Nuachtlitir an Fhómhair
Deireadh Fómhair 18, 2013
Bain taitneamh as!
http://www.gaelscoileanna.ie/news/nuachtlitirnewsletter/
Rúin 2013
Deireadh Fómhair 17, 2013
Is éard is rún ann ná ráiteas simplí a mhíníonn riachtanas nó mian atá ag pobal scoile. Tugtar deis do scoileanna atá mar bhaill de GAELSCOILEANNA TEO. rúin a rith ag Cruinniú Chinn Bliana na heagraíochta. Tá eolas agus foirm ballraíochta le fáil anseo. Is féidir rún a rith ar ábhar ar bith a bhaineann le hobair na scoile nó le mórphobal na gaelscolaíochta.
Seo thíos rúin 2013:
RÚN 1
An Próiseas Aitheantais Nua do Bhunscoileanna
- Aithníonn an Chomhdháil an dul chun cinn atá déanta sa phróiseas aitheantais do scoileanna nua sa mhéid is go bhfuil sainmheon na Gaeilge aitheanta mar chroí-chritéir do rogha tuismitheoirí agus iad ag léiriú a rogha oideachais dá bpáistí, agus éilíonn an Chomhdháil:
- go gcaomhnófar agus go gcinnteofar i gcónaí go mbeidh éileamh cruthaithe agus inmharthana ar an ngaelscolaíocht mar chritéar lárnach sa phróiseas aitheantais do bhunscoileanna amach anseo, beag beann ar sholáthar scolaíochta trí mheán an Bhéarla sa cheantar lena mbaineann, agus
- go dtabharfar aitheantas don obair leanúnach atá á dhéanamh ag coistí bunaithe i gceantair nach bhfuil aitheanta ag an Roinn agus go ndéantar na hiarratais seo a fhaomhadh chun freastal ar an éileamh inmharthana atá cruthaithe.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 2
An Próiseas Aitheantais Nua d’Iar-bhunscoileanna
Éilíonn an Chomhdháil ar an Roinn Oideachais agus Scileanna
- go dtabharfar aitheantas don obair leanúnach atá á dhéanamh ag coistí bunaithe i gceantair nach bhfuil aitheanta ag an Roinn agus go ndéantar na hiarratais seo a mheas go cothrom chun freastal ar an éileamh inmharthana atá cruthaithe.
- go dtabharfar tosaíocht do sholáthar neamhspleách scolaíochta trí mheán na Gaeilge chun sainmheon na scoileanna lán-Ghaeilge a chaomhnú.
- go ndéanfaí an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a áireamh sa teimpléid maidir le héileamh ó thuismitheoirí atá le cur faoi bhráid na Roinne agus iarratas á ndéanamh ar phátrúnacht scoile
- go ndéanfaí an t-éileamh seo a áireamh go sonrach i dtuairisc an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua agus go mbeidh tionchar aige ar chinneadh an Aire dá réir, agus
- go gcuirfeadh an Roinn eolas cuimsitheach faoi bhráid na bpátrún maidir le struchtúir Aonad, na tacaíochtaí atá ar fáil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, cód dea-chleachtais, féidearthacht Aonad a fhás ina scoil neamhspleách i gcás ceantair nach bhfuil réamhaitheanta le haghaidh soláthar neamhspleách iarbhunscoile lán-Ghaeilge.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 3
Múnlaí Nua Soláthair Gaelscolaíochta
- Molann an Chomhdháil an Roinn Oideachais agus Scileanna as an athbhreithniú atá ar siúl ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil mar sprioc aige roghanna feiliúnacha soláthar a aithint a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta.
- Molann an Chomhdháil don Roinn polasaí a fhorbairt i gcomhar leis na páirtithe cuí, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc, ar mhúnlaí éagsúla an tsoláthair trí Ghaeilge a bheadh in oiriúint lasmuigh den Ghaeltacht san áit nach bhfuil daonra leordhóthanach ann do bhunscoil nó iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 4
Liúntas Mhúinteoirí don Teagasc trí Ghaeilge
- Cáineann an Chomhdháil cinneadh an Rialtais an Liúntas do Mhúineadh trí Ghaeilge a tharraingt siar i gcás tairbhithe nua le héifeacht ó 1 Feabhra 2012 (Ciorclán 0008/2013), agus do mhúinteoirí a athraíonn an jabról nó a aistríonn ó scoil amháin go scoil eile.
- Cáineann an Chomhdháil easpa tuisceana an Rialtais ar an ualach mór breise a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge i scoil lán-Ghaeilge, ualach a bhí aitheanta an chéad lá riamh tríd an liúntas seo a cheadú.
- Cáineann an Chomhdháil an cinneadh go bhfuil an liúntas á bhaint ó mhúinteoirí a ghlacann ról mar phríomhoide i ngaelscoil de bharr an ualaigh a bhaineann le scoil nua a bhunú i gceart agus a fhorbairt, an tumoideachas a chur i bhfeidhm, pobal le Gaeilge a thógáil, anuas ar ghnáthchúraimí an phríomhoide bunscoile.
- Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfadh an Roinn athbhreithniú ar an gceist ina iomláine i leith an liúntais agus i leith na múinteoirí a ghlacann le ról mar Phríomhoide ar ghaelscoil eile, gur grúpa an-bheag iad ach a bhfuil tacaíocht mhór de dhíth orthu.
Gaelscoil Mhic Aodha agus Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 5
Líon Mhúinteoirí i Scoileanna Lán-Ghaeilge Nua
- Éilíonn an Chomhdháil go mbeadh beirt mhúinteoir fostaithe mar íosmhéid i ngach scoil nua ón tús, beag beann ar líon na ndaltaí, chun sábháilteacht agus cúram cuí na bpáistí a chinntiú.
Gaelscoil Mhic Aodha agus Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 6
Painéal Ath-imlonnaithe do Mhúinteoirí i scoileanna faoi Phátrún an Easpaig
- Molann an Chomhdháil an Roinn as an dul chun cinn atá déanta sna comhchainteanna le GAELSCOILEANNA TEO. maidir le comhréiteach ar na dúshláin a bhaineann le múinteoirí toilteanacha a fháil le teagasc i scoil lán-Ghaeilge.
- Sa chás gur mó na folúntais ná na hiarratais, ná nach bhfuil caighdeán Gaeilge an iarrthóra sásúil éilíonn an Chomhdháil go mbeadh cead leanúint ar aghaidh chuig iarrthóirí ar an bhfo-painéal a léiríonn toilteanas agus cumas cuí, agus sa chás gur mó na folúntais ná na hiarratais feiliúnach go mbeadh cead ag scoileanna an post a fhógairt.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 7
Riachtanas Speisialta Oideachais sa Scoil lán-Ghaeilge
- Molann an Chomhdháil an dul chun cinn sna comhchainteanna idir GAELSCOILEANNA TEO. agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta maidir le struchtúr agus seirbhísí tacaíochta do pháistí le RSO sa chóras lán-Ghaeilge.
- Molann an Chomhdháil go mbeidh na riachtanais faoi seach tógtha san áireamh ag bunchéim na pleanála le haghaidh seirbhísí feabhsaithe do pháistí agus seirbhís eolais feabhsaithe do thuismitheoirí ó na soláthreoirí seirbhíse oideachais de chuid an Stáit, ar a n-áirítear an NCSE, NEPS agus eile.
Gaelscoil Bhaile Brigín agus Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 8
Rollachán Scoile
- Fáiltíonn an Chomhdháil roimh an dréacht-bhille ar rollacháin scoile do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna, a léiríonn cosaint do theaghlaigh lán-Ghaeilge a dteastaíonn oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí.
- Éilíonn an Chomhdháil go n-aontófar meicníocht leis na páirtithe cuí, ar a n-áirítear GAELSCOILEANNA TEO. , i gcás na scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu faoi conas déileáil go sásúil leis an ró-éileamh i mbealach a bheidh cothrom agus a chaomhnaíonn sainmheon teanga na scoile.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 9
Athstruchtúrú ar Earnáil Dheonach na Gaeilge
- Éilíonn an Chomhdháil go mbeidh todhchaí seasmhach inmharthana ag an earnáil ghaeloideachais trí chóras ceart maoinithe bheith ar fáil.
- Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar aitheantas do thábhacht na hoibre a bhíonn idir lámha ag GAELSCOILEANNA TEO. chun leasa na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal trí struchtúr cuí maoinithe a chur i bhfeidhm.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 10 Siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta, Ardleibhéal
a. Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear ábhar nua ar fáil anois a thabharfaidh deis do na daltaí ar mian leo ardchaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge scileanna i scríobh agus léamh na teanga a fhorbairt, ionas go mbeidh siad in ann oideachas ceart a fháil sa Ghaeilge agus go mbeidh na scileanna acu le tabhairt faoi na hábhair acadúla eile trí mheán na Gaeilge.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
RÚN 11
Comhlonnú COGG leis an CNCM
Éilíonn an Chomhdháil
- go gcaomhnítear stádas agus neamhspleáchas COGG agus iad comhlonnaithe leis an CNCM ar mhaithe le feidhmeanna iomlána COGG a bheith á bhfeidhmiú chun leas earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge uile, agus
- go gcuirfear an tacaíocht chuí agus riachtanach ar fáil do COGG trí bhreis foirne a cheadú láithreach.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
An Dréacht-Bhille Rollúcháin Scoile do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna
Deireadh Fómhair 16, 2013
Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhoilsiú an dréacht-bhille rollúcháin scoile do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Ar an 2 Meán Fómhair 2013 d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, dréachtscéim Ghinearálta do Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil), 2013 mar aon le dréachtrialacháin chun a bpléite sula n-achtófar an reachtaíocht.
Is mian le GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór a ghabháil le gach scoil agus le gach duine a chabhraigh lena bhfeachtas sainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint. Léiríonn an dréacht-bhille dea-thoradh an fheachtais sin sa mhéid is nach mbeidh bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, ná go mbeidh bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha.
