Méid an Téacs

Bua do thuismitheoirí Ráth Tó

Aibreán 11, 2011

Tá faoiseamh ar an mbealach don bhuíonn tuismitheoirí cróga atá i mbun Ghaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí leis an scéal go bhfuil go bhfuil Gaelscoil nua ceadaithe ag an Roinn Oideachais do mhórcheantar Ráth Tó agus Cill Dheagláin.

Bhí na tuismitheoirí i mbun Gaelscoil gan aitheantas a riaradh ó mhí Mheán Fómhair seo caite ach beidh Coiste na gaelscoile ag feidhmiú anois mar choiste bunaithe na scoile nua. Toisc nach raibh aitheantas ag an scoil ón Roinn Oideachais thit na costais uilig a bhain leis an scoil ar na tuismitheoirí. Mar thoradh air seo, bunaíodh an feachtas Aitheantas, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus Foras Pátrúnachta na scoileanna lán Ghaeilge chun cabhrú lena tuismitheoirí ó thaobh cúrsaí stocaireachta agus le hairgead a bhailiú.

Le tacaíocht phobal na Gaeilge fud fad na tíre agus síorobair an Choiste féin cuireadh ciste le chéile chun costas na bliana reatha a ghlanadh. Cé go bhfuil ceist Ráth Tó nach mór réitithe anois, tá sé beartaithe ag bunaitheoirí Aitheantas leanúint leis an obair chun cúlchiste a chur le chéile do thuismitheoirí agus pobail ar mian leo Gaelscoil a bhunú ach nach bhfuil ag fáil tacaíochta ón Roinn Oideachais, mar a tharla i gcás Ráth Tó. Tá sé i gceist ag Aitheantas comhairle dlí a fháil freisin chun cearta thuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a fháil dá gcuid páistí a chosaint.

Galway Advertiser

Gaeilge na hArdteiste slán ón tua-go fóill

Aibreán 5, 2011

Deir an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD nach mbeidh aon athrú ar stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar san Ardteistiméireacht amach anseo.

Dúradh i gclár an Rialtais go nglacfar céimeanna le go dtiocfaidh feabhas ar mhodhanna theagasc na Gaeilge ar an dara leibhéal agus nach mbeadh athbhreithniú ann go dtí go glacfar na céimeanna sin.

Agus dheimhnigh an tAire sa Dáil ar 24 Márta nach mbeidh aon athrú ann ar stádas na teanga mar ábhar scoile ach go mbeadh athbhreithniú ann,  ach níor thug sé le fios cathain a bheidh an t-athbhreithniú ar siúl.

“Caithfimid glacadh leis go n-iompaíonn páistí i gcoinne na teanga ar chúiseanna nach dtuigimid. Ní mór dúinn ceisteanna a chur faoi sin”, dar leis.

Dúirt  sé go raibh gá athbhreithniú a dhéanamh ar an méid ama a chaitear le teagasc na Gaeilge sna scoileanna i gcomhthéacs na dtorthaí a bhaintear amach agus cumas teanga na ndaltaí ina dhiaidh sin.

“Caithfimid a bheith macánta agus na ceisteanna seo á bplé againn” a dúirt sé.

