Méid an Téacs

Fógraíonn an tAire Bruton Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Aibreán 28, 2017

Fograíonn an tAire chomh maith dhá phost breise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun an soláthar múinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú

Ag eascairt as an seoladh a rinneadh mí Dheireadh Fómhair seo caite ar Pholasaí na Roinne don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. inniu tús leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Tá imlitir, mar aon le pacáiste eolais, curtha amach inniu chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta agus tugtar cuireadh do na scoileanna sin páirt a ghlacadh sa Scéim. Faoin Scéim tabharfar deis do na scoileanna a bheidh páirteachAitheantas mar Scoil Ghaeltachta a ghnóthú ar an mbonn go ndéantar sainchritéir theanga a chur i bhfeidhm thar thréimhse chúig bliana agus go nglactar páirt sna próisis phleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Caithfear cinneadh na scoile maidir le páirt a ghlacadh sa Scéim a dhéanamh i gcomhairle le pobal na scoile uile, ar a n-áirítear an príomhoide, an fhoireann teagaisc, an bord bainistíochta, Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO), más cuí, ionadaithe na dtuismitheoirí agus an coiste pleanála teanga áitiúil. Ar mhaithe le cur chuige comhairleach, comhoibríoch a chothú, caithfidh an Fhoirm um Léiriú Spéise a chuirfidh scoileanna isteach go dtí an Roinn a bheith sínithe ag príomhoide na scoile, ag cathaoirleach an bhoird bhainistíochta agus ag cathaoirleach an choiste pleanála teanga ábhartha.

Beidh na scoileanna a ghlacfaidh páirt sa Scéim incháilithe chun tacaíochtaí breise a fháil faoi na téarmaí atá leagtha amach sna himlitreacha a bhaineann leis an Scéim. Tá na tacaíochtaí a bheidh ar fáil sa scoilbhlian 2017/2018 leagtha amach in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017.

“Tá an Rialtas tiomanta go mór don oideachas trí mheán na Gaeilge a neartú sa Ghaeltacht agus is céim mhór chun cinn sa phróiseas sin an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt an tAire Bruton. “Sa chéad scoilbhliain eile, leagfar an bhéim ar fhorbairt agus ar thacaíocht ghairmiúil a sholáthar do phríomhoidí agus do mhúinteoirí na Scéime ionas gur féidir leo pleanáil chun an soláthar trí mheán na Gaeilge ina gcuid scoileanna a fheabhsú.”

Beidh deontais ar fáil do na scoileanna a bheidh páirteach sa scéim chun acmhainní oideachais breise a ghnóthú mar aon le raon tacaíochtaí don fhorbairt ghairmiúil in 2017/18. Déanfar tacaíochtaí breise a fhógairt sna blianta atá le teacht de réir mar a bhíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm.

“Rinneadh na cuir chuige agus na tacaíochtaí atá leagtha amach sna himlitreacha atá eisithe agam inniu a phlé go cuimsitheach le raon leathan eagraíochtaí sa Ghaeltacht agus le grúpaí príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile i scoileanna Gaeltachta. Bhain tábhacht thar na bearta le dearcthaí na ndaoine aonair agus na ngrúpaí seo, mar aon le tacaíocht mo chomhghleacaí, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne agus a roinn, chun cruth a chur ar an Scéim seo,” a dúirt an tAire Bruton.

“Molaim do gach scoil sa Ghaeltacht féachaint le páirt a ghlacadh sa Scéim seo agus táim muiníneach go gcabhróidh sé seole todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo sna pobail Ghaeltachta a thacú agus a chur chun cinn,” a dúirt an tAire.

Tá fáil ar mhionsonraí na Scéime in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017 http://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022.html

Poist in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge a neartú

Rinne an tAire Richard Bruton céim eile a fhógairt inniuchun an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú. Cruthófar dhá phost nua in OÉ Gaillimh ar bhonn iasachtaí, chun cur leis an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), in OÉ, Gaillimh.

“Aithnítear sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta go gcaithfimid an soláthar múinteoirí a bhfuil na sainscileanna is gá acu don teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta a threisiú. Is léiriú iad an dá phost seo atá cruthaithe ar na chéad chéimeanna chun an tiomantas atá sa Pholasaí don OIdeachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm”, a dúirt an tAire Bruton.

