Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain Ceaptha
Aibreán 1, 2014
Amárach, tionólfar an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá beartaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Coiste Comhairleach a bhunú i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Tá na heagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí sa Ghaeltacht ag éileamh a leithéid de choiste le tamall fada agus cur chuige an Rialtais i dtaca leis an Straitéis cáinte go láidir acu, agus é curtha i leith an státchórais go bhfuil sé ag tarraingt na gcos maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.
I mí Dheireadh Fómhair 2013, eagraíodh seimineár idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta. Le linn an tseimineáir sin, moladh go láidir go mbunófaí struchtúr nua ionas go bhféadfadh an earnáil dheonach ionchur a bheith aici i gcur i bhfeidhm na Straitéise.
Is mar seo a leanas a bheidh an bhallraíocht ar an gCoiste Comhairleach: An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Cathaoirleach); Údarás na Gaeltachta; Foras na Gaeilge; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Gaelscoileanna Teoranta; Conradh na Gaeilge; Gael Linn; Oireachtas na Gaeilge; Glór na nGael; Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta; Muintearas; Oidhreacht Chorca Dhuibhne; CONCOS; Comhar na Naíonraí Gaeltachta; Óige na Gaeltachta; Ealaín na Gaeltachta; agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
I litir chuig na heagraíochtaí ag tabhairt cuiridh dóibh freastal ar an gcéad chruinniú, léirigh an tAire Stáit Gaeltachta go bhfuil sé “ag súil go gcothóidh an Coiste Comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Spraoicheisteanna Fhéile na Gaeilge i gCeatharlach
Aibreán 1, 2014
Reachtáladh réimse an-leathan d’ócáidí Gaelacha i rith Fhéile na Gaeilge ó thús go deireadh Mhí an Mhárta i gCeatharlach.
I measc na n-imeachtaí a bhí ar chlár na féile bhí ceolchoirmeacha, drámaíocht, damhsa, scéalaíocht, ceardlanna agus spraoi. Chomh maith leis sin reachtáladh dhá chomórtas spraoicheist, ceann amháin dírithe ar mhicléinn na hidirbhliana agus ceann eile do bhunscoileanna an cheantair. Tháinig breis is céad dalta ó bhunscoileanna an cheantair maille lena dtuismitheoirí agus a múinteoirí le chéile i gClub Éire Óg ar oíche Luain seo caite chun páirt a ghlacadh i spraoicheist na mbunscoileanna. Bhí 27 foireann páirteach ó ocht scoil éagsúil le daltaí ó Ghaelscoil Eoghain Uí Thuraisc, Scoil Bhaile Nua Dún Leicne, Scoil Dhiarmada, Scoil an Easpaig Úí Fhoghlú, Scoil Mhuire gan Smál, Beann na gCaorach, Scoil Ard Lios agus Scoileanna bhuachaillí agus cailíní an Teaghlaigh Naofa páirteach sa chomórtas.
Bhí idir mhúinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí thar a bheith sásta le caighdeán na gceisteanna. Foireann as Scoil Mhuire gan Smál a bhuaigh an comórtas le Scoil Bhaile Nua Dún Leicne sa dara háit. Bhí foirne as Bheann na gCaorach agus Scoil Náisiúnta Ard Lios ar chomhscór don tríú háit. Bhí beagnach fiche foireann i láthair do Thráth na gCeist na hidirbhliana a bhí ar siúl maidin Mháirt in Ionad Pharóiste na hArdeaglaise le daltaí ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, Choláiste Naomh Leoin, Choláiste an Chnoic Bhig agus ó Acadamh Naomh Muire san iomaíocht. Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar cheol, chursaí reatha, spórt, scannáin, stair, tíreolas agus eolas ginearálta. Ag deireadh na mbabhtaí tháinig foireann ó Ghaelcholáiste Cheatharlach sa chéad áit. Bhí foireann eile an Ghaelcholáiste agus Acadamh Naomh Muire ar chomhscór don dara háit agus is buachaillí an Chnoic Bhig a tháinig sa tríú háit.
