Scrúdú Gaeilge á dhéanamh ag níos lú daltaí
Lúnasa 10, 2012
Duine as gach deichniúr díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an teanga.
Bhí díolúine ón scrúdú Gaeilge ag breis agus 7,000 dalta a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana, is féidir le Foinse a nochtadh.
Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ardú 35 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaltaí Ardteistiméireachta nach ndearna staidéar ar an nGaeilge don Ardteistiméireacht ó 2007.
Ta imní á léiriú maidir leis an ardú 25 faoin gcéad atá tagtha ar líon na ndaltaí meánscoile a bhfuil díolúine ón scrúdú Gaeilge faighte acu – ní dhearna 32,792 dalta staidéar ar an ábhar i rith na scoilbhliana seo caite.
Dúirt Michael McCarthy TD gur údar imní é gur in airde atá na figiúirí ag dul. Dar leis, caithfear teacht ar chúiseanna an ardaithe: “Bíonn cúiseanna dlisteanacha ag cuid mhór de na daltaí a fhaigheann díolúine ón ábhar seo. Tá an baol ann go bhfuil an córas ag éirí níos boige, rud nach mór aghaidh a thabhairt air.”
Dúchas
Tugtar díolúine ón nGaeilge do dhaltaí a chaith tréimhsí i dtíortha eile, do dhaltaí ó thíortha eile ó dhúchas nó do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu. Ta athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais ar an gcúrsa reatha.
Léiríonn staitisticí na Roinne go ndearna beagnach 16,000 dalta as an 32,792 a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana, staidéar ar theanga Eorpach eile.
Dar leis an Teachta McCarthy ba cheart tuilleadh airde a thabhairt ar an argóint, gur cheart nach mbeadh ar aon duine a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu, staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta.
“Má deir daltaí go bhfuil deacrachtaí acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, luífeadh sé le réasún go mbeadh na deacrachtaí céanna acu le teangacha iasachta. Tá gá le cothromaíocht sa chóras áfach toisc nach bhfuil an luach céanna ag an nGaeilge do dhaltaí a bhfuil fonn orthu slí bheatha a bhaint amach taobh amuigh d’Éirinn.”
www.foinse.ie
Lá Spraoi le Coláiste na bhFiann
Lúnasa 10, 2012
Cuirfear fáilte roimh chách chuig ionad nua Choláiste na bhFiann Dé Luain seo chugainn, an 13 Lúnasa, áit a reáchtálfar lá spraoi agus siamsaíochta i gCo. Na Mí.
Lá don Ghaeilge agus don spraoi a bheidh ann agus tabharfar deis do dhaltaí, dá muintireacha, agus don phobal, ceanncheathrú nua na heagraíochta a fheiceáil. Tá an t-ionad óige nua lonnaithe in sean-ionad Ghairneoireacht Bhaile an Bhairínigh, áit a bhfuil garraithe, áiseanna spóirt agus an t-uafás spáis ar fáil do na daltaí a mbeidh ag glacadh páirte i gcúrsaí Choláiste na bhFiann sna blianta romhainn. Beidh an t-ionad nua á úsáid ag breis is 750 daltaí bunscoile agus meánscoile le linn an tsamhraidh agus freastalóidh na céadta eile ar chúrsaí de chuid Choláiste na bhFiann in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Beidh 600 daltaí reatha ó na coláistí éagsúla i láthair le taispeántais cheoil, rince agus drámaíochta a chur ar siúl. Léireoidh taispeántais na ndaltaí rath Choláiste na bhFiann agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh i ngnáthshaol na ndaltaí. Tabharfaidh an lá spraoi an deis don phobal an gnáth lá a bhíonn ag dalta Choláiste na bhFiann a bhlaiseadh agus an spraoi a bhaineann leis a shú isteach don lá iomlán agus feicfear cé chomh héasca is atá sé sult a bhaint as an teanga. Beidh Uachtarán an CLG, Liam Ó Néill i láthair ar an lá le ceiliúradh a dhéanamh ar thionchar na heagraíochta ar aos óg na Gaeilge le breis is 40 bliain anuas, idir na coláistí samhraidh agus na clubanna óige seachtainiúla a reáchtáiltear mar chuid de Chumann na bhFiann. Beidh cluichí agus BBQ ar siúl mar aon le siamsaíocht do pháistí agus céilí mór ag deireadh an lae. Cuirfear fáilte roimh chách chuig an Lá Spraoi a thosóidh ag 4.00 i.n. agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 8.00 i.n. Is féidir gach eolas a fháil ó Cháit i nDroim Rí: 01-8259342 nó eolas@colaistenabhfiann.ie.
