Méid an Téacs

Ceann scríbe don mhúnla nua

Deireadh Fómhair 31, 2013

Is cosúil go bhfuil ceann scríbe an mhúnla nua maoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge ag teannadh linn sa deireadh thiar, agus an spriocdháta d’eagraíochtaí chun suim a léiriú sa phróiseas imithe tharainn ó inné, 30 Deireadh Fómhair.

Tá an cheist faoi mhúnla nua maoinithe á phlé le dornán maith blianta anuas, agus cé nach bhfuil tacaíocht léirithe ag na heagraíochtaí féin nó ag pobal na Gaeilge, tá sé beartaithe ag an bhForas agus ag na Ranna Rialtais Thuaidh agus Theas brú chun cinn leis. Faoin múnla nua cuirfear maoiniú ar fáil do 6 cheanneagraíocht in áit an 19 eagraíocht atá ag fáil bunmhaoiniú faoi láthair. Beidh na ceanneagraíochtaí seo ag díriú ar réimse straitéiseacha atá leagtha amach ag Foras na Gaeilge, mar atá: 1. Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge 2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile 3. Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta 4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán 5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht 6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga. Tá amchlár foilsithe ag Foras na Gaeilge chun déileáil leis an bpróiseas roghnaithe, rud a fhágann go mbeidh cinneadh á dhéanamh acu ag cruinniú Bhord an Fhorais ag tús na bliana seo chugainn faoi mhaoiniú d’earnáil na Gaeilge ar bhun uile-oileáin.

www.advertiser.ie

Molann Doherty do McGinley ‘cúlú ón bhuille’

Deireadh Fómhair 30, 2013

Cháin an Teachta Dála, Pearse Doherty (SF), cinneadh Roinn na Gaeltachta deireadh a chur le maoiniú Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i ndiaidh na Nollag.

D’iarr sé ar Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, “cúlú” ón chinneadh; “buille” do chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht a bhí sa socrú, a dúirt Doherty, agus “cur chuige mífhoighneach gearr-radharcach”.
Bhí “imní” ar phobal na Gaeltachta go raibh an t-eagras le scor agus níorbh ionann oideachas trí mheán na Gaeilge agus oideachas sa Ghaeltacht, a dúirt Doherty. Bhí eagla air go gcaillfí taithí agus saineolas dá leanfaí de scor na heagraíochta.

www.irishtimes.com

Do you want a Gaelscoil for the Ballinamore area?

Deireadh Fómhair 30, 2013

Moves are afoot to try to establish a Gaelscoil to serve the South East Leitrim/West Cavan area that would be based in Ballinamore.

A Gaelscoil in Ballinamore would, potentially, serve the Ballinamore, Aughnasheelin, Aughawillan, Corlough, Templeport, Drumreilly, Carrigallen, Aughavas, Cloone, Mohill, Fenagh and Kiltubrid areas.

At present there are two very successful Gaelscoileanna , in Carrick on Shannon and in Manorhamilton.

A public meeting will be held in the Ballinamore Seán O’Heslin’s GAA club on Thursday 7 November at 8pm to discuss the proposal. Parents of children from the above-mentioned areas who would be due to go to school in the next one to three years are especially asked to attend this meeting.

Anyone with an interest in the subject is welcome. The benefits of having a Gaelscoil will be outlined.

Ócáid ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ag an Oireachtas

Deireadh Fómhair 29, 2013

Beidh ócáid ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ag Oireachtas na Samhna 2013 i gCill Áirne, Co Chiarraí ar an Déardaoin 31 Deireadh Fómhair ag 6 a chlog – Oíche Shamhna ar ndóigh!

An Tae Beag atá ar an ócáid, beidh greim le n-ithe ar fáil do na gasúir (sceallóga, ispíní agus cnaipíní sicín) agus ceapairí agus tae/caife do na tuismitheoirí.

Cuirfidh Cúla Búla Parties roinnt siamsaíochta ar bun ina dhiaidh sin – chomh le COMÓRTAS BRÉAGFHEISTIS NA SAMHNA!!!!!!

Seolfar suíomh nua idirlíon na heagraíochta mar chuid den ócáid.

Is ócáid saor in aisce don teaghlach uilig í seo agus caithfidh tuismitheoirí fanacht lena gcuid gasúir le linn an ama.

Beidh polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm mar is iondúil.

Fáilte roimh chách cuma más diabhal, cailleach, conablach nó banphrionsa tú!

Lá Oscailte Institiúid Oideachais Marino

Deireadh Fómhair 29, 2013

Spéis agat sa bhunmhúinteoireacht nó i ngairm san oideachas?

Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

1. Céim B. Oid.,
2. Ardteastas San Oideachas (Bunmhúinteoireacht),
3. agus B. Eol. i Léann an Oideachais
á dtairiscint ag Institiúid Oideachais Marino

Lá Oscailte
An Satharn,
16 Samhain 2013

11 r.n. – 4 i.n.

Tuilleadh eolais: Irene Kelly ag 01-8057730 nó Irene.kelly@mie.ie

Póstaer Lá Oscailte GAEILGE 2013

Ar chóir scileanna fiontraíochta a theagasc ar scoil?

Deireadh Fómhair 29, 2013

Tiocfaidh Comórtas Fhiontraí na Bliana go ceann scríbe anocht. 24 fiontraí atá ar an ghearrliosta i mbliana agus ó cuireadh tús leis an chomórtas 15 bliain ó shin, tá 130,000 post cruthaithe acu siúd ar éirigh leo gearrliosta an chomórtais a bhaint amach.

Is fiontraithe iad seo atá aitheanta mar gheall ar a gcruthaíocht, a dtiomantais, a scileanna foirne agus a smaointeoireacht chriticiúil.

Tá feith na fiontraíochta á cothú i gcathair Ard Mhacha faoi láthair, áit ina raibh tionsnamh tuarasóireachta dátheangach á chur i dtoil a chéile ag grúpa déagóirí óga i gcomhpáirtíocht le Cairde Teo.

Tá aip dátheangach á dhearadh acu do theaghlaigh a thugann cuairt ar shean-iarsmaí Eamhain Mhacha.

Ar chóir ceird na fiontraíochta agus scileanna níos praticiúla mar í a mhúineadh i seomraí ranga?

Cheistigh muid déagóirí i gcathair Ard Mhacha faoin ábhar.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Saol agus Saothar – Móna Uí Dhochartaigh

Deireadh Fómhair 29, 2013

Inniu ar Saol agus Saothar téann Lynette Fay i mbun cómhra le Móna Uí Dhochartaigh.

Is as Dún Geanainn í Móna ó dhúchas agus í go fóill ina cónaí ann lena fear céile agus iad ag tógáil teaghlaigh ann.

Bhí i gcónaí suim ag Móna sa Ghaeilge agus í ag fás aníos agus spreag a tuismitheoirí go mór í.

Is iomaí samhradh breá a chaith Móna i Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill mar scoláire agus ansin mar muinteoir chun an chéad ghlúin eile a mhealladh i dtreo na teanga.

Tá an Ghaeilge mar pháirt lárnach de shaol Mhóna agus agus tá sár-obair déanta aici leis na blianta anuas, go háirithe i gceantar s’aici féin.

Tá a saol caite aici ag teagasc agus sa bhliain 2011 bhunaigh sí Gaelscoil Aodha Rua, áit ina bhfuil sí ag feidhmnú mar Phríomhoide.

Níl dabht ar bith ann go bhfuil an Ghaeilge níos bisiúla i dTír Eoghain theas de bharr iarrachtaí na mná seo agus go mbeidh dul chun cinn eile á dhéanamh sa dúiche sna blianta amach romhainn.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Taighdeoirí á lorg ag COGG

Deireadh Fómhair 29, 2013

ATHFHÓGAIRT

Athbhreithniú ar Thaighde

Athbhreithniú ar litríocht, ar pholasaithe náisiúnta agus ar chleachtas ábhartha i limistéir eile i gcomhthéacsanna sochtheangeolaíocha atá inchurtha leis na ceantair Ghaeltachta, i dtaca le soláthar do theangacha mionlaigh sa chóras oideachais agus le teagasc trí theanga mhionlaigh in ionaid réamhscolaíochta, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna

An dáta deiridh a ghlacfar le tairiscint: 10am Dé Luain, 11 Mí na Samhna, 2013.

Chun an t-eolas iomlán a fháil téigh chuig: https://irl.eu-supply.com/ctm/supplier/publictenders

Múinteoirí de dhíth

Deireadh Fómhair 29, 2013

Tá fóluntais sna scoileanna seo a leanas:

Gairmscoil Éinne, Cill Rónáin, Oileáin Árann (Eolaíocht & Matamaitic)

Gairmscoil Fheichín, Corr na Móna (Gnó, Matamaitic, LCVP) saoire mháithreachais le tosú i mí na Samhna

Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árann (Gnó, Matamaitic, LCVP) saoire mháithreachais le tosú i mí na Samhna

Is féidir teagmháil a dhéanamh mar a leanas:

An Roinn Pearsanra, 091-874528/0
Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán,
Baile Átha an Rí
Co. na Gaillimhe

Máire Ní Bhlioscáin,
Rannóg Pearsanra

Tensions increase between Quinn and teachers over Junior Cert reforms

Deireadh Fómhair 29, 2013

Tensions are increasing between Minister for Education Ruairí Quinn and secondary teachers over the implementation of proposed Junior Cert reforms.

Association of Secondary Teachers Ireland (ASTI) general secretary Pat King said yesterday the abolition of the Junior Cert would leave students with no State examination before the Leaving Cert. While teachers liked some of the proposed changes, they were concerned that “the motivation for students will deteriorate and … that what is being proposed will change the relationship between students and teachers”.

The changes, first announced two years ago, are scheduled to begin on a phased basis next year for first examination in 2017. A single, terminal exam will be replaced by courses in areas such as computer design and physical education. Mr King said on RTÉ’s Drivetime that teachers wanted to be advocates for students, not their judges, and believed in an external, independent, objective evaluation of work. Mr Quinn said he was asking teachers to get involved in an assessment for learning and of learning. “Teachers are doing this in other countries around the world and it is having satisfactory results.” Earlier on RTÉ’s News at One, Mr Quinn insisted current resources were sufficient for the phasing in of the new structures. However, he added, “we can make more resources available should that prove to be necessary”.

ASTI sources said there was “very substantial” concern among teachers about the availability of adequate resources and training. The ASTI said the one-day training course for English teachers was “totally inadequate”. Fianna Fáil education spokesman Charlie McConalogue said it was crucial that independent assessment remained a core part of a reformed Junior Cert. “I have said previously that I am concerned about the eight-year roll out of the reform agenda and that issues around funding, teacher-training and assessment need to be clarified by Minister Quinn.”

www.irishtimes.com

Next Page »