Chuir na buaiteoirí go léir fáilte roimh na huibheacha cásca a bhí mar dhuaiseanna agus deineadh comhgháirdeachas leis na foirne go léir a ghlac páirt sa dá ócáid taitneamhach. Gabhann Glór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na foirne uile a bhí páirteach agus le muintir Éire Óg agus Ionad Pharóiste na hArdeaglaise as na háiseanna a chur ar fáil dúinn. Is cinnte go mbeidh éileamh ar a thuilleadh spraoicheisteanna i gcaitheamh na bliana.
www.carlow-nationalist.ie
Aip Nua don Bhéaltriail
Aibreán 1, 2014
Tá mic léinn gnóthach an tseachtain seo agus iad ag tabhairt faoin mBéaltriail agus tá cúnamh breise ar fáil dóibh.
Le 40% de mharcanna na Gaeilge ag dul don bhéaltriail, tá áis shuimiúil nua seolta ag www.clevercourses.ie mar chabhair do dhaltaí na hArdteistiméireachta. Is aip idirghníomhach é Sraith Pictiúr 2014 a chuireann síos ar na fiche pictiúr a scrúdaítear mar chuid den bhéaltriail. Taobh istigh de gach scéal tá fuaimrianta, foclóir cuí, frásaí úsáideacha chomh maith le haistriúcháin Bhéarla agus tá 120 fuaimrian ó chainteoirí dúchasacha le feabhas a chur ar fhoghraíocht na ndaltaí.
Is áis iontach úsáideach í Sraith Pictiúr 2014 don ullmhúchán agus an dul siar atá ar siúl ag daltaí i láthair na huaire in am don bhéaltriail.Tá an aip cruthaithe ag sain-mhúinteoirí agus iar-scrúdaitheoirí don scrúdú béil agus deireann tairgeoirí Sraith Pictiúr go gcabhraíonn sé le daltaí tógáil ar na scileanna riachtanacha lena leagan féin a dhéanamh de na scéalta chun sármharcanna a fháil sa scrúdú béil.
Dúirt Tiernan O’Neill, an bainisteoir margaíochta “I ndiaidh dom bualadh le go leor múinteoirí Gaeilge le roinnt seachtainí anuas, tá an t-aiseolas an-dearfach go dtí seo, agus tá go leor acu i ndiaidh an aip a íoslódáil le húsáid lena gcuid daltaí. Cuireann sé an teicneolaíocht chun cinn san oideachas chomh maith, agus táimid paiseanta faoin aidhm sin”. Tá an Aip Sraith Pictiúr 2014 ar fáil don ardleibhéal agus don ghnáthleibhéal ag Google Play agus siopaí IOS ó €1.99 go €4.49. B’fhéidir nach aon díobháil triail a bhaint as.
www.carlow-nationalist.ie
Duaiseanna Ghlór na nGael 2014 bronnta
Márta 31, 2014
Bronnadh Duais Náisiúnta Ghlór na nGael 2014 ar Chomharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, ag an deireadh seachtaine.
Bhailigh grúpaí agus coistí Gaeilge ó cheann ceann na tíre agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 29 Márta 2014, lena gcuid éachtaí i dtaobh chaomhnú agus chur chun cinn na Gaeilge ina gceantair a cheiliúradh.
Rinne an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich comhghairdeas leis na grúpaí uilig agus é ag bronnadh níos mó ná €120,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, coistí scoile agus ollscoile agus ar choistí ó Alba, Cheanada agus Mheiriceá.
Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich, “Ní féidir luach a chur ar spiorad na meithle a spreagann na comórtais seo ó bhliain go bliain. Tá aitheantas agus moladh ag dul fosta do na heagrais ar fad a dhéanann urraíocht ar na comórtais éagsúla – agus tá an chomhpháirtíocht idir Glór na nGael agus na hurraí seo thar a bheith tábhachtach do rath na hoibre”.
