Iarchéimeanna lán-Ghaeilge ar fáil timpeall na tíre
Márta 10, 2016
Scéalaíocht do pháistí ar fud na tíre do Sheachtain na Gaeilge
Márta 10, 2016
Beidh mór imeacht scéalaíochta do pháistí, idir 2-7 bliain d’aois, á reachtáil ag Love Leabhar Gaeilge i nGaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath ar an Satharn seo mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.
Pearsain móra le rá ó TG4 a bheidh i mbun an léitheoireachta le Gráinne Bleasdale i Hodges Figgis (Baile Átha Cliath), Emma Ní Chonaill i Waterstones (Corcaigh) agus Caitlín Nic Aoidh i Charlie Byrne’s Gaillimh. Rognóidh an triúr pearsan na leabhair a bheidh siad chun léamh do na páistí agus tabharfar blaiseadh de gach atá ar fáil don aos óg i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Tá an ócáid saor in aisce do pháistí agus do thuismitheoir agus fáilte roimh chách! Cuirfear tús leis an scéalaíocht ag 11rn agus mairfidh sé uair an chloig. Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ó MeasMedia ag 091 869617, nó ag info@measmedia.com
Príomhoide
Márta 10, 2016
Tá Bunscoil Phobal Feirste ag iarraidh príomhoide a cheapadh a léiríonn go soiléir, ag staid an iarratais agus ag staid an agallaimh araon, fís ghlinn don scoil. Ba chóir go mbeadh ardscileanna labhartha agus scríofa i nGaeilge aici/aige. Ba chóir fosta gur duine é/í a chuireann agus a fhorbraíonn an t-éiteas Gaelscolaíochta agus a éascaíonn atmaisféar ina n-aithnítear fiúntas gach duine agus ina gcuirtear misneach i ngach duine.
Critéir Riachtanacha:
- Bunchéim agus cáilíocht aitheanta teagaisc agus bheith cláraithe le GTCNI faoi dháta an cheapacháin
- 8 mbliana ag obair i nGaelscoil nó in earnáil ábhartha chuí le 11 bhliain anuas
- 2 phointe bainisteoireachta le 3 bliana ar a laghad
- Taithí inléirithe i mbainisteoireacht daoine agus acmhainní
- Ardscileanna cumarsáide sa Ghaeilge
Critéir Inmhianaithe:
- PQH nó cúrsa iarchéime ábhartha breise a bhronnann cáilíocht
- Bheith ina p(h)ríomhoide nó ina leas-phríomhoide
Chun foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil le;
An Runaí, Bunscoil Phobal Feirste, 11 Páirc Rosgoill, Bóthar Seoighe, Béal Feirste BT11 9QS.
Guthán: 028 90301598
R-phost: ledwards064@c2kni.net nó gaelchursai@gmail.com
Dáta druidte: 3.i.n. Dé hAoine, 8ú Aibreán 2016
Is fostóir comhionannais é Bunscoil Phobal Feirste
Ó Pheann an Phiarsaigh – Iúr Cinn Trá – Dé Sathairn 12 Márta 2016
Márta 9, 2016
Beidh an dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir á léiriú I dTeach na hÉigse (Iúr Cinn Trá), Dé Sathairn, 12 Márta @ 7.30–9.30 i.n.
Mar chuid den oíche, beidh ceol le Seán Mac Corraidh agus Pádraigín Ní Uallacháin.
Ticéid ar fáil ar 028 30313031. Cead isteach £10. Lacáiste £5.
An dráma
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.
Noel Ó Gallchóir
Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é Noel Ó Gallchóir. Tá a shaol caite aige ag plé leis an oideachas trí Ghaeilge agus le cur chun cinn na teanga agus an chultúir. Ba mhúinteoir é i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó 1977 agus bhí sé ina phríomhoide sa scoil ó 1998 go 2015. Tá suim faoi leith aige sa stair, sa scríobh agus sa drámaíocht. Le linn 2014/15 chuir Noel seó aonair eile dar teideal ‘Idir Dhá Cheann na hImní’ os comhair an phobail 25 huaire. Saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna ab ábhar don dráma sin agus léiríodh é go forleathan ar fud na tíre. Bronnadh Gradam Stewart Parker 2015 ar an dráma agus d’éirigh leis gradam a bhaint amach ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gCorcaigh chomh maith.