Faoin rialachán nua:
- Ní ligfí do scoileanna iarratais ar ligean isteach a ghlacadh roimh 1ú Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an rolluithe ach go gceadófaí tréimhse níos faide ná sin i gcás scoileanna cónaithe.
- Bheadh sé ar chumas an Aire a rialú nach ceadaithe táillí iontrála ar bith a iarraidh nó a ghearradh mar choinníoll le hiarratas a dhéanamh ar ligean isteach ar scoil.
- Ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú.
- Áit gur féidir le scoileanna a chruthú go bhfuil liostaí feithimh ar bun acu, is féidir, de mhaolú air sin, ligint dóibh na liostaí sin a ghlanadh thar thréimhse roinnt blianta.
- Ligfear do scoileanna tús áite a thabhairt d’iarratasóir gur siblín é/í le mac léinn nó iarmhac léinn de chuid na scoile.
- Déileálfar le hachomhairc ag leibhéal na scoile.
Aithníonn GAELSCOILEANNA TEO. go bhfuil tuiscint léirithe sa dréacht bhille seo ar riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge leis an mbunchosaint atá ann don sainmheon teanga sa phróiseas iontrála. Is ábhar imní é áfach i gcás scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu go mbeidh bac orthu agallamh a chur ar thuismitheoirí, modh oibre atá ag roinnt scoileanna chun cumas agus nósmhaireacht teanga clainne a thomhais. Dúshlán an-mhór eile atá sonraithe sa dréachtbhille ná go mbeidh bac ar thosaíocht a thabhairt don fhreastal ar réamhscoil / naíonra. Aithnítear sa teoiric agus sa chleachtas go bhfuil fíor-thábhacht leis an luath-thumadh sa Ghaeilge sa naíonra mar ullmhúchán don bhunscoil lán-Ghaeilge, agus leagann an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge an-bhéim ar an eispéireas foghlama seo sa pholasaí rollúcháin.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “táimid ag súil le dul i ngleic anois leis an bpróiseas comhairliúcháin faoi impleachtaí na mbeart atá molta. Táimid ag fanacht ar dháta le dul os chomhair an Chomhchoiste Oideachais agus tuigtear dúinn go dtarlóidh sé laistigh de cúpla seachtain. Idir an dá linn fáilteoimid roimh thuairimí na scoileanna maidir leis na himpleachtaí praiticiúla lena mbaineann.”
Seo thíos cáipéisí an dréacht bhille:
- Draft General Scheme PDF
- Draft Regulations Content of Policy PDF
- Draft Regulations on Admission Process PDF
- Aighneachtaí á lorg – Fógra an Oireachtais
Tá aighneacht á ullmhú ag GAELSCOILEANNA TEO. faoi láthair lena chur faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach maidir le Dréacht-Scéim Ghinearálta Bhille Oideachais (rollachán scoile). Ba mhór againn tuairimí agus moltaí na scoileanna maidir leis an gcóras reatha rollacháin agus na hathraithe molta ar an gcóras sin a fháil go háirithe mar a bhaineann le córas nua a bheadh sásúil chun sainmheon na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint. Scaipeadh suirbhé ar phríomhoidí na scoileanna le gairid agus déanfar tuairisciú ar na torthaí anseo go luath.
Comhdháil uile-Éireann ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sa Scoil Lán-Ghaeilge
Deireadh Fómhair 11, 2013
Ar an 9 agus 10 Deireadh Fómhair 2013 reáchtáladh ócáid oiliúna uathúil do bhunscoileanna lán-Ghaeilge ón 32 contae, uair a chuir an an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas comhdháil 2 lá ar siúl ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sa Scoil Lán-Ghaeilge. D’éirigh thar cionn leis an gcomhdháil, a dhírigh go huile is go hiomlán ar riachtanais foirne na ceannasaíochta sna scoileanna lán-Ghaeilge.
I measc an breis agus 100 rannpháirtí, bhí príomhoidí agus leas-phríomhoidí ó scoileanna sa deisceart, sa Ghaeltacht agus sa Tuaisceart, a chuir go fonnmhar agus bríomhair leis na seisiún oiliúna agus imeachtaí na comhdála. Deimhníonn an t-aiseolas an riachtanas a bhain leis an gcomhdháil i bhfianaise bearna d’oiliúint ar leith a bheith ann a dhíríonn ar shainriachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge. Deimhníonn rath na comhdhála an fonn foghlama agus fonn forbairt ghairmiúil atá ag ceannasaithe na scoileanna lán-Ghaeilge.
D’aithin an Chomhdháil an iliomad dúshláin bhreise a bhronntar ar cheannasaithe sna scoileanna lán-Ghaeilge agus iad ag forbairt institiúid foghlama agus teagaisc ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge. Pléadh an brú millteanach a bhaineann leis na róil sin ar fad anuas ar an sprioc inmhianaithe pobal agus timpeallacht láidir Ghaeilge a chruthú agus a chothú.