Foilsithe ar Gaelport.com 05 Aibreán 2011

Ceoltóirí Reachrann, Buaiteoirí Scléip 2011

Aibreán 5, 2011

Ceoltóirí Reachrann ar YouTube

Tráth na gCeist – Gaelscoil Thaobh na Coille

Aibreán 5, 2011

Eagraíodh Tráth na gCeist idirscoile ar an Luan an 7 Márta mar chuid d’imeachtaí ‘Seachtain na Gaeilge’. Daltaí R5 & R6 ó Ghaelscoil Thaobh na Coille, An Chéim, Scoil Lorcáin, Baile na Manach & Gaelscoil Phádraig, Baile Bhreac a bhí i láthair. 210 dalta ar fad a d’fhreastal ar an imeacht seo a reachtáileadh i Halla Ghaelscoil Thaobh na Coille. Eagraíodh na daltaí i bhfoirne de seisear. Foirne measctha idirscoile a bhí i gceist, triúr dalta ó Scoil Lorcáin, beirt dhalta ó Ghaelscoil Thaobh na Coille & dalta amháin ó Ghaelscoil Phádraig. 35 foireann ar fad a bhí in iomaíocht agus bhí na daltaí ag cur aithne ar a chéile agus iad ag iarraidh teacht ar na freagraí cearta. 8 mbabhta ar fad a bhí i gceist agus idir gach babhta chuir daltaí ó na scoileanna agus na ranganna éagsúla mír beag ar an ardán.  Léiríodh an-mheascán tallainne ‘sna míreanna seo idir amhránaíocht ranga, taispeántas gleacaíochta, amhránaíocht aonair, ceol uirlise agus rl. Bronnadh spot duaiseanna freisin ar dhaltaí a bhí tar éis eolas a bhailiú ar na daltaí eile a bhí ar an bhfoireann leo nó a bhí in ann ceisteanna faoi na scoileanna éagsúla a bhí ag glacadh páirte sa tráth na gceist a fhreagairt.  Bronnadh na spot dhuaiseanna deirneacha ar an gcéad fhoireann a mhalartaigh a gcuid geansaithe scoile!  Buíochas leis an Múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh & An Múinteoir Aoife Ní Chearnaigh as na ceisteanna a chur le chéile & buíochas speisialta  le Maoilíosa as a bheith ina  fhear a’ tí don lá. Buíochas freisin leis an Múinteoir Niamh Ní Chriadháin ó Scoil Lorcáin a bhí freagrach as na ceisteanna do na spot duaiseanna a eagrú.   Bhí an-lá go deo ag na daltaí agus na múinteoirí araon!

An bhfuil tusa ábalta Baile le Gaeilge a dhéanamh de do Phobalsa do TG4?

Aibreán 5, 2011

Tá sraith úrnua á léiriú ag TG4 agus Adare Productions ina mbeidh pobail nach pobail Ghaeltachta iad in ann dul in iomaíocht lena chéile le bheith ina mBuaiteoirí G-Team 2011 agus duais €40,000 ó Fhoras na Gaeilge a bhuachan le húsáid chun a gceantar áitiúil a chur chun cinn. Beidh an clár nua agus nuálach seo urraithe ag Foras na Gaeilge.

Seard atá sa‘G-Team’ sraith nua 10 clár ar TG4 ina bhfeicfear pobail nach labhraínn Gaeilge ó cheann ceann na hÉireann agus dúshlán a thabhairt dóibh ár dteanga dhúchasach a úsáid ina saol ó lá go lá. An bhfuil do bhúistéir áitiúil in ann feoil a dhíol leat i nGaeilge? An bhfuil na tuismitheoirí áitiúla in ann go leor den teanga a fhoghlaim le scéal a léamh dá leanaí ag am codlata?

Tá Ceannairí Foirne le Gaeilge i ngach réigiún á lorg againn faoi láthair lena mbaile féin a chur san iomaíocht agus le bheith i gceannas ar iarracht a bpobal a ‘G-Day’ (Lá na Gaeilge) féin a bhaint amach.

Is éard a bheidh in ‘G-Day’ an lá a thiocfaidh na ceamaraí chuig an mbaile le féachaint ar an bpobal agus féile á reáchtáil acu agus dian-iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a labhairt i gcaitheamh an lae. Beidh na ceannairí foirne i gceannas ar gach gné den ullmhúchán ag druidim le G-Day ar an lá féin. Beidh na ceannairí foirne freagrach as muintir an bhaile a spreagadh dul i ngleic le dúshlán an G-Team chomh maith, agus an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá sna seachtainí roimh an fhéile.

An ceannaire foirne tusa? An gcónaíonn tú i bpobal a bhainfeadh tairbhe agus taitneamh as dúshlán An G-Team? An féidir leat do phobal áitiúil a eagrú, a threorú agus a spreagadh a seacht ndícheall a dhéanamh agus dul san iomaíocht i gcomórtas fíor-náisiúnta? Más ea, ba mhaith linn é a chlos uait…

An 11 Aibreán beidh foirm iarratais do An G-Team ar fáil don chéad uair ar láithreán gréasáin TG4. An lá sin, agus go ceann 2 seachtaine ina dhiaidh sin- agus sin amháin – beidh ceannairí foirne ó bhaile ar bith nach baile Gaeltachta é, ar fud na tíre, in ann iarratas a dhéanamh.

