Méid an Téacs

Seirbhís cuimhneacháin ag daltaí Gaelscoil Longfoirt in ómós Jessica Jeeti

Deireadh Fómhair 23, 2014

Scéal iomlán ar:  www.longfordleader.ie

Céimeanna tógtha i dtreo foirgneamh nua do Ghaelscoil de hÍde

Deireadh Fómhair 23, 2014

Scéal iomlán ag: http://www.independent.ie/regionals/corkman/news/new-gaelscoil-edges-ever-closer-30667351.html

Sraith pupadóireachta a bheidh ag tosú ar TG4

Deireadh Fómhair 23, 2014

SAOL FAOI SHRÁID – AG TOSÚ ar TG4 ar an 27/10/2014

Saol Faoi Shráid is teideal don tsraith nua pupadóireachta Gaeilge atá cruthaithe agus léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4.
Dírithe ar aois ghrúpa 3-6 bliana, cuirimid aithne ar bheirt phuipéad Glibín agus Ribín, carachtair ó shaol eile i lár na cruinne atá imithe ar strae mar gur thuairt a spásárthach faoin talamh. Tá siad ag cur fúthu ansin anois agus cairde nua déanta acu, tríúr a bhfuil bannaí ceoil rac bunaithe acu; Cicí, Rocco & Dris.

Tá Ribín agus Glibín ag iarraidh cur lena gcuid eolais ar an saol s’againne agus tá páistí Éireannacha ag cabhrú leo chuige sin.
Bíonn dúshlán nó fadhb le réiteach acu i ngach eagrán agus tarlaíonn sin le cabhair amhrán nua-chumtha, scéalta idir nua agus aitheanta ó litríocht
na Gaeilge agus neart spraoi.

SAOL FAOI SHRÁID; GACH MAIDIN & CÉADAOIN @ 09:00 ar Cúla4 na n ÓG- Athchraoladh;gach Máirt & Déardaoin @ 15.45 ón 27ú Deireadh Fómhair.

Beidh an tsraith le feiceáil ar seinnteoir TG4 ón 27/10 ar aghaidh.

Freisin, beidh TAISPEÁNTAS “SAOL FAOI SHRÁID” ag Oireachtas na SAMHNA, Dé Sathairn 1ú Samhain 2014.

11.00 a.m. ÓCÁID Cúla4 na nÓg
Taispeánfar an clár ‘Saol faoi Shráid’, clár úr puipéadóireachta agus
reáchtálfar Ceardlann Ealaíne Cúla4 na nÓg ina dhiaidh.
Mairfidh an ócáid thart ar uair an chloig.
Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle

GACHCARACHTAR

Feachtas Bus ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Deireadh Fómhair 23, 2014

Feachtas Fograíochta Bus seolta i mBéal Feirste / Bus Advertising Campaign launched in Belfast.

Coinnigí súil amach sna seachtainí beaga romhainn d’fhograí Bus Chomhairle na Gaelscolaíochta i gceantracha éagsúla i mBéal Feirste. Cuir grianghraf chucu, ag rá cá bhfaca tú an fógra, leis an haischlib #feachtasbus.

Sa ghrianghraif thíos, ta Gearóidín Nic Cathmhaoil, Oifigeach Comhairleach agus Tarlach Mac Giolla Bhríde, Oifigeach Sinsearach Forbartha le Comhairle na Gaelscolaíochta, ag seoladh an fheachtais.

Feachtas-Bus

http://www.comhairle.org/gaeilge/2014/10/1665/

Riarthóir Oifige lán-aimseartha á lorg

Deireadh Fómhair 23, 2014

Ath-fhógairt

Riarthóir Oifige lán-aimseartha á lorg
Conradh 3 Bliana

Duine fuinniúil, le sár scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth. Duine a bhfuil spéis, taithí agus saineolas i réimse an ghaeloideachais, mar aon le taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais agus ar obair phobail.

Scála Tuarastail: Oifigeach Cléireachais: €20,859 – €33,607

Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil ar iarratas trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
5.00i.n. Aoine, 31 Deireadh Fómhair 2014.
Reáchtáilfear na hagallaimh Dé Máirt, 11 Samhain 2014.

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Folúntas: Oifigeach Forbartha le Gael-Taca

Deireadh Fómhair 23, 2014

Tá folúntas ag Gael-Taca Teo. do dhuine cruthaitheach, réamhghníomhach agus cumasach chun Plean 5 Bliain agus spriocanna ghnó eile na heagraíochta a fhorbairt agus a chur i gcrích a spreagfadh gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne an Ghaeilge a úsáid mar chuid dá saol laethúil. Dá bhrí sin, beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar cumasach agus muiníneach, agus go mbeidh siad in ann a léiriú go bhfuil bua na cumarsáide acu agus gur féidir leo oibriú go héifeachtach le daoine eile.

