Méid an Téacs

Maths bonus points cost me college place

Lúnasa 22, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Naíscoil na Daróige diúltaithe ag Aire Oideachais

Lúnasa 22, 2012

Tá iarratas chun naíolann lánaimseartha a fhorbairt i nDoire diúltaithe ag Aire Oideachais an Tuaiscirt, John O’Dowd.

Rinne Gaelscoil na Daróige iarratas go n-athrófaí Naíscoil Mhaol Íosa, atá lonnaithe ar thailte na scoile, ó bheith ina ghrúpa spraoi deonach go dtí a bheith ina naíolann lánaimseartha ach níor ghlac an tAire leis an moladh.

“Is féidir le tuismitheoirí rogha a dhéanamh a gcuid páistí a theagasc trí mheán na Gaeilge agus tá muinín agam gur féidir leis an soláthar réamhscolaíochta Gaeilge sa cheantar freastal a dhéanamh orthu,” arsa O’Dowd.

Mhaígh an Roinn go raibh beagnach leath de na spáis atá ceadaithe i naíolanna sa cheantar folamh.

Cháin Mark Durkan ón SDLP an cinneadh, áfach.

“Ó bunaíodh é, tá áit bainte amach ag Gaelscoil na Daróige i gcroílár an phobail i mBaile Mhic Robhartaigh agus tá an-díomá orm go bhfuil John O’Dowd ó Shinn Féin ag diúltú naíolann sa scoil a fhorbairt,” a dúirt an Durcánach.

www.gaelsceal.ie

Nuachtlitir Choláiste Feirste

Lúnasa 22, 2012

Nuachtlitir Choláiste Feirste Meitheamh 2012

Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil & an Úrscéil

Lúnasa 22, 2012

Cuirfidh MINN cúrsa cuimsitheach 6 deireadh seachtaine i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ ar fáil sa Scríobhlann, áras traenála MhINN i mBaile Uí Bheachin, Co. an Chláir.

Tabharfar áit d’ochtar (8) ar an gcúrsa agus is é an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheidh mar stiúrthóir/teagascóir ar an gcúrsa. Cuirfear tús leis ar dheireadh seachtaine 22/23 Meán Fomhair.

Tá ábhar agus gach costas teagaisc don Dianchúrsa seo n-íoc ag Foras na Gaeilge, ach is faoi na rannpháirtithe féin a bheidh sé íoc as a gcuid lóistín agus taistil (cuirfidh MINN liosta de thithe lóistín agus óstáin an cheantair ar fáil don ochtar a roghnófar).

Satharn 10 am – 12.30 pm agus 2.30 pm – 4 pm agus Domhnach 10.30 am – 12.30 pm a bheidh i gceist ar gach ceann de na dáta seo leanas:

  • Deireadh Seachtaine 1:       22/23 Meán Fómhair
  • Deireadh Seachtaine 2:       6/7 Deireadh Fómhair
  • Deireadh Seachtaine 3:       20/21 Deireadh Fómhair
  • Deireadh Seachtaine 4:       3/4 Samhain
  • Deireadh Seachtaine 5:       17/18 Samhain
  • Deireadh Seachtaine 6:       1/2    Nollaig

Tabharfar aghaidh sa chúrsa seo ar Bhun-eilimint agus Struchtúir an Ghearrscéil agus an úrscéil. Tabharfar teagasc ar bhun-eilimint amháin gach aon deireadh seachtaine: Carachtracht / Plota / Comhrá / Inseoireacht (agus an t-eadarghaol idir Inseoireacht agus Comhrá)/ Céimeanna éagsúla an Chomhrá / Srl

Tá gach eolas agus Foirm Iarratais* ar fáil ó:
Ailsa Ellis, MINN, Loch Reasca, Baile Uí Bheachin, Co. an Chláir.
Fón 065 707 7256 / ríomhphost: moinin@eircom.net .