Cé gur fógraíodh formhór na mbuaiteoirí i mí Feabhra, níor ainmníodh buaiteoir Dhuais Ghlór na nGael ná buaiteoir an Chomórtas Tríú Leibhéil go dtí an searmanas speisialta ar an Satharn.
Bronnadh €20,000, urraithe ag an Roinn Ealaíona, Oidhreacht agus Gaeltachta, agus Trófaí Ghlór an nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge, ar Chomharchumann Mhic Dara den chéad uair ar an oíche. Ba iad Coiste Forbartha Dobhair, Dún na nGall, buaiteoirí an chomórtais náisiúnta anuraidh.
Fógraíodh freisin gurbh iad Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide a thóg duais an Chomórtas Tríú Leibhéal agus seic ar €2,000 leo den tríú bliain as a chéile.
Foilsithe ar Gaelport.com
Teanga d’achan duine
Márta 31, 2014
Chuaigh mé chuig léacht poiblí beomhar i Magh an tseachtain seo caite.
Bhí Linda Ervine ag caint. Tá sí pósta le deartháir David Ervine, an polaiteoir PUP nach maireann. Is Protastúnach í Linda agus tá sí ag cur na Gaeilge chun cinn in oirthear Bhéal Feirste. Agus tá ag éirí go hiontach léi: tá na céadta ag freastal ar ranganna i Misean Oirthear Bhéal Feirste agus is Protastúnaigh iad formhór na mac léinn. Rinne Linda cur síos ar thionchar na bProtastúnach ar chothú agus athbheochan na Gaeilge sa 19ú haois – obair John Mac Adam, an bailitheoir lámhscríbhinní, mar shampla.
Bhí sé an-fhaiseanta ainmneacha agus manaí a ghreanadh i gcloch i nGaeilge ar fhoirgnimh phoiblí i mBéal Feirste sa 19ú haois. (Tá an nós sin ann go fóill, ach le haerasól anois.) Dúirt Linda gur le gach duine an Ghaeilge, chan le páirtí polaitiúil amháin, chan le reiligiún amháin. Léirigh sí go dtugann Eaglais na hÉireann tacaíocht don teanga trí Chumann Gaelach na hEaglaise a eagraíonn seirbhísí agus a fhoilsíonn leabhair. Bíonn seirbhísí i nGaeilge go rialta in Eaglais Phreispitéireach Fitzroy i mBéal Feirste. Bhí plé an-éagsúil ón urlár. Luaigh duine éigin an tsárobair a rinne Cosslett Ó Cuinn, ministir de chuid Eaglais na hÉireann a bhailigh seanchas ó na cainteoirí deireanacha in Inis Eoghain sna 1930dí agus a d’aistrigh an Tiomna Nua go Gaeilge. Rinneadh gearán faoi mhodhanna teagaisc, faoi Ghaeilge riachtanach, faoi thionchar na polaitíochta. Plé ionraic, oscailte a bhí ann agus creidim go raibh formhór an lucht éisteachta báúil leis an Ghaeilge. Tá an obair thrasphobail seo thar a bheith tábhachtach. Ach tá sé an-íoranta ag an am seo nuair atá dul chun cinn iontach ar siúl maidir leis an Ghaeilge mar theanga na nÉireannach uilig, go gcuirfear deireadh le hIontaobhas Ultach, an eagraíocht a dhéanann an méid sin oibre le léiriú gur teanga phobail í an Ghaeilge.
www.derryjournal.com
SERVE agus Coláiste Feirste ag obair i gcomhpháirtíocht san Afraic
Márta 31, 2014
Chaith dáréag dalta agus triúr múinteoir ó Choláiste Feirste coicís san Afraic le gairid, ag déanamh obair charthanais i Mósaimbíc agus san Afraic Theas.
Fuair cuid den ghrúpa deis taifeadadh a dhéanamh ar a bhí ag tarlú ann, agus thug siad cead dúinn an t-ábhar a úsáid don fhíseán seo.
Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Feirste agus an grúpa ag amharc ar ais ar na físeáin agus grianghraif don chéad uair.