“Tá dea-theist le fada ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don soláthar ar oiliúint múinteoirí don scolaíocht trí mheán na Gaeilge, agus is cúis áthais domsa go bhfuil sé ar mo chumas tacú le méadú an tsoláthair sin,” a dúirt an tAire Bruton.

Táthar ag súil go gcruthóidh na múinteoirí a bheidh ar iasacht chuig an gclár MGO don bhliain acadúil 2017-18 deis ar mhéadú láithreach agus leanúnach ar an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunscoile don oideachas trí mheán na Gaeilge. Cuirfear é seo i gcrích le raon beart ar a n-áirítear uas-sciliú ar ábhar oidí, deiseanna foghlama for-rochtana, ar líne agus cumaisc mar aon le feabhsú agus cur chun cinn na gclár.

www.education.ie

Maidin Caifé Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin

Aibreán 27, 2017

Gaelscoil Coffee morning cheque

Ag ócáid tiomsaithe airgid ar son Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin, baillaíodh €4,106 thar an iomlán. Rachaidh an t-airgid i dtreao seibhísía chur ar fáil do dhaltaí sa scoil atá ar Speictream an Uathachais. D’eagraigh Jennifer Brennan an ócáid le cúnamh uaidh Rosaleen Fitzgerald agus tuismitheoirí eile de dhaltaí sna ranganna ar leith.

Bronnadh an seic go luath roimh saoire na Chásca ar Charmel Nic Airt, Príomhoide (lár an grianghraif) fad is a bhí múinteoirí na ranganna; Jerry Ó Ceocháin; Emer Ní Dhrisceoil, Shane Field, Máire Ní Chróinín agus Criostóir Ó Laoghaire i láthair, mar aon le tuismitheoirí agus clainní de dhaltaí sna ranganna. Rosaleen agus Jennifer a rinne an seic a bhronnadh. (Tá na múinteoirí ar fad chun tosaigh sa ghrianghraif seachas Criostóir Ó Laoghaire atá ar dheis.)

Ghabh na heagarthóirí den ócáid buíochas leo siúd taobh istigh agus lasmuigh den phobail scoile a thacaigh leis an ócáid tríd bácáil a dhéanamh agus tríd bheith i láthair ar an lá.

Folúntais ag Pobailscoil Neasáin

Aibreán 26, 2017

PSN-logo-big-300x247-300x247

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí á earcú ag Pobailscoil Neasáin i mBaile Dúil, Baile Átha Cliath. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin t-ochtú lá de Bhealtaine agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Tá múinteoir Matamaitic, múinteoir  múinteoir Gaeilge, múinteoir Fraincis, múinteoir Spáinnis, múinteoir Stair, múinteoir Tíreolaíocht, múinteoir Ealaín, múinteoir Teagasc Críostaí, múinteoir Innealtóireacht, múinteoir Riachtanais Speisialta agus múinteoir Grafaíochta, Dearadh agus Cumarsáide de dhíth. Is féidir cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar www.psn.ie agus a líonadh amach. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh office@psn.ie .

(English) 12 Surprising Benefits Of Learning A Second Language

Aibreán 26, 2017

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Clann Lir ar stáitse san Axis i mBaile Munna

Aibreán 26, 2017

11 Bealtaine 2017

 

 

 

 

Tá an comhléiriú de ‘Clann Lir’ idir Fíbín, an comhlacht drámaíochta Gaeilge is mó sa tír agus Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead ar stáitse san Axis i mBaile Munna ar an Déardaoin 11 Bealtaine le dhá seó speisialta. Tosóidh an chéad seó ag 10r.n agus an dara seó ag 12i.n. Tá an seó feiliúnach do pháistí bunscoile ag gach aois agus mairfidh an seó féin tuairim is 50 nóiméad.

Tá an seó bunaithe ar an scéal miotaseolaíochta faoi cheathrar clainne a athraíodh ina n-ealaí bána nuair a chuir Aoife, bean chéile Lir, faoi ortha dhraíochta iad. Baintear leas as bua an cheoil, bua na scéalaíochta, agus bua na healaíona sa léiriú seo chun an scéal seo a insint.

