Méid an Téacs

Macalla na hÉireann 2012

Deireadh Fómhair 8, 2012

Camchuairt na gCuradh – Ceolchoirm an Comhaltais i nDoire

Beidh Macalla na hÉireann, Camchuairt Cheolchoirme na hÉireann 2012 de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar siúl i gCultúrlann Uí Chanáin ar an Déardaoin 18ú Deireadh Fómhair.

Láithríonn an Camchuairt bhliantúil seo an tallann traidisiúnta is fearr ó cheithre chúige na hÉireann agus beidh siad ag seinm i 14 ionad ón 14ú – 27ú Deireadh Fómhair. Gach bliain tugann an chamchuairt seo meascán de thaibheoirí bunaithe agus cheoltóirí na todhchaí le chéile. Tá siad cumaiscthe le chéile chun seó géarshúileach agus daite a mheallann na dlúthleantóirí agus leantóirí forimeallacha siamsaíocht traidisiúnta – seó a mhachnaíonn leithead agus doimhneacht cheoil, damhsa agus amhránaíocht.

Seo clár mórthaibhseach na bliana seo:
Alice Fitzgerald ó Phort Láirge, Amhranaí agus fear a’ tí, Noel Battle ón Iar-Mhí ar orgán béil, Shane Keating ó Chorcaigh ar na píb uilleann, Emer Toale ó Bhaile  Átha Cliath ar an chláirseach / phianó, Lorraine McMahon ó Lú ar an fhidil / fheadóg, Joseph Keane, Co. Laois ar an chnáipchairdín , Elaine Reilly ó Longfort ar an bhainseó, Róisín Broderick ó Ghaillimh ar an chonsairtín / fhidil, Clare Heffernan ó Luimneach ar an fheadóg / fhliúit, Aisling Vaughan ó Chorcaigh, damhsóir/consairtín, Christin Mulcahy ó Luimneach, damhsóir/consairtín, Tomás Ó Sé agus Seán Hanafin beirt damhsóirí ó Chiarraí.

Is é Martin Murphy ó Longfort bainisteoir na camchuairte agus is iad McElligotts ó Thrá Lí na innealtóirí fuaime.

Cosnaíonn na ticéid £10 agus tá siad ar fáil ar-líne ag www.culturlann-doire.ie nó ón díoloifig i gCultúrlann Uí Chanáin (00 44 28 71 264132)

Tugann Macalla na hÉireann aitheantas do Foras na Gaeilge agus Bus Éireann ar son a gcuid urraíochta.

Bígí linn agus Macalla na hÉireann ar stáitse Chultúrlann Uí Chanáin

Pictiúr: https://www.dropbox.com/s/rvsh98z1f2wt1w5/lo%20res%20macalla%20na%20heireann%20tour.jpg

Oifigeach Margaíochta & Taighde, Cultúrlann Uí Chanáin / P.R.O Fleadh Cheoil na hÉireann 2013
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
T: +44 2871264132 /    M: +44 7759711057
www.culturlann-doire.ie ~ facebook.com/culturlann ~ @culturlanndoire
www.2013fleadh.ie ~ facebook.com/2013fleadh ~ @fleadh4derry #fleadh13

Grant allocation for Naíonra Béal an Mhuirthead

Deireadh Fómhair 8, 2012

There was welcome news this week for Naíonra Beal an Mhuirthead with the announcement of a grant of €6,250 by minister of State Dinny McGinley.

The grant will enable the naíonra to purchase and update equipment for its existing facilities and has been welcomed by Minister of State for Tourism and sport Micheal Ring who said: “I hope Naíonra Beal an Mhuirthead will find this grant useful and I wish them continues success for the future.”

www.advertiser.ie/mayo
Foilsithe ar Gaelport.com – 8 Deireadh Fómhair 2012

Free Irish language classes from Sinn Féin

Deireadh Fómhair 8, 2012

Sinn Féin will hold Irish language classes in the office on 70 Prospect Hill, beginning next Monday at 7pm.

The classes are available to those who have an interest in learning the Irish language and all are welcome.

The classes start off with beginner classes, aimed at those who have very little or no Irish at present.  There are also plans to hold an intermediary class for those who wish to brush up and improve their language skills.

Classes are free of charge but participants ar asked to donate €2, if able, towards travel costs.  After the Irish language class, there will be a music session taking place from 8pm until 9pm where people attending will be encouraged to speak Irish.

