Folúntais do Mhúinteoirí ar Chúrsaí Samhraidh Gaeilge
Márta 2, 2016
Is í Coláiste na bhFiann Teo an tseirbhís náisiúnta is mó don óige trí mheán na Gaeilge. Tá múinteoirí ag teastáil i rith an tSa
mhraidh do chúrsaí.
Cén saghas múinteoirí atá ag teastáil?
- Múinteoirí Bunscoile
- Múinteoirí Meánscoile
Cathain?
- Meitheamh, Iúil agus Lúnasa
Cén áit?
- Rosmuc, Co. na Gaillimhe
- Gaoth Dobhair, Co. Dhun na nGall
- Ráth Chairn, Co. na Mí
- Droim Rí, Co. na Mí
Tuilleadh eolais ó…
Rphost: michelle@colaistenabhfiann.ie
Fón: 01-825 9342
Seoladh: Ionad Óige na hÉireann, Coláiste na bhFiann, Droim Rí, Co. na Mí, A85 K221
Suíomh: www.colaistenabhfiann.ie
Tacaíocht do Dhaltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) i Scoileanna Lán-Ghaeilge
Márta 1, 2016
I gcomhpháirt le Gaelscoileanna Teoranta agus le Scoil an Oideachais i UCD, agus le cabhair ó COGG, tá taighde idir lámha againn faoi staid reatha sholáthar RSO i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Is í aidhm an taighde seo ná tuiscint a fháil ar an ndea-chleachtas, i leith soláthair RSO, atá á chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá Gaelscoileanna Teo. i mbun oibre ar son na hearnála chun na láidreachtaí agus na dúshláin san earnáil a mheas, chun an cur chuige is fearr a aithint don eagras agus iad i mbun stocaireachta, agus chun stádas scoileanna lán-Ghaeilge san earnáil a phlé.
Chuige sin, seo nasc chuig suirbhé ar-líne: https://www.surveymonkey.com/r/RSO-i-Scoileanna . Tuigimid go dtagann go leor suirbhéanna chun na scoile, ach tá fíorthábhacht ag baint leis an gceann seo ionas gur féidir linn freastal ar an bhfás agus bhforbairt a bhaineann le réimse na riachtanais speisialta sa chóras LánGhaeilge agus a bheith in ann pleanáil chucu dá bharr. Bheimis go mór faoi do chomaoin dá bhféadfá, nó dá bhféadfadh ball den fhoireann tacaíochta/RSO, an ceann seo a líonadh. Tá fáilte roimh phríomhoide, leasphríomhoide, múinteoir tacaíochta nó acmhainne nó aon mhúinteoir eile sa scoil an suirbhé seo a líonadh.
Tá muid an-bhuíoch as do chuid comhoibrithe.
An Suirbhé: Cabhróidh torthaí an tsuirbhé seo go mór linn léargas cruinn a chruthú ar an gcóras agus ar staid reatha soláthar RSO. Tá 30 ceist sa suirbhé agus ní cóir go dtógfaidh sé i bhfad é a líonadh.
Rúndacht: Má líonann tú an suirbhé, beidh na torthaí in úsáid mar chuid de thráchtas i Scoil an Oideachais i UCD, agus mar thaighde Ghaelscoileanna Teo. Ní lorgófar aon ainm ná eolas aitheantais.
Buntáistí an Taighde: Tá bearna sa taighde ar staid reatha RSO i scoileanna lán-Ghaeilge. Táimid ag súil go dtaispeánfaidh ár dtaighde an dea-chleachtas atá á chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge.
Deireadh an Taighde: Nuair a bheidh torthaí bailithe, bainfear úsáid as na sonraí chun alt a scríobh i Scoil an Oideachais, UCD, agus chun treoir a chur ar fáil do Ghaelscoileanna Teo. maidir le soláthar RSO i scoileanna lán-Ghaeilge. Roinnfear na torthaí le cibé scoileanna ar mian leo iad a fháil.
Ceisteanna: Má tá aon cheist nó léirmheas agat maidir leis an suirbhé nó an taighde, chuirfimis fáilte roimh do theagmháil, agus tá ár gcuid sonraí le feiscint ag deireadh na litreach seo.
Is sinne, le meas,
Máire Bairéad
mary.barrett.1@ucdconnect.ie
(Múinteoir Gaelscoile/Síceolaí Oideachais faoi Oiliúint, UCD)
Clodagh Ní Mhaoilchiaráin
clodaghni@gmail.com
(Príomhoide Gaelscoile/Cathaoirleach an Fhochoiste um Oideachais Riachtanais Speisialta, Gaelscoileanna Teo.)
