Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!
Meitheamh 27, 2017
-Gaelscoil Chill Dara: Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil Chill Dara tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan. Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Ceadaoin 17/Déardaoin 18 Bealtaine 2017.
-S.N. Fionnán: An-bhua ag an fhoireann baile, S.N. Fionnán, ag Féile Uladh ar an bhFál Carrach ar an 18/19 Bealtaine!
-Scoil Iognáid: Foireann Scoil Iognáid ag ceiliúradh a mbua ag Féile Peile Chonnacht in Indreabhán ar an 23/24 Bealtaine lena múinteoirí bródúla
-Gaelscoil Mhic Easmainn: Seaimpíní Fhéile Peile Gael Linn na Mumhan, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua ar Pháirc Ghallurais, Corca Dhuibhne ar an 1 Meitheamh in éineacht lena gcuid múinteoirí ( ar chúl, ó chlé ) Déaglán Ó Cuill, Cáit Uí Churráin agus Colm Ó hAiniféin
Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.
Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!
D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:
Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara
Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh
Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí
Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann
Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!
Folúntais le Gaelcholáiste Céitinn
Meitheamh 27, 2017
Tá múinteoirí Fraincis agus Gaeilge, Mata agus Gaeilge, Eacnamaiocht Bhaile agus Gaeilge, Tíreolaíocht agus Gaeilge agus Mata, Fraincis, Tíreolaíocht agus Eacnamaíocht Bhaile trí Ghaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 7ú lá Iúil 2017 . Is féidir leat cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie.
Caifé Cultúir ag filleadh ar an Leabharlann Náisiúnta!
Meitheamh 27, 2017
An bhfuil spéis agat i gcúrsaí cultúir agus ealaíon? Ar mhaith leat do chuid tuairimí a roinnt le daoine eile a bhfuil spéis acu sna healaíona? Bí linn mar sin ag an gCaifé Cultúir 12:30pm Déardaoin seo chugainn 29 Meitheamh sa Chaifé Joly sa Leabharlann Náisiúnta!
Múinteoirí ag teastáil uaidh Coláiste Ghobnatan
Meitheamh 23, 2017
Tá folúntais ar fáil i gColáiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne, Co. Chorcaí. Conradh bliana atá i gceist leis na folúntais. Tá iarratais á ghlacadh uaidh Múinteoirí Bitheolaiocht Agus Eolaiocht Talamhaiochta, Múinteoirí Staire, Múinteoirí Corp Oideachas, Múinteoirí Ealaíne agus Múinteoirí Matamaitice. Is gá iarratais a sheoladh roimh an 6ú lá de Iúil.
Tá folúntas ar son Príomhoide i gColáiste Ghobnatan chomh maith. Conradh buan atá i gceist agus is gá iarratais a sheoladh roimh an 30ú lá de mhí an Mheitheamh.
Is féidir cur isteach ar na folúntais seo tríd an suíomh;
https://portal.etb.ie/pls/cketbliverecruit/erq_search_version_4.start_search_with_params
Folúntais cianda le Langroo
Meitheamh 23, 2017
Tá múinteoirí agus saorálaithe de dhíth ar chomhlacht nua, Langroo, atá sé mar aidhm acu Gaeilge a mhúineadh trí Facebook Messenger. Beidh freagrachtaí orthu cúnamh a thabhairt le fás an bhranda agus roghanna pacistí a fhorbairt.
Beidh sé de rogha ag foghlaimeoirí físeáin a úsáid agus iad i mbun staidéar agus beidh ranganna le cainteoirí dhúchasacha ar fáil.
Tá Coláiste na Trionóide agus Oifig Fiontair Áitiúil Co. na Mí ag tacú leis an suíomh nua.
Cé go mbeidh na folúntais ar fad cianda, tá sé de rogha ag múinteoirí obair laistigh den ionad.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh www.langroo.com nó is féidir iarratais a sheoladh chuig hr@langroo.com.
Stiúrthóir Naíonra de dhíth ar Naíonra Nurney
Meitheamh 22, 2017
Tá Stiúrthóir Naíonra ag teastáil uaidh Naíonra Nurney cúig lá sa tseachtain, ón Luan go dtí an Aoine. Is gá cáillíocht FETAC leibhéal a sé a bheith agat.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil uaidh Goretti ar 087 2040354 agus is féidir iarratas a sheoladh chuig littlefolkcreche@yahoo.ie.