For more information on the classes call Christina and 091-567921 or 087-9737908.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar Gaelport.com – 8 Deireadh Fómhair 2012

Spraoi sa seomra ranga (agus taobh amuigh!)

Deireadh Fómhair 8, 2012

Ag an am seo nuair atá a lán nuachtán ag dul ‘chuig an bhalla’, tá dea-scéal le hinsint ag lucht na Gaeilge. Chaill ‘Foinse’ a dheontas roinnt blianta ó shin ach ní rabhthas ábalta páipéar maith a mharú. Tháinig sé ar ais, níos lú, ach níos láidre, cosúil le dornálaí maith. Dáiltear saor in aisce é leis an Irish Independent gach Céadaoin. In eagrán clóite ‘Foinse’, bíonn nuacht, gné-ailt agus spórt, chomh maith le hábhar oideachasúil do bhunscoileanna, d’iarbhunscoileanna agus d’fhoghlaimeoirí fásta. Ach níl foireann dhíograiseach ‘Foinse’ sásta le nuachtán seachtainiúil amháin: tá suíomh idirlín ag ‘Foinse’ (foinse.ie) a nuashonraítear gach lá. Tá réimse ollmhór ábhair oideachais Ghaeilge ar fáil ar an suíomh. Cuirfidh gach foghlaimeoir Gaeilge idir óg agus aosta suim san ábhar seo.

An tseachtain seo caite, d’fhógair www.foinse.ie seoladh sraithe nua d’acmhainní saor in aisce do mhúinteoiri agus do dhaltaí bunscoile i gcomhar le COGG (www.cogg.ie).  Tá os cionn 200 acmhainn den scoth, ina measc crosfhocail, póstaeir, cluichí, líon na bearnaí agus pleananna ceachtanna do mhúinteoirí ar fáil ar líne. Tá na hacmhainní ar fad bunaithe ar théamaí curaclaim agus tá siad fóirsteanach do gach leibhéal.

I measc na n-acmhainní nua, tá póstaeir dhaite tharrraingteacha. Is féidir na póstaeir seo a úsáid ar an chlár bhán idirghníomhach agus le huasteilgeoir, ach is féidir iad a úsáid ar bhealach níos traidisiúnta fosta. Mar sin, téigh chuig www.foinse.ie agus gliogáil ar ‘Acmhainní’chun tús a chur le spraoi sa seomra ranga – agus taobh amuigh!

Ranganna Gaeilge i Magh

Tá cúpla áit ar fáil go fóill don rang 5.30 – 7.00 p.m i Halla Mhuire gach Máirt. Déan teagmháil leis an Áisionad: (00353) 749384572.

www.derryjournal.co.uk

Foilsithe ar Gaelport 8 Deireadh Fómhair 2012

Leasú Mór ar an Teastas Sóisearach á fhógairt ag an Aire Quinn

Deireadh Fómhair 4, 2012

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna ag fógairt go bhfuil sé chun leasú bunúsach a dhéanamh ar an Teastas Sóisearach. Leis na pleananna atá á nochtadh inniu ag an AireRuairí Quinn T.D. beidh na mic léinn, seachas na scrúduithe, ag croílár an chur chuige nua don mheasúnú.

“Tá fhios againn cheana féin go bhfuil líon suntasach de mhic léinn na céad bliana ann nach ndéanann dul chun cinn sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic – eochairbhloic thógála na foghlama,” adúirt antAireQuinn.

“Tá an iomarca mac léinn ann a ‘lascann as’ sa dara bliain agus nach ndéanann ateagmháil ar bith leis an bhfoghlaim. Tá fhios againn go bhfuil saol mac léinn na tríú bliana faoi smacht na n-ullmhúchán do scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus go mbíonn an fócas cúngaithe go dtí feidhmíocht sna scrúduithe seachas caighdeán na foghlama. Tá sé thar am an scéal seo a chur ina cheart – ar mhaithe lenár mac léinn agus lenár múinteoirí.”

Is ionann na pleananna atá ag an Aire agus an t-athrú is bunúsaí ar chlár anTeastais Shóisearaigh ó cuireadh deireadh le scrúduithe na Meánteistiméireachta agus an Teastais Ghrúpa in 1991. Tá glactha go ginearálta ag an Aire Quinn le tograí atá curtha faoi bhráid ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) le clár nua timthrialla shóisearaigh a thabhairt isteach.

Beifear ag súil go ndéanfaidh na scoileanna clár a sheachadadh a chuirfidh ar chumas na mac léinn raon leathan scileanna a fhorbairt, ina measc scileanna smaoinimh chriticiúil agus scileanna bunúsacha ar nós na huimhearthachta agus na litearthachta.

Déanfaidh formhór na mac léinn 8 n-ábhar ar a laghad agus 10 n-ábhar iomlána ar a mhéid chun críche an teastasaithe sa timthriall sóisearach nua. Is féidir le mic léinn dhá chúrsa gearra a chur in ionad ábhair iomláin amháin, rud a thabharfaidh deis chun roghanna a dhéanamh ar nós na Sínise nó an Chorpoideachais nó na Litearthachta sna Meáin Dhigiteacha. Beidh scoileanna in ann chomh maith a gcuid cúrsaí gearra féin a thairiscint de réir na sonraíochtaí a bheidh curtha ar fáil ag an CNCM. Tabharfaidh sé seo an tsolúbthacht do scoileanna an clár a chur in oiriúint do riachtanais na mac léinn sa cheantar acu – mar shampla, d’fhéadfadh cúrsa gearr díriú ar ghné den tionsclaíocht áitiúil, den talmhaíocht nó den oidhreacht.

Tá sé aitheanta ag an Aire Quinn go bhfuil an scrúdú reatha tar éis brú mór a chur ar an dteagasc agus ar an bhfoghlaim. Adúirt sé, “Ní scrúdú é an Teastas Sóisearach a thuilleadh a bhuil mórán ag brath air ach mar sín féin caithimid leis amhail is dá mba ‘rith trialach’ don Ardteistiméireacht é – rud a théann chun dochair do mhórán dár mac léinn. Tá fianaise dhiongbháilte ann as mórán tíortha a léiríonn gur fearr a fheidhmeoidh cuid mhór de na mic léinn má bhogann siad ar shiúl ó scrúduithe cheann cúrsa den saghas seo.”

In ionad Scrúduithe cheann cúrsa an Teastais Shóisearaigh cuirfear samhail scoil-bhunaithe mheasúnaithe ina mbeidh an bhéim ar cháilíocht eispéireas foghlama an mhic léinn. Déanfar é seo ar bhonn céimnithe agus is é an Béarla an chéad ábhar a thabharfar isteach do mhic léinn na Céad Bliana in 2014.

Beidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) gafa le measúnú an Bhéarla, na Gaeilge agus na Matamaitice sna blianta tosaigh mar aitheantas ar an ról lárnach a imríonn na hábhair seo san uimhearthacht agus sa litearthacht. Scrúdófar na hábhair seo ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal, agus measúnófar na hábhair eile go léir ag an ngnáthleibhéal. Soláthróidh an CSS agus an CNCM ábhair chomh maith do scoileanna chun cabhrú leis an measúnú leanúnach ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtáil na mac léinn.

Níl sa tsamhail scoil-bhunaithe mheasúnaithe seo ach eilimint amháin den chur chuige úr don mheasúnú sa timthriall sóisearach nua. Ó 2014 amach, seasfaidh mic léinn na dara bliana tástálacha caighdeánaithe i léamh an Bhéarla agus sa Mhatamaitic, agus i léamh na Gaeilge i nGaelscoileanna. Ó 2016 amach, cuirfear tástáil chaighdeánaithe san Eolaíocht san áireamh chomh maith. Tá an CNCM ag forbairt chomh maith cárta tuairisce nua do thuismitheoirí a thabharfaidh i bhfad níos mó eolais dóibh i dtaobh dul chun cinn foghlama a mic nó a n-iníne.

Lean an tAire air, “Ní bhaineann sé seo lenár gcuid scoileanna, mac léinn agus múinteoirí bheith ag déanamh tuilleadh oibre sa timthriall sóisearach. Baineann sé le hiad a bheith ag déanamh rudaí i mbealach difriúil. Tá na múinteoirí ag déanamh an-jab cheana féin, ach is minic a bhíonn siad srianta leis na mbrú chun múineadh de réir na tástála. Saoróidh an timthriall sóisearach nua leasaithe múinteoirí agus a gcuid mac léinn. Rachaidh sé chun leasa na dtuismitheoirí chomh maith trín i bhfad níos mó a bheith ar eolas acu faoi ghnóthachtálacha a gcuid páistí thar na trí bliana den timthriall sóisearach ná mar a d’fhéadfaidís a fháil amach riamh ó theastas Scrúdaithe Stáit ag deireadh an Teastais Shóisearaigh.”

Éileoidh an fócas nua ar an measúnú Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) suntasach do na múinteoirí agus do na Príomhoidí. Cuirfear tús leis na cláir thacaíochta seo in 2013.

“Táim tar éis éisteacht le múinteoirí agus le Príomhoidí a bhí ag iarraidh go mbeadh an timthriall sóisearach nua acmhainnithe go hiomlán. Ní bhaineann na hathruithe atá á bhfógairt agam inniu le coigilt an airgid, le fírinne cosnóidh siad i bhfad níos mó orainn ná mar a tharlódh mura ndéanfainn tada. Fiú in am seo na géarchéime airgeadais, áfach, creideann an Rialtas gur chóir infheistiú inár gcuid páistí agus cuirfidh mé ar fáil na hacmhainní go léir a theastaíonn chun a chinntiú go n-éiríonn leis an timthriall sóisearach nua,” adúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir.

Tá fógra an lae inniu ag teacht i ndiaidh fhoilsiú Towards a Framework for Junior Cycle – Innovation and Identity leis an CNCM i mí na Samhna seo caite. Tá pléanna mionsonraithe tar éis bheith ann idir an CNCM, oifigigh as an Roinn Oideachais agus Scileanna, an CSS agus na comhpháirtithe oideachais faoina gcur i bhfeidhm siúd.

Dúirt an Dr. Anne Looney, POF an CNCM, “Tar éis don CNCM athbhreithniú a dhéanamh, ba léir go mba ghá dúinn tosnú ar an bpróiseas a bhain le bogadh ar shiúl ó scrúdú cheann cúrsa i dtreo tuilleadh béime a chur ar an measúnú scoil-bhunaithe, agus chuireamar comhairle ar an Aire ar an mbonn sin. Tá an chomhairle sin glactha aige agus tá sé tar éis dul céim níos faide leis, agus a chomharthú go bhfuil sé ag cur deireadh leis an scrúdú cheann cúrsa a bhíomar i dtaithí air sa chaoi go mbeimid in ann díriú ar an tsamhail scoil-bhunaithe ar mhaithe leis féin, seachas é bheith de bhreis ar an méid a dhéanaimid faoi láthair i scrúdú an Teastais Shóisearaigh. I gcóras atá chomh mór sin i dtaithí ar na scrúduithe, beidh sé ina dhúshlán do gach duine – lastigh den chóras agus lasmuigh de – iad féin a oiriúnú don mheon nua. Ach tá fianaise an taighde soiléir faoi na sochair a théann leis an meon nua sin – do mhúinteoirí, do na mic léinn agus do na tuismitheoirí. Agus go ngabhann na sochair sin ar aghaidh in éineacht leis na mic léinn go dtí an chéad chéim eile dá n-oideachas iar-bhunscoile.”

Dúirt Aidan Farrell, POF an CSS, “Tá an CSS ag súil le bheith ag obair leis an Roinn, leis an CNCM agus leis na comhpháirtithe oideachais chun na tograí seo a chur i gcrích. Oibreoimid go dlúth leis an CNCM chun uirlisí measúnaithe a dhearadh agus a fhorbairt a thacóidh leis na scoileanna agus leis na múinteoirí agus iad ag seachadadh na samhla nua measúnaithe.

Imreoidh an CSS ról criticiúil chun tacú leis an tionscnamh athraithe agus iad ag seachadadh scrúduithe reatha anTeastais Shóisearaigh i gcónaí. Is rud tábhachtach ar fad é go dtugann an t-athrú ag an timthriall sóisearach deis dúinn iarrachtaí níos dírithe a dhéanamh ag an timthriall sinsearach i dtreo modhanna éagsúla measúnaithe thar na hábhair scrúdaithe go léir.”

Tábhacht na hOibre Óige le plé ag an Athair Mícheál Mac Gréil

Deireadh Fómhair 4, 2012

Tá Feachtas, Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge, ag reáchtáil ócáid ar 17 Deireadh Fómhair ina dtabharfaidh an tAthair Mícheál Mac Gréil óráid dar teideal ‘Tábhacht na hOibre Óige i saol na Gaeilge’.

Tá taithí 30 bliain ag an Athair Mhic Gréil ag plé le hobair óige i bpobal na Gaeilge agus fear is ea é atá diongbháilte agus dílis don Ghaeilge agus é á cur chun cinn i measc daoine óga. Bronnadh dealbh air i mí Márta na bliana seo caite ag léiriú onóra ar a chuid oibre.

Le linn na hóráide a bheidh dírithe ar na teachtaí dálaí agus ar chomhairlí cathrach, déanfaidh an tAthair Mhic Gréil cur síos ar na háiseanna atá de dhíth ar dhaoine óga agus iad ag foghlaim Gaeilge agus ar thábhacht obair óige na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Beidh an léacht ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ar 17 Deireadh Fómhair ag 6.00i.n. Cuirfear bia agus sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách. Iarrfar ar dhaoine clárú don ócáid roimh 17 Deireadh Fómhair.

Sonraí teagmhála: ursula.feachtas@gmail.com

Foilsithe ar Gaelport.com

Nuachtlitir Ráth Chairn

Deireadh Fómhair 4, 2012

Éigse Dharach Uí Chatháin
5-7 Deireadh Fómhair 2012

  • Féile na Leabhar i Leabharlann Ráth Chairn
  • Club Déagóirí
  • Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
  • Cúrsa Gael Linn i Ráth Chairn

http://www.rathchairn.net/newsletter.html

Raidió Rí Rá

Deireadh Fómhair 4, 2012

Fáilte ar ais ar scoil! Tá súil againn go raibh samhradh deas agat féin agus ag na daltaí.

Tá Raidió Rí-Rá ar ais leis an gceol is fearr ó na cairteacha mar aon le Rí-Rá Spórt agus na scéalta PopNuachta is déanaí, as Gaeilge, díreach duitse le húsáid sa seomra ranga. Ní hamháin go bhfuil Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar 94.3FM i mBaile Átha Cliath go dtí 7 Deireadh Fómhair 2012, ach bíonn cláracha beo Raidió Rí-Rá gach lá den tseachtain, Luan – Aoine, ó 10.00rn ar maidin agus scoth an cheoil á chasadh againn ó na cairteacha agus trí mheán na Gaeilge tríd an bhliain ar fad!

Bain sult as ceol Raidió Rí-Rá sa seomra ranga an tseachtain seo!

Beir bua ‘s beannacht,
Le gach dea-ghuí,

Síne Nic an Ailí
Comhrúnaí

Raidió Rí-Rá
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Guthán:
+353 (0)1 4757401
Soghluaiste:
+353 (0)87 6546673
Facs:
+353 (0)1 4757844
Rphost:
sine@rrr.ie

Comórtas HP do bhunscoileanna – fáilte roimh iarratais i nGaeilge!

Deireadh Fómhair 4, 2012

Tá HP i ndiadh sonraí a fhoilsiú maidir le comórtas nua le haghaidh bunscoileanna. Is comórtas scríobhneoireachta atá ann le béim ar an timpeallacht. Ar an ocáid seo, tá an t-ábhar tacaíochta/bolscaireachta ar fáil do na múinteoirí i mBéarla amháin faraor ach glacfar le haon iarratais don chomórtas i nGaeilge. Tá iarratas déanta le roinn margaíochta HP ag éileamh go ndéanfaí leagan dátheangach den ábhar tacaíochta/treoracha a fhoilsiú don chéad comórtas scoile eile, agus cuideodh sé go mór dá mbeadh beart mór iarratais faighte ag HP i nGaeilge an tráth seo. Tá duaiseanna maithe ar fáil! Tá na sonraí ar fad ar fail ar an suíomh gréasáin seo:

http://www.hp.com/ie/lorax

Is é an hAoine, 26 Deireadh Fómhair an spriocdáta le cur isteach ar an gcomórtas.

Clubanna Cumann na bhFiann 2012-2013

Deireadh Fómhair 2, 2012

Tá na Clubanna Óige oscailte ag Cumann na bhFiann arís ar fud na tíre! Tá fáilte i gcónaí roimh dhaltaí na ngaelscoileanna (Rang 4-6) agus na ngaelcholáistí freastal ar na Clubanna seo. Tugann sé deis do na daltaí an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta taobh amuigh d’am scoile, gníomh a chuireann go mór le ábharthacht an teanga i saol an dalta.

Tá liosta na gclubanna ar fáil anseo: Cumann na bhFiann 2012-2013

« Previous PageNext Page »