Gabhann an Coiste buíochas mór ó chroí leis na rannpháirtithe uile agus leis na hoiliúnóirí as a dtoilteanas a gcuid saineolais a roinnt agus an malartú saineolais agus dea-chleachtais uile-Éireann a éascú. Déanfar imeachtaí na comhdhála a fhoilsiú laistigh de cúpla seachtain chun go mbeidh sé ar fáil don phobal níos leithne mar áis tacaíochta agus scaipfear go forleathan é.
Táimid an-bhuíoch de na hionadaithe ón dá Roinn Oideachais a chuir go gníomhach le clár na comhdhála agus a léirigh tuiscint agus tiomantas do na tacaíochtaí atá de dhíth ar cheannasaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Aithníonn an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas an riachtanas a bhaineann le tacaíocht iomchuí don iliomad dúshláin a deimhníodh le linn na comhdhála, agus déanfar an téama a choinneáil beo ar chlár oibre an Choiste amach anseo. Ba mhór againn aiseolas a fháil ar fhiúntas na comhdhála ag freastal ar na riachtanais oiliúna is mó atá ag ceannasaithe, agus d’fháilteoimis roimh aiseolas chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie (Cathaoirleach an Choiste).
Gabhann an Coiste buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú a chur ar fáil don Chomhdháil.
Fearg agus Frustrachas i measc na Naíonraí
Deireadh Fómhair 8, 2013
Ag Comhdháil Bhliantúil na Naíonraí Gaelacha a bhí ar siúl i Luimneach an deireadh seachtaine seo caite, pléadh Fís Fhoras na Gaeilge d’Earnáil na Luathbhlianta.
Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Oideachais Fhoras na Gaeilge a bhí i láthair na comhdhála thar ceann an Fhorais. Ag deireadh Mheitheamh na bliana seo, chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fhóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ó 1999, gearradh é seo de bhreis agus €875,000 sa bhliain don earnáil réamhscolaíochta. Chuir Foras na Gaeilge in iúl ag an am nach bhfeictear don Fhoras “go bhfuil an Fóirdheontas criticiúil d’inmharthanacht naíonraí Gaeilge”.
Comhthéacs Reatha
Thagair Ó Coinn don chomhthéacs reatha ina bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú agus dúirt go bhfuil isteach agus amach le €1M gearrtha ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge gach bliain le blianta beaga anuas, agus go leanfar le ciorruithe ar an mbonn seo go dtí 2015 ar a laghad. Luaigh sé na feidhmeanna agus na dualgais reachtúla atá ar Fhoras na Gaeilge go háirithe mar a bhaineann le húsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh mar aon le tacaíocht a chur ar fáil don oideachas trí mheán na Gaeilge agus múineadh na Gaeilge.
Réimse “Scartha”
Chuir Ó Coinn in iúl gur mheas sé go raibh mórán de ghnéithe den Ghaeilge á bhforbairt go neamhspleách ar a chéile, idir gaeltacht agus galltacht, thuaidh agus theas, idir na réimsí éagsúla: forbairt phobail scartha ó fhorbairt an oideachais – laistigh de réimse an oideachais féin go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas scartha: an réamhscolaíocht idir an tuaisceart, an deisceart agus an Ghaeltacht; réamhscolaíocht ó ghaelscolaíocht, scolaíocht trí mheán an Bhéarla ó scolaíocht trí mheán na Gaeilge. Léirigh Ó Coinn go dteastaíonn ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh na snáithe éagsúla den réimse ag comhoibriú agus ag comhphleanáil lena chéile, go mbeidís ag ullmhú a straitéisí i gcomhar lena chéile, agus go mbainfear buntáistí as sin, go háirithe más pleanáil teanga ag leibhéal an phobail an toradh a thagann as comhtháthú thar réimsí oibre.
An Straitéis 20 Bliain
Leagtar an-tábhacht sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an oideachas réamhscolaíochta áit a ndeirtear: “Is gnéithe tábhachtacha d’athneartú na Gaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna luathbhlianta is fusa teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeidh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit”.
Agus é ag plé na Straitéise 20 Bliain, dúirt Ó Coinn má tá oideachas réamhscoile le cur ar fáil i ngach áit go mbeidh gá díriú ar sholáthar nua a fhorbairt in áiteanna nua, in áit a bheith ag tacú leis an rud atá bunaithe cheana féin. Ag labhairt faoi inbhuanaitheacht na naíonraí aonair, mhínigh Ó Coinn go bhfuil súil ag Foras na Gaeilge gur féidir le tionscadail a mhaoinítear leanúint ar aghaidh tar éis a mhaoinithe nuair atá siad bunaithe mar is ceart, agus gur sa chomhthéacs seo atá siad ag breathnú ar na naíonraí aonair atá bunaithe go dtí seo.
