Méid an Téacs

Camchuairt Náisiúnta Fíbín – An Triail le Máireád Ní Ghráda

Samhain 10, 2015

Chuir an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín tús lena gcamchuairt náisiúnta inniu san Axis i  mBaile Munna le lán an tí don dá léiriú de An Triail le Máireád Ní Ghráda faoi stiúr Brendan Murray agus beidh an dráma á léiriú dhá uair in aghaidh an lae go dtí an Aoine bheag seo agus na ticéid nach mór díolta amach! Tá Fíbín ag léiriú an dráma seo atá ar churaclam na hArdteiste le roinnt mhaith blianta anuas agus an-tóir ag scoláirí meánscoile air. Tá oiread sin carachtar sa dráma agus níl ach ceathrar aisteoirí sa chliar mar sin tá ceithre nó cúig pháirt ag gach aisteoir seachas ag Kate Finnegan, a bhfuil an phríomhpháirt aici i ról Mháire Ní Chathasaigh, an mháthair óg shingil. Tá róil éagsúla ag Seamus Hughes, Morgan Cooke agus Úna Ní  Fhlatharta dá réir. Baineann Fíbín úsáid as maisc, puipéid agus Commedia dell’arte, chun saol Mháire a léiriú. Cuirtear cruachás Mháire i gcomhthéacs shochaí an lae inniu agus in áit ceacht a mhúineadh don lucht féachana déantar iad a spreagadh le léiriú úr tuisceanach.

IMG_2157

Tugann sé seo éagsúlacht shuimiúil don léiriúchán agus de bhrí go bhfuil an scéal chomh trom agus brónach, glacann na haisteoirí gach deis sa dráma chun greann an scéil a léiriú. Tugann sé gné phictiúrlainne don léiriúchán, atá difriúil agus siamsúil. Is í Máire an t-aon charachtar amháin a léirmhínítear i stíl aisteoireachta nádúrtha, agus í ag bualadh le carachtair steiréitipiciúla.

Bígí ag faire amach do na hathruithe atá déanta ag Fíbín ar an script bhunúsach agus déan iad a phlé i ndiaidh an dráma. Ba chóir go mbeadh sé an-chabhrach sa rang! Tá roinnt ábhar oideachasúil le fáil ar www.fibin.com a chabhróidh libh chomh maith. Mura n-éiríonn libh an dráma a fheiceáil i mBaile Átha Cliath beidh muid sna hionaid seo a leanas mórthimpeall na tíre as seo go tús mhí na Nollag.

AXIS Baile Munna, BAILE ÁTHA CLIATH: 9-13 Samhain. Guth: 01-883 2100

Áras Inis Gluaire, MAIGH EO: 17 Samhain. Guth: 097-81079

Amharclann George Bernard Shaw, CEATHARLACH: 19 & 20 Samhain. Guth: (059) 917 2400

An Taibhdhearc, GAILLIMH: 24-27 Samhain. Guth: (091) 563 600

Amharclann Dean Crowe, BAILE ÁTHA LUAIN: 30 Samhain & 1 Nollaig. Guth: (090) 64 92129

69 O’Connell St. (sean Belltable), LUIMNEACH: 3 & 4 Nollaig.  Guth: (061) 774 774

Tá costas €12.50 ar na ticéid agus rachaidh múinteoirí saor in aisce!!

‘Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding life in this country…’ – ráiteas Heaney scaipthe ar gach scoil sa Stát

Samhain 9, 2015

Tá póstaer scaipthe ar gach scoil dara leibhéal sa Stát ag COGG ar a bhfuil ráiteas spreagúil faoin nGaeilge a rinne an file Séamus Heaney.

Sa ráiteas dúirt Heaney gurb ionann gan an Ghaeilge a fhoghlaim agus an deis a chailliúint tuiscint a fháil ar scéal na hÉireann mar a bhí agus mar a bheadh.

Rinne an file iomráiteach, Séamus Heaney, a bhuaigh Duais Nobel na litríochta, an ráiteas faoin teanga ar iarratas ó Ghael Linn sna nóchaidí. I 1993 d’iarr Gael Linn ar Heaney a dhearcadh faoin nGaeilge a roinnt mar chuid d’iarrachtaí a bhí ar bun ag an am tuilleadh scoileanna ó thuaidh a spreagadh chun an Ghaeilge a roghnú mar ábhar. Bhí Gael Linn ag iarraidh tábhacht na teanga mar chuid dár n-oidhreacht chomónta a chur abhaile ar mhuintir an oileáin.

