Féile na Mí 2012
Deireadh Fómhair 26, 2012
14 Samhain 2012 – 24 Samhain 2012
Beidh Féile na Mí na bliana ar siúl i gCo. na Mí ón 14-24 Samhain agus beidh neart imeachtaí éagsúla á reáchtáil ar fud an Chontae i rith an ama sin.
Mar chuid d’ imeachtaí atá ag dul ar aghaidh le linn féile na bliana seo beidh neart siamsaíocht, seisiúin ceoil mar aon le sean-nós ar siúl i Ráth Chairn.
Beidh neart comórtais éagsúla agus oíche mór amhránaíochta ar an sean-nós ar siúl sa Chlub ar feadh na seachtaine. Aoine 14 Samhain Oscailt Oifigiúil i mBaile Átha Buí in Óstán an Darnley áit a mbeidh neart ceol, amhráin agus damhsa ar an sean-nós agus ar ndóigh beidh sólaistí ar fáil. Ar an Déardaoin, 15 Samhain beidh Ciorcal Comhrá agus seisiún ceoil ar siúl sa Railway Bar sa Cheanannas.
Dé hAoine, 16 Samhain beidh comórtas amhránaíochta ar an Sean Nós do Dhaoine Óga agus beidh coirn éagsúla á bhronnadh ar na buaiteoirí agus I rith an lae ar an Satharn beidh comórtas damhsa ar an Sean-Nós do dhaoine óga á reáchtáil agus bronnfar Corn Chuimhneacháin Mhicí Mhic Dhonncha agus níos déanaí sa tráthnóna beidh an comórtas Damhsa ar an Sean-Nós do dhaoine fásta agus bronnfar Corn Chuimhneacháin Stiofáin Seoighe ar an mbuaiteoir.
Ag 8:00i.n Dé Satharn beidh Comórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós do dhaoine fásta agus beidh Corn Chuimhneacháin Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha le bronnadh ar an mbuaiteoir agus leanfar le neart ceol agus siamsaíocht in ndiaidh na comórtais.
Ar an Aoine, 23 Samhain beidh dinnéar na féile ar siúl i mbialann Dunderry Lodge agus le linn an oíche mhór seo bronnfar Gradam Uí Ghramhnaigh agus Gradam Cultúrtha na Gaeltachta le linn na h-ócáide. Tá ticéad do dhinnéar seo ar fáil ón gChomharchumann áitiúil ag 046 943 2068.
Ar an Satharn 24 Samhain beidh comórtas bodhrán do dhaoine os cionn 16 bliana déag ar siúl i gcuimhne agus in ómós do Martin Kerrane.
Tuilleadh eolais: 046 943 2068 / www.rathcairn.com
Forbairtí i réimse na Gaelscolaíochta le plé ag Comhdháil Oideachais 2012
Deireadh Fómhair 25, 2012
Tiocfaidh muintir na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le chéile ar Dé hAoine, 23 Samhain 2012 don Chomhdháil Oideachais a bheas ar siúl in Óstán an Ardiluan, Gaillimh.
Tá Comhdháil na bliana seo á reáchtáil mar chomhchomhdháil don chéad uair riamh ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna Teoranta. Ag seoladh clár na Comhdhála dúirt Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán Gaelscoileanna Teo., “Táimid ar bís an deis a thabhairt do na rannpháirtithe ón réimse scolaíochta lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht teacht le chéile ag an gComhdháil agus deis iontach a bheith acu foghlaim óna chéile”.
Tá clár spéisiúil leagtha amach ag an dá eagraíocht don Chomhdháil a thitfidh amach an mhí seo chugainn agus is cinnte go gclúdófar réimse leathan ábhar le linn an lae. Bunaíodh an clár ar chur chun cinn na litearthachta agus na huimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus táthar ag súil go gcothóidh an t-ábhar neart plé spéisiúil le linn na Comhdhála.
Dar le Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo., “Tá clár na bliana seo thar a bheith spéisiúil agus spreagúil agus beidh go leor ábhair idir lámha ar an lá a dhéileálfaidh le mórcheisteanna an oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta”.
Cuirfidh an Dr Muiris Ó Laoire tús leis an bplé nuair a thabharfaidh sé aghaidh ar pheirspictíocht na pleanála teanga i gcur i bhfeidhm na straitéise litearthachta agus uimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Leanfar leis an bplé ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta ar feadh an lae agus tabharfar aghaidh ar neart téamaí ábharthachta eile.
