Méid an Téacs

Vroom Town

Eanáir 22, 2013

Tá feiniméan nua ar tí teacht ar an bhfód i saol litríochta na bpáistí! Tugtar Vroom-Town air – áit aoibhinn ina mbíonn trucailí den uile chineál, a bhfuil pearsantachtaí éagsúla acu, ag maireachtáil, ag obair, ag spraoi agus ag dul i mbun eachtraíochta. Tá siad go léir ag fanacht lena gcuid scéalta a insint agus le go mbeidh páistí faoi dhraíocht acu!

Sraith leabhar is ea Vroom-Town atá nasctha go dlúth chomh maith le suíomh gréasáin idirghníomhach darb ainm Vroom-Town.ie .Tá sé d’acmhainneacht acu seo dul san iomaíocht le hainmneacha mórcháiliúla amhail Thomas the Tank Engine agus Bob the Builder. Bhí bearna ollmhór sa mhargadh do leabhair a gcuirfeadh buachaillí óga 5 – 8 mbliana d’aois suim iontu.

Cuireann Vroom-Town ábhar ar fáil do bhuachaillí a bhfuil fíorshuim acu ann. I measc na gcónaitheoirí atá ann, tá BullyDozer, Screech, Tim the Tipper, Terry the Terrible Tractor Unit, Bill Byrne agus tuilleadh nach iad! Beidh an-chion ag páistí ar na carachtair iontacha seo, chomh maith le hionbhá a bheith acu leo, foghlaimeoidh siad ceachtanna uathu agus beidh siad ag iarraidh tuilleadh a chloisteáil fúthu! Spreagfaidh siad páistí le bheith ag léamh agus iad ag baint sárthaitnimh as ag an am céanna!!

Rud uathúil atá ann – níl rud ar bith cosúil leis ar an margadh! Beidh go leor leabhar ann faoi shaol lucht Vroom-Town agus a gcairde! Bíonn ceacht morálta sa scéal i gcónaí, rud a chabhróidh le buachaillí ceachtanna saoil a fhoghlaim, in éineacht leis an difear idir ‘ceart agus mícheart’.

B’fhiú a thabhairt do d’aire gur foilsíodh agus gur forbraíodh na leabhair, an suíomh gréasáin, srl. in ÉIRINN. Tá súil agam go bhfuil suim agat sa choincheap seo agus go gceapann tú go bhfuil sé oiriúnach do do dhaltaí féin. Dá mba mhaith leat cuid de mo leabhair a cheannach le haghaidh leabharlann do scoile, nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil liom le do thoil ag T: 087 91 86 805. Chomh maith leis sin, má bhíonn Seachtain Leabhar ar siúl i do scoilse, ba bhreá liom deis a fháil mo scéalta a léamh os ard do na páistí. Go raibh maith agat as do chuid ama agus as é seo a bhreithniú.

Vroom-Town, 6 Park Villas, Dún Dealgan, Co. Lú, Éire | T: 087 91 86 805 | R: emer@Vroom-Town.ie | www.Vroom-Town.ie

Féile Raifteirí, 22-24 Márta, 2013 – Dáta don dialann

Eanáir 22, 2013

Is mór ag Coiste Fhéile Raifteirí a fhógairt go mbeidh ealaíontóirí den scoth a chur os comhair phobal Oirthear na Gaillimhe arís i mbliana le linn Féile Raifteirí. Beidh an triúr, Breanndán Ó Beaglaíoch, Laoise Kelly agus Tommy Peoples, linn do cheolchoirm mhór na féile i mbliana. Beidh seó puipéid ar siúl sa leabharlann, beidh filí agus amhránaithe ar cuairt agus beidh seisiúin ceoil ar siúl le linn na deireadh seachtaine sin. Agus beidh cuid de na haíonna seo ar fáil do scoileanna mar chuid de réamhimeachtaí na féile.

Déanfar Féile Raifteirí a sheoladh oíche na Féile Bríde, Déardaoin, 31 Eanáir, i mBaile Locha Riach.
Cuirfidh Gearóid Ó Tuathaigh “Raifteirí, an polaiteoir” ós ár gcomhair i léacht phoiblí Dé Máirt, 12 Márta, i mBaile Locha Riach.

  • Osclóidh Féile Raifteirí Dé hAoine, 22 Márta, le ceardlann amhránaíochta a leanfar le ciorcal amhránaíochta, filíochta agus scéalaíochta.
  • Stiúrfaidh Gearóid Mac Lochlainn ceardlann filíochta do dhaoine fásta, Dé Satharn, 23 Márta.
  • Is iad Breanndán Ó Beaglaíoch, Laoise Kelly agus Tommy Peoples príomh-aoicheoltóirí cheolchoirm mhór na féile, Dé Satharn, 23 Márta.
  • Tá Gerard Clunan, Creachmhaoil, le bheith ina Fhear an Tí maidin Dé Domhnaigh, 24 Márta, ag uaigh Raifteirí, i Reilig Chill Fhinín.

