreithniú ag tosnú go luath agus táim ag súil go mbeidh sé críochnaithe faoi lár 2014.
Obair COGG agus clár na comhdhála
Is féidir le COGG a bheith bródúil as a bhfuil curtha i gcrích le deich mbliana anuas, ag cur san áireamh go raibh sé ag feidhmiú le foireann bheag.
Tá an-chreidiúint tuillte ag COGG ach go háirithe as an obair atá déanta i bhforbairt áiseanna, téacsleabhar agus acmhainní do theagasc na Gaeilge agus don teagasc trí Ghaeilge. Ní fada ó shin a bhí bearna ollmhór sa líon acmhainní don scolaíocht trí Ghaeilge. Tá an bearna sin laghdaithe go mór anois agus tá na háiseanna teagaisc seo ag dul go mór chun tairbhe d’oidí agus do scoláirí, chun foghlaim teangacha agus foghlaim trí theangacha a éascú.
Samplaí de thionscadail nuálacha ó thaobh soláthar acmhainní COGG is ea an tseirbhís leabharlann taistil do scoileanna, agus Séideán Sí. Fáiltím roimh na pleananna maidir le hábhair Séideán Sí a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach, rud a chuideoidh le scoileanna na hábhair fhiúntacha seo a úsáid go héasca.
Tá an-obair déanta ag COGG freisin maidir le cinntiú go mbíonn cúrsaí d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do mhúinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge. Níor mhiste aitheantas a thabhairt chomh maith don pháirt a ghlacann COGG i gcruthú nascanna thuaidh theas, chun acmhainní a fhorbairt agus a roinnt.
Rud a sheasann amach domsa ná an clár taighde cuimsitheach atá curtha i gcrích ag COGG mar is léir ó shuíomh idirlín COGG. Ta an carn taighde seo i ndiaidh eolas a thabhairt dúinn maidir le saincheisteanna éagsúla, staid na scoileanna Gaeltachta, oideachas múinteoirí, soláthar múinteoirí, agus gnéithe den teagasc agus den fhoghlaim sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna lán-Ghaeilge. Is acmhainn an-luachmhar é an taighde seo dóibh siúd ar spéis leo an t-oideachas trí Ghaeilge, agus beidh sé in a fhoinse tábhachtach don iniúchadh a bheidh ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an oideachas trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta.
Tá téama na comhdhála seo ábhartha agus tráthúil agus ag teacht go mór le clár taighde COGG. Ní féidir pleananna réalaíocha a chur i gcrích gan na riachtanais a aithint go soiléir. Tá clár spéisiúil leagtha amach ag COGG a thabharfaidh deis daoibh éisteacht le taighdeoirí thuaidh agus theas agus le saineolaithe teangeolaíochta éagsúla. Tá sé den ríthábhacht súil a choinneáil ar na cleachtais is fearr ó thaobh múineadh teangacha de, agus na moltaí d’fhorbairt polasaí a chur in oiriúint do chomhthéacsanna éagsúla ár scoileanna. Táim cinnte go mbeidh neart ábhair machnaimh agus fíor-idirphlé ag an chomhdháil inniu.
Mar a luaigh mé ag tús m’óráide, is cúis áthais dom an deis a bheith i láthair ag an gcomhdháil inniu. Creidim gur seoid luachmhar í an Ghaeilge ar cóir a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Tá an dualgais orainn uile lóchrann an dóchais a choimeád ar lasadh don Ghaeilge sa todhchaí.
Go raibh maith agaibh.
WWW.EDUCATION.IE
EU4Schools ag forbairt scileanna saoránachta, cruthaitheachta agus eolas ar an Aontas Eorpach
Bealtaine 23, 2013
Cruthaíonn EU4Schools, a thugann léargas simplí ar fheidhmeanna an Aontais Eorpaigh, deis nua do dhaltaí meánscoile a dtuairimía léiriú.
Suíomh idirlín idirghníomhach is ea EU4Schools, a oibríonn mar nasc idir dhaoine óga agus an tAontas Eorpach. Tá foghlaim dhigiteach mar chuid lárnach den láithreán gréasáin seo, ag cur acmhainní ar fáil do dhaltaí agus múinteoirí ar líne chun a gcuid tuisceana ar an Aontas Eorpach a leathnú.
Clúdaíonn suíomh EU4Schools neart ábhar a chuideodh le hoiliúint ar an dara leibhéal i bhfoirm tionscadal ranga mar shampla: aistí, díospóireachtaí agus tionscadail scéalaíochta digiteacha. Bealach foghlama nuálach atá ann, le béim curtha ar na meáin dhigiteacha trí phodchraoltaí, físeanna agus scéalaíocht dhigiteach a chur ar fáil sa seomra ranga.