Meánscoil Garman, Inis Córthidh buacach ag Comórtas Craobh Tráth na gCeist Feachtas.
Márta 7, 2016
Is í Meánscoil Gharman, Inis Córthidh,Loch Garman, buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Tráth na gCeist Feachtas.
Is í Meánscoil na mBráithre Críostaí Chill Chainnigh a tháinig sa dhara áit.
Le sé mhí anuas, ghlac beagnach míle daltaí méanscoile mar chuid d’fhoirne ceathrar páirt i gcraobhacha réigiúnacha ó bhí Méan Fómhar ann.
24 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstan Ashling, Baile Átha Cliath inniu. Beagnach 100 déagóirí a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu.
Bronnadh duaischiste €1,000 don chomórtas. Bronnadh €600 ar an fhoireann bhuacach Meánscoil Gharman,Bill Breathnach,Aaron Jackman, Jack Ó Ciuirc, agus Liam Ó Lionáin agus €400 ar fhoireann CBS Chill Chainnigh, Jack Gargan, Mark Kenny, Kevin Barrett, agus Ultan Conroy.
“Beagnach 1,000 déagóir ó mhéanscoileanna Béarla agus Gaelcholáistí na tíre a bhí páirteach i mbabhtaí an chomórtais i mbliana, a réachtlaíodh go híomlán trí Ghaeilge. Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo agus is léiriú é fosta ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag teacht tríd an chóras oideachais,” arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas. “Is é an aidhm atá ag Feachtas ná chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, agus ghlac gach foireann páirt sna réamhbhabhtaí de lasmuigh den am scoile.”
“Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair Feachtas ó bunaíodh é in 1980 agus é mar aidhm seans a thabhairt do dhaoine sna méanscoileanna atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach agus bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn an spraoi ag na hiomaitheoirí ar fad,” a dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas.
Nuachtlitir Cúla4
Márta 7, 2016
Tá Elitir Cúla4 do mhí Mhárta ar fáil anois!
Lean an nasc: http://old.tg4.ie/newsletter/cula4/march-2016.html
Bainigí taitneamh as!
E: cula4@tg4.ie
Féach aon uair ag www.tg4.tv
Bí ag Spraoi ag www.cula4.com
Comórtas i gcomhpháirt le Doolin Ferry
Márta 7, 2016
Mar chuid de Seachtain na Gaeilge, tá comórtas iontach á reáchtáil againn i gcomhpháirt le Doolin Ferry. Déanann Doolin Ferry turais baid oideachasúla trí Ghaeilge do bhunscoileanna, iarbhunscoileanna agus coláistí tríú leibhéal. Tuilleadh eolais anseohttp://www.cliffsofmohercruises.ie/cliffs/school-tours/
Duais: The Doolin Ferry Co. with Bill O Brien Family pass = Family return boat trip to the Aran Island of Inis Oirr returning under the majestic Cliffs of Moher.
Tabhair ‘is maith liom’ do lch Facebook Gaelscoileanna Teo. & don phostáil seo le bheith istigh ar an gcomórtas seo.
Ádh mór!
Rás sealaíochta le teachtaireacht dócahis le taisteal tríd 32 condae
Márta 7, 2016
Do vóta dé dhíth do “Labhair Linn! Cabhraigh Linn”
Márta 4, 2016
Tá Edel Crosbie ainmnithe le haghaidh duais ag na MEDEA Awards sa Bhruiséal an tseachtain seo chugainn agus tá do vóta uathaí leis an mbua a bhaint amach!
Le bhur dtoil, caithigí bhur vóta do ‘Labhair Linn! Cabhraigh Linn!’ ag an nasc seo: http://media-and-learning.eu/medea-awards-2016 Tacaíonn gach vóta agus is féidir vótáil níos mó ná uair amháin, mar sin ‘vote early and vote often’ agus scaipigí an scéal!
Leigheas faigthe ar an míshuaimhnis i leith na teanga
Márta 3, 2016