Áthas for principal and pupils as gaelscoil nua gets go-ahead
Lúnasa 9, 2012
Loinneog Lúnasa promises a fun filled weekend
Lúnasa 9, 2012
Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió
Lúnasa 8, 2012
Ar mhaith leat cur le do chuid scileanna craoltóireachta?
Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge le tacaíocht ó Northern Ireland Screen
Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe cén chaoi clár raidió a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.
Le cois bunscileanna raidió, beidh na rannpháirtithe ag foghlaim scileanna agallaimh agus cur i láthair, cén chaoi trealamh ardtheicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid ghléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo, chomh maith le modhanna taighde agus scríobh scripteanna le haghaidh clár raidió, agus eagarthóireacht agus meascadh fuaime.
Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo úrnua ar Bhóthar na bhFál Iochtarach, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.
Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a chruthú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.
Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.
Anuas air seo, beidh an deis ag na rannpháirtithe a slot féin a fháil ar sceideal gnóthach Raidió Fáilte– an t-aon staisiún lán-Ghaeilge sa Tuaisceart!
Le tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagbháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 /donall@raidiofailte.com roimh an 03 Méan Fomhair 2012.
Cúntóir Riachtanas Speisialta ag teastáil ó Naíonra Bhaile Brigín
Lúnasa 7, 2012
Tá Cúntóir Riachtanas Speisialta ag teastáil ó Naíonra Bhaile Brigín, Tuaisceart Átha Cliath.
Is post páirt-aimseartha atá ann, Luan go Céadaoin idir 8.40 – 11.40r.n.
Riachtanais:
- Leibhéal 5 i riachtanas speisialta (íosmhéid)
- Gaeilge mhaith
- Taithí a bheith ag obair le páistí le huathachas
- Réidh le tosnú mí Mheán Fómhair 2012
Má tá spéis agat cur isteach ar an bpost seo, déan teagmháil le Bríd ar 085 120 3922 nó ag bridnicd@yahoo.co.uk
Spriocdháta: 31 Lúnasa 2012
Muinín go mbeidh gaelcholáiste i Maigh Nuad
Lúnasa 7, 2012
Ta sé ráite ag Coiste Ghairmoideachais Chill Dara go bhfuil siad muiníneach go n-osclófar gaelcholáisdte i Maigh Nuad i gceann roinnt blianta.
D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite go bhfuil aonad Gaeilge le bhunú sa bhaile agus go bhféadfaí gaelcholáiste a oscailt má mhealann an t-aonad 70 dalta in aghaidh na bliana thar ceithre bliana.
Bhunaigh an Coiste Gairmoideachais sruth Gaeilge i Meánscoil Mhaigh Nuad in 2000 agus beidh 50 páiste ag tosú ann i Meán Fómhair.
Tá an coiste ag iarraidh é a uasghrádú go haonad agus meastann siad go mbeidh sé lonnaithe i meánscoil nua a bheas ag oscailt in 2014.
“Is é an fhís a bhí againn ón tús ná go mbunófaí gaelcholáiste i Maigh Nuad agus ta muinín againn go n-osclófar ceann nuair ata an próiseas seo tagtha chun críche,” arsa Seán Ashe, príomhfheidhmeannach an choiste.
“Beidh 50 dalta nua sa tsruth i mbliana agus ní dóigh liom go mbeidh sé ródheacair é sin a ardú go dtí 70,” ar seisean.
Dúirt an Roinn go raibh an t-aonad le bunú i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta ach dar leis an tUasal Ashe is féidir leo an t-aonad a bhunú iad féin.
Dúirt an Foras le Gaelscéal nach raibh siad sásta a bheith páirteach sa togra mura mbeadh sé “sásúil”.
“Is éard atá le feiceáil sna haonaid ná nár oibrigh siad, níl an locht ar na daoine atá ag obair iontu ach caithfidh an bunstruchtúr ceart a bheith ann,” arsa Ard Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra.
“Bíonn riaradh na scoile trí mheán an Bhéarla agus bíonn brú ollmhór ar an aonad. Caithfidh an bhainistíocht a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, caithfidh go mbeadh na ranganna scoite amach agus caithfidh gach ábhar a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, i measc rudaí eile.”
“Mura bhfuil an t-aonad i Maigh Nuad sásúil bí bheidh baint againn leis,” ar seisean.
Chuir an Foras Pátrúnachta iarratas do phátrúnacht na meánscoile nua i Maigh Nuad chuig an Roinn ach diúltaíodh dó toisc gur chinn an Roinn roimh ré go mbeadh sé ag múineadh trí mheán an Bhéarla.