Atmaisféar thar a bheith dearfach agus bródúil a bhí ann sa seomra ranga ar an lá, agus an grúpa uilig ag baint suilt as na cuimhní den turas.
Dar le Diarmaid Ua Bruadair, Foireann Ceannaireachta Choláiste Feirste, “D’fhás na daoine óga seo tríd an eispéireas, d’éirigh siad níos muiníní mar dhaoine, thaisteal siad ar fud an domhain, mar sin ba mhaith liomsa go mbeadh an deis seo ag daltaí eile anseo, agus táimid ag súil le gach dara blian tionscnamh mar seo a reachtáil.”
Tá oifigí ag SERVE i mBéal Feirste agus i gCorcaigh, agus iad ag freastal ar chuid de na tíortha is boichte ar domhan.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Irish and ‘language snobs’
Márta 31, 2014
Sir , – A language lives by being spoken. There was a time when Latin was a common school and university subject. In its study, grammar and literature were emphasised, but at the end of the process few, if indeed any, could communicate in a functional way in the language.
Too much of this method was transferred to the learning of Irish, and it produced similar results. In my mid-50s,while working in Vienna, I attended German language courses for a mere two hours a week over a four-year period. German literature was not touched on and from the start, with students of various linguistic backgrounds, German was the only language spoken in class. Tests included comprehension questions on oral recorded passages, usually spoken in strong local accents. At the end of this short period of study I was functional in communicating in normal situations such as shopping, in restaurants, and staying in B&Bs throughout Austria and Germany where, in many cases, the owners spoke no English.
Incidentally I was also able to read with pleasure several German novels and English-language novels in translation. Illiterates can and have throughout the centuries kept languages alive. Study of literature is important but if we are to use Irish as a spoken language the ability to communicate comfortably has to take precedence.
Yours, etc,
ALBERT COLLINS,
Bishopscourt Road,
Cork
A Chara, – While it is apparent that there are diverse opinions on the Irish language, it is clear that Irish-speakers are demanding parity of esteem, and what is wrong with that? What is striking is the negative attitude of some letter-writers towards the language. Daniel Stanford (March 27th) proclaims to all and sundry that he could not read a letter by another reader because “it was in Irish” and that if this practice became widespread he would have to stop reading The Irish Times .
Why would someone bother to take the time to write to a newspaper to announce his ignorance of another language? It would also seem unlikely that The Irish Times has any plans to launch as an Irish language newspaper. I think Mr Stanford and any other anxious readers can rest assured that their preferred monolingual world of journalism is unlikely to be disturbed.
Is mise le meas,
ROB MAC GIOLLARNÁTH,
Simonsridge,
Sandyford,
Dublin 18
www.Irishtimes.com
Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras
Márta 31, 2014
Beidh Craobhchomórtas Siansa Gael Linn le cloisteáil beo ón gCeoláras Náisiúnta ar Raidió na Gaeltachta ar Dé Domhnaigh, 6 Aibreán 2014.
Is comórtas é Siansa Gael Linn do ghrúpaí traidisiúnta. Tá an comórtas ar an bhfód breis is deich mbliana anois agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.
Beidh ocht ngrúpa ag glacadh páirt sa chomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an oíche agus gach bliain bíonn caighdeán den scoth ag na grúpaí a bhíonn i gcoimhlint lena chéile. Ó Chúige Mumhan, beidh na grúpaí Trioscar ó Phort Láirge, Lasair ó Mhala i gCorcaigh, agus Ceoltóirí Chnoc na Gaoithe ón Tulach i gCo. an Chláir, san iomaíocht sa chraobh.
Ó Chúige Chonnacht beidh Iontas ó Ghairmscoil Chúl Átha i mBaile Idir Dhá Abhainn, Co. Sligigh, agus Glór Mhaigh Eo ó Chaisleán an Bharraigh, páirteach. Beidh dhá ghrúpa ón phríomhchathair – Na Rógairí ó Choláiste Cois Life i Leamhcán, agus na hÓgánaigh ó Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile an Bhóthair, ar stáitse, agus beidh grúpa amháin ó Chúige Uladh, sin Cóiriú ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta i gCo. Dhoire.