Le tuilleadh eolais d’fháil, déan teagmháil le:
Adare Productions ag 01 2843877

Buaiteoirí Scléip 2011

Aibreán 4, 2011

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt i gcraobh ceannais Scléip 2011, bhí lá den scoth againn ar an 2 Aibreán in amharclann an Axis, Baile Munna. Ghlac 17 scoil páirt sa chraobh, agus bhí an-rath ar an imeacht. Bhí triúr i mbun moltóireacht ar an seó, Ríonach Ní Néill, Martin Tourish agus Ray Mac Mánais, agus bhí  sé an-dian orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis na buaiteoirí toisc feabhas na tallainne a bhí ar stáitse rompu. Tar éis go leor plé agus machnamh, chuireadar na torthaí thíos in iúl don slua. Gabhaimid buíochas leo as an sár-obair ar fad, agus gabhaimid buíochas chomh maith leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus an lucht tacaíochta a thug oiread spreagadh do na rannpháirtithe uile. Guímid gach rath ar na hiomaitheoirí; is cinnte go bhfuil tallann agaibh agus tá súil againn sibh a fheiceáil ar stáitse arís amach anseo, bíodh sin ag Scléip 2012 nó san o2!

Na buaiteoirí rannóige ná:

  • Ceol Traidisiúnta agus/nó Clasaiceach (aonair) – Áine Ní Fhlanagáin, Coláiste Oiriall
  • Ceol Nua-Aimseartha (aonair) – Peadar Ó Goill, Gairmscoil Éinne
  • Amhránaíocht Traidisiúnta agus/nó Clasaiceach – Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
  • Ceol Nua-Aimseartha (grúpaí) – “Mo”, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
  • Ceol Traidisiúnta agus/nó Clasaiceach (grúpaí) – Ceoltóirí  Reachrann, Gaelcholáiste Reachrann
  • Rince Cruthaitheach – Domhaintarraingt, Gaelcholáiste Cheatharlach
  • Ilchineálach – Gearóid Ó Gealbháin, Gaelcholáiste Chiarraí
  • Drámaíocht/Mím – Eva Ní Dhoibhlinn & Ciarán Mac a Gheimhridh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Duaiseanna nuálaíochta:

  • Mattie Barker, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
  • Grupa Thraidisiunta Colaiste FCJ Laurel Hill
  • “Ceathrar Leaids”, Scoil Chaitríona

Grand Prix 2011:

  • Ceoltóirí  Reachrann

Tá grianghraif ón lá le feiceáil sa ghailearaí. Má tá grianghraif nó físeáin agat féin den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad: cspainneach@gaelscoileanna.ie.

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith.  Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil. Tugann Scléip deis do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid ina gcuid ceoil agus ina gcuid drámaíochta. Ba mhian linn go spreagfaí daltaí gaelscolaíochta an lae inniu mar a spreagadh iardhaltaí gaelscolaíochta eile ar nós roinnt do bhaill Kíla, na Frames agus Dara Ó Briain. Is deis iontach é do dhaltaí iarbhunscoile an tallainn atá acu a léiriú ar stáitse os comhair moltóirí proifisiúnta agus lucht féachana agus gradam a bhaint amach dóibh féin agus don scoil.

Curaidh Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh Gael Linn 2011 ag ceiliúradh!

Aibreán 1, 2011

Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta  ó  Mheánscoil na Toirbhirte, Durlas, Co. Thiobraid Árann agus ó Scoil Pháirc Sandford, Raghnallacha thug Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh Gael Linn 2011 leo!

Is san Óstán Heritage, Portlaoise, a bhí na díospóireachtaí ar siúl Déardaoin seo caite, 31 Márta.  Comórtas é seo atá á reáchtáil go náisiúnta ag Gael Linn do scoileanna dara leibhéil  ó 1960 i leith agus bhí os cionn 150 foireann páirteach ann i mbliana.

Sa chraobh shóisearach, bhí neart tuairimí ag na cainteoirí  óga  ar an ábhar  ‘Tá déagóirí na tíre seo beag beann ar an gcúlú eacnamaíochta!’   Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh  iad Meánscoil na Toirbhirte, Durlas na buaiteoirí !    Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó  Coláiste Pobail Átha Luain, Co. na hIarmhí,  Meánscoil na Trócaire, Trá Lí agus  Coláiste Iosaif Naofa, Leamhcán.  Is iad Edel Ní Mheachair agus Eibhlín de Stainléigh na múinteoirí  a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo agus do na babhtaí ar fad a bhí acu ó mhí na Samhna seo caite.

Foireann ó Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, Baile Átha Cliath a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach.  Sa díospóireacht seo freisin bhí foirne ó  Mheánscoil Mhuire, An Longfort; Coláiste na Toirbhirte, An Mhairdíog, Corcaigh agus  Coláiste Íosagáin, Cúil an tSúdaire, Co. Laois.   Phléadar an rún tráthúil:  ‘Ba cheart fáil réidh le Seanad Éireann!’ agus  labhair gach cainteoir go heolach ar an ábhar!  Diarmuid Curraoin a bhí i mbun na foirne ó Scoil Pháirc Sandford agus é an-bhródúil as a
scoláirí!