Coinnígí súil amach d’fhógraí na féile agus bígí linn do sheoladh na féile, oíche Déardaoin, 31 Eanáir, 2013

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 091-870718
Suíomh Idirlín: www.lochariach.com
Ríomhphost: oifig@lochariach.com

Cóisir Oíche na Féile Bríde

Eanáir 22, 2013

Ionad: Péistín na Leabhar, Baile Locha Riach, Déardaoin, 31 Eanáir, 2013 @ 7.30 i.n.

Fear an Tí & Scéalaí na hOíche: Dara Ó Conaola, scríobhneoir, ó Inis Oirr, Co. na Gaillimhe

Inseofar scéalta, beidh ceoltóirí ón cheantar linn agus beidh ceardlann na croise Bríde ann. Mícheál Ó Fathaigh, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus a chairde a bheidh i mbun ceoil. Bígí ag ceiliúradh Oíche na Féile Bríde in éineacht le Gaeilge Locha Riach.

Seolfar Féile Raifteirí agus Seachtain na Gaeilge; agus beidh an t-eolas is déanaí ann maidir le himeachtaí eile a bhfuil baint againn leo, Slógadh Eachtaí ina measc. Fáilte roimh chách ach é a bheith curtha in iúil dom faoin 30 Eanáir.

Eolas: Gaeilge Locha Riach, Ruth ar 091-870718

Nuachtlitir Nua agus Bosca Leabhar le Buachaint

Eanáir 22, 2013

Tá Cló Iar-Chonnacht le tús a chur le nuachtlitir do scoileanna a dhíreoidh ar an litríocht sa seomra ranga.

Beidh treoir do mhúinteoirí ar na leabhair is déanaí atá feiliúnach do ranganna scoile. Chomh maith leis sin beidh lascaine ar na leabhair do scoileanna agus duaiseanna le buachaint.

Sa nuachtlitir, a thiocfaidh amach gach cúpla mí, beidh eolas faoi conas an leas is mó a bhaint as an leabhar Gaeilge sa seomra ranga chomh maith le freagraí ar cheisteanna atá ag múinteoirí. Má tá moltaí ar bith agat mar mhúinteoir, cuir chugainn iad ar poibliocht@cic.ie.

Tá bosca leabhar le buachaint do scoil amháin agus beidh gach seoladh ríomhphoist atá cláraithe don nuachtlitir nua san iomaíocht dó. Beidh an buaiteoir ainmnithe sa chéad nuachtlitir a thiocfaidh amach Dé Luain, 4 Feabhra.

Más mian leat clárú leis an nuachtlitir seo, níl le déanamh agat ach ríomhphost a chur ar chuig poibliocht@cic.ie leis an bhfocal ‘cláraigh’ scríofa air. Abair freisin, le do thoil, an le bunscoil nó meánscoil atá tú.

Bonn John Hooper do Staitisticí

Eanáir 21, 2013

Bronnfar Bonn John Hooper do Staitisticí ar mhic léinn iarbhunscoile (san Idirbhliain nó sa Timthriall Shinsearach) a dhearfaidh póstaer a thugann cuntas ar ghné dá dtimpeallacht le cabhair staitisticí. Ta an Roinn seo agus an Phríomh Oifig Staidrimh ag tacú leis. Is é téama chomórtas na bliana 2013 ná Talmhaíocht. Tá cead isteach sa chomórtas chomh maith ag mic léinn 15 go 18 bliain d’aois i dTuaisceart Éireann.

Nótáil le do thoil na príomhdhátaí don chomórtas.

1 Feabhra 2013
Spriocdháta do chlárú.

1 Márta 2013
Spriocdháta d’iontrálacha a chur isteach.

29 Márta 2013
Fógrófar na buaiteoirí náisiúnta.

Is mar seo a leanas na duaiseanna do na hiomaitheoirí a n-éireoidh leo:

1ú Áit – Bonn John Hooper na Príomh Oifige Staidrimh as anailís staitistiúil agus €1,600 (a mbronnfar €1,000 de ar an scoil agus €600 de ar an bhfoireann mac léinn);
2ú Áit – €1,000 (a mbronnfar €650 de ar an scoil agus €350 de ar an bhfoireann mac léinn);
3ú Áit – €600 (a mbronnfar €400 de ar an scoil agus €200 de ar an bhfoireann mac léinn).

Iontráilfear póstaer amháin mar ionadaí ag Éirinn, i ngach ceann den dá chatagóir aoise ILSP (Tionscadal Idirnáisiúnta na Litearthachta Staitistiúla), ó na póstaeir incháilithe is airde áite.

Tá sé mar aidhm ag Bonn John Hooper do Staitisticí an litearthacht staitistiúil a chur chun cinn, obair foirne a spreagadh i measc mac léinn agus seans a thabhairt do mhic léinn scileanna cumarsáide a fhorbairt. Is cinnte gur mór an díol suime do mhic léinn agus múinteoirí é i gcomhthéacs rollú amach Thionscadal Mata.