Bhí ainmneacha 640 tuismitheoir ag tacú le hiarratas ráthúil an Choiste Ghairmoideachais agus bhí 580 ag iarratas an Fhorais.
Bhronn an tAire Oideachais pátrúnacht ar an bhForas do dhá mheánscoileanna lánGhaeilge i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite chomh maith. Beidh Coiste Ghairmoideachais Chontae Chorcaí mar phatrún ar ghaelcholáiste eile i gCarraig Uí Laighin.
Bhí i bhfad níos mó tacaíochta ó thuismitheoirí ag an bhForas i mBaile Brigín na mar a bhí ag Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath. A mhalairt a bhí cursaí i gCarraig Uí Laighin, áit a bhfuil coiste bunaithe na scoile ag obair leis an gCoiste Ghairmoideachais le roinnt blianta.
Idir an da linn, d’fhógair Seán Ashe go bhfuil maoiniú faighte ón Roinn Oideachais chun athchóiriú a dhéanamh ar Ghaelcholáiste Chill Dara sa Nás.
www.gaelsceal.ie
Scoláireachtaí €2,000 do mhic léinn
Lúnasa 7, 2012
Tá cúig scoláireacht ar luach €2,000 an ceann á thairiscint ag Fiontar, an t-aonad taighde agus teagasc trí mheán na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, do mhic léinn a bheidh ag tabhairt faoin MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais sa bhliain romhainn.
Is cúrsa páirtaimseartha é an MSc atá dírithe ar chéimithe a bhfuil sé i gceist acu poist bhainistíochta nó poist fhorbartha a fháil sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí.
Déantar an MSc a bhaint amach thar dhá bhliain trí fhreastal ar ranganna ag an deireadh seachtaine ar champas DCU. Breis eolais ag www.dcu.ie/fiontar.
www.advertiser.ie/galway
Cá bhfuil plean teanga an stáit?
Lúnasa 7, 2012
Is cosúil anois, le hainmniú Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe mar Phátrún ar mheánscoil Bhaile Chláir, nach fada go mbeidh an scoil sin ar an bhfód.
Ábhar ceiliúradh é gan amhras don ghrúpa atá ag obair go dícheallach ar an gceist seo le dornán blianta anuas.
Tá sé tráthúil áfach go raibh sé seo ar fad ag tarlú sa tseachtain chéanna a rinneadh an tAcht Gaeltachta a bhrú tríd an Dáil, agus léiríonn sé ceann de na laigí móra atá san Acht céanna. In ainneoin na ndualgas ar fad atá luaite san Acht ar na pobail Ghaeltachta chun pleananna teanga a ullmhú níl freagracht dá laghad ar an státchóras féin a bheith páirteach sa phlean agus, mar is léir le fada, tá an státchóras céanna ar a sheacht mhíle dhícheall ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad.
Mar atá léirithe go minic sa Ghaeltacht, tá tábhacht faoi leith leis an gcóras oideachais maidir le cothú teanga labhartha an cheantair agus mar thacaíocht do theanga atá faoi bhrú. Nuair a osclaítear an mheánscoil nua i mBaile Chláir beidh deireadh go deo le pé seans a bhí ann (agus is caolseans a bhí ann) tarrtháil a dhéanamh ar an gceantar Gaeltachta taobh thoir de chathair na Gaillimhe.
Fiú má tá daoine sa phobal sin sásta tabhairt faoi phlean teanga a ullmhú beidh ceann de na huirlisí is tábhachtaí a bheadh ar fáil dóibh imithe le sruth.
Agus céard é freagra an tAire Dinny McGinley agus státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta faoi imeacht Ghaeltacht an Achréidh “ní bhaineann sé linne, baineann sé leis an bpobal.”
www.advertiser.ie/galway
Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge
Lúnasa 7, 2012
Faoi dheireadh thiar, tá leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil ar fáil lena cheannach sna siopaí ó thús na seachtaine. Labhair Gaelport.com le Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin maidir leis na leasuithe atá ar fáil sa leagan athbhreithnithe.
In ainneoin go raibh athbhreithniú oifigiúil fógartha ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta dhá bhliain ó shin, is iad moltaí Rannóg an Aistriúcháin atá sa leabhar seo.
“Bhí athbhreithniú ar bun ag an Lár-Aonad Aistriúcháin ach is é an rud a tharla ná gur cuireadh deireadh leis an Lár-Aonad i mbliana. Cuireadh na moltaí sin faoin ár mbráid agus gan amhras cuirfear na moltaí sin san áireamh nuair a bheidh an chéad athbhreithniú eile ar siúl againn,” a deir sé.