*Dáta deiridh le haghaidh iarratais is ea an Luan 3 Meán Fómhair 2012

A bonus for mathematics students

Lúnasa 21, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Tóraíocht Taisce Bhaile Locha Riach

Lúnasa 21, 2012

Dé hAoine 24ú Lúnasa  Friday 24th August  19.00—21.00 p.m. Teach na Cúirte

The Court House

Saor in aisce (Free) Ócaid do chách. Ceathrar ar gach foireann.  Occasion for all ages. Teams of four.  Caint dhátheangach ar oidhreacht.

Begins with bilingual heritage talk. 19.00—19.30 p.m.        (Tamas Peteravy & Seán Ó Flannagáin)

Eolas/Info: 091 870718 Ócáid oscailte do chách í seo atá eagraithe ag Gaeilge Locha Riach i gcomhar le Cumann na mBailte Slachtmhara agus le Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus le maoiniú ó Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Loughrea Tidy Towns, Naomh Breandáin Credit Union and Gaeilge Locha Riach are your hosts and the event is sponsored by Galway County Council’s Heritage Officer.

Stiúrthóir Naíonra á lorg – Corcaigh

Lúnasa 21, 2012

Tá Stiúrthóir Naíonra páirtaimseartha á lorg ag Crèche Cois Laoi, Ollscoil Chorcaí.

Riachtanais:
-Taithí
-Gaeilge mhaith

Iarratais:
Seol iarratas agus CV trí ríomhphost chuig creche@ucc.ie.

Is féidir gach eolas a fháil trí ghlaoch ar 021-4901606.

Rúnaí Scoile

Lúnasa 21, 2012

Tá rúnaí scoile á lorg ag Scoil Oilibhéir, Baile Átha Cliath.

Tréimhse 4 mhí a bheidh i gceist leis an bpost seo.

Glacfar le hiarratais tríd an bpost chuig:
FAO: An Cathaoirleach
Scoil Oilibheir
An Chúl Mhín
Cluain Saileach
BÁC 15

Nó ar ríomhphost chuig: scoiloilibheir@yahoo.ie

Bíodh ardscileanna ríomhaireachta agus suim sa Ghaeilge ag iarratasóirí.
Bíodh CV neamhcheangailte agus teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil) iniata le gach iarratas.
Spriocdháta: 31 Lúnasa 2012

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Lúnasa 20, 2012

Ar mhaith bheith i do chraoltóir raidió? Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge le tacaíocht ó Northern Ireland Screen.
Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lenagclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.
Le cois bunscileanna raidió, beidh na rannpháirtithe ag foghlaim scileanna agallaimh agus cur i láthair, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid ghléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo, chomh maith le modhanna taighde agus scríobh scripteanna le haghaidh clár raidió, agus eagarthóireacht agus meascadh fuaime.
Seo an dara dianchúrsa traenála a reáchtáil Raidió Fáilte i mbliana. D’éirigh thar barr leis an 7 traenálaithe a ghlac páirt sa dianchúrsa a reáchtáil muid i mí Belataine/Meithimh agus tá cuid acu ina gcraoltóirí reatha ar Raidió Fáilte anois.
Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo úrnua ar Bhóthar na bhFál i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.
Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a chruthú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.
Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.
Anuas air seo, beidh an deis ag na rannpháirtithe a slot féin a fháil ar sceideal gnóitheach Raidió Fáilte– an t-aon staisiún lán-Ghaeilge sa Tuaisceart!
Ná cailligí an deis!
Gabh i dteagmhéal le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com  roimh an 03 Meán Fómhair.

Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh
Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin
Training and Production Officer Raidió Fáilte 107.1 FM
Teach Uí Chorráin/Curran House
Ionad an Dá Spuaic/Twin Spires
155 Sráid Northumberland
Bóthar na bhFál Iochtarach/Lower Falls Road
BT13 2JF Béal Feirste/Belfast

+44 (28) 90310013
oifig@raidiofailte.com

http://www.facebook.com Ag craoladh i mBéal Feirste agus ar fud an domhain
Irish language radio broadcasting worldwide from Belfast
www.raidiofailte.com

Le tacaíocht ón Choiste Craoltóireachta Gaeilge agus Northern Ireland Screen
Supported by Irish Language Broadcast Fund agus Northern Ireland Screen

Torthaí den chéad scoth bainte amach ag daltaí Choláiste Feirste

Lúnasa 17, 2012

Bhí atmaisféar an cheiliúrtha i gColáiste Feirste maidin 16 Lúnasa nuair a d’fháiltigh an Príomhoide, Micheál Mac Giolla Ghunna agus foireann na scoile roimh na daltaí sinsearacha agus iad ag bailiú a dtorthaí Ard Leibhéal.