Roghanna
Chuir Ó Coinn earnáil na réamhscolaíochta i gcomparáid le scéimeanna deontais eile a bhíonn á riaradh ag Foras na Gaeilge ar nós Scéim Pobal Gaeilge agus an maoiniú a chuirtear ar fáil do dhá stáisiún raidió pobail. D’ardaigh Ó Coinn an cheist, má tá an maoiniú ag dul i laghad agus má leantar ag tacú leis an soláthar reatha, cé as a thiocfaidh an fhorbairt? Dúradh go bhfuil trí rogha ag Foras na Gaeilge agus iad ag machnamh ar thodhchaí na réimsí seo:
a. Maoiniú a bhaint de thionscadal reatha agus ligean dóibh titim as a chéile
b. Gan maoiniú a chur ar fáil do sholáthar nua
c. Inbhuanaitheacht a chinntiú ionas gur féidir le tionscadal maireachtáil tar éis a bhaintear a mhaoiniú.
Agus é ag breathnú chun tosaigh, dúirt Ó Coinn gur gá teacht ar bhealach atá comhphleanáilte, agus comhtháite le bheith cinnte gur féidir teacht ar mhúnla maoinithe a bheidh inbhuanaithe. Dúirt sé go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí forbairt, agus fiú mura bhfuil sé daonlathach, inghlactha ag an earnáil, nó cóir gur gá féachaint i dtreo na gceantar atá faoi mhíbhuntáiste nó go bhfuil an daonra íseal iontu, agus tús áite a thabhairt dóibh sin agus do na ceantair is mó ina bhfaighfear toradh ar an infheistíocht.
Dúirt Ó Coinn gur aithin Foras na Gaeilge rí-thábhacht na réamhscolaíochta d’fhorbairt na Gaeilge ag cuid mhór leibhéal sa phobal, san oideachas agus le tuismitheoirí. Chuir sé in iúl gur mheas sé gur bhain cur chun cinn agus tacaíocht don réamhscolaíocht ní hamháin leis na 4 eagraíocht réamhscolaíochta (Altram, FNT, Na Naíonraí Gaelacha agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta), ach leis na heagraíochtaí eile bunmhaoinithe atá ag cur na Gaeilge chun cinn ag leibhéal an phobail.
Labhair Ó Coinn faoi institiúidí eile stáit agus dúirt go bhfuil sé tábhachtach go meallfadh gluaiseacht na Gaeilge na hinstitiúidí sin chun freagracht a ghlacadh ar fhorbairt reatha na Gaeilge, agus go gcuirfidís maoiniú ar fáil do thionscadail trí Ghaeilge laistigh dá réimsí cúraim féin.
Aisfhreagairt na Naíonraí
Nuair a bhí Ó Coinn críochnaithe lena chuid cainte, bhí deis ag an lucht féachana, arbh stiúrthóirí naíonra iad a bhformhór, tuairimí a nochtadh maidir le cinneadh an Fhorais i leith an fhóirdheontais agus i leith dhearcadh an Fhorais ar an earnáil réamhscolaíochta.
Chuir Stiúrthóir Naíonra ó Bhaile Brigín in iúl gur bhunaigh sí naíonra sa bhliain 2005, a thosaigh amach le seisear páiste ach atá anois ag freastal ar os cionn deich oiread sin, agus go mbeidh uirthi an naíonra sin a dhúnadh an bhliain seo chugainn, agus ligean leis an ochtar atá fostaithe aici. Léirigh sí, trí fhigiúirí a roinnt ar an slua, gur cinneadh gearr-radharcach a bhí glactha ag Foras na Gaeilge chun airgead a shábháil, mar sa fadtéarma go gcosnódh an cinneadh seo airgead ar an stát, trí laghdú sa cháin a ghintear ar lámh amháin, agus trí íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar an lámh eile.
Labhair Stiúrthóir Naíonra as Leamhcán agus dúirt go gcuirfeadh an ciorrú is déanaí a bhí déanta ag Foras na Gaeilge ar na naíonra bac iomlán uirthi agus ar a foireann cur lena cuid oideachais chun caighdeán na seirbhísí a choimeád ag an leibhéal is airde.
Labhair na Stiúrthóirí Naíonra amach go láidir i gcoinne na gciorruithe agus cáineadh Foras na Gaeilge as an gcinneadh a fhógairt gan dul i gcomhairle leis na naíonraí. Fiafraíodh cén fáth a fuarthas réidh leis an bhfóirdheontas ina iomlána in áit méid an deontais a chiorrú de réir a chéile.
D’fhiafraigh bean amháin cén plean fadtéarmach a bhí ag Foras na Gaeilge do naíonraí amach anseo, agus d’impigh sí ar an bhForas athmhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil beartaithe mar dár léi go bhfuil siad ag baint an bonn ón struchtúr reatha ar mhaithe le ‘forbairtí’ in áiteanna eile. Is iomaí Stiúrthóir a tharraing aird ar an infheistíocht fhadtréimhseach atá déanta acu féin sa struchtúr reatha, trí ionaid a cheannach nó a léasáil, agus trí ghréasáin leathan a bhunú, agus go bhfuil seo ar fad le tarraingt as a chéile, agus iad féin fágtha le fiacha móra mar gheall nach dtiteann siad isteach sna catagóirí atá faoi mhíbhuntáiste de réir mar atá á leagan amach ag Foras na Gaeilge.
