Folúntas: Múinteoir Gearmáinise á lorg ag Coláiste Íosagáin
Feabhra 1, 2017
An bhfuil Gearmáinis agat?
Múinteoir Gearmáinise (11 uair sa tseachtain) á lorg ag Coláiste Íosagáin ón 6 Márta 2017 go deireadh na scoilbhliana le saoire mháithreachais a chlúdach. Má tá suim agat sa phost seo, déan teagmháil leis an scoil láithreach tríd ríomhphost ag colaisteiosagain1971@gmail.com nó cuir glaoch ar uimhir na scoile 01 2884028 nó 087 2341785. Scaipigí an scéal le bhur dtoil.
Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCorcaigh
Eanáir 27, 2017
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i gCo. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh. Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.
Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 16.45i.n. (Is féidir amanna a bheith solúbtha) do chonradh 38 seachtaine i gcomhair an scéim ECCE.
Riachtanach:
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
- CDBO Leibhéal 7 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.
Déan teagmháil le bainisteoir2017@gmail.com. roimh 1/03/2017 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost.
Dianranganna Mata & Gearmáinise ag teastáil i mBaile Átha Cliath
Eanáir 24, 2017
Folúntas: Oifigeach Tionscadail (Bunscoileanna) le Gaelbhratach
Eanáir 10, 2017
Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na bunscoile.
Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an gcuraclam bunscoile agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an mbunleibhéal.
Riachtanais an phoist:
• Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht
• Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
• Scileanna láidre idirphearsanta
• Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
• Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
Post ar chonradh bliana a bheidh i gceist ar dtús. Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn i mBaile Átha Cliath ach beidh taisteal i gceist.
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie
Folúntas: Múinteoir Tacaíochta Foghlama
Eanáir 9, 2017
Tá múinteoir tacaíochta foghlama ag teastáil don tréimhse 09/01/17 go dtí 31/06/2017 (saoire mháithreachais le clúdach) i nGaelscoil na Ríthe, Domhnach Seachnaill, Co. na Mí . Beidh grinnbhreithniú na ngardaí de réir Ciorcalán 31/2016 éigeantach mar aon le Dearbhú Reachtúil. Bunscoil lán-Ghaeilge , Chaitliceach í Gaelscoil na Cille.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Rónán Mac Giolla Ruaidh (Príomhoide) ar 0861747960 nó gsnarithe@gmail.com
Folúntas: Stiúrthóir Cúnta Naíonra in Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
Eanáir 5, 2017
Riarthóir Oifige ag teastáil
Eanáir 3, 2017
4 lá sa tseachtain, ar bhonn conraitheora /féin-fhostaí 6 mhí.
Duine le sár-scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.
Tuilleadh eolais agus sainchuntas poist le fáil ó blathnaid@gaelscoileanna.ie.
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie.
Spriocdháta le haghaidh litir iarratais agus CV: roimh a 5.00 i.n. Aoine, 13 Eanáir 2017.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Stiúrthóir Naíonra á earcú i Leamhcán
Nollaig 20, 2016
Preschool teacher required for Naíonra Montessori in Lucan, January start. Hours 1:15-4:30 Monday to Friday. Ideal candidate will have level 7 qualification in Early Childhood Education, have a good command of spoken Irish, be able to work as a team and on their own initiative, work with both Montessori and Aistear curriculums and above all, have a natural love and understanding of children and their development. Competitive terms for right candidate.
Further information from Sharon at info@montessorimatters.ie
Folúntas – Príomhoide le Gaeilge de dhíth d’iarbhunscoil nua
Nollaig 16, 2016
Iar-bhunscoil nua chomhoideachais, ilchreidmheach a bheidh sa Choláiste Pobail i bPort Laoise a dhéanfaidh freastal ar 1,000 daltaí. Scoil mheán an Bhéarla a bheidh sa Choláiste Pobail, ach beidh Aonad Lán-Ghaeilge comhtháite leis an gColáiste Pobail. Deis ar leith a bheidh ann don duine cuí. Spriocdháta 6 Eanáir 2017, sonraí ar fáil ar http://www.laoisoffalyetb.ie/currentvacancies
Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin (Saoire Mháithreachais)
Samhain 21, 2016
Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin (Saoire Mháithreachais) – Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
Tá ról ag an Aonad maidir le cur chun cinn na Gaeilge san ollscoil agus sa cheantar máguaird.
Tá eolas faoin bpost ar fáil ar http://ulsites.ul.ie/aonadnagaeilge/node/64251?lang=ga
An sprioc d’iarratais ná Déardaoin 24 Samhain 2016 @ meánlae.
Féadfar fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost seo a dhéanamh leis An Dr Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir Aonad na Gaeilge ar an r-phost: deirdre.niloingsigh@ul.ie
nó tríd an nguthán: 061-213463