Feighlithe Linbh le Gaeilge de dhíth
Nollaig 10, 2012
Má tá suim agat aire a thabhairt do pháistí, tá deiseanna iontacha fógartha faoi láthair ar Gaelport.com mar Au Pair thar lear nó mar Fheighlí Linbh i mBaile Átha Cliath.
Is deis iontach é seo roinnt taistil a dhéanamh agus do scileanna teanga a fheabhsú agus aire a thabhairt do leanaí ag an am céanna. Is í an Gaeilge an phríomhteanga a labhraítear sna teaghlaigh seo. Tá trí phost ar leith fógartha faoi láthair, Au Pair i Nua Eabhrac, Au Pair sa Ghearmáin, nó Feighlí Linbh i mBaile Átha Cliath.
· Au Pair 1: Cainteoir Dúchasach Gaeilge atá de dhíth don phost seo a bheidh lonnaithe i Nua Eabhrac, ar Víosa G5 chun aire a thabhairt do bheirt páistí.
· Au Pair 2: Iarrthóir le togha na Gaeilge atá de dhíth don phost seo a bheidh lonnaithe sa Ghearmáin. Beidh an t-iarrthóir rathúil ag tabhairt aire do pháiste amháin, agus beidh deis aige/aici Gearmáinis a fhoghlaim.
· Feighlí Linbh: Tá feighlí linbh le Gaeilge ag teastáil ó theaghlach lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath chun aire a thabhairt do bheirt páistí.
Tá gach eolas faoi na folúntais seo, agus neart folúntas eile ar fáil ag www.gaelport.com/foluntas
Au Pair le Gaeilge
Samhain 20, 2012
Tá Au Pair le togha na Gaeilge á lorg ag teaghlach atá ina chónaí i dtuaisceart na Gearmáine.
Tá cailín beag ocht mí d’aois acu agus tá madra acu freisin. Is Éireannach é an t-athair agus is Gearmánach í an mháthair.
Beidh deis iontach ag an té a cheapfar Gearmáinis a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a chuid Gearmáinise.
Is i Mí Feabhra a bheidh an Au Pair ag teastáil. Beidh na hagallaimh ar siúl aimsir na Nollag.
Tá gach eolas ar fáil ach glaoch ar an uimhir seo a leanas in Éirinn 0860739865
Feighlí linbh le Gaeilge
Samhain 8, 2012
Feighlí linbh de dhíth chun cúram a dhéanamh de bheirt (báibín 8 mí agus buachaill beag 2 bhliain agus 4 mhí) ó thús Aibreán 2013 ina dteach féin.
Teaghlach lán-Ghaeilge atá ann a d’fháilteodh roimh fhiosraithe ó fheighlithe leis an taithí chuí.
Lonnaithe i mBÁC 15.
Cúram lán-aimseartha, Luan-Aoine ó 8.30 – 18.00 a bheadh ann.
Féadfar teagmháil a dhéanamh le Bláthnaid ag blathnaidnighreachain@gmail.com
Au Pair le Gaeilge
Samhain 7, 2012
Tá ‘au pair’ le ardchaighdean Ghaeilge (is fearr cainteoir dúchasach) á lorg ar feadh bliana (ag tosnu Aibrean 2013) i Nua Eabhrac.
Tá beirt chlainne (cailin 4 bhlian agus buachaill 2 bhlian), agus bheadh gnáth dualgaisí au pair i gceist: aire a thabhairt dóibh (tá an cailín ag freastal ar an mbunscoil, an buachaill ag freastal ar naoilann) agus roinnt obair ti a dhéanamh freisin.
Gheofar viosa G5.
Agallaimh i mí na Nollag.
Tá gach eolas ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig seosamh1971@gmail.com
Oifigeach Riaracháin
Samhain 6, 2012
Oifigeach Riaracháin ag teastáil d’eagrais Gaeilge i nDroim Rí, Co. na Mí
Is gá na scileanna thíos a bheith ag an iarratasóir:
• Gaeilge líofa
• Scileanna ríomhaireachta
• Scileanna cumarsáide
• Eolas ar phacáistí cuntasaíochta (Sage & Thesaurus)
Is gá CV a sheoladh trí ríomhphost, roimh an 22 Samhain 2012, chuig michelle@cnb.ie
Ag cuardach poist?
Deireadh Fómhair 30, 2012
Pléadh caighdeán teanga mhuintir na hÉireann sna meáin le déanaí nuair a tarraingíodh aird ar chóras earcaíochta PayPal.
Dar leis an gcomhlacht, is gá fostaithe a mhealladh ó thíortha thar sáile leis na folúntais a líonadh mar gheall ar an nganntanas atá in Éirinn i leith teangacha éagsúla domhanda.
Is léir an t-éileamh ar theangacha éagsúla i gcúrsaí reatha na hÉireann agus na hEorpa agus de réir mhír na bhfolúntas ar www.Gaelport.com, is cosúil go bhfuil an t-éileamh céanna ar chainteoirí Gaeilge i gcúrsaí fostaíochta reatha na tíre.
Tá 3 fholúntas le líonadh ag Foras na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Táthar ag earcú Ardoifigeach Feidhmiúcháin le saoire mháithreachais a chlúdach i Ráth Cairn; Tá Eagarthóir Cúnta á lorg don oifig i nGaoth Dobhair a bheidh freagrach as téacsanna a réiteach, a chur in eagar agus a ullmhú don chló agus tá folúntas freisin i gCeannáras an Fhorais i lár chathair Bhaile Átha Cliath d’Oifigeach Seirbhísí. Beidh Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ar na poist uile go dtí Dé hAoine, 9 Samhain 2012, poist@forasnagaeilge.ie.
Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le bunú straitéise don Ghaeilge faoi lán seoil i dTuaisceart Éireann faoi láthair agus beifear ag súil go dtabharfaí ról lárnach don Ghaelscolaíocht i straitéis ar bith a bhunófar amach anseo. Is comhlacht beag fuinniúil é Comhairle na Gaelscolaíochta atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a bhfuil ionadaíocht Ghaelscolaíocht an Tuaiscirt faoina chúram. Tá trí fhostaí dhíograiseacha á lorg acu le tabhairt faoi obair an chomhlachta i leith chur chun cinn na Gaelscolaíochta sna sé chontae.
Táthar ag lorg Oifigeach Sinsearach Forbartha ag a bhfuil scileanna bainisteoireachta, eolas ar an ghaelscolaíocht agus cáilíocht 3ú leibhéal. Mar aon leis sin, tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag earcú Oifigeach Forbartha Óige, ar chonradh 12 mhí agus Oifigeach Cléireachais le bheith mar bhaill den fhoireann spreagtha reatha. Glacfar le hiarratais ar na folúntais uile go dtí Dé Luain, 5 Samhain 2012, pomordha@comhairle.org.
Fógraíodh neart folúntas in earnáil na réamhscolaíochta ó dheas le déanaí freisin. Tá cúntóir naíonra á lorg ag Naíonra Chaitlín Maude atá lonnaithe i dTamhlacht, Deisceart Átha Cliath. Is post lánaimseartha é seo agus na huaireanta oibre a bheidh i gceist ná 8:30am – 4:30pm, Luan go hAoine agus íocfar €500 sa tseachtain leis an té a cheapfar, naionra.cm@gmail.com.
Tá cúntóir naíonra á earcú freisin ag Naíonra Phádraig na gCloch Liath, Co. Chill Mhantáin. Iarrtar ar chainteoirí líofa a bhfuil spéis acu ann teistiméireachtaí agus CV a bheith iniata le hiarratais, ciara_f@yahoo.com.
Tá feighlí páistí le Gaeilge á lorg ag teaghlach ina bhfuil beirt gasúr i gcathair Bhaile Átha Cliath. Post lánaimseartha atá ann thar 4/5 lá sa tseachtain agus cuirfear tús leis an bpost i lár mhí Eanáir 2013, feighlipaistibac@gmail.com.
Tá gach eolas maidir leis na folúntais seo agus eile le fáil anois ar www.gaelport.com/foluntais.
Feighlí Páistí
Deireadh Fómhair 22, 2012
Feighlí páistí (le Gaeilge) á lorg do phost lán aimseartha (4 nó 5 lá in aghaidh na seachtaine) i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
Tá beirt ghasúir sa teaglach (cailín 4 bliana agus buachaill 1 ½).
Tús leis an bpost i lár Mí Eanáir 2012.
Coiníollacha maithe.
Má tá spéis agat sa phost seol ríomhphost le sonraí teagmhála agus CV iniata chuig feighlipaistibac@gmail.com.
Cúntóir Ranga
Deireadh Fómhair 22, 2012
Tá Bunscoil Naomh Bríd ag cuartú Cúntóir Ranga ar feadh 25 /30 uair in aghaidh na seachtaine.
Mairifidh tréimhse an phoist go dtí deireadh mí an Mheithimh 2012.
Cainteoirí Gaeilge amháin atá ag teastáil.
Más mian leat tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an phríomhoide, Patricia ar 028 7964 3346.
Cúntóir Naíonra
Deireadh Fómhair 22, 2012
Tá cuntóir naíonra á lorg ag Naíonra Chaitlín Maude.
Is post lanaimseartha é seo (saoire mháithreachais ó 5/11/12).
Uaireanta oibre: 8:30 – 4:30 Luan go hAoine (Naíonra ar maidin agus tar éis am scoile).
€500 sa seachtain.
Teagmháil naionra.cm@gmail.com
Príomhfheidhmeannach Gníomhach
Deireadh Fómhair 19, 2012
Ta Cultúrlann Uí Chanáin ag earcú Príomhfheidhmeannach Gníomhach.
Tuarastal £27,849 sa bhliain (pro rata Conradh seasta go dtí 27ú Meán Fómhair 2013)
Freagach do Bhord An Ghaelárais
Aidhm an phoist:
-Cur i bhfeidhm ullmhú agus mhonatóireachta pleananna bliantúla agus cuspóirí
-Ceannaireacht fhoirne, bainistiú agus riaradh an eagrais.
Sonraíocht Duine
Riachtanach:
-Céim sa Ghaeilge & 2 bhliana taithí bainistíochta nó Céim sa Ghnó & líofacht sa Ghaeilge & 2 bhliain taithí bainistíochta nó 5 bliana taithí bainistíochta agus líofacht sa Ghaeilge
-Taithí i bpleanáil teanga.
Inmhianacht:
-Ábalta léiriú go bhfuil eolas ar an earnáil Ghaeilge aige/aici.
-Ábalta léiriú go bhfuil taithí maidir le hiarratais rathúla mhaoinithe aige/aici.
-Ábalta léiriú go bhfuil taithí maidir le forbairt straitéiseach aige/aici.
Lánsonraíocht ar fáil ó Chultúrlann Uí Chanáin, 028 7126 4132, donncha@culturlann-doire.ie
Iarratais:
Iarratais scríofa le C.V. faoi 12 nóin ar an Aoine 26ú Deireadh Fómhair 2012 chuig:
An Bainisteoir,
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Mórshráid Shéamais,
Doire BT48 7DF