Dúirt an tUasal Mac Giolla Ghunna, “Arís eile ní mór dom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na daltaí agus leis na múinteoirí ar na torthaí iontacha atá bainte amach i mbliana.  Cuireadh le dea-thorthaí na bliana seo chuaigh thart agus is cinnte go léiríonn seo go soiléir díograis na múinteoirí maraon le tiomántas na dtuismitheoirí atá againn sa scoilphobal seo.  Ní mór a aithint chomh maith an obair chrua atá déanta ag na bunscoileana uilig a leag bunchlocha láidre an oideachais agus na daltaí leo ar feadh 7 mbliana tosaigh s’acu sa Ghaeloideachas.”

I measc dhaltaí Ard Leibhéal bhí ráta pas (A*-E) 100% le sonrú, rud a chiallaíonn go mbeidh mórchuid na ndaltaí in ann an cúrsa ollscoile a roghnaigh siad sa chéad áit a bhaint amach.  Cé go bhfuil titim i líon na na daltaí atá ag baint na gráid is airde amach ar fud an tuaiscirt, ní amhlaidh a bhí i gColáiste Feirste.  Bhain níos mó daltaí Grád A* amach ná mar a bhain riamh sa scoil agus fágann seo go bhfuil ár ndaltaí i measc na ndaltaí is airdeghnóthachtála sa tuaisceart.  Bhain beagnach gach dalta sa Roinn Drámaíochta A* amach, ach níor stad an rathúlacht sa Roinin seo amháin!  Bhain daltaí an grád eilít A* amach i réimse leathan ábhar ar nós; Ealaín, Stair, Staidéar Spóirt agus Gaeilge ar ndóigh!  Léiríonn seo gan aon dabht gur féidir leis an Ghaelscolaíocht an barrfeabhas a sholáthar in ábhar ar bith.

Bhain daltaí aonaracha torthaí den scoth amach chomh maith.  Bhí áthas an domhain ar Naoise Ó Faoláin nuair a bhain sé A* amach sa Ghaeilge agus sa Staidéar Spóirt maraon le A sa Stair agus sa Bhéarla- beidh Naoise ag tabhairt aghaidh ar Ollscoil na Gaillimhe le tabhairt faoi chéim sa Stair agus sa Bhéarla.  Guimid gach rath ar Emmet Ó Garmaile agus é ag tabhairt faoi chéim na Matamataice in Ollscoil na Banríona i ndiaidh dó A* a bhaint amach sa Ghaeilge agus A sa Mhata agus sa Stair.  Bhain Fionnghuala Nic Roibeaird A* amach sa Stair agus sa Ghaeilge maraon le B sa Mhata agus san Fhisic- tá sí féin ag súil go mór le céim san Innealltóireacht a thoiseacht in Ollscoil na Gaillimhe.

“Tá bród as cuimse orm fosta as ár ndaltaí gairmeacha a ghnóthaigh torthaí den scoth san Ardleibhéal Gaeilge agus sna cúrsaí NVQ éagsúla.  Tá fís againn de phobal scoile a dhéanann freastal ar gach ábaltacht, gach bua agus gach spéis – curaclam dalta-lárnach.  Chuir muid romhainn spriocanna uaillmhianacha, ardaidhmeannacha d’fhorbairt an tSéú Bliain le cúpla bliain anuas agus tá lúcháir orm a rá gur bhain muid amach iad agus níos mó.  Tá aitheantas tugtha ag an Roinn Oideachais don sár-oideachas atá a cur ar fáil ag Coláiste Feirste trí infheistíocht £11.9 milliún a fhógairt i dtionscnamh tógáil na scoile agus táimid ag súil le cur le rathúlacht na bliana seo ar an bhliain seo chugainn agus sa todhchaí”.

« Previous PageNext Page »