Le linn an chomórtais tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge.
Bronnfar gradam Siansa Gael Linn, trófaí Gael Linn agus seic €2,500 ar bhuaiteoirí an chomórtais agus bronnfar seic €1,250 ar an ngrúpa sa dara háit agus €750 ar an ngrúpa a thiocfaidh sa tríú háit. Eiseofar dlúthdhiosca don trí grúpa is fearr in am tráth agus cuirfear deiseanna seinnte ar fáil do na buaiteoirí i rith na bliana ag ócáidí ar nós an Temple Bar Trad Fest.
Tá ticéid ar €12 (€6 do dhalta) ar fáil ag an gCeoláras 01-4170000 nó www.nch.ie. Beidh Craobh Siansa Gael Linn 2014 le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, curtha i láthair ag Áine Hensey, ar Dé Domhnaigh, 6 Aibreán, ag 7.30 pm.
Déanfaidh an comhlacht léiriúcháin teilifíse neamhspleách, Red Shoe Productions, an ócáid a thaifead mar chlár teilifíse a chraolfar ar TG4 ar an gCéadaoin an 23 Aibreán ag 9.30pm.
Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
Foilsithe ar Gaelport.com
Gaelscoil Mhichíl Uí Choileán ar Lá Lus an Chromchinn
Márta 31, 2014
Bhailigh na daltaí €415.34 ar an lá ar mhaithe le Cumann Ailse na hÉireann!
Foghlaim faoi na Meáin Chumarsáide agus an Raidió i Raidió na Life le Cúrsa Leibhéal 3 QQI/FETAC
Márta 31, 2014
Ar mhaith leat foghlaim conas mar a oibríonn na meáin chumarsáide?
Feabhas a chur ar do chuid scileanna taighde is cumarsáide?
Agus oibriú mar chuid d’fhoireann chun clár raidió a dhéanamh?
Tabharfaidh an cúrsa “Tuiscint ar na Meáin agus Conas Thú Féin a Chur in Iúl” Cáiliúchán Leibhéal 3 i gCur in Iúl ar na Meáin QQI/FETAC* (*QQI/FETAC Level 3 Award in Media Expression) an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín duit chun úsáid a bhaint as na meáin chumarsáide chun do ghuth a chur in iúl!
Cáilíocht aitheanta náisiúnta QQI/FETAC dearbhaithe ag CRAOL (Fóram Raidió Pobail na hÉireann), arna reáchtáil ag do stáisiún raidió pobail áitiúil-sa, Raidió na Life, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Cúrsa 10 seachtaine, ag tosú Dé Céadaoin 09 Aibreán 19:00 – 21:00
TAIRISCINT SPEISIALTA don chéad chúrsa: €70 (€50 do mhic léinn)*
*Ranníocaíocht íosta i dtreo bunchostais riaracháin & creidiúnú QQI/FETAC
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an bpóstaer agus an cur síos cúrsa atá ceangailte leis an ríomhphost seo.
Chun d’áit a chur in áirithe, déan teagmháil le Muiris Ó Fiannachta ar 01-6616333 nó ag muiris@raidionalife.ie roimh 04 Aibreán.
N.B. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd atá ag iarraidh foghlaim faoi na meáin agus an raidió don chéad uair, go háirithe mic léinn tríú leibhéil nó scoláirí idirbhliana, daoine atá ag obair go lánaimseartha nó go deonach le heagrais phobail agus ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin phróiseas léiriúcháin raidió, nó a bheith níos compórdaí ag déanamh agallaimh ar an raidió muna bhfuil mórán taithí acu lena leithéid, nó daoine atá ag smaoineamh ar pháirt a ghlacadh le stáisiún raidió pobail ar nós Raidió na Life don chéad uair.
Cur Síos ar Chúrsa L3 Tuiscint ar na Meáin
Póstaer: Tuiscint ar na Meáin agus Conas Thú Féin a Chur in Iúl