Anois atá tú ag caint! – Léitheoir Gréasáin ABAIR
Meitheamh 22, 2017
Is seirbhís ar líne é Léitheoir Gréasáin ABAIR a chuireann sintéis téacs-go-hurlabhra (TTS) as Gaeilge ar fáil do shuíomhanna gréasáin. I bhfocail eile, táthar in ann éisteacht leis an téacs agus é á “léamh” amach ós árd ag an ríomhaire.
An fáth a bhfuil sé tábhachtach
Má chuirtear sintéis TTS le suíomh gréasáin, beidh an suíomh sin inúsáidte do dhaoine atá faoi
mhíchumas radhairc. De réir an Achta um Míchumas 2005, §26 (1)(a)), tá ceangal dlí ar chomhlachtaí poiblí é a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin an fhad is atá sé indéanta agus iomchuí (“where practicable and appropriate”). Go dtí le gairid, ní raibh sé sodhéanta sintéis TTS don Ghaeilge a chur le suíomhanna gréasáin, fadhb atá réitithe ag Léitheoir Gréasáin ABAIR anois.
Ní daoine atá faoi mhíchumas radhairc amháin a bhaineann úsáid as sintéis TTS. Uaireanta teastaíonn ó dhaoine a bhfuil radharc na súl go maith acu téacs a bheith léite amach dóibh ós árd freisin, altanna i bpáipéir nuaíochta cuir i gcás.
Tréithe
Tá trí ghlór ag Léitheoir Gréasáin ABAIR a fhreagaríonn do trí mhórchanúintí na Gaeilge: Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaolainn na Mumhan. Tá chuile cheann acu múnlaithe ar ghlór chainteora dhúchais. Is féidir luas na cainte a athrú (go mall, gnáthluas agus go tapa), agus tá uirlis ann a dhéanann focail is abairtí a aibhsiú de réir mar a léitear amach iad.
Gheofar tuilleadh eolais ag www.abair.ie/apps/features.html nó…bain triail as tú féin ag www.abair.ie/apps/testit.html!
Saor in aisce
Tá Léitheoir Gréasáin ABAIR ar fáil saor in aisce le haghaidh úsáid neamhthrádálach. Tá cead é a
úsáid fiú ar shuíomh gréasáin trádálach an fhad is go mbeidh úsáid an Léitheora Ghréasáin saor ó
chostas.
Tá an tionscadal ABAIR (www.abair.ie) maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus COGG.
Eolaíocht do Pháistí!
Meitheamh 22, 2017
Beidh Campa Eolaíocht á reachtáil ar son páistí idir a 5 is a 13 mbliana d’aois in Institiúid Teicneolaíochta Sráid Bolton. Deanfar é a thosnú ag a 10:00 is a chríochnú ag a 14:00 ó Luan go hAoine.
Beidh sé bunaithe ar Cheimic, Bitheolaíocht, Fisic agus Innealtóireacht agus beidh costas €150 air.
Beidh rátaí lascaine ar fáil do chlainní le beirt nó níos mó.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh info@anyone4science.com agus www.anyone4science.com, nó is féidir glaoch a chur ar 087-6749608.
SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL
Meitheamh 16, 2017
Clár nuálach iarchéime i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
(ar líne agus ar láthair)
SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL
An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge
Freastalaíonn an clár iarchéime, trasearnála, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Cuirfear an clár seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla, ag tosú arís Meán Fómhair 2017. Bronnfar sparántachtaí taighde COGG ar rannpháirtithe an chláir (suas go €3,000 an mhic léinn in aghaidh na bliana) chun tacú leo táillí an chláir a ghlanadh.
Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí agus saineolaithe idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2017/2018. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 28 Meitheamh 2017.
Tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr. T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie
Féile Traidphicnic, An Spidéal 2017
Meitheamh 7, 2017
Béidh Féile Traidphicnic ar siúl sa Spidéal idir an 30ú lá de mhí an Mheitheamh is an 2ra lá de mhí Iúil. Beidh réimse de bhannaí agus ceoltóirí le chloisteáil, Kíla, Skippers Alley, Zoe Conway agus Liam O Connor san áireamh. Beidh ceardlann Ealaíona agus Ceol ar siúl, idir an Bhosca Ceoil, an Fidil, Amhránaíocht agus Damhsa ar an Sean-nós agus go leor eile. Ní bheidh costais sonrach ar na ticéidí, seachas an méid is gur fearr leat a íocadh. Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh www.traidphicnic.com.