Pléifear córas nua an Teastais Shóisearaigh a thiocfaidh i bhfeidhm in 2014, an tumoideachas, cur chun cinn Aistear: creatchuraclam na Luath-Óige, sna naíonáin agus cur chun cinn na féinmheastóireachta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Reáchtálfar an Chomhdháil Oideachais ar an 23 Samhain in Óstán an Ardiluan, Gaillimh agus is féidir gach eolas a fháil ó Gaelscoileanna: 01-8535191 agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta: 026-65885.
Foilsithe ar Gaelport.com
Tús le Teanga is Cultúr 1+2
Deireadh Fómhair 24, 2012
Tá lúcháir ar Choláiste an Phobail, an Rannóg Oideachais i gCultúrlann Uí Chanáin, scéim iontach, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, a chur ar fáil arís i mbliana do pháistí áitiúla a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.
“Tús le Teanga is Cultúr” an t-ainm atá ar an chúrsa seo, agus tá sé ar ais arís i mbliana do pháistí áitiúla idir 5-11 bliana d’aois. Tabharfaidh an cúrsa seo deis do Pháistí áitiúla atá ag freastal ar Bhunscoileanna Béarla ár dteanga dúchas a fhoghlaim agus cultúr na hÉireann a bhlaiseadh trí imeachtaí éagsúla ar a bhfuil ceol, amhránaíocht, drámaíocht, scéalaíocht, ealaín agus damhsa. Bhí an-ráchairt ar an scéim seo anuraidh agus mar geall ar an éileamh sin, beidh muid ábalta 2 leibhéil a sholáthar arís i mbliana, ceann acu do dhream páistí nua agus ceann acu do na páistí a d’fhreastail ar an scéim anuraidh. Is cúrsaí cúig seachtaine déag iad seo agus tosóidh siad ar an 10ú Samhain sa Chultúrlann. Beidh costas £5 ar na cúrsaí seo agus níl ach 30 spás ag gach leibhéal, moltar go gcláraítear pháistí gan mhoill mar geall ar seo.
Tá fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil suim aige sna cúrsaí seo bualadh isteach am ar bith agus clárú do cheann dár ranganna. Déan teagmháil le Fiachra chun tuilleadh eolais a fháil: Fiachra@culturlann-doire.ie nó cuir scairt ar: +44(0)2871264132.
Féile na Samhna ag Cultúrlann Uí Chanáin
Deireadh Fómhair 24, 2012
Luíonn diabhlaíocht dhraíochta thart ar gach coirnéal ag Cultúrlann Uí Chanáin le linn Fhéile na Samhna.
Beidh fearadh na fáilte roimh thaiscéalaithe cróga chuig an Acadamh Hocus Pocus don té ag a bhfuil bua ealaíonta agus draíochtúil idir 11:00 agus 4:00 ar an Chéadaoin 31ú Deireadh Fómhair. Beidh comórtas péintéireachta puimcín agus ranganna ag déanamh olagais agus orthaí ar siúl chomh maith. Thig le gach duine, idir pháistí agus dhaoine fásta, bheith ag éisteacht le scéalta síofrógacha ó sheanchaithe cónaitheacha s’againn a bheidh anseo ó 1-2pm chun na scéalta scanrúla ó sheanÉire a aithris. Bí ar d’fhaichill ar na cailleacha dalba cónaithe a bhíonn ag bruíonachas!
Mar chríoch, beidh scannán scanrúil agus péintéireacht aghaidhe ar fáil don teaghlach iomlán.
Tuilleadh eolais ar fáil ó www.culturlann-doire.ie nó cuir scairt ar 02871264132
Cuireadh chuig seoladh Bhreacadh ag Oireachtas 2012
Deireadh Fómhair 24, 2012
Comórtas BEO!
Deireadh Fómhair 24, 2012
Tá scoilbhliain úr linn arís agus tá BEO! arais arís bliain eile. Bunaíodh BEO! i 2009 i Leitirceanainn le deis a thabhairt do dhaoine óga san Iarthuaisceart ceol beo a chloisteáil ar leac an dorais. Mar is eol dúinn tá neamart déanta san Iarthuaisceart ó thaobh ceoil de. Tá líne tarraingthe trasna ó Ghaillimh go Béal Feirste nuair a thagann sé fhad le ceolchoirmeacha. Téann bannaí ceoil ar chamchuairteanna ó Bhaile Átha Cliath go Port Láirge go Corcaigh go Gaillimh agus díreach trasna go Béal Feirste ag fágáil lucht leannúna ceoil san taobh seo tíre le éad orthu agus turais fhada lena gcuid réaltaí a fheiceáil. Fís atá agus a bhí in BEO le ceol beo a thabhairt go dtí an ceantar le seans a thabhairt do dhaoine óga bannaí úra atá amuigh ansin a fheiceáil i Leitirceanainn don chéad uair. Le 3 bliana anuas anois tá scoth na mbannaí ceoil indiaidh bheith ar an Ardán san Ionad Cultúrtha anseo i Leitirceanainn, ina measc seo tá na Dirty 9’s, Not Squares, More Than Conquerors, Storyfold, Jamaican Vampires, Go Panda Go, In Their Thousands, Disconnect 4, Na Ghandhis, Lost Chord, The Minutes, Le Galaxie, Redwood Avenue, Mojo Gogo, The Capitol, Bamboo Party agus na Wonder Villians i measc roinnt eile. Bhain achán duine sult mhór as na bannaí ceoil seo uilig agus tá roinnt acu le cloisteáil go rialta ar na staisiúin radio in Éirinn agus sa Bhreatain.