Agus é ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna an tslua, dúirt Seán Ó Coinn gur thuig sé frustrachas na Stiúrthóirí agus nach dteastaíonn ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh “naíonraí á ndúnadh, nó go mbeidh deireadh á chur le seirbhísí réamhscolaíochta. Teastaíonn uainn ár bhfócas agus ár n-acmhainní a chur i dtreo tacaíochtaí a chur ar fáil don réamhscolaíocht in áiteanna nua, agus is gá dúinn mar sin idirdhealú a dhéanamh idir cheantair ar leith feiceáil cá bhfuil an riachtanas is mó, agus cár féidir an toradh is fearr a bhaint amach”.
Foilsithe ar Gaelport.com
BBnaG i nGaillimh agus Liatroim
Deireadh Fómhair 1, 2013
Seimineár, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’, do scoláirí ag teacht chuig Gaillimh agus Liatroim.
Cuirfear tús i gceann coicíse le sraith an fhómhair de sheimineáir fhostaíochta do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre arna eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Go dtí seo, ghlac os cionn dhá chéad iar-bhunscoil agus 7,000 dalta scoile páirt sa tsraith de sheimineáir seo in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, le go gcuimhneoidh siad ar an nGaeilge agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Ar Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair beidh an seimineár ar siúl i gCora Droma Rúisc i gCo. Liatroma agus ar Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair cuirfear an seimineár ar fáil i mBóthar na Trá i gCo. na Gaillimhe.
I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid spreagúil in óstán An Landmark i gCora Droma Rúisc beidh Ciarán Mac an Bhaird, Léachtóir le Gnó agus le Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Labhróidh an craoltóir cumasach Barbara Nic Dhonnacha freisin, agus í ag cur síos ar a post mar láithreoir ar chlár dátheangach le iRadio. Cuirfidh Barra Mac Thiarnáin, a tógadh i gCill Tiobraid, Co. Liatroma cur síos ar na buntáistí a thug an teanga dó agus ar a chuid oibre leis an óige le Cumann na bhFiann. I measc na gcainteoirí eile beidh Seán Ó Súilleabháin as Achadh na Cloiche, Co. Longfort atá an-ghníomhach leis an nGaeilge go háitiúil i gCo. Liatroma le fada anois. Tabharfaidh Seán léargas iontach don lucht éisteachta ar an tríocha bliain a chaith sé ag obair mar leabharlannaí i mBéal an Átha Móir i gCo. Liatroma. Ar Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair, tabharfar aghaidh siar ar Bhóthar na Trá, i gCo. na Gaillimhe áit a mbeidh lá iontach geallta do dhaltaí iar-bhunscoile na Gaillimhe. Déanfaidh iar-iománaí de chuid na Gaillimhe, Joe Connolly cur síos ar an tábhacht atá ag baint lenár dteanga dúchais mar aon leis na deiseanna a thug an teanga dó féin go pearsanta. Beidh cuimhne go deo ag daoine ar an óráid stairiúil a thug Joe i bPáirc an Chrócaigh agus é ag glacadh le Corn Liam Mhic Chárthaigh le linn cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann i 1980.
Déanfaidh an t-aisteoir aitheanta Lochlann Ó Mearáin ag a bhfuil páirt Dara aige sa sobalchlár Ros na Rún ar TG4 ar na deiseanna a fuair sé ina ghairm beatha mar aisteoir de bharr go raibh Gaeilge aige. Tabharfaidh an Láithreoir Nuachta le RTÉ, Siún Nic Gearailt agus Láithreoir ar an gclár Jig Gig ar TG4, Róisín Ní Thomáin, léargas ar a gcuid oibre agus iad ag déanamh cur síos ar dheiseanna don Ghaeilge sna meáin chumarsáide. Cuirfear seimineáir ar fáil i mí na Samhna in Óstán an Silversprings i gCorcaigh áit a mbeidh iar-iománaí de chuid Chorcaí, Seán Óg Ó hAilpín chun comhairle a chur ar dhaoine óga i dtaobh na Gaeilge mar aon le scoth na gcainteoirí eile. Leanfar leis na seimineáir i gCill Airne ar an 14 Samhain áit a mbeidh an craoltóir aitheanta, Mícheál Ó Muircheartaigh, mar aon le painéil d’aoichainteoirí den scoth ag roinnt a gcuid saineolais agus a dtaithí féin le scoláirí Chiarraí.
Le linn gach seimineár, cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.
Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun do scoil a chlárú go luath.
[T: 01 679 4780 | Rphost: brighid@comhdháil.ie]
Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.
Tá neart eolais maidir leis an tionscadal Buntáiste Breise na Gaeilge ar fáil ar: www.gaelport.com/bbnag
Foilsithe ar Gaelport.com
ESG le scor
Deireadh Fómhair 1, 2013
Ag cruinniú urghnách an Satharn seo caite, chinn Bord Stiúrtha Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) go ndéanfaí an eagraíocht a scor.
Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Tá diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh. Ó 2007 tá €780,000 ceadaithe ag an Roinn chun cur ar chumas ESG Príomhfheidhmeannach agus Oifigeach Riaracháin a fhostú agus oifig a riarú.