Stiúrthóir an Taighde: Dr. William Kinsella (william.kinsella@ucd.ie)
CLÁR FRITH-BHULAÍOCHTA – LEABHAR OIBRE
Márta 1, 2016
Clár frith-bhulaíochta:
Tá an clár seo an-oiriúnach do dhaltaí an Teastais Shóisireagh agus na h-Ardteiste.
Is féidir é a úsáid mar áis i ranganna éagsúla; Gairm Treoir, Religiún, Oideachas Sláinte,Oideachas Saoránach Sóisialta agus Polaitiúil srl.
Baintear usáid as físeanna, idirphlé, leabhair oibre, rólghlacadh agus féinmheas.
Ní bheidh na daltaí in amhras faoi:
Aonad 1: Cad is bulaíocht ann?
Aonad 2: An bulaíocht í?
Aonad 3: Cibearbhulaíocht
Aonad 4: Breathnóirí
Aonad 5: Conas dul i gcomhairle duine eile
Aonad 6: Socrú /conradh ranga
Tá gach eolas ar fáil ar an suíomh:
http://classroomguidance.ie/antiBullyingGlc.html
SNA de dhíth, Gaelscoil na Laochra
Feabhra 29, 2016
Gaelscoil na Laochra
Cuntoir Um Riachtanais Speisialta de dhíth (SNA)
Seol an fhoirm iarratais chaighdeanach nó foirm PF1 chuig gaelscoilnalaochra@outlook.com
Iarratais roimh 15ú Márta 2016
Post ag tosú 11ú Aibrean 2016
Níos mó sonraí ar www.educationposts.ie
Meitheal Dúchas.ie mar Áis sa Seomra Ranga
Feabhra 26, 2016
Leiríonn Fiontar DCU na buntáistí a bhaineann le Meitheal Dúchas.ie sa seomra ranga. Is fiú go mór é sin a léamh chun tuiscint ghinearálta a fháil ar an obair seo. Tabharfar léargas thíos ar mhodh úsáide a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don seomra ranga. Leagtar amach plean samplach ina gclúdaítear aidhmeanna, torthaí foghlama mar aon le plean d’ocht gceacht agus measúnachtaí.
Aidhmeanna
Ba iad na príomhaidhmeanna a bhainfeadh leis na hocht gceacht seo ná na daltaí a chur ar an eolas faoi Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Bailiúchán na Scol agus Meitheal Dúchas.ie. Chomh maith leis sin, thabharfaí léargas do na daltaí ar bhéaloideas agus ar stair na hÉireann agus mhúsclófaí spéis na ndaltaí san ábhar agus san obair tras-scríbhneoireachta.
Torthaí Foghlama
Bheadh torthaí foghlama éagsúla ag baint leis an obair ag brath ar an gcaoi a n-úsáidfí an Mheitheal sa seomra ranga. Leagtar amach anseo na torthaí foghlama a d’fhéadfaí a bhaint as na hocht gceacht shamplacha seo:
- Tras-scríobh a dhéanamh chun tuiscint a fháil ar an seanchló Gaelach agus ar sheanlitriú na Gaeilge;
- A gcuid oibre féin agus obair na ndaltaí eile sa rang a mheasúnú agus a cheartú;
- Scéalta suimiúla a roghnú agus léargas a thabhairt ar an scéal don rang;
- Cur i láthair a chur le chéile agus a dhéanamh os comhair an ranga.
Creatlach de Chúrsa Ocht gCeacht
Ceacht 1 & 2:
- Léargas a thabhairt ar Bhailiúchán na Scol;
- Scéalta samplacha a roghnú agus roinnt scéalta suimiúla a chur i láthair (d’fhéadfaí leas a bhaint as Rogha an Eagarthóra);
- Taithí a fháil ar an seanchló agus ar an seanlitriú (d’fhéadfaí ceachtanna a dhéanamh mar chleachtadh);
- Cuntais úsáide a chruthú do dhaltaí an ranga agus/nó logáil isteach don chéad uair ag baint úsáide as an nasc seo.
Ceacht 3:
- Roinnt scéalta a léamh agus a roghnú (d’fhéadfaí scéalta áirithe a shábháil le réiltín) chun dul i dtaithí ar an ábhar agus ar an suíomh.
Ceacht 4, 5 & 6:
- Tras-scríobh a dhéanamh ar scéalta éagsúla i mBailiúchán na Scol;
- Aiseolas a thabhairt do na daltaí;
- An obair a tras-scríobhadh sa rang a phiarmheasúnú.