20 bliain i ndiaidh do Heaney a dhearcadh ar an teanga a roinnt le Gael Linn tarraingíodh aird arís ar a ráiteas nuair a cailleadh i mí Lúnasa 2013 é. Scaipeadh an ráiteas an uair sin ar na meáin shóisialta agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine.
Bhain an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin leas as focail Heaney i mí Eanáir 2014 agus é ag míniú do choiste Oireachtais na cúiseanna a bhí lena éirí as mar agóid i gcoinne phatuaire an Stáit i leith na Gaeilge.

Scaip an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) teachtaireacht Heaney ar scoileanna ó dheas an tseachtain seo caite i ndiaidh dóibh cead a fháil ó Ghael Linn agus ó Mharie Devlin, baintreach an fhile. Thug an eagraíocht le fios do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist acu cóip den phóstaer a bhronnadh ar an gComhairle Curaclaim ó thuaidh i dtreo is gur féidir í a roinnt ar scoileanna ina dtugtar rogha do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

Seo a leanas ráiteas Heaney ina iomláine:

“Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that a knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.”

www.tuairisc.ie

Folúntas: Gaelscoil Ui Drisceoil, Corcaigh

Samhain 9, 2015

Tá múinteoir tacaíochta foghlama sealadach de dhíth i nGaelscoil Uí Drisceoil. Tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24182/

Folúntas: Gaelscoil Phortlaoise, Co Laoise

Samhain 9, 2015

Tá Gaelscoil Phortlaoise ag lorg múinteoir tacaíochta teanga. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24169/

Dráma nuascríofa ‘1915’ le hAisteoirí Bulfin ag teacht i Mí na Nollag

Samhain 9, 2015

‘1915’

Roghnaigh siad an bhliain mhí-cheart.
Roghnaigh siad an Oifig-an-Phoist mhícheart.
Ach bhain a n-Éirí-Amach (agus a gcuid amhrán) crathadh as Impireacht Shasana!

************

Ceol-dráma nua grinn le hAodh ó Domhnaill, arna léiriú d’Aisteoirí Bulfin ag Barry Barnes: an criú céanna a léirigh ‘Laraedó’ (2013).

AMHARCLANN SMOCK ALLEY

8PM

2,3,4,5 Nollaig, 2015

TICÉADAÍ: E15/12 (agus E10: grúpa d’ochtar nó níos mó).

ÁIRITHINT: (01)6770014 agus www.smockalley.com

Linda Ervine: Mar Phrotastúnach, thuig mé gur liomsa an teanga agus tit mé i ngrá léi.

Samhain 9, 2015

Dearcadh Linda Ervine ar fhoghlaim na Gaeilge le léamh san alt thíos:

http://www.irishnews.com/news/northernirelandnews/2015/11/09/news/linda-ervine-i-gained-so-much-from-learning-the-irish-language-318630/

‘Múnla’ i gcomhair ‘meánscoil lán-Ghaeilge Gaeltachta’ le cur faoi bhráid na Roinne Oideachais

Samhain 9, 2015

Tá sé i gceist ag an ngrúpa Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara “múnla de mheánscoil lán-Ghaeilge Gaeltachta” a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Beidh an ‘múnla’ a chuirfear faoi bhráid na Roinne bunaithe ar mholtaí agus tuairimí a nochtadh ag mórchruinniú faoi chúrsaí oideachais a eagraíodh i gConamara ag an deireadh seachtaine.
I ráiteas a d’eisigh siad aréir, dúirt an coiste a d’eagraigh an cruinniú in Indreabhán go raibh siad ‘an-sásta’ leis an gcaoi ar éirigh leis.

Ní ar aon fhocal a bhí lucht freastail an chruinnithe, a d’eagraigh an grúpa Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara, faoin tuairim go mba cheart scoil dara leibhéal a bhunú sa cheantar a mbeadh an múnla céanna aici is atá ag na Gaelcholáistí a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Bhí timpeall seasca duine i láthair i Seanscoil Sailearna ag an gcruinniú eolais ag ar labhair saineolaithe éagsúla ar na buntáistí a bhainfeadh leis an meánscolaíocht Lán-Ghaeilge.