Creideann Bord ESG go bhfuil ról tábhachtach agus lárnach ag ESG i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ag déanamh ionadaíochta agus stocaireachta thar ceann na hearnála oideachais Ghaeltachta go náisiúnta.
Le breis agus dhá bhliain anuas, bhí ESG agus Gaelscoileanna Teo. i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe. Tá curtha in iúl inniu ag an Roinn nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.
Ag deireadh mhí na Bealtaine, agus é ag caint ag Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBaile Átha Cliath d’fhógair Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go bhfuil athbhreithniú iomlán le déanamh ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta go luath.
Chuir an tArd-Rúnaí in iúl gurb é cuspóir an athbhreithnithe seo ná “roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”. Tá cinneadh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun deireadh a chur le maoiniú ESG ag teacht roimh thorthaí an athbhreithnithe sin.
Deir Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta gur “am cinniúnach é seo don oideachas Gaeltachta i bhfianaise an athbhreithnithe atá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm sna curaclaim i gceann bliana. Fágfar anois na scoileanna gan aon ghuth aontaithe don oideachas Gaeltachta chun ionchur a dhéanamh sna próiseas seo”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Pátrúnacht bunscoileanna nua atá lena n-oscailt in 2014
Meán Fómhair 26, 2013
Ag Foghlaim le Chéile ceaptha mar phátrún ar scoileanna nua i nDumhach Thrá/An Rinn agus Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., toradh an phróiseas cinnte pátrúnachta do bhunscoileanna nua atá lena n-oscailt in 2014. Céim eile ar aghaidh é seo sa phróiseas ar cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2011 nuair a d’fhógair an tAire go raibh 20 bunscoil nua lena mbunú suas go 2015 i roinnt áirithe suíomhanna chun fónamh ar líon méadaitheach daltaí.
D’fhógair an tAire ag an am sin chomh maith na critéir agus na socruithe nua d’aithint na scoileanna nua. Ar na socruithe sin bhí bunú Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua, grúpa neamhspleách comhairleach, chun comhairle a chur ar an Aire i dtaobh pátrúnacht na scoileanna nua tar éis dóibh tuarascáil a bhreithniú a d’ullmhaigh oifigigh de chuid na Roinne. Ag fógairt pátrúnacht na scoileanna nua dó, dúirt an tAire Quinn: “Agus mé ag déanamh na gcinntí i dtaobh pátrúnacht na scoileanna seo, bhí mé ag smaoineamh ach go háirithe ar an éileamh soiléir ó na tuismitheoirí ar iolrachas agus ilchineálacht pátrúnachta a chur sa chuntas. Leis na scoileanna nua a bhfuiltear ag dul ar aghaidh leo beidh an rogha is mó is féidir ag tuismitheoirí agus neartófar ilchineálacht an tsoláthair sna ceantair ina bhfuil siad á gcur ar bun”.
Tá Ag Foghlaim le Chéile ceaptha mar phátrún ar scoil nua 16-rangsheomra do cheantar Dhumhach Thrá/Na Rinne i mBaile Átha Cliath agus ar scoil 8-rangsheomra do cheantar Chnoc na Cathrach i nGaillimh. Dúirt an tAire go mbreithneofaí ar cheart scoil 8-rangsheomra eile a bhunú do cheantar Chnoc na Cathrach in 2015 faoi phátrúnacht Lifeways Ireland Teo. Beidh sé seo faoi réir ag deimhniú eile a bheith faighte roimh ré go mbeidh leordhóthain éilimh ó na tuismitheoirí chun tacú leis an tsamhail agus an méid scoile seo ag an am seo.
Tá toilithe ag an Aire bunú bunscoileanna nua do Shord i mBaile Átha Cliath agus do Mhainistir na Corann/Carraig Thuathail i gCorcaigh a chur siar ag feitheamh ar athbhreithnithe ar na ceantair seo ag an Roinn. Agus na hiarratais a fuarthas á measúnú, i ngach cás breithníodh na critéir foilsithe mar a leagadh amach iad. Áirítear air sin méid na hilchineálachta sna scoileanna atá ann faoi láthair agus scála na hilchineálachta a bhí le cur ar fáil sa scoil nó sna scoileanna nua. Breithníodh é seo i gcomhar leis an leibhéal éilimh ó thuismitheoirí ar gach ceann de na pátrúin iarratasóirí. Ghabh an tAire a bhuíochas le baill an Ghrúpa as an ionchur luachmhar a bhí acu sa phróiseas. Adúirt sé: “Chuir mise tús leis an gcóras athbhreithnithe do scoileanna nua a bhunú agus pátrún na scoile a cheapadh i dtreo is gur próiseas oibiachtúil, trédhearcach a bheadh ann. Tá ról bunúsach ag an nGrúpa maidir le baint amach na gcuspóirí seo agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre sa réimse seo.”