Seans ar doigh atá i BEO le tathaí a thabhairt don aos óg a gcuid ceolchoirmeacha féin a eagrú ó thús go deireadh. Bhí an chéad chomórtas de BEO ann an scoilbhliain seo caite agus bhí an tadh ar Ghairmscoil Choláiste Bhaile An Droichid as Loch Garman an bua a bheith acu agus an duais iontach do €5,000 a bheith leo abhaile. I mbliana bhí lainseáil comórtas BEO ar siúl i Loch Garman oíche Aoine seo caite an 19ú Deireadh Fómhar agus chuaigh slua mór as an Iarthuaisceart ar thuras fada le bheith i lathair ag an lainseáil. I measc na mbannaí ceoil a bhí ar an ardán oíche Aoine bhí na Jamaican Vampires as Leitirceanainn agus ard mholadh a fháil acu ó Jackie Hayden as Hotpress a bhí i lathair ar an oíche agus a bhí ar cheann dena moltóirí don chomórtas anuraidh. Tá muid ag súil go mór leis an gcomórtas i mbliana agus tá muid ag dréim leis a bheith i bhfad níos mo ná mar a bhí sé anuraidh agus é fás ó bhliain go bliain amach anseo. Ba mhaith linn buíochas a thabhairt do achán duine atá ag tabhairt tacaíocht do BEO ar dhoigh ar bith agus go leanann siad ar aghaidh ar feadh na blianta amach romhainn.
Tús curtha le hathleasú pátrúnachta i scoileanna na tíre
Deireadh Fómhair 24, 2012
Chuir an tAire Oideachais Ruairí Quinn tús leis an chéad chéim i dtreo bunscoileanna i 44 ceantar a dhífheistiú ó stiúir na hEaglaise Caitlicí de bharr éilimh mhór i measc tuismitheoirí ag lorg córas pátrúnachta a oireann dá gcuid riachtanas.
Chun go cinnteofar go mbeidh mianta an phobail san áireamh, tá suirbhé anois á scaipeadh i measc tuismitheoirí i gcúig cheantar ina bhfuil scoileanna faoi stiúir na hEaglaise Caitlicí le dul faoi phátrúnacht úr: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú, Baile Átha Troim agus an Trá Mhór.
Cuirfear tús le scaipeadh na suirbhéanna sa 39 ceantar eile an mhí seo chugainn agus táthar ag súil go mbeidh pátrúin úra curtha i ngníomh faoi mhí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn má chuireann an líon ceart tuismitheoirí a dtuairimí in iúl.
Is iad An Foras Pátrúnachta; Educate Together; an VEC; National Learning Network; agus Redeemed Christian Church of God na pátrúin a bheidh ag dul san iomaíocht don chúig cheantar seo agus tá treoirlínte géara curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais do na patrúin i dtaobh láimhseála chun go scaipfear eolas i measc tuismitheoirí ar bhealach ceart agus cothrom.
Sa suirbhé, a bheidh á scaipeadh den chuid is mó ar líne, iarrfar ar thuismitheoirí más mian leo réimse níos leithne de phátrúin ar scoileanna, ansin iarrfar orthu vóta a dhéanamh in ord tosaíochta ar na patrúin atá tar éis suim a thaispeáint i dtaobh scoileanna a stiúradh ina gceantair. Iarrfar ar thuismitheoirí chomh maith ar mhian leo scoileanna aon ghnéis nó scoileanna comh-oideachais.
Anuas air sin beidh deis ag tuismitheoirí a léiriú ar mhian leo a bpáistí a chur chuig scoil Béarla nó lán-Ghaeilge.
