Ranganna Gaeilge le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Eanáir 11, 2013
Bíonn ranganna ar siúl i dTeach Mhic Reachtain i rith na bliana, Meán Fómhair go Meitheamh.
Tá na ranganna saindeartha do riachtanais an fhoghlaimeora – ó ghlanthosaitheoirí go cainteoirí líofa. Tá na ranganna pleanáilte le saineolas agus gairmiúlacht. Leanann an téarma le haghaidh 10 seachtaine.
Bíonn idir ranganna oíche, maidineacha caifé agus dianchúrsa lae ar siúl, a mbíonn bunleibhéal, meánleibhéal agus ardrang ar fáil. Is féidir teacht ar shonraí na ranganna ar http://www.mhicreachtain.com/ nó glaoch ar (028) 90 749688.
Foilsithe ar Gaelport.com
Bunscoil an Iúir – Is your child for school or nursery in September?
Eanáir 10, 2013
Is your child for school or nursery in September? Have you ever thought about Irish-medium Education for your child? Would you like your child to be fluent in Irish? More and more parents are considering Irish-medium education for their children.
Did you know that South Armagh and South Down has a growing Irish-medium Edcation Sector. We have Naíscoileanna (Nurseries) in Newry, Camlough and Jonesboro and Bunscoil an Iúir (Irish-medium primary school) in Newry. There is also post primary provision in Armagh and Castlewellan.
School transport is available to children attending Bunscoil an Iúir from Whitecross through to Camlough and into the Bunscoil, from Hilltown and Mayobridge and from Meigh. Educational Attainment levels are high and we have statistical evidence from CCEA to support this. Our children are happy at school and so are their parents.
At the Bunscoil we have an early bird club which is a great help to working parents, a homework club and an afterschools club. Parents you do not have to speak Irish for your child to attend Irish-medium education.
Currently there is a total of around 90 schools in the North providing Irish-medium Education to almost 5,000 children at pre-school, primary and post primary level. The Irish-medium sector has been growing steadily in recent years and this growth looks set to continue with new schools opening every year. Irish-medium schools welcome children from all faiths and backgrounds.
Before you decide where your child will go this year – come in and see us.
For more information give us a call on 028 30260860, check us out on facebook – Bunscoil an Iuir, check out our websitewww.bunscoilaniuir and for information on Irish-medium eucation have a look at www.comhairle.org.
Ranganna Gaeilge ar fud na tíre le Conradh na Gaeilge
Eanáir 10, 2013
Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge ar fud na tíre ag tosú i mí Eanáir 2013. Tá an eagraíocht Ghaeilge ag ceilúradh 120 bliain ar an bhfód agus tá Bliain na Gaeilge á reáchtáil mar comóradh ar an nGaeilge don bhlain 2013.
Tá ranganna ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Cill Dara, Luimneach, An Clár agus i Learpholl, Sasana, agus iad ag tosú idir 22 agus 24 Eanáir 2013.
Tá rang ann a fheileann dó gach leibhéal cumais:
Tosaitheoirí
Bunrang
Meánrang
Ardrang
Rang Cruinnis
Ciorcal Comhrá
Chomh maith le ranganna Gaeilge, tá ranganna Damhsa ar an sean-nós á reáchtáil i nGaillimh do thosaitheoirí agus d’fheabhsóirí.
Is féidir teacht ar shonraí na ranganna uilig anseo nó is féidir glaoch ar +353 (0) 1 475 7401 le haghaidh tuilleadh eolais.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Cainte Ardteiste
Eanáir 10, 2013
Le 40% de mharcanna scrúdaithe ag dul don Scrúdú Cainte, cuireann an cúrsa seo béim ar an nGaeilge labhartha agus tugann sé treoir agus comhairle faoin mbealach is éifeachtaí cur síos a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt ar an tsraith pictiúr atá mar chuid den scrúdú cainte.
Dáta Tosaithe: 15/01/13
Dáta Críochnaithe: 19/03/13
Fad: 10 seachtaine
Ionad: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Tuilleadh Eolais: www.cnag.ie / +353 (0) 1 475 7401
Foilsithe ar Gaelport.com
Ranganna Gaeilge in Oideas Gael 2013
Eanáir 9, 2013
Beidh neart ranganna Gaeilge mar aon le Scoil Shamhraidh Teanga agus Cultúir á reáchtáil ag Oideas Gael atá lonnaithe i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall in 2013.
Tá éagsúlach iontach de ranganna ar fáil arís i mbliana ranganna seachtaine, ranganna deireadh seachtaine atá feiliúnach do gach leibhéal ó tosaitheoirí chomh maithe le ranganna i gcruinneas sa Ghaeilge.