Cruthóidh an t-ealaíontóir Dara McGee sraith íomhánna corraitheacha beo ar stáitse le linn an scéil agus an méid a thit amach nuair a díbríodh Finola agus a triúr deartháireacha chun 900 bliain a chaitheamh mar ealaí i mbun ceoil i trí cheantar iargúlta in Éirinn.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch a chur ar oifig na dticéid san Axis ar 01 883 2100 nó ar líne anseo

Folúntais i gColáiste na hInse

Aibreán 26, 2017

download (1)

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí  á earcú ag Coláiste na hInse i ,Baile an Bhiataigh, Contae na Mí. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin  gcúigiú lá de Bhealtaine agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Tá múinteoir Matamaitic & Fisic, Múinteoir Bitheolaíocht & Ceimic, Múinteoir Gaeilge & Eacnamaíocht Bhaile, Múinteoir Iodáilis & Fraincis, Múinteoir Spáinnis, Múinteoir Tíreolaíocht & Ceol, Múinteoir Matamaitic agus Múinteoir Tíreolaíocht & Corpoideachas de dhíth. Is féidir cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar www.etbjobs.ie agus a líonadh amach. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh recruitment@lmetb.ie.

Folúntais i gColáiste na Mí

Aibreán 26, 2017

obCRIAlb

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí á earcú ag Coláiste na Mí i gContae na hUaimhe. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gcúigiú lá de Bhealtaine agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Tá Múinteoir Bitheolaíocht & Tíreolaíocht, Múinteoir Béarla & Spáinnis, Múinteoir Béarla & Stair, Múinteoir Gaeilge & Fraincis, Múinteoir Matamaitic, Múinteoir Béarla & Teagasc Críostaí agus Múinteoir Staidéar Foirgníochta & Grafaíochta, Dearadh agus Cumarsáide de dhíth. Is féidir cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar www.etbjobs.ie agus a líonadh amach. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh recruitment@lmetb.ie.

Folúntais i gColáiste Chú Chulainn

Aibreán 26, 2017

 

cropped-web_logo4

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí á earcú ag Coláiste Chú Chulainn i gContae an Lú. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gcúigiú lá de Bhealtaine agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Tá Múinteoir Fisic, Múinteoir Ceimic, Múinteoir Gaeilge & Eacnamaíocht Bhaile, Múinteoir Gaeilge & Fraincis, Múinteoir Spáinnis & Stair, Múinteoir Tíreolaíocht agus Múinteoir Matamaitic & Corpoideachas de dhíth. Is féidir cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar www.etbjobs.ie agus a líonadh amach. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh recruitment@lmetb.ie.

Caifé Cultúir!

Aibreán 25, 2017

caife

An bhfuil spéis agat i gcúrsaí cultúir agus ealaíon?

Bí  linn ag an gCaifé Cultúir Déardaoin beag seo ag 12:30pm sa Chaifé Joly sa Leabharlann Náisiúnta le do chuid tuairimí a roinnt  agus le greim le nithe a fhail!

Folúntais i gColáiste Oiriall

Aibreán 25, 2017

 

54754361_180

 

 

 

 

 

 

 

Beidh réimse postanna lánaimseartha le líonadh i gColáiste Oiriall i Muineachán an bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i gColáiste Oiriall. San áireamh, beidh Múinteoir Bitheolaíocht & Corpoideachas, Múinteoir Tíreolaíocht & Gaeilge, Múinteoir Béarla & ábhar eile, Múinteori Ceimic & Eolaíocht, Múinteoir Eolaíocht & Bitheolaíocht, Múinteoir Gnó & ábhar eile, Múinteoir Eacnamaíocht Bhaile agus Múinteoir Ceol de dhíth. Tá na postanna fógraithe faoi láthair ar an suíomh idirlín Cavan Monaghan etb nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Phríomhoide, Brendan Ó Dufaigh ag 086 3815672. Tá foirmeacha iaraatais ag teastáil, seachas CVs.

Next Page »