Is é an Seanadóir Brian Ó Domhnaill a bhí mar aoichathaoirleach ar an oíche agus stiúraigh sé na díospóireachtaí go paiteanta !    Léirigh sé spéis ar leith sa rún sinsearach, ní nach ionadh, agus mhol sé gach cainteoir as an tuiscint mhaith a léiríodar ar chúrsaí reatha!

Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach  sa dá roinn den chomórtas agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach.  Mar chuid den duais freisin, tugadh cuireadh do churaidh an chomórtais shóisearaigh,  Meánscoil na Toirbhirte, Dúrlas, páirt a ghlacadh san fhéile ‘Ri Chéile’ san fhómhar.  Féile díospóireachta is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille.

Agus é ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí, ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn buíochas le múinteoirí na bhfoirne uilig as a ndúthracht agus dúirt: ‘Léiríonn an leibhéal rannpháirtíochta agus an t-ardchaighdeán díospóireachta go bhfuil scoileanna anois ag cur béim bhreise ar scileanna cumarsáide a fhorbairt.
Chreid Gael Linn i gcónaí gurb é labhairt na Gaeilge mórchuspóir na foghlama agus tá áthas orainn go bhfuil an córas oideachais á aithint sin sna marcanna breise a thabharfar sa bhéaltriail ó 2012 ar aghaidh.’

Give us a choice of two Irish subjects

Márta 31, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ashbourne and Ratoath to get merged Gaelscoil

Márta 31, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Dowds chun ábhar de mhúinteoirí oiriúnigh i ngaelscoileanna a árdú

Márta 31, 2011

Tá Robert Dowds TD (Lucht Oibre, Átha Cliath Lár-Thiar) chun na fadhbanna atá ag Gaelcoileanna ag iarraidh postanna a líonadh a ardú.

Tar éis bualadh le ionadaithe ó roinn na Gaelcoileanna, tá an Teachta Dowds buartha nach bfhuil Gaeilge de caighdeáin sach ard ag roinnt múinteoirí ata ag obair i nGaelscoileanna, nach bhfuil siad óiriúnach chun bheith ag múineadh i dtimpeallacht lán Ghaelach agus go bhfuil daltaí ag fulaignt dá mbarr.

Faoi bhun na riaracháin atá i bhfeidhm faoi láthair, níl aon panéil le haghaidh Gaelscoileanna atá An Fóras Pátrúnachta acu mar patrún.

De bharr seo, bíonn iachall ar Gaelscoileanna múinteoirí a fhostú ó na gnáth panéil le haghaidh múinteoirí, agus uaireanta is múinteorí nach bhfuil Gaeilge de chaighdeán sach ard is gá dóibh a fhostú.

Dúirt Robert Dowds, TD den Lucht Oibre do Átha Cliath Lár Thiar:

“Tar éis dom bualadh le ionadaithe ó Gaelscoileanna, ta se soiléir nach bhfuil na riarachain ó thaobh múinteoirí i nGaelscoileanna a fhostú oiriúnach. Bíonn iachall ar Gaelscoileanna múinteoirí a fhostú nach bhfuil caighdeáin Gaeilge sách ard acu chun múineadh agus oibre a dhéanamh  go hiomlán trí Gaeilge,

Tá panéil ann le haghaidh bunscoileana faoi phatrún an Eaglais Caitliceach agus Eaglais na hÉireann, ach níl ceann ann le haghaidh Gaelscoileanna.

Ta mé tar eis ceist parliaminte a chur síos ar an abhar seo agus tá mé ag iarraidh ar an tAire Oideachas agus Scileanna chun panéil ar leith a bhunú le haghaidh Gaelscoileanna nó seachas sin, chun an túdarás a thabhairt dóibh agallamh a chur ar na múinteoirí ó na panéil eile chun déanamh cinnte de go bhfuil múinteoirí a fhostú ag Gaelscoileanna go bhfuil Gaeilge sách maith acu.

Má tá iachall ar Gaelscoileanna múinteoir a fhostú agus muna bhfuil Gaeilge sách maith acu, is iad na páistí atá chun cailleadh amach tríd torthaí oideachais agus scileanna teanga níos measa ná mar a mbeadh acu da mba rud é go raibh caighdeáin Gaeilge ard ag an múinteoir.

Níl sé seo inghlactha agus táim ag glaoch ar an tAire Oideachas chun paneil múinteoirí ar leith a bhunú ar son Gaelscoileanna.”

« Previous PageNext Page »