Ceacht 7 & 8:
- Tuairimí a thabhairt ar an gcúrsa;
- Cur i láthair gearr a dhéanamh ar an obair a rinneadh agus faoin méid a fhoghlaimíodh le linn an chúrsa, scéal deas/suimiúil a roghnú agus a phlé.
Measúnachtaí
Bheadh measúnú chun foghlama agus measúnú ar an bhfoghlaim i gceist leis an gcúrsa seo. Dár ndóigh, bheadh aiseolas le tabhairt maidir leis an seanchló Gaelach (is fíor go mbíonn sé deacair focail áirithe a dhéanamh amach ar uairibh). D’fhéadfaí súil a choimeád ar obair na ndaltaí trí bhreathnú ar a gcuid staitisticí mar atá léirithe san íomhá thíos.

Tá go leor féidearthachtaí eile a bhaineann le Meitheal Dúchas.ie agus tabharfar deis do mhúinteoirí a bheith chomh cruthaitheach agus is mian leo. Tá fáilte roimh mholtaí, aiseolas nó ceist ar bith ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí atá tar éis leas a bhaint as Meitheal Dúchas.ie. Tá sé i gceist againn tuilleadh acmhainní oideachais a fhorbairt amach anseo. Má chláraíonn tú leis an liosta ríomhphoist coimeádfar ar an eolas thú maidir leis na forbairtí is déanaí ar Dúchas.ie agus na tionscadail eile atá againn i Fiontar. Is féidir dul i dteagmháil linn nó Dúchas.ie a leanúint arFacebook agus ar Twitter.
Ionad craolacháin breá nua do Radió Fáilte
Feabhra 26, 2016
Culture Minister Carál Ní Chuilín has welcomed the submission of a planning application for a new Irish language facility in Divis Street
Raidió Fáilte has lodged the application for a new build broadcast, recording, training and Irish language archive centre.
The project, entitled ‘Líonra Uladh’ will provide modern facilities for Raidió Fáilte and enhanced community training opportunities.
The Department of Culture, Arts and Leisure is providing £460,000 towards the project which will offer enhanced facilities for visitors and space for nurturing and developing Irish language-based creative and cultural opportunities.
Speaking about the planned development, the Minister said: “This is an excellent day for the Irish language in Belfast. When completed, this new centre will greatly help Raidió Fáilte to further establish and develop an Irish language facility that will also act as a cultural hub for the entire local community and a catalyst for the regeneration of the surrounding area.
“Learning and everyday usage of Irish is on the increase right across Ireland and nowhere more so than in Belfast’s own Gaeltacht Quarter.
“I am very pleased that my Department is funding this worthwhile venture and my thanks go to co-funders Belfast City Council and Ciste Infheistíochta Gaeilge, along with the Housing Executive and the Department for Regional Development who are providing the land through community asset transfers. I welcome the broader community benefits of the project and particularly commend the proposals to incorporate culture based enterprises in the complex. I look forward to seeing the project coming to fruition.”
Station manager Fergus Ó hÍr said he was very hopeful that work on the new building will happen in he near future.
“Our new broadcast centre will have station studios, major training facilities, a recording studio, public space, an archive of Irish language recorded material as well as a meeting space.
“The building will be a major facility for the area. We see it very much as the start of the Gaeltacht Quarter with it being visible from the city centre. It’ll be a major symbol for the Irish language and culture, a welcoming beacon to the great delights of what the Gaeltacht Quarter has to offer our visitors and tourists.
“We are very much looking forward to having our new building,” he added.
DIALANN DÚRADÁIN An teideal Gaeilge ar ‘DIARY OF A WIMPY KID’
Feabhra 25, 2016
An tEarrach seo, ar Lá Domhanda na Leabhar agus le linn Sheachtain na Gaeilge, tá ríméad ar theach foilsitheoireachta an Spidéil, Futa Fata, eagrán Gaeilge den tsraith mhórdhíola ‘Diary of a Wimpy Kid’ a chur i láthair ár léitheoirí.
Bhí a fhios again go raibh lucht leanúna dílis ag an tsraith cheana féín in Éirinn. Nuair a chinn orainn aontú ar theideal Gaeilge, chinn muid ar chomórtas a reáchtáil féachaint cé na moltaí a thiocfadh chun cinn. Seo mar a mhíníonn stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, an scéal: “Bhí muid ag cuartú teidil a thabharfadh léargas ar nádúr an phríomhcharachtar an leabhair, Greg Heffley – tá sé ag iarraidh clú agus cáil a bheith air, tá sé ag iarraidh bheith ar an duine is mó ar scoil a bhfuil aird agus meas air. Ach ní go rómhaith atá ag iarraidh leis an stádas sin a bhaint amach.”