Is é An Foras Pátrúnachta an príomh-rogha maidir le pátrúnacht do thuismitheoirí ar mhian leo an ghaelscolaíocht agus an tumoideachas a chur chun cinn ina gceantar féin. Tá 61 bunscoil agus 3 meánscoil faoi phátrúnacht an Forais faoi láthair agus na daltaí sna scoileanna sin tumtha sa Ghaeilge ón gcéad lá a fhreastalaíonn siad.
“Tá An Foras Pátrúnachta ábalta freastal ar na mianta éagsúla atá ag tuismitheoirí ó thaobh oideachas lán-Ghaeilge agus sainspiorad Ilchreidmheach, Idirchreidmheach nó Caitliceach.” a dúirt Ard-Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra.
Tá an tAire Ruairí Quinn ag iarraidh ar thuismitheoirí an suirbhé a chomhlíonadh roimh 9 Samhain 2012. Tá gach eolas maidir leis an athleasú pátrúnachta ar fáil ar www.foras.ie agus is féidir teacht ar leagan leictreonach den suirbhé ar www.education.ie.
GAELPORT.COM
Tús leis an bpróiseas chun scoileanna faoin Eaglais Chaitliceach a aistriú go pátrúin eile
Deireadh Fómhair 22, 2012
Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu maidir leis an gcéad chuid den phróiseas i ndífheistiú scoileanna Caitliceacha. Tá suirbhé á dhéanamh chun mianta tuismitheoirí a mheas maidir le cén cineál bunscoil atá uathu dá gceantar.
Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt níos mó roghanna do thuismitheoirí, sa phróiseas seo, ar an gcineál scoil gur mian leo ó thaobh an meán teagaisc agus sainspiorad na scoile.” Lean Ó hEaghra ag rá, “Tá An Foras Pátrúnachta ábalta freastal ar na mianta éagsúla atá ag tuismitheoirí ó thaobh oideachas lán-Ghaeilge agus sainspiorad Ilchreidmheach, Idirchreidmheach nó Caitliceach.”
Tá tús á chur leis an suirbhé i gcúig cheantar: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú (lena n-áirítear An Choill Mhór Thiar agus Beaumont), Baile Átha Troim agus an Trá Mhór. Tá an tAire ag iarraidh ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 09 Samhain 2012. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne ag www.education.ie nó is féidir gach eolas a fháil ar ár suíomh ag www.foras.ie.
Deir ó hEaghra ‘gur deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú’. Lean Ó hEaghra ar aghaidh ‘más mian le tuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge ba chóir dóibh na buntáistí atá leis a mhíniú do thuismitheoirí eile agus a dtacaíocht a lorg.
Tá An Foras Pátrúnachta ag soláthar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh thuismitheoirí ó bunaíodh é i 1993. Beidh eolas cuimsitheach mar gheall ar an bpróiseas ar suíomh An Foras Pátrúnachta (www.foras.ie) agus beimid ar fáil chun eolas a sholáthar ar bhuntáistí oideachas lán-Ghaeilge, an sainspiorad Ilchreidmheach nó fúinn mar phátrún.
Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Caoimhín Ó hEaghra:: 01-6294110 :: eolas@foras.ie
Siobhán Seoighe :: 01-6294110 :: eolas@foras.ie
Féach blag nua AN FORAS PÁTRÚNACHTA anseo.
An tAire Quinn ag iarraidh a dtuairimí faoi roghanna pátrúnachta do bhunscoileanna ar thuismitheoirí
Deireadh Fómhair 22, 2012
Is iad na tuismitheoirí san Inbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú is túisce a ndéanfar suirbhé orthu sa scéim phíolótach
Mar thionscnamh nua, táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí i roinnt áirithe ceantar roghnaithe cé hiad na pátrúin a ba mhaith leo iad a fheiceáil ag reáchtáil a gcuid bunscoileanna áitiúla.
Níos luaithe i mbliana, rinne an Grúpa Comhairleach ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile moltaí don Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD faoi dhífheistiú pátrúnachta áit a bhfuil an daonra cobhsaí agus éileamh ar éagsúlacht chineálacha scoileanna.
Tar éis na torthaí seo a fháil, tá an tAire tar éis tosnú ar phróiseas nua chun an cheist a iniúchadh an bhféadfaí roinnt scoileanna a aistriú go dtí comhlachtaí pátrúnachta eile i 44 ceantar ar fud na tíre.
Táthar ag tosnú inniu ar suirbhé a dhéanamh ar thuismitheoirí páistí réamhscoile agus bunscoile i gcúig cheantar tosaigh. Is iad na ceantair sin ná An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú (An Chill Mhór Thiar agus Beaumont san áireamh) i mBaile Átha