Is é an cúram oifigiúil atá ag Rannóg an Aistriúcháin ná tiontuithe oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais a sholáthar agus seirbhís Aistriúcháin Chomhuainigh a chur ar fáil do Thithe an Oireachtais. Chomh maith leis sin tá sé de chúram ar an tseirbhís treoir a thabhairt maidir le rialacha gramadaí agus litrithe sa Ghaeilge.
Tá an rannóg lonnaithe ar Shráid Chill Dara trasna ó Theach Laighean agus tá duine is fiche fostaithe ann, roinnt aistritheoirí ón Lár-Aonad Aistriúcháin ina measc. Foilsíodh an leagan athbhreithnithe ar 30 Iúil agus tá aon chaibidil déag san fhoilseachán nua.
“Beart shuntasach a bhí an don Ghaeilge” ab ea foilsiú an caighdeáin ag an am, dar leis, ach is mór idir inné agus inniu. Ba é Éamon De Valera a bhí ina Thaoiseach ag an am agus cailleadh Peig Sayers an bhliain chéanna. Ní raibh trácht ar Raidió na Gaeltachta nó ar Theilifís na Gaeilge ag an am agus ó shin i leith tháinig claochlú suntasach ar an teanga.
“Foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil sa bhliain 1958 agus ó shin i leith, thug an Rannóg faoi deara go bhfuil rialacha ann gur cheart a leathnú agus b’fhéidir go raibh rialacha ann nach raibh curtha isteach sa chéad eagrán mar sin agus is bunaithe ar an machnamh sin atá an t-athbhreithniú seo ag teacht chun cinn anois.”
Ina measc, tá caibidlí úra ag díriú ar an gcopail, na forainmnigh, an dobhriathar agus ar an alt agus tá aitheantas níos mó tugtha do chórais chanúnacha i gcás an tuisil thabharthaigh d’ainmfhocail i ndiaidh an ailt.
Ar na hathruithe is suntasaí luann sé cás na mbriathra. “Is dócha go bhfuil athrú ann ó thaobh na mbriathra mar shampla in sa mhéid is go bhfuilimid ag aithint na leaganacha atá beo sna canúintí go háirithe, abair Muid”.
“Chomh maith leis sin tá soiléiriú ann ó thaobh na n-uimhreacha agus i gcásanna éagsúla táimid ag leathnú na rialacha maidir le úsáid an ainmnigh in áit an ghinidigh agus beidh níos mó cásanna ina mbeadh an t-ainmneach in úsáid in áit an ghinidigh”
“Mar shampla go dtí seo d’fhéadfá a rá go raibh mé ag déanamh cupán tae ach abair go mbeifeá ag dul le haghaidh cupáin tae mar sin táimid tar éis cás an ainmnigh in ionad an ghinidigh a leathnú i gcásanna mar sin . Anois beidh tú ag déanamh cupán tae agus ag dul le haghaidh cupán tae”.
Is léir mar sin go mbeidh an teanga scríofa níos gaire don ghnáthchaint ná mar a bhíodh ach ag an am céanna, rinneadh iarracht gan ligean d’athruithe ar mheathlú iad de dheasca thionchar an Bhéarla.
An gceapann sé go gcuirfeadh rialacha nua gramadaí mearbhall ar dhaoine anois, tráth a bhíonn daoine ag cnáimhseáil mar gheall ar chastachtaí na teanga scríofa?
“Bhuel, is dócha go mbeifeá i gcónaí gafa idir an dream a dhearfadh nach bhfuil a dhóthain déanta agus dream eile a dhéarfadh go bhfuil an iomarca déanta”, a deir sé.
“Rinneamar iarracht cúrsa a leanúint idir an dá rud sin agus d’aithníomar go raibh cuid mhaith rialacha agus rinneamar iarracht iad a shoiléiriú, mar shampla an chopail”.
“Is dócha go mbeidh daoine sásta leis sin mar nílimid ag cealú aon úsáid a bhí ann go dtí seo, mar shampla bhaineamar tá sin fós ceadaithe, ach tá ceadaithe anois Bhain muid a scríobh chomh maith. Táimid ag cur leis i gcónaí is dócha”.
Beidh an Caighdeán Oifigiúil-Caighdeán Athbhreithnithe ar fáil lena cheannach ón 30 Iúil agus chomh maith leis sin tá leagan leictreonach ar fáil ar shuíomh Thithe an Oireachtais