Bíonn na ranganna ar siúl i ceantar álainn i ndeisceart Chontae Dhún na nGall. An rud is spéisiúil faoi na cúrsaí seo ná go bhfaigheann daoine deis iontach
Ghaeilge a úsáid in imeachtaí éagsúla ar feadh tréimhse na gcúrsaí le linn dóibh a bheidh sa cheantar.
Bíonn neart imeachtaí cultúrtha eagraithe idir ceol traidisiúnta, damhsa agus amhránaíochta agus péintéireacht.
Beidh cúrsaí a mhairfidh seachtain ar siúl in Oideas Gael ó mhí Mhárta – Lúnasa 2013.
Tá tuilleadh eolais i dtaobh cúrsaí le fail ó:
Oideas Gael
Gleann Cholm Cille
Co. Dhún na nGall
Fón: +353 (0)74 97 30 248
Faics: +353 (0)74 97 30 348
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Suíomh gréasán: www.oideasgael.com
Ranganna Gaeilge Labhartha in Áras Chrónáin
Eanáir 9, 2013
Beidh ranganna Gaeilge labhartha á reáchtáil in Ionad Cultúir Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin ag tosú Dé Céadaoin 9 Eanáir 2013.
Rang Gaeilge Maidine
Beidh rang amháin labhartha ar siúl ar maidin le haghaidh tosaitheoirí agus feabhsóirí ó 9.30 – 10.30. Tá costas €50 ar théarma 6 seachtaine (€20 do sheanóirí)
Rang Gaeilge Oíche
Mairfidh an chéad téarma de na ranganna oíche ó 9 Eanáir go 20 Márta 2013 ag 8.00i.n. go 9.30i.n.
Tá an rang seo feiliúnach d’fhoghlaimeoirí ar gach leibhéal cumais. Tá costas €85 ar théarma 10 seachtaine (Lacaine 30% do bhaill Áras Chrónáin).
Ciorcal Comhrá
Tá fáilte roimh chách freastal ar an gciorcal comhrá ar oíche Dé Céadaoin ag 9.15i.n. Beidh an chéad seisiún ag tosú ar 9 Eanáir 2013.
Tuilleadh Eolas:
T: +353-1-4574847
F: +353-1-4574117
E: eolas@araschronain.ie
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia
Eanáir 7, 2013
Tá Gaelchultúr ag glacadh le hiarratais do Chúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia anois. Is cúrsa é seo dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh Gaeilge don Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas (H.Dip. in Arts in Primary Education). Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn i gceist san agallamh agus cuirfear ar chumas na rannpháirtithe a gcuid scileanna cainte a fhorbairt agus cur lena stór focal.
Beidh an cúrsa oiriúnach ó thaobh caighdeáin de do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, roinnt mhaith blianta ó shin, b’fhéidir. Beidh an bhéim ar scileanna labhartha agus éisteachta agus déanfar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil.
Rogha 1
Baile Átha Cliath
Dé Céadaoin, 7.00 – 9.00 p.m.
9 Eanáir 2013 – 27 Feabhra 2013
€249
Rogha 2
Baile Átha Cliath
Dhá sheachtain sa seomra ranga agus trí sheisiún ar líne (Dé Máirt nó Dé Céadaoin)
12 Eanáir 2013 – 2 Márta 2013
€249
Is féidir glaoch ar (01) 484 5220 / 1890 252 900 nó breathnú ar www.gaelchultur.com le hiarratas a chur isteach.
Foilsithe ar Gaelport.com
Dianchúrsa i mBéal Feirste
Eanáir 7, 2013
Beidh cúrsaí deireadh seachtaine á reáchtail ag An Droichead i mBéal Feirste agus iad dírithe ar gach leibhéal, ón tosaitheoir glan go dtí an cainteoir líofa. Bíonn 4 leibhéal ranga ann de gnáth ( le GCSE & AS nuair foirsteanach ), dóibh siúd ar bheagán Gaeilge go ard leibhéal.
Cuirtear seirbhís naíolainne saor in aisce ar fáil do gach dianchúrsa ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré de bharr go bhfuil eileamh ar an tseirbhís. Clúdaíonn an táille £25 (£15.00 do bhaill An Droichead agus do dhéagóirí idir 14 – 18, *Saor in aisce do thuismitheoirí Scoil An Droichid*) lón te, tae, caife agus páirceáil shaor in aisce. Bíonn lacáiste ann do mhic léinn, do ghrúpaí, ach é a iarraidh. Tá foirgneamh An Droichead feiliúnach don lucht míchumasach.
Beidh an chéad Dianchúrsa eile ( cúrsa lae ): Dé Sathairn, 16 Mí Márta, 2013 10.00rn – 4.00in
Tae, Caife agus Lón san áireamh
Bunrang
Meánrang Íochtarach
Meánrang Uachtarach
Ardrang
GCSE
AS
Le clárú, labhair le Jim nó Claire ar 02890288818 nó cuir r-phost chuig imeachtai@androichead.com.