Tá tuilleadh eolais faoi Bhonn John Hooper agus Tionscadal Idirnáisiúnta na Litearthachta Staitistiúla le fáil ar líne ag:

http://www.cso.ie/en/newsandevents/johnhoopermedalforstatistics2013competition/

Oideas Gael

Eanáir 21, 2013

Tá suíomh idirlín úr Oideas Gael www.oideasgael.ie ar fáil anois agus sonraí na gcúrsaí uilig air, cúrsaí d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge, laetha saoire cultúrtha agus cúrsaí do mhúinteoirí.

Ranganna Gaeilge i nDún Uladh, An Ómaigh

Eanáir 21, 2013

Rang Feabhsaitheora: Dé Máirt 7pm-8.30pm. Ag toiseacht Dé Máirt 22ú Eanáir.

Bunrang: Dé hAoine 10am-11.30am. Ag toiseacht Dé hAoine 25ú Eanáir.

Reáchtálfar Ciorcal Comhrá ó 11.30am-1pm díreach i ndiadh an ranga ar an Aoine. Cuirfear tae, caife agus soláistí ar fáil saor in aisce. Deis iontach a bheidh sa chiorcal comhrá do chuid Gaeilge a chleachtach i suíomh compórdach. Fáilte roimh chách.

Gabh i dteagmháil le Sinéad i nDún Uladh le haghaidh tuilleadh eolais: sinead@dunuladh.ie 028 822 42777

Foilsithe ar Gaelport.com

Ranganna Gaeilge i Londain

Eanáir 21, 2013

Beidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil ag Ionad na nÉireannach i mBaile Camden, Londain in 2013.
Beidh leibhéil éagsúla á n-ofráil a bheidh feiliúnach do gach duine ag bráth ar a gcumas Gaeilge:

  • Bunranganna
  • Meánranganna
  • Ardranganna

Cuirfear tús leis na ranganna i mí Feabhra 2013 agus tá costas £80 ar ocht seachtaine. Is féidir rang a chur in áirithe anseo.

Ionad:
The London Irish Centre
50 Camden Square
Londain NW1 9XB
Tuilleadh eolas:
Tel: 0207 916 2222
rphost: gaeilge@londonirishcentre.org
Suíomh gréasán: www.londonirishcentre.org

Foilsithe ar Gaelport.com

Cúrsa Scannánaíochta do dhaltaí Iarbhunscoile

Eanáir 17, 2013

Is chun bunscileanna scannánaíochta a thabhairt do dhaltaí iarbhunscoile an cúrsa seo. Foghlaimeoidh siad cén chaoi scannán a chur le chéile, ó phleanáil agus eagrú go húsáid trealaimh agus eagarthóireacht. Beidh deis acu gearrscannán a phleanáil, a dhéanamh agus a chur in eagar iad féin. Beidh cóip dá saothar acu ar DVD ag deireadh an chúrsa.

Ábhar an chúrsa:

  • scríobh scripte
  • cruthú clárscéil
  • eagrú foirne & suíomh
  • úsáid ceamara
  • cumadh seatanna
  • úsáid solais
  • taifeadeadh fuaime
  • eagarthóireacht

Suíomh an Chúrsa: Ionad Gael Linn, Eachléim, [An Fód Dubh], Co. Mhaigh Eo.

Fad an Chúrsa: Tráthnóna Domhnaigh go tráthnóna Aoine

Uaslíon: 20 dalta

Táille: Clúdaíonn an táille de €200 an dalta, teagasc, lóistín & béilí. Níl taisteal san áireamh
Eolas: Fergus Mac Suibhne ag 086.8843489 nó fergus@gael-linn.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

Cúrsa Cumarsáide do dhaltaí Idirbhliana

Eanáir 17, 2013

Is é atá i gceist ná bhunscileanna cumarsáide a mhúineadh do dhaltaí idirbhliana.

Tabharfaidh an cúrsa seo blas de na meáin scríofa, raidió agus teilifíse. Is deis í seo do dhaltaí tuiscint a fháil ar mhodhanna éagsúla cumarsáide agus taithí a fháil ar láimhseáil trealaimh thiecniúil chun go mbeidh siad compórdach á n-úsáid. Cuirfidh siad clár raidió le chéile agus déanfar taifead air i stiúideo profaisiúnta. Anuas air sin, gheobhaidh siad blas de na bunscileanna atá riachtanach chun scannánú a dhéanamh.

Ábhar an Chúrsa
• Léiriú agus leagan amach clár raidió
• Ullmhú scripteanna
• Úsáid córais fuaime
• Teilgean gutha
• Agallóireacht
• Eagarthóireacht
Scileanna Scannánaíochta
Sa chuid seo den chúrsa déantar léiriú ar na bhunscileanna scannánaíochta.
• Ullmhú plean agus script scannánaíochta
• Úsáid cheamara
• Cumadh seatanna
• Úsáid solais
• Gluaiseacht agus líonadh frámaí
• Eagarthóireacht

Fad an chúrsa: Seachtain amháin – Luan go hAoine 9.30am go dtí 3.00pm
Uaslíon: 16 dalta ar gach cúrsa
Ionad: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Táille: €100 an duine
Breis eolais: Déan teagmháil le Gael Linn ar (01) 6751200 nó eolas@gael-linn.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »