Méid an Téacs

Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’

Aibreán 7, 2016

Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ seolta ag an gcompántas drámaíochta Fíbín i gConamara, a théann ar camhchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis an dráma céanna. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta!

Tá duaiseanna luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android duit féin, póstaer sínithe le fráma do do scoil chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’ do do rang!! Ní hamháin sin ach gheobhaidh do rang seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó!!

Capture

 

Níl ort ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh chugainn ar ríomhphost ar margaiochtfibin@gmail.com

20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus  féach treoirlínte an chomórtais thíos;

  • Déan do dhearadh ar pháipéar A3
  • Úsáid péinteáil/líníocht/grianghraf nó do rogha íomhá
  • Is féidir íomhá aisti féin a úsáid nó focail agus íomhá
  • Caithfidh an íomhá a úsáideann tú a bheith bainteach leis an dráma
  • Is féidir líne/línte ón dráma a úsáid
  • Is féidir leat obair asat féin nó mar chuid d’fhoireann

 

Comórtas scoláireachta €1,000 ag Coláiste Samhraidh Theilinn

Aibreán 5, 2016

Tá Coláiste Aoidh Mhich Bhricne i dTeileann, iardheisceart Thír Chonaill, ag tairiscint  €1,000 de scoláireachtaí do mhic léinn mhéanscoile le freastal ar chúrsa Gaeltachta s’acu le linn mhí Iúil. Tá 10 scoláireacht ar luach €100 ar fáil.

Tá na scoláireachtaí ar fáil do chúrsa B, a ritheann ón 16-30 Iúil. Is cúrsa é atá dírithe ar dhaltaí 13 – 16 bliana d’aois. Cosnaíonn an cúrsa €495 go hiondúil, ach leis na scoláireachtaí seo, beidh buaiteoirí ábalta freastal ar chúrsa coicíse ar €395.

Le cur isteach ar an chomórtas, seol ríomhphost chuig colaisteaoidhteileannn@gmail.com agus cuir ceist fá choinne fhoirm iarratas. Is féidir glaoch ar Shane Ó Curraighín (087 7667853) nó Gearóid Ó Deoráin (087 2701200) le haghaidh tuilleadh eolais. Is é Dé hAoine, 29ú Aibreán, spriocdháta d’iontrálaithe. Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas ar Dé Céadaoin, 4ú Bealtaine.

Teileann 14

Dúirt Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann:

Is ábhar ceiliúrtha é do Choiste Choláiste Aoidh Mhic Bhricne gur féidir linn na scoláireachtaí seo a chur ar fáil i mbliana. Tá sé mar sprioc againn i dTeileann eispéireas iomlán Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí óga i gCúige Uladh agus ar fud na tíre. Cuidíonn na scoláireachtaí seo, a bhuí le Comhaltas Uladh, le daoine cuid de na costais a chlúdach. Cuireann muid béim ar thrí rud i dTeileann: An Teanga, Cairdeas agus an Spraoi. Bígí linn.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh:

Is deis mhaith atá sna scoláireachtaí seo do dhaoine óga tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim i gceann na Coláistí Samhraidh sa tír. Gheobhaidh an scoláire a bhfuil dúil aige nó aici sa teanga taithí agus eispéireas iontach i dTeileann. Tréaslaíonn Comhaltas Uladh le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne agus molann a gcuid oibre ar son na Gaeilge sa Ghaeltacht seo. Go raibh gach ráth ar na cúrsaí i mbliana agus amach anseo.

Nóta: Tá na scoláireachtaí seo á gcur ar fáil le freastail ar chontaetha Dhún na nGall, an Chabháin, Muineacháin agus Lú (i bhfolús roinnt scéimeanna scoláireachtaí sna sé chontae) a thiteann faoi limistéar Chomhaltas Uladh.

Cúlra: Coláiste Samhraidh Gaeltachta is ea Coláiste Aoidh Mhic Bhricne atá suite i dTeileann, iardheisceart Thír Chonaill, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bunaíodh an coláiste sa bhliain 1956. Rinne sé 60 bliain bunaithe a cheiliúradh anuraidh. Beidh dhá chúrsa samhraidh i dTeileann i mbliana.

Teileann 3

 

Tuilleadh eolais:

Shane Ó Curraighín

Oifigeach Caidreamh Poiblí, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne

087 7667853 (00 44)75 16251036 | colaisteaoidhteileann@gmail.com

 

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Cathaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne

(00 44) 77 16690237 | padraig@cnag.ie

Lean sinn:

https://twitter.com/Teileann1955

https://www.facebook.com/Colaiste-Aoidh-Mhic-Bhricne-Teelin-202868921997/ 

Comórtas Leabhar Gaelscoileanna Teo.

Aibreán 4, 2016

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil beirt bhuaiteoirí roghnaithe do Chomórtas Leabhar Gaelscoileanna Teo.

Ellie-May Ní Ghallachóir, Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich, Co. Dhún na nGall, agus

Noah Ó Ceallaigh, Gaelscoil Thomáis Dáibhís, Co. Chorcaí.

Chuir go leor scoláirí ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta timpeall na tíre isteach ar an gcomórtas seo agus bhí cinneadh an-deacair le déanamh ag na moltóirí. Fuair muid go leor scéalta agus bhí caighdeán an-ard ar fad ann. Comhghairdeas ó chroí le gach éinne a ghlac páirt sa chomórtas seo agus ár mbuíochas libh as bhur gcuid scéalta cruthaitheacha a roinnt linn. Tá súil againn go leanfaidh sibh ar aghaidh ag scríobh scéalta i nGaeilge. Foilseofar rogha scéalta i nuachtlitir Gaelscoileanna Teo., ar shuíomh Idirlín na heagraíochta agus ar na meáin shóisialta.

Cuireadh gearrliosta le chéile agus buaiteoirí an chomórtais á roghnú. Tá ardmholadh ag dul chuig na scríbhneoirí óga seo ach go háirithe a bhí ar an ngearrliosta. Cuirfear teastas agus leabhar ar aghaidh chuig na daoine seo ar fad.

Aoife de Nogla Ní Fheinneadha, Gaelscoil Mhainistir na Corann. An Cúpla Ainmhnithe.

Caoimhe Ní Arragáin, Gaelscoil Dhonncha Rua. Síle Sióg.

Gianluca Fornaciai, Gaelscoil Iarfhlatha. Plandaí Vs Zombie – An Tús.

Jack Ó hAllúráin, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg. An Vaimpír.

Méabh Otuos, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg. Plainéad na bPeataí.

Niamh Nic Enrí, Gaelscoil Mhainistir na Corann. Oileán Niamh.

Síofra Ní Ógáin, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg. Na Síoga.

Traolach Ó Súilleabháin, Scoil Lorcáin. An Sciathán Leathair Órga.

 

Na Bunscoileanna a ghlac páirt sa chomórtas seo :

Gaelscoil Dhonncha Rua, An Clár

Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh

Gaelscoil Mhainistir na Corann, Corcaigh

Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg, An Clár

Gaelscoil na Cille, An Mhí

Gaelscoil Thomáis Dáibhís, Corcaigh

Scoil Bhríde, Baile Átha Cliath

Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath

Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich, Dún na nGall

Scoil Naithí, Baile Átha Cliath

Míle buíochas le O’Brien Press as urraíocht fhliathiúil a dhéanamh ar an gcomórtas.

RÁITEAS maidir le SCOLÁIREACHTAÍ 2016 le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge

Aibreán 4, 2016

Family Course sa Ghaeltacht July 2016   Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2016
Foras na Gaeilge logo

Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scoláireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 16-23 Iúil 2016. Bronnfar 10 scoláireachtaí de luach €900 an ceann agus 5 scoláireachtaí de luach €200 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí trí Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí dírithe; sé sin le rá do theaghlaigh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh trí scoláireacht a bhronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (16.10-17.00) ar RTE RAIDIO NA  GAELTACHTA gach lá ón Luan 25 Aibreán go Aoine 29 Aibreán.  Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scoláireachtaí.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.

Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa,  ag 086 3048242 nó galljoe@eircom.net

Foras na Gaeilge is providing scholarships  to families wishing to attend a Family Course as Gaeilge in Gaoth Dobhair, Co Donegal during the week 16-23 July 2016.

There are 10 scholarships worth €900 each and 5 scholarships worth €200 each available to facilitate interested families attend the course. The scholarships are for families who have children in the All-Irish education sector.

All information on the course itself is available on www.piarsaigh.ie

The scholarships will be presented each day during the week 25-19 April 2016 on Cóisir Cheoil (16.10-17.00) on RTE RADIO NA GAELTACHTA.  They will be awarded by means of a TEXT-IN on that programme during the week in question.

Further information is available from Joe Ó Gallchóir at 086 3048242 or galljoe@eircom.net.

Sárscoil Drámaíochta Fíbín

Aibreán 4, 2016

w
Tá Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais don séú bliain as a chéile agus muid ar thóir scoláirí idir 15-17 bliain d’aois ó cheantair Ghaeltachta agus Ghalltachta ó thuaidh agus ó dheas den teorainn chun páirt a ghlacadh ar an gcúrsa.  Más spéis leat taithí aisteoireachta/drámaíochta a fhoghlaim seo é an cúrsa duit!! Gach bliain eile théadh muid timpeall na tíre ag déanamh éisteachtaí i scoileanna ach i mbliana tá an próiseas roghnúcháin athraithe againn agus ní bheidh ort anois ach físeán gearr duit féin a sheoladh isteach ag aisteoireacht as Gaeilge ar YouTube/r-phost/Vimeo/Dlúthdhiosca cibé caoi is fearr leat chun seans a bheith agat áit a bhaint amach ar an gcúrsa.
Sárscoil 2016

Is dianchúrsa aisteoireachta/scileanna drámaíochta atá ann le casadh difriúil mar go gcónaíonn na rannpháirtithe le chéile i nGaeltacht Chonamara ar feadh an tréimhse coicíse agus ritear na ceardlanna uile trí mheán na Gaeilge. Gheobhaidh na haisteoirí óga taithí agus oiliúint fhíor-luachmhar faoi stiúir an stiúrthóra Stephen Darcy. Foghlaimeoidh na daoine óga faoi aisteoireacht don scáileán chomh maith le don stáitse. Beidh Laoise Ní Nualláin linn chomh maith ag teagasc ceoil agus amhránaíocht ar an gcúrsa. Tá costas €625 ar an gcúrsa coicíse le beatha agus lóistín san áireamh ach is féidir le daoine áitiúla nach dteastaíonn socruithe lóistín uathu an cúrsa a dhéanamh ar €325.  Tabharfar cuireadh do na meáin, craoltóirí, léiritheoirí teilifíse, polaiteoirí áitiúla chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú ar an lá deiridh. Chun tuilleadh eolais nó bróisiúr a fháil faoin gcúrsa téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig Caitlín i Fíbín ar sarscoilfibin@gmail.com nó glaoigh ar 091-505855!

Leabhar nua: Smokie

Aibreán 4, 2016

Scríobh Bríd Brien scéal i mBéarla faoi a cat Smokie agus aistríodh go Gaeilge Dhún na nGall é le déanaí.Smokie eyeing up the snail

Smokie’ is a heartfelt tale of love, despair, friendship and freedom. Athraíonn a saol compordach nuair a bhuaileann sí lena húinéirí nua, Hannah agus Eoghan. Like a caged animal, she’s confined to the house and longs for the day to be free again. Nuair a thagann deis chun éalú go dtí an garraí, helped by Blossom, an madra teaghlaigh, she sets off on an adventure she’ll never forget.  
Toisc gur leabhar dátheangach é, tá sé éasca é a léamh agus níl gá le foclóir a usáid. Más maith leat cóip crua a fháil, bí i dteagmháil le Brí ar: bridbrien@gmail.com   

Costas €10. 

Taighde iarchéime ar an luath-thumoideachas i scoileanna lán-Ghaeilge

Aibreán 4, 2016

Bhí mac léinn ón Máistreacht Ghairmiúil sa Bhunoideachas i dteagmháil linn. Mar chuid den chúrsa seo, tá tráchtas ar bun aici ar an luath-thumoideachas sna ranganna naíonán i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá múinteoirí á lorg aici le ceistneoir a líonadh isteach. Má tá taithí agat bheith ag múineadh ranganna naíonán i scoil lán-Ghaeilge, bheadh Jennifer an-bhuíoch díot as cúpla nóiméad a thógáil chun ceistneoir a líonadh isteach chun cabhrú  lena cuid taighde.

Tá an ceistneoir le fáil anseo

Taighde maidir le scoláirí le disléicse i scoileanna lán-Ghaeilge

Márta 31, 2016

Bhí mac léinn ón Máistreacht Ghairmiúil sa Bhunoideachas i dteagmháil linn. Mar chuid den chúrsa seo, tá tráchtas ar bun aici ar dhaltaí le disléisce atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá múinteoirí á lorg aici le ceistneoir a líonadh isteach. Má tá taithí agat bheith ag múineadh dalta(í) le disléicse i scoil lán-Ghaeilge, ba bhreá le hAisling Ní Chaoimh cloisteáil uait. Tá ceistneoir curtha le chéile aici mar chuid dá taighde agus tá sí ag iarraidh go líonadh roinnt múinteoirí isteach é chun cabhrú leis an taighde.

An Ceistneoir

Má tá aon cheisteanna faoin taighde seo nó más maith leat páirt a ghlacadh ann, déan teagmháil le hAisling ag aislingnichaoimh91@gmail.com

 

Seónna spleodracha ar stáitse ag COIRM GAEL LINN !

Márta 31, 2016

Léiríodh seónna spleodracha ó Ghaelscoileanna fud fad na tíre ar stáitse ag féilte Coirm Gael Linn 2016 ! Bhí suas le 3,500 aisteoirí, ceoltóirí agus damhsóirí óga ar fad ar stáitse ag naoi gcinn de fhéilte a reáchtáladh in amharclanna ó Ard Mhacha go Trá Lí  i rith mhí Feabhra agus mhí an Mhárta  !  Roghnaigh gach scoil téama dá seó féin, agus bhí meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach ceann acu. Chomh maith le bheith ar stáitse iad féin, bhí deis ag na scoláirí seónna breátha ó scoileanna eile a fheiceáil.

Cé nach bhfuil comórtas i gceist le Coirm Gael Linn, bíonn léirmheastóir aitheanta i láthair ag gach féile a thugann moltaí scríofa do na múinteoirí ar conas barr feabhais a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe.  Anuas air sin, tugtar aitheantas (i bhfoirm gradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag gach féile.  Ní bhíonn aon teorainn leis an líon gradam a mbíonn cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus bíonn cead aige/aici iad a bhronnadh ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair. I measc na léirmheastóirí a bhí ag na féilte éagsúla ar fud na tíre i mbliana bhí Síle Ní Dhuibhne, Gerry Motherway, Liam Mac an Mhaoir, Tomás Ó Nialláin agus Mairéad Ní Ghallchóir.  Thugadar ardmholadh do na múinteoirí díograsacha uilig a léirigh seónna de ardchaighdeán tríd síos.

Bhí  lucht féachana mór i láthair ag na hócáidí uilig, agus bhain an fear grinn ‘Giggles’ gáire as an lucht féachana mór a bhí i láthair lena chuid geaitsíochta idir mhíreanna !

Dúirt Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Gael Linn:  “Tá áit lárnach ag Coirm Gael Linn ar an bhféilire bunscoile go bliantúil anois.  Trí ócáidí taitneamhacha, spraíúla a chur ar fáil, tá súil againn i nGael Linn spéis na bpáistí seo sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga”.                

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Gaelscoil Thulach na nÓg

Scoláirí óga ó Ghaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne ar stáitse ag Coirm Gael Linn san Áras Ealaíne, An Mhuileann gCearr. Ghnóthaigh a seó ‘An tAsarlaí ó Oz’, trí ghradam!

Bronnadh trí ghradam ar scoláirí Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach ag féile Coirm Gael Linn i Ros Mhic Thriúin  dá fheabhas a ndráma ‘Matilda’ – seo radharc as !

Bronnadh trí ghradam ar scoláirí Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach ag féile Coirm Gael Linn i Ros Mhic Thriúin dá fheabhas a ndráma ‘Matilda’ – seo radharc as !

Thug saighdiúirí óga ó Scoil Mhuire, An Turlach Beag, Rosmuc, trí ghradam leo dá ndráma ‘Bairbre’ le Pádraig Mac Piarais ag féile Coirm na Gaillimhe a reáchtáladh thar dhá lá in Amharclann na Cathrach.

Thug saighdiúirí óga ó Scoil Mhuire, An Turlach Beag, Rosmuc, trí ghradam leo dá ndráma ‘Bairbre’ le Pádraig Mac Piarais ag féile Coirm na Gaillimhe a reáchtáladh thar dhá lá in Amharclann na Cathrach.

Aisteoirí óga ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí,  ag baint suilt as Coirm Gael Linn in amharclann Siamsa Tíre ar an mbaile !

Aisteoirí óga ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag baint suilt as Coirm Gael Linn in amharclann Siamsa Tíre ar an mbaile !

I measc na nduaiseoirí ag féile Coirm Gael Linn i Mainistir Fhear Muí, bhí scoláirí Ghaelscoil Dhochtúir  Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, a léirigh an seó ‘Aladdin’.

I measc na nduaiseoirí ag féile Coirm Gael Linn i Mainistir Fhear Muí, bhí scoláirí Ghaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, a léirigh an seó ‘Aladdin’.

 

Sean Scéal Nua Treoir le haghaidh coimisiún dátheangach 2016

Márta 23, 2016

Is cúis áthais don Axis, Baile Munna agus an Cumann Náisiúnta do Dhrámaíocht na n-Óg an- coimisiún nua a fhógairt do dhráma dátheangach d’ensembles óga a dhéanann iniúchadh ar meon na n-óg i gcomhthéacs na bliana seo, comóradh 1916. . Tá léirithe spéise á lorg ó dhrámadóirí a bhfuil taithí acu ina gceird, atá toilteanach dráma a chur ar siúl ar sainchúram uathúil, maoinithe ag Fondúireacht Phobail na hÉireann.
http://www.nayd.ie/news/press/sean-sceal-nua-treoir-le-haghaidh-coimisiun-datheangach-2016
Capture

« Previous PageNext Page »