Spreagann EU4Schools daltaí lena gcuid cruthaitheachta agussmaointeoireacht neamhspleách a fhorbairt trí úsáid a bhaint as na meáin dhigiteacha; agus plé oscailte a dhéanamh le múinteoirí ar na hábhair éagsúla saoránachta, abhcóideachta agus cumhachtaithe. Is í an aidhm atá ag an suíomh ná go bhforbrófar taithí na ndaltaí i dtaobh tionscadal fíorshaoiltrí dhíospóireacht ranga, úsáid blagála físe agus beochana– le béim leagtha ar chomhroinnt idir dhaltaí agus a gcuid piarghrúpaí.
Tá scaoilteacht ann do mhúinteoirí agus iad ag baint leasa as EU4Schools sa tslí go ligeann an córas dóibh cláir a reáchtáil iad féin ar chibé ábhar is mian leo, le rochtain ar raon modúil ar an suíomh agus iad go léir gaolta le curaclaim scoile agus le rannpháirtíocht san AE.
Níl a leithéid de shuíomh mar seo feicthe againn cheanna féin, agus mar sin cuireann EU4Schools táirge iomlán nua os ár gcomhair, atá ríthábhachtach sa bhliain atá romhainn, le hUachtaránacht Éireannach an Aontais Eorpaigh i mbliana den chéad uair ó 2004, agus os rud é gur fógraíodh gurb é 2013 Bliain Eorpach na Saoránach.
Bunaithe agus forbartha ag stiúrthóir EU4Schools Camilla Fanning, múinteoir agus léachtóir ar ghnóthaí an Aontais Eorpaigh, in éineacht le foireann forbartha gréasáin Éireannach agus Idirnáisiúnta, tá leagan Gaeilge agus Béarla den suíomh ar fáil. Tá tástáil saor in aisce ar fáil ar an suíomh www.eu4schools.com ar feadh téarma scoile amháin, agus is féidir síntiús bliantúil a fháil ag subscribe@eu4schools.ie
Foilsithe ar Gaelport.com
Cad é an rud is fearr leat faoin samhradh?
Bealtaine 23, 2013
Tá aimsir na spéaclaí agus na lóise gréine ag teannadh linn anois agus chun dearcadh an aosa óig ar an am seo den bhliain a fháil chaith Meon Eile seal i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua.
Fuair muid buaicphointí an tsamhraidh anseo in Éirinn amach nuair a d’fhiafraigh muid de na mic léinn:
Cad é an rud is fearr leat faoin samhradh?
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Campa Samhraidh Feachtas sa Mhuileann gCearr
Bealtaine 22, 2013
8 Iúil 2013 – 12 Iúil 2013
Beidh Campa Samhraidh Feachtas 2013 á reachtáil sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí ag tús mí Iúil. Reachtáilfear Campa Feachtas, atá dírithe ar dhaltaí san aoisghrúpa 10-15 bliana d’aois, ón 8ú-12ú Iúil agus beidh an campa ar siúl i gColáiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr.
Eagraítear réimse leathan imeachtaí le linn na seachtaine do na daltaí agus dírítear ar eispéireas taitneamhach agus spraoiúil a chruthú le Gaeilge a fhoghlaim i suíomh atá neamhfhoirmeálta.
Reachtáiltear an campa óna 10r.n. go dtí a 3i.n. gach lá le rang Gaeilge ar maidin, imeachtaí ar nós drámaíocht, ealaíon, amhránaíocht, ceardlanna agus ceol san iarnóin chomh maith le comórtas spóirt le spóirt éagsúla ar nós peil, cispheil, corr agus sacar. Eagraítear turas lae ar an gcampa chomh maith.
Tá tríocha spás ar Campa Samhraidh agus tá costas €70 an duine ann. Beidh lascaine ann do theaghlaigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Champa Samhraidh Feachtas téigh i dteagmháil leo ag:
Liam Ó Maolchluiche
Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Oifig a 8,
Teach Coghill,
64 Sráid an Dáma,
BÁC 2.
Uimhir Theileafón: 087 9046136 / Ríomhphost: liam.feachtas@gmail.com
Online resource for Irish choirs is on-song
Bealtaine 22, 2013
Online resource for Irish choirs is on-song Soprano Deirdre Moynihan,centre,with Coláiste Choilm Ballincollig students Evan McCába, Ciara O’Hanlon, Aoife McPolin and Luke Gallagher
Launched during the Cork International Choral Festival earlier this month, Deirdre Moynihan’s Choirs CAN project is a free online resource for choirs and amateur singers. The resource taps soprano and fiddle player Moynihan’s experience in classical and traditional music.
Moynihan says of Choirs CAN, which she produces: “It began about 12 months ago, as an idea to bring traditional songs into the realm of choral music. I wanted to make it accessible for everyone, not just in Ireland, but to choirs all over the world. The idea was to provide practical tools for choirs and conductors.
“Having spoken to people about it, there was a general consensus that there is a lack of arrangements, so I consulted them to see what they’d need.
“They were excited about having more Irish music available to them.” Moynihan successfully applied for funding from the Arts Council of Ireland, through the Deis award and Forais na Gaelige.
Their support allowed her to make imaginative, four-part choral arrangements, of eight traditional songs, available on her website to amateur choirs. The downloads include not just sheet music, but recordings of all the works by Moynihan’s choir, Moving Voices, and audio-learning aids for singers who learn better by ear.
An Irish pronunciation guide is included for each song, too.
“It’s nice to have the recordings as a reference. I think, it makes them less daunting,” Moynihan says. Moynihan made four of the arrangements,
commissioning two each from composers Andrew Synott and Mark Armstrong.
“The brief, for all of us, was to arrange something that would be suitable for secondary school and non-professional adult choirs, and to maintain the integrity of the traditional song.
“Within the set, there’s a variety in terms of style and difficulty. I really do think there’s something there for everybody. There’s a lot of fun to be had with them and
I think choirs will really enjoy singing them,” Moynihan says. Some 500 singers took part in the first public performance from the collection, during the ‘big sing’ at Cork International Choral Festival on the May bank holiday. Members of choirs from Ireland and abroad joined the public at the annual event, which was conducted by John O’Brien. Conducting from the stage of Cork City Hall, O’Brien formed a choir in 45 minutes, from the singers filling the auditorium, to singing Moynihan’s arrangement of ‘Óró sé do Bheatha ‘Bhaile’.
The project injects accessible choral music into a repertoire that can stagnate, with the same pieces of music being performed time and again in competition and concert.
The songs chosen all come from the seminal publication, Cas Amhrán, by Micheál Ó
hEidhin, a former schools’ inspector of music who died last year. “It was a little bluebook produced by the Department of Education in the 1970s,”says Moynihan. “My father used to teach us songs out of it, and I do find, when I mention it as a source, it’s very recognisable to a lot of people.
It had over a hundred songs, with lovely illustrations.” Choirs CAN represents an effective model for making participatory music accessible to the public for free, demonstrating a use of public funds that merits further exploration.
“I can certainly see it expanding in the future,” Moynihan says. “It will be interesting to see how much choirs use the resource.
www.irishexaminer.com
Coláiste Samhraidh i mBaile Átha an Rí
Bealtaine 21, 2013
Beidh Coláiste na Toirbhirte, Baile Átha an Rí á reáchtáil ón 1ú – 12ú Iúil 2013 (Níl an cúrsa ar siúl Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh)
Aoisghrúpa: 12 – 18 bliana d’aois
Eagraí: Coláiste Néifinn, www.ColaisteNeifinn.com
I measc na n-imeachtaí bíonn spórt: Cluichí Gaelacha, Sacar, Cispheil, Eitpheil, Rounders, Tarraingt Téide,Rugbaí agus eile Dráma, Díospóireacht, Damhsa, Amhránaíocht, Ceol, Tráth na gCeist agus Turas.
Is í an Ghaeilge gnáth-theanga an choláiste seo
Costas: Táille iomlán an chúrsa: €200 (€250 tar éis 20 Meitheamh)
Áirítear costas an turais air seo. Is gá éarlais €50 a íoc le háit a chur in áirithint do gach scoláire.
An bhfuil spéis agat ann?
Eolas: 087-3903994 / colaisteneifinn@gmail.com
Slua mór i láthair ag oscailt Ghaelscoil an Chuilinn
Bealtaine 21, 2013
Osclaíodh Gaelscoil an Chuilinn go h-oifigiúil in Iarthar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 18 Bealtaine.
Bunaíodh an Ghaelscoil i mBaile an Tirialaigh i Meán Fómhair 2012 le rang amháin ina raibh 15 dalta. Ach tá forbairt shuntasach tagtha ar an ngaelscoil ó shin agus táthar ag súil le fáilte a chuir roimh 32 dalta nua a bheas sa rang naíonáin bheaga i mí Meán Fómhair seo chugainn.
Bhailigh slua breá le chéile an tseachtain seo caite, , idir mhuintir na scoile agus an pobal áitiúil, le hoscailt oifigiúil agus éachtaí na scoile a cheiliúradh. I measc an ghrúpa i láthair bhí na Teachtaí Dála Leo Varadkar, Joe Higgins, agus Patrick Nulty, agus na comhairleoirí áitiúla Michael O’Donovan agus Kieran Dennison. Bhí an laoch spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh mar aoi speisialta ar an lá agus labhair an Teachta Dála áitiúil, Joan Burton thar ceann an Rialtais faoin bhfeabhas agus dul chun cinn atá bainte amach ag Gaelscoil an Chuilinn le bliain anuas agus leagadh béim ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa cheantar.
Bhí príomhoide Ghaelscoil an Chuilinn, Fergus Ó Conghaile an-sásta leis an oscailt agus an méid daoine a bhí i láthair; “Bhí an t-uafás daoine ann i láthair ag an oscailt idir dhaoine cáiliúla agus thuistí na scoile is a leithéid. Tá mé iomlán sásta leis an bhfás atá tagtha ar an ngaelscoil go dtí seo in éineacht le cúnamh an phobail. Ba mhaith liom buíochas mhór a ghabháil leis an sagart agus an reachtaire áitiúil a thug beatha dúinn agus a chuir fáilte romhainn sa cheantar. Táimid ag súil amach anseo le fás na scoile, chomh maith le h-oscailt Naíonra an Chuilinn i mí Meán Fómhair”.
Tá beirt fostaithe ag Gaelscoil an Chuilinn i láthair na huaire, is iad sin príomhoide na scoile Fergus Ó Conghaile agus Nóinín Ní Ghoill, atá mar mhúinteoir ann. Cé go bhfuil an rang naíonáin bheaga líonta don bhliain seo chugainn, táthar fós ag clárú dhaltaí nua don rang naíonáin mhóra agus rang a haon.
“Fásann an dúchas sa bhfoghlaim” atá mar mhana ag Gaelscoil an Chuilinn, agus is cinnte go bhfásfaidh an dúchas níos mó le líon na ndaltaí ag méadú sa Ghaelscoil as seo amach.
Tá tuilleadh eolas ar Ghaelscoil an Chuilinn ar fáil ar gaelscoilanchuilinn@gmail.com nó ar 01-8262022.
Beidh Naíonra an Chuilinn ag oscailt ag tús na scoilbhliana seo chugainn. Tá tuilleadh eolais maidir leis na naíonra nua ar fáil ar naionraanchuilinn@gmail.com nó 085-7266455.
Foilsithe ar Gaelport.com
Uachtarán Nua ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Bealtaine 21, 2013
Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Deirbhile Nic Craith ceaptha anois ina hUachtarán ar an gComhdháil.
Ag cruinniú de Bhord na Comhdhála le deireanaí, ceapadh Nic Craith ina ról nua, mar Uachtarán ar scátheagraíocht na hearnála deonaí Gaeilge, d’aon ghuth.
Tabharfaidh Nic Craith taithí fairsing léi chuig a ról úr, le tréimhsí fada caite aici ag obair le heagrais Ghaeilge éagsúla, agus breis agus scór bliain caite aici ag obair mar Oifigeach Sinsearach le Cumann Múinteoirí Éireann.
Bhí sí ina comhalta ar Bhord na Comhdhála faoi dhó roimhe seo, i dtús thar ceann Gaelscoileanna Teoranta agus ansin thar ceann Feachtas.
Ceapadh í ina Stiúrthóir ar Ghaelscoileanna Teoranta sa bhliain 1988, agus mar oifigeach sa Rannóg Oideachais de chuid CMÉ i 1992. Is Oifigeach Oideachais agus Rúnaí í Deirbhile do Choiste Oideachais Chumann Múinteoirí Éireann.
Tagann Nic Craith i gcomharba ar Phádraig Mac Fhearghusa a chomhlíon ról an Uachtaráin ón bhliain 2011.
Ag labhairt faoin gceapachán dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, “Cuirfidh an ceapachán seo go mór le saineolas na Comhdhála i réimse an oideachais. Tá Foireann agus Bord na Comhdhála ar bís chun dul i mbun oibre le duine leis an oiread taithí agus saineolais le Deirbhile. Go maire sí a ról nua!”
Foilsithe ar Gaelport.com