Bheadh na tréithe a leanas ag sáriarrthóir ar an bpost:

• Scil sa chumarsáid acu agus in ann oibriú go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann araon
• Eolas, tuiscint agus spéis acu i gcúrsaí Gaeilge
• Scileanna agus taithí acu i mbainistiú daoine agus imeachtaí
Buncháilíochtaí
• Cáilíocht a chabhródh go mór le hiarratas agus taithí chuí i bhforbairt pobail, margaíocht, gnó nó réimse ábhartha eile
• Sárchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa
• Sárscileanna riaracháin, bainistithe airgidis, ríomhaireachta agus tuiscint ar chúrsaí teanga agus gnó

Dualgais

• Caidreamh a chur ar bun agus a chur chun cinn leis an lucht gnó, eagraíochtaí fiontraíochta na meáin cumarsáide agus grúpaí pobail
• Bainistiú imeachtaí; iad a chur ar bun, a chur i gcrích agus a chur chun cinn
• Obair i gcomhar le grúpaí pobail, gnólachtaí agus coistí féilte chun an Ghaeilge a chur i láthair an phobail
• Freastal ar imeachtaí agus cruinnithe
• Freagracht iomlán as ionad Ghael-Taca a riaradh agus foireann na heagraíochta a bhainistiú
• Tuairisciú rialta chuig bord stiúrtha na heagraíochta
• Spriocanna ghnó bliantúla a leagan síos agus a bhaint amach
• Aon dualgais eile a leagtar síos ó am go ham

Tuarastal

• Beidh an tuarastal go hiomlán uileghabhálach
• Scála Tuarastail: €30,000 – €33,000 ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí. Is post lánaimseartha é seo.
• Tréimhse: Conradh dhá bhliain le hathbhreithniú tar éis sé mhí

Saoire

• Beidh an té a cheapfar i dteideal 23 lá de shaoire bhliantiúl in aghaidh na bliana

Earcaíocht: Déanfar an t-agallamh iomaíoch a reáchtáil ag nó thar ceann Gael-Taca

Gearrliostáil: D’fhéadfaí iarratasóirí a chur ar ghearrliosta d’agallamh bunaithe ar eolas a thugtar san iarratas. Sa chás nach meastar réasúnta é gach iarratasóir a chur faoi agallamh de bharr líon na n-iarratas faighte nó de bharr chaighdeán ginearálta eolais, oiliúna nó taithí na n-iarratasóirí, ní chuirfear faoi agallamh ach na hiarratasóirí sin is dóchúil a bheidh in ann caighdeán sásúil a léiriú san agallamh le go roghnófaí agus go molfaí chun na hoibre iad.

Triail Teanga: Déanfar an triail cháilitheach teanga a eagrú ag nó thar ceann Gael-Taca. Beidh sa triail teanga scrúdú scríofa ar ábhar ginearálta agus ar ábhar a bheidh bainteach le dualgais an phoist atá faoi chaibidil. Ní bheidh eolas ar théarmaí teicniúla neamhghnáthacha ag teastáil.

Ní mór láncheadúnas glan Éireannach tiomána a bheith ag an té a cheapfar, agus carr ar fáil dóibh le húsáid le haghaidh a gcuid oibre.
Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun oibriú um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine uaireanta, agus a bheith solúbtha le linn tréimhsí gnóthacha.

Ní cur síos críochnúil é seo ar an bpost agus tá sé faoi réir athbhreithniú de réir riachtanais an róil i gceist.

Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe le CV ar r-phost chuig eolas@gael-taca.com roimh 4pm Dé hAoine 14ú Samhain ’14.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Gael-Taca Teo.

Tá foirm iarratais ar fáil ag www.gael-taca.com

Folúntas: Coláiste Chú Chulainn

Deireadh Fómhair 23, 2014

Sonraí ar: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/10649/

Folúntas: Gaelscoil Uí Ríordáin

Deireadh Fómhair 23, 2014

Sonraí ag:  http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/18664/

Sciob an deis! Deontais ar fáil tríd an scéim Le Chéile Trí Ghaeilge

Deireadh Fómhair 22, 2014

Tá Gaelscoileanna Teo. ag cur deontas ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim nua ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2014 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
•    Naíonraí / naíscoileanna
•    Bunscoileanna
•    Iarbhunscoileanna

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaelscoileanna Teo. uasmhéid de:
•    €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 naíonra/scoil rannpháirteach ann
•    €500 / £450 d’imeacht le 3 naíonra/scoil nó níos mó rannpháirteach ann
•    €750 / £675 más 4 naíonra/scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach.

Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo:  http://www.gaelscoileanna.ie/events/eolas/foirm-dimeachtai-idir-scoile/

Baineann na deontais seo leis an tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2014 amháin. Ní féidir linn deontais a cheadú d’imeachtaí lasmuigh den tréimhse sin faoi láthair. Tá súil againn an scéim a fhógairt arís in Eanáir 2015.

Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/events/foirmeacha-iarratasapplication-forms/

Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

New Gaelcholáiste For Balbriggan

Deireadh Fómhair 21, 2014

A new Irish school, Coláiste Ghlór na Mara opened its doors for the first time recently. This much anticipated day was the culmination of six years of determined campaigning by Coláiste Ghlór na Mara’s founding committee, headed up by Tim Ó Tuachaigh.
Principal, Aoife Elster, welcomed the first 26 pupils to their temporary facility in Castlelands, Balbriggan. She is joined by six other newly appointed teachers, who together will offer pupils an extensive curriculum and choice of subjects all as Gaeilge. The Gaelcholáiste will consist of six classrooms, a science laboratory, a learning support unit, Art Room and a staff room as well as a general purpose area. In 2016, the Gaelcholáiste will move to a 1000 pupil new build, which will be located adjacent to the new ring road, in order to cater for the 880 pupils already enrolled. This is indeed a very exciting time for everyone involved and staff and pupils alike are determined to follow in the footsteps of other Gaelcholáistí throughout Ireland as regards teaching excellence and academic achievement.

www.northcountyleader.ie

« Previous PageNext Page »