Cuireadh an-suim sa chomórtas agus chuir daoine isteach air ó gach cúinne den tír. Thaitin cuid de na moltaí linn a raibh blas simplí, sothuighthe orthu: Dialann Ghreannmhar Ghreg, mar shampla, nó Dialann Rógaire Gheanúil, nó Dialann an Phleibín. Daoine eile, chaith said an-dua ag iarraidh aistriúchán cruthaitheach a dhéanamh ar an bhfocal sin ‘wimp’: ina measc siúd bhí Dialann an Ghearrcaigh Mheataigh, Dialann Leaid Óg Gan Cnámh Droma, agus Dialann Óganaigh a Chaill a Mhojo.
Tar éis dúinn na céadta moltaí a mheas, shíl muid gurbh fhearr díriú ar theideal a bhí gonta, ceann nach raibh rófhoclach agus ceann a raibh rithim agus fuaim cheolmhar aige. Thaitin Scríbhinn Séacla linn agus Dialann Dúramáin. Ach an ceann ba dheise linn ar fad ó thaobh fuaime, rithime agus brí, ceann a thug leis gné lárnach de charachtar Greg Heffley ná Dialann Dúradáin. I measc na mbríonna atá ag foclóir Uí Dhónaill don fhocal ‘dúradán’ tá ‘a puny, insignificant person.’
Sí Aisling Ní Fhátharta an té a mhol agus tá luach €500 de leabhair Futa Fata bainte aici do leabharlann a scoile, Scoil Naisiúnta Thír an Fhia, Co. na Gaillimhe. Comhghairdeachas leatsa, a Aisling!
Tá áthas orainn a fhógairt go seolfar DIALANN DÚRADÁIN ar LÁ DOMHANDA NA LEABHAR, an 3ú MÁRTA I SIOPA LEABHAR EASON, SRÁID UÍ CHONAILL, BAILE ÁTHA CLIATH ag 11AM. Tá fáilte romh chách chuig an ócáid seo. Beidh aistritheoir an leabhair, Máirín Ní Mhárta I láthair le léamh agus le cóipeanna a shíniú.
Praghas RRP €9.95. Is féidir réamhordú a dhéanamh ar an leabhar anois don scoil. Lascainí 20% ar 5 nó níos mó cóip.
t:@futafata
Príomhoide le hobair go deonach i gcampa teifigh
Feabhra 25, 2016
Scéal ar fad ag: www.corkindependent.com
Blackrock Castle Observatory – Spásanna Teoranta do Thurais Scoile
Feabhra 25, 2016
Beidh Faoi na Réaltaí ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Blackrock Castle Observatory. Sraith cheardlann, turais agus seóanna pláinéadlann atá i gceist leis. Beidh sé seo ar fáil d’aon scoil a mbeidh suim acu ann, ní amháin naíonra, gaelscoileanna nó gaelcoláistí.
Tá na himeachtaí aistrithe agus cruthaithe ag ár bhfoireann oideachais le freastal ar gach aoisghrúpa agus beidh siad á gcur i láthair ag Gaeilgeoir BCO, Caoimhin de Bhailis.
Roghanna:
Turas Réalta | 1.5 úr – Seó pláinéadlainne, turas chaisleáin agus “Cosmos at the Castle” ina bhfoghlaimeoidh tú faoin gcruinne agus ina mbeidh seans agat teachtaireacht a sheoladh go spás.
Turas Ollnóva|3 úír – Ceardlanna eolaíochta dírithe ar aoisghrúpaí éagsúla, seó pláinéadlainne agus “Cosmos at the Castle”
Tá réamháirithint riachtanach don eispéireas seo do Seachtain na Gaeilge 2016 de bharr spásanna teoranta.
Dátaí agus uaireanta:
Márta 1 – 4: 14:00 – 17:00, turas réalta nó ollnóva
Márta 7, 8 – 10:00 – 17:00, turas réalta amháin
Márta 9 – 10 – 17:00, turas réalta amháín,
14:00- 17:00 turas réalta nó ollnóva
Márta 10, 11 10:00 – 17:00, turas réalta amháin
Márta 14, 15: 10:00- 17:00, turas réalta nó ollnóva
Márta 16, 10:00 – 17:00, turas réalta amháin
Glaoigh ar 021 4326120 nó seol riomhphost chuig info@bco.ie le do thuras a chur in áirithe.
Acmhainn teagaisc le Gaeilge a fhoghlaim ar fáil saor in aisce
Feabhra 25, 2016