Folúntas: Stiúrthóir Naíonra á lorg ag Naíonra Montessori Chluain Dolcáin.
Eanáir 26, 2016
Folúntas: Stiúrthóir Naíonra á lorg ag Naíonra Montessori Chluain Dolcáin.
Tá Stiurthóir ag teastail ó Naíonra Montessori Chluain Dolcáin Dolcáin.
Pairt aimseartha, 3 la sa tseachtain.
Tá cumas maith Gaeilge riachtanach don phost.
Leibhéal 6 nó nios airde.
Spriocdháta d’iarratais: 12ú Feabhra 2016. Dáta tosaithe: 22ú Feabhra 2016
Dean teagmháil le Louise le litir iarratais agus cv le Folúntas mar theideal ar riomhphoist chuig:
louisegaffney3105@hotmail.com. Nó Naíonra Montessori Chluain Dolcáin
47 Bothar Naomh Bhrigid
Chluain Dolcáin
BAC 22.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Louise ag 0860798067.
Folúntas: Gaelcholáiste Mhuire (A.G.), Corcaigh
Eanáir 25, 2016
Tá ionadaí de dhíth i nGaelscholáiste Mhuire. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17499/
Ionadaí an phatrúin, Bord Bainistíochta Ghaelscoil Cholmcille
Eanáir 21, 2016
Gaelscoil Cholmcille ag cuardach ball a bheadh mar ionadaí an phatrúin ar an mBord Bainistíochta. Má tá suim agat glaoigh ar 8940440 nó seol riomhphost ag gaelscoilcholmcille@eircom.ie.
Folúntas: Stiúrthóir Naíonra, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath
Eanáir 20, 2016
Naíonra Nua le hoscailt i gCluain Dolcán Baile Átha Cliath.
Beidh Naíonra nua á oscailt sa Village Day Care & Montessori i Méan Fómhair 2016.
Táthar ag lorg stiúrthóir don Naíonra nua.
Ba cheart go mbeadh TEG B2 i nGaeilge ag an iarratasóir chomh maith le FETAC leibhéal 6 ar a laghad.
Bheadh cailíocht Montessori mar bhuntáiste ach níl sé riachtanach.
Uaireanta oibre: 9am – 3.30pm Luain go hAoine.
Seol Curriculum Vitae ar ríomhphost go therese.monks@hotmail.com
Folúntas: Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Eanáir 15, 2016
Tá múinteoir de dhíth i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17427/
Folúntas: Oifigeach Foirne (le Freagrachtaí Oifigigh Gaeilge) le Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Eanáir 15, 2016
Táthar ag lorg iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí chun an post thuas le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a líonadh.
Tuarastal: (Íosphointe) €40,213 go (Uasphointe) €45,458 leis an 1ú LSI €46,977 &
an 2ú LSI €48,495
Is féidir na foirmeacha iarratais agus na sonraí iomlána don phost thuas a fháil ón Rannóg Acmhainní Daonna, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Cuirfear iarratais ar ghearrliosta bunaithe ar an eolas a chuirfear ar fáil ar an bhfoirm iarratais.
Ní mór na foirmeacha iarratais a chomhlánú go hiomlán i nGaeilge.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha iarratais chomhlánaithe don phost seo tráth nach déanaí ná 4.00p.m. Déardaoin, 28ú Eanáir, 2016. Caithfidh gach foirm iarratais chomhlánaithe go hiomlán a bheith sa Rannóg Acmhainní Daonna faoin dáta sin.
Uimh. Theil. (091) 536596 Rphost: personnel@galwaycity.ie Suíomh Idirlín: www.galwaycity.ie
DIARY OF A WIMPY KID® -COMÓRTAS
Eanáir 12, 2016
Tá an t-aistriúcháin déanta, an obair eagarthóireachta curtha i gcrích agus an dearadh idir lámha, – tá an leagan Gaeilge de ‘DIARY OF A WIMPY KID® ar an mbealach. Níl ann ach faidhbín beag amháin!
Níl muid aontaithe ar an teideal a thabharfaidh muid ar an leagan Gaeilge! Rith sé linn gur cheart dúinn na smaointe atá againn a chaitheamh i hata agus ceann amháin a roghnú, nó b’fhéidir vóta a chaitheamh don teideal is fearr linn. Ach, ó bhó go deo, ní raibh muid in ann aontú air sin ach an oiread!
Mar sin…..
….Shocraíomar ceist ar chur oraibhse, sea, oraibhse, a léitheoirí óga na tíre, daoine óga a bhfuil tuiscint acu, níos fearr ná muide, ar an gcineál saol atá ag an Wimpy Kid cáiliúil, Greg Heffley.
Tá muid ag iarraidh oraibh mar sin bhur gcuid moltaí a chur chugainn!
Ocáid stairiúil atá ann agus deis agaibhse páirt a ghlacadh i gcruthú an 46ú aistriúchán den leabhar seo a bhfuil oiread daoine ar fud an domhain tar éis taitneamh a bhaint as!
Is féidir bhur gcuid moltaí don teideal Gaeilge a tvuíteáil chugainn @futafata #WimpyKidGaeilge, nó bhur smaointe a roinnt linn ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag eolas@futafata.ie Mar tá duais le baint ag an moladh is fearr. Duais iontach. Luach €500 de leabhair do leabharlann na scoile!
Deán teagmháil linn go beo mar tá an Wimpy Kid ar bís castáil libh Lá Domhanda na Leabhar, 3ú Márta 2016.
Spriocdháta an chomórtais ná an 22 Éanair 2016.
Feighí Linbh á Lorg i gCorcaigh – i gceantair Bhaile an Chollaigh
Eanáir 12, 2016
Feighlí linbh á lorg le haire a thabhairt do bheirt chailíní, 2 bhliain go leith agus 9 mhí d’aois i gCorcaigh, i gceantar Bhaile an Chollaigh / Na hUamhanna / Cill na hOmnaí /an Eatharla.
Luan-Aoine ó dheireadh mhí Lúnasa ar aghaidh. Duine le Gaeilge atá á lorg nó duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Mhaighréad ag 087 9817305
Folúntas: Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Corcaigh
Eanáir 11, 2016
Tá Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa ag lorg ionadaí do chúntóir riachtanais speisialta. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24688/
Folúntas: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
Eanáir 11, 2016
Tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17376/