Sa ráiteas a d’eisigh Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara aréir, d’fháiltigh coiste an ghrúpa roimh na moltaí a rinneadh ón urlár go n-oibreodh an coiste leis na meánscoileanna sa cheantar chun an mheánscolaíocht Lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Ag cruinniú an tSathairn, d’easaontaigh duine amháin a bhfuil baint aige leis an ngrúpa go láidir leis an gcur chuige sin.

Ba í an t-amhránaí Róisín Elsafty, ón ngrúpa ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’ a d’oscail an cruinniú agus a chur fáilte roimh an gceathrar aoi-chainteoirí.

Ag tús an chruinnithe míníodh gur ar mhaithe le ‘plé’ a dhéanamh ar na buntáistí a bhainfeadh leis an meánscolaíocht lán-Ghaeilge do Chonamara a bhí an cruinniú agus nach rabhthas ag iarraidh go ndéanfaí trácht ar aon scoil ar leith sa cheantar ar fhaitíos go maslófaí éinne a raibh baint éigin acu leis na scoileanna sin.

Thug beirt phríomhoidí Gaelcholáistí, Fíona Uí Uiginn as Coláiste Íosagáin agus Séamus Ó Ceanainn as Gaelcholáiste Chill Dara, léargas ar dtaithí siúd in earnáil na scolaíochta lán-Ghaeilge. Bhain caint Uí Uiginn go príomha le cothú na Gaeilge mar theanga scoile agus na bealaí ar féidir a chinntiú go dtugtar tús áite don teanga ar chlár oibre na scoile.

Labhair Ó Ceanainn, a bhí páirteach san fheachtas as ar eascair Gaelcholáiste Chill Dara beagán le cois deich mbliana ó shin, ar na dúshláin a bhí rompu mar mheánscoil nua agus an dul chun cinn atá déanta ag an scoil ó shin i leith.

Dúirt Ó Ceanainn go bhfuil ról lárnach ag an bpobal i bhforbairt fís shoiléir don mheánscolaíocht lán-Ghaeilge.
Labhair beirt bhan Ghaeltachta, Máire Uí Dhufaigh, as Inis Oírr, agus Máire Denvir, stiúrthóir Choláiste Chamuis, ar na fadhbanna atá ann don chainteoir dúchais Gaeltachta faoin gcóras oideachais, go háirithe na fadhbanna a bhaineann le siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta.

Dúirt Uí Dhufaigh gur “cuid an-tábhachtach d’fhorbairt an pháiste bheith in ann é féin chur in iúl go hiomlán ina theanga dúchais féin” le go mbeidh sé “in ann brí a bhaint as coincheapanna, smaointe, tuairimí agus mothúcháin”.

Dúirt sí go léiríonn taighde idirnaisiúnta gur gá do ghasúr a theanga baile a fhorbairt go dtí an leibhéal is airde le go n-éireoidh leis ardchumas a bhaint amach, agus post maith a fháíl níos déanaí ina shaol.

Ní raibh ag éirí leis an gcóras oideachais an fhorbairt sin a dhéanamh agus bhí an córas ag teip ar an ngasúr Gaeltachta dá bharr, a dúirt Máire Uí Dhufaigh.

Dúirt stiúrthóir Choláiste Chamuis Máire Denvir nach raibh an fhorbairt intleachtúil chuí a dhéanamh ar an dalta Gaeltachta faoi láthair toisc siollabas Gaeilge na hArdteiste a bheith lochtach.

Osclaíodh an cruinniú do cheisteanna ón bpobal i ndiaidh na gcainteanna agus cuireadh meascán tuairimí in iúl faoin ábhar. D’éiligh tuismitheoir amháin go mbeadh ‘campas lán-Ghaeilge’ ann i nGaeltacht Chonamara ar a mbeadh naíonra, bunscoil agus meánscoil a d’fhreastalódh ar thuismitheoirí agus ar ghasúir ar mhian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil sa Ghaeltacht.
Ceistíodh polasaithe iontrála na nGaelcholáistí agus dúradh nárbh fhéidir a bheith ag súil go mbeadh an polasaí céanna ag scoileanna Gaeltachta atá ag freastal ar an bpobal áitiúil is a bheadh ag scoil a raibh sé de ‘phribhléid’ aici daltaí a roghnú. Dúirt Fíona Uí Uiginn nach raibh polasaí iontrála mar sin ag Coláiste Íosagáin agus go mbíonn fáilte roimh ghasúir ó chúlraí éagsúla, agus roimh ghasúir a bhfuil riachtanais éagsúla agus cumais éagsúla teanga acu.

Ba iad na daoine a raibh amhras orthu faoi Ghaelcholáiste a bhunú sa cheantar is mó a labhair i ndiaidh an chruinnithe. Bhí achrann beag ann nuair nár ceadaíodh scoileanna áitiúla a lua in ainneoin go raibh plé oscailte á dhéanamh ar Choláiste Íosagáin agus Gaelcholáiste Chill Dara. Moladh an dá scoil Ghaletachta atá lonnaithe gar do láthair an chruinnithe agus dúradh go mb’fhearr i bhfad díriú ar chúnamh a chur ar fáil do na scoileanna sin in áit a bheith ag caint ar scoil nua a bhunú. Dúradh freisin go mba dhlúthchuid an t-oideachas den phleanáil teanga atá ar bun faoi Acht na Gaeltachta 2012 i gceantar Chois Fharraige agus go raibh na coistí pleanála teanga ag obair in éineacht leis na scoileanna agus plean á chur i dtoll a chéile acu.
Thacaigh daoine eile go láidir le feachtas Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara.

www.tuairisc.ie

Cúntóir Riachtanas Speisialta, Scoil Oilibhéir

Samhain 6, 2015

Tá folúntas do chúntóir riachtanas speisialta ar fáil i Scoil Oilibhéir, Cluain Saileach, Baile Átha Cliath 15.

Post páirtaimseartha atá ann, le tosnú ar 23 Samhain agus beifear ag súil le hardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa.

Seol CV, litir chlúdaigh agus cóipeanna de na caillíochtaí cuí chuig iarratas.scoil.oilibheir@gmail.com roimh 18 Samhain 2015.

Cuir glaoch ar 01-8215277 le tuilleadh eolais a fháil.

‘An Tionscnamh Teanga: 40 Bliain ar Aghaidh’

Samhain 5, 2015

Díríonn an clár seo ó Raidió na Life ar ghluaiseacht radacach a d’fhás sna 60idí; gluaiseacht ón bpobal aníos a d’éiligh bunscoileanna trí Ghaeilge i nGalltachtaí BÁC. 40 bliain ó shin tháinig 7 scoil lán-ghaelach ar an saol sa chathair laistigh de 10 mbliana. Éist leis anseo agus scaip an scéal.

Tuairimí éagsúla ann faoi chruinniú ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’

Samhain 5, 2015

Tá tuairimí éagsúla nochtaithe ag roinnt daoine in earnáil an oideachais faoin gcruinniú atá eagraithe ag an mbrúghrúpa nua ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’. Is é téama an chruinnithe, a bheidh ar siúl i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige, ná ‘Na Buntáistí a Bheadh leis an Meánscolaíocht Lán-Ghaeilge do Chonamara’.

Pléifear ag an gcruinniú Dé Sathairn na buntáistí a bhainfeadh le múnla an Ghaelcholáiste a thabhairt isteach i nGaeltacht Chonamara.

Ach tá amhras léirithe ag Peadar Ó Sé, príomhoide Choláiste Cholmcille in Indreabhán, faoin oiriúnacht an mhúnla chéanna don Ghaeltacht.

“Is í an cheist atá le freagairt ná, céard é Gaelcholáiste? Céard í an teoiric [atá] taobh thiar di. Tá muid den tuairim go bhfuil oideachas ar ardchaighdeán á chur ar fáil trí Ghaeilge atá ar ardchaighdeán. Molaim agus fáiltím roimh aon rud a thacódh leis an nGaeilge sa Ghaeltacht agus roimh aon ghrúpa atá in ann a chur leis sin.

“Ach bheadh na dúshláin cheannann chéanna roimh Ghaelcholáiste is a atá roimh scoileanna Gaeltachta faoi láthair. Ní féidir an Ghaeilge, nó caighdeán ard Gaeilge, a bheith mar riachtanas iontrála in aon scoil sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di. Tá muid ag freastal ar phobal áitiúil, pobal a bhfuil caighdeáin éagsúla Ghaeilge ag na gasúir, cuid acu a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá inimircigh againn agus gasúir lánúineacha atá ar bheagán Gaeilge. Tá na múinteoirí sa Ghaeltacht chomh hinniúil céanna is atá i nGaelcholáistí,” a dúirt Ó Sé le Tuairisc.ie.

Dúirt Darach Ó Scolaí, Oifigeach Caidrimh Phoiblí leis an ngrúpa Méanscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara, le Tuairisc.ie, nach bhfuil aon chinnteacht ann faoin toradh a bheidh ar an gcruinniú ach go mbeidh le feiceáil ar an Satharn céard go díreach atá ó phobal na Gaeltachta.

“Níl aon locht againn ar scoileanna Gaeltachta ná ar mhúinteoirí na Gaeltachta. Is í an fhadhb ná an córas. Tá locht againn ar an gcóras oideachais sa Ghaeltacht. Den chéad uair ó bunaíodh an stát, tá an Roinn Oideachais ag tabhairt aitheantais don chainteoir dúchais. Tá sí ag rá go raibh sí faillíoch air ó ní raibh tagairt ann dó roimhe seo. Ach le sé mhí anuas, tá an Roinn á aithint.

“Cuireadh na moltaí oideachais Gaeltachta thart i gcúrsaíocht, agus de réir na moltaí sin, tá sainmhíniú de dhíth ar scoil Ghaeltachta. Go dtí seo, chuile scoil ó Bhearna go Carna, ba scoil Ghaeltachta í, ach níl an Roinn Oideachais sásta leis sin níos mó. Caithfear critéir a leagan síos. Is cúis imní dúinn nach bhfuil mórán airde ar an meánscolaíocht sna cruinnithe faoi seo, agus seo é an t-am chun an cheist seo a ardú,” a dúirt Ó Scolaí.

Ag labhairt dó ar Nuacht TG4 oíche Dé Luain, dúirt Ronan Browne, atá ina chónaí sa Spidéal, gur Gaeltacht “lán le Béarla” a bhí sa cheantar agus go mba bhreá leis dá mbeadh a chuid gasúr in ann “dul chuig meánscoil cheart lán-Ghaeilge i gConamara” ach nach bhfuil. Tá a chuid gasúr á gcur aige chuig scoil lán-Ghaeilge i gcathair na Gaillimhe.
Dúirt Tríona Uí Mhurchú, príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, gur fearr d’aon scoil fáilte a chur roimh chách, beag beann ar a gcumas teanga.

“Is é an rud is fearr faoi na scoileanna ná go nglacann siad le gach cineál gasúir ó gach cineál cúlra ar gach cineál cumais. Má chuireann scoileanna roimh chuile chineál gasúr, fiú iad siúd ar bheagán Gaeilge, déanfaidh na scoileanna níos fearr as agus beidh na gasúir níos fearr as, agus fiú an pobal – an tsochaí trí chéile – beidh sé níos folláine,” a dúirt Ní Mhurchú le Nuacht TG4.

Dúirt múinteoir amháin atá ag teagasc i scoil lán-Ghaeilge gurb aisteach leis go mbeadh brúghrúpa ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a bhunú sa Ghaeltacht.

“Braitheann sé ar chaighdeán na scoile, agus shílfeá go mbeimisne, sna Gaelcholáistí, ag iarraidh aithris ar na scoileanna maithe Gaeltachta, agus tá a leithéid ann.

“Is dócha go bhféadfaimis ar fad foghlaim óna chéile ach ar deireadh thiar, níl seans ar bith go bhféadfaí scoil nua, mar atá á phlé, a bhunú toisc nach bhfuil na huimhreacha ann. Is masla é ar shlí don scoil Ghaeltachta. B’fhéidir nach bhfuilimidne sa Ghaelcholáiste chomh maith is a cheaptar,” a dúirt an múinteoir nár theastaigh go luafaí a ainm.

www.tuairisc.ie

« Previous PageNext Page »