Foilsithe ar Gaelport.com
Amhras léirithe faoi shuirbhéanna ar phátrúnacht
Nollaig 21, 2012
Tá sé ráite ag an bhForas Pátrúnachta gur gá a bheith ‘staidéartha’ i leith torthaí na tuairisce a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite faoi phátrúnacht ar scoileanna.
Dúirt Caoimhín Ó hEarra, Ard-Rúnaí ma heagraíochta: “Is léir go bhfuil tuismitheoirí ag lorg rogha oideachais dá bpáistí agus tá súil againn tríd an bpróiseas go mbeidh oideachas lánGhaeilge á chur ar fáil i gceantair nach bhfuil i láthair na huaire.”
Dhírigh an suirbhé píolótach ar chúig cheantar ar leith; an tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, an Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú. Ghlac 1,788 tuismitheoir a raibh leanaí réamhscoile agus bunscoile acu páirt sna suirbhéanna i mí Dheireadh Fómhair.
Léirigh idir 10% agus 21% gurbh fhearr leo oideachas lánGhaeilge dá bpáistí. Tá Gaelscoileanna sna cúig cheantar cheana féin agus dúirt an tuairisc gur féidir leo freastal ar an éileamh reatha don Ghaelscolaíocht.
Mhaígh Ó hEaghra go raibh laigeachtaí ag baint leis an suirbhé de bharr líon íseal na dtuismitheoirí a ghlac páirt ann. “Os rud é go raibh scoileanna lánGhaeilge sna ceantair sin is léir go raibh tuismitheoirí chun dul i dtreo an rogha nach raibh ar fáil ina gceantar,” ar seisean.
“Is ábhar imní é nach bhfuil léargas níos iomláine á fháil ar mhianta tuismitheoirí. Bhí an suirbhé ag díriú ar phátrúnacht, ar shainspiorad spioradálta na scoile agus ar theanga na scoile ach ba léir go ndearna na meáin Bhéarla neamhaird ar cheist na teanga agus iad ag clúdach an tsuirbhé i rith an phróisis,” a dúirt sé.
Léirigh an tAthair Micheal Drumm, as Comhpháirtíocht na Scoileanna Caitliceacha amhras i dtaobh na bhfigiúirí chomh maith. Dúirt sé nach dtugann na figiúirí sa suirbhé léargas ceart ar thuairimí tuismitheoirí an cheantair agus d’iarr sé ar an Roinn Oideachais na figiúirí a chur i gcomhthéacs mór-phobail scoile an cheantair.
Tá an Roinn Oideachais chun suirbhé níos forleithne a dhéanamh sa bhliain úr in 38 ceantar eile. Dar leis an bhForas Pátrúnachta beidh torthaí éagsúla ar an tuairisc mar go mbeidh ceantair atá gan soláthar gaelscoile san áireamh.
“Tá sé curtha in iúl ag an bhForas Pátrúnachta ó thosaigh an próiseas seo gur fhás scoileanna lánGhaeilge ó éileamh na dtuismitheoirí,” arsa Ó hEaghra.
“Go stairiúil, tosaíonn siad beag ach nuair a thuigeann an pobal áitiúil na buntáistí a bhaineann le hoideachas lánGhaeilge tagann fás agus borradh ar scoileanna.
“Ina theannta sin, tá gá le hardú feasachta i measc an phobail go ginearálta maidir le buntáistí oideachas dátheangach,” ar seisean.
www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 19 Nollaig 2012
Aighneachtaí maidir le Polasaí Gaeilge do RTÉ
Nollaig 20, 2012
Cén cineál meáin Ghaeilge ar mhian leat go gcuirfidh RTÉ ar fáil? Ar mhaith leat go gcuireadh RTÉ a polasaí Gaeilge i bhfeidhm trí TG4, cainéal a chur gnáthdhaoine ar bun faoi choinne cainteoirí Gaeilge, seachas ar bhealaí oifigiúla RTÉ 1+2 féin? Béarla amháin ar RTÉ 1+2 agus dátheangachas ar TG4? Tá moltaí déanta sa tuairisc seo nach féidir go mbeadh gach duine ag teacht leo – ach caithfear aighneacht a dhéanamh le go n-áireofar do thuairimse.
Is féidir freagraí agus tagairtí ginearálta a chur chuig teanga@rte.ie faoin teidil: Polasaí Gaeilge do RTÉ. Is é amárach, Dé hAoine, 21 Nollaig, an spriocdháta nua le haghaidh moltaí agus tuairimí.
Seo thíos an nasc chuig an tuarascáil:
http://www.rte.ie/documents/about/straiteis-bheartaithe-maidir-le-haschur-gaeilge-rte.pdf
Gaeilge Locha Riach
Teil: 091 870718
Rphost: oifig@lochariach.com
www.lochariach.com