Beidh oifigigh de chuid na Roinne i dteagmháil le Ag Foghlaim le Chéile go gairid maidir leis na lóistíochtaí a bhaineann le bunú na scoileanna nua atá ag dul ar aghaidh.
Foirgneamh nua Ghaelscoil Phort Laoise
Meán Fómhair 25, 2013
Tá an áthas orainn an fhoirgneamh bhreá mhór seo a ghlacadh ar son na foirne Gaelscoil Phortlaoise. Cé go rabhamar ar liosta feithimh ar feadh cúig bhliain déag agus sinn ag treabhadh ó bhliain go bliain, ó chlubtheach go sheomra réamhdhéanta, i ndeireadh na dála tháinig ár lá.
Is mór an onóir dúinn mar chomhphobal Gaelach ár suíomh féin a bheith againn. Agus nach álainn an radharc é. Struchtúir 16 seomra ranga le neart seomraí tacaíochta foghlama, stórais, leabharlann agus halla galánta. Is fiú dúinn aitheantas a thabhairt do na hiarscoláirí, na hiarthuismitheoirí agus na hiarrbhaill foirne a chuir an bunobair isteach fadó fadó go bhféadfaimís ár n-aisling féin a bhaint amach lá éigin.
Ní bheidh a leithéad ann arís.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin!
-Dominic Ó Braonáin, Príomhoide, Gaelscoil Phort Laoise
Clár spreagúil do dhaoine óga fógartha ag Gael Linn
Meán Fómhair 16, 2013
Scéimeanna Gael Linn don scoilbhliain 2013/2014
Tabharfar deis don lucht óg bheith gníomhach i ngnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge faoin gclár cuimsitheach scéimeanna atá leagtha amach ag Gael Linn don scoilbhliain 2013/2014.
Bíonn an-tóir ar Scéimeanna Gael Linn gach bliain agus, mar is iondúil, cuirtear fáilte roimh an lucht bunscoile, meánscoile is lucht tríú leibhéil páirt a ghlacadh sna scéimeanna éagsúla do dhaoine óga idir dhíospóireacht, cheol, chlár raidió agus caint phoiblí.
Cuirfear tús leis na scéimeanna go luath agus táthar ag lorg iarratas anois ar na comórtais a leanas:
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain: Comórtas díospóireachta d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge. Bronnfar Corn Uisne agus seic ar €1,000 ar churaidh Roinn na Sóisear agus Corn Gael Linn agus seic ar €1,000 ar Roinn na Sinsear. Is é 20 Meán Fómhair, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo.
Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh: Comórtas díospóireachta d’iar-bhunscoileanna nach ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge. Bronnfar Buanchorn Gael Linn agus seic ar €1,000 ar churaidh na hÉireann – sóisear agus sinsear. Is é 27 Meán Fómhair, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo.
Siansa: Comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19. Duaischiste €4,500. Beidh Craobhchomórtas SIANSA ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar 6 Aibreán, 2014. Is é 8 Samhain, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo agus caithfidh na dioscaí a bheith istigh roimh 9 Nollaig, 2013.
Comórtas Clár Raidió Gael Linn: Comórtas atá an-oiriúnach do dhaltaí na hIdirbhliana. Bronnfar duaiseanna flaithiúla airgid ar na buaiteoirí agus má bhíonn caighdeán chlár na mbuaiteoirí sách ard craolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é. Is é 7 Feabhra, 2014, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo agus caithfidh na cláir a bheith istigh roimh 14 Márta, 2014.
Coirm: Féilte siamsaíochta stáitse ar fud na tíre dírithe ar ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Gaeltachta ach go háirithe. Bronnfar gradaim ar ghnéithe áirithe de na seónna a sheasann amach. Is é 16 Nollaig, 2013, an dáta deiridh iontrála do Coirm.
Abair: Comórtas caint phoiblí d’iar-bhunscoileanna i dTuaisceart Éireann. Bronnfar céad agus dara duais ar gach cainteoir i ngach roinn. Is é 15 Samhain, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo.
Tráth na gCeist: Sraith de ócáidí quizbhoird d’iar-bhunscoileanna i mbailte éagsúla i dTuaisceart Éireann. Bronnfar duaiseanna ar na foirne a thagann sa chéad agus sa dara háit i ngach ionad. Is é 15 Samhain, 2013, an dáta deiridh iontrála don scéim seo.
Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn: Tá an Bhréagchúirt dírithe ar mhic léinn tríú leibhéil atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Bronnfar Trófaí Cuimhneacháin Chearbhaill Uí Dhálaigh agus seic ar €600 ar na buaiteoirí. Beidh sé ar siúl i mbliana ar an Aoine 8 Samhain, 2013, sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath.
Díospóireachtaí Tríú Leibhéal: Beidh Craobh an chomórtais díospóireachta eadarcholáistí ar siúl le linn an Oireachtais i gCill Airne i mbliana ar 2 Samhain, 2013. Bronnfar Corn an Irish Times agus duais airgid ar na buaiteoirí.
Tá gach eolas ar na scéimeanna uile agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.gael-linn.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Gael Linn; 01 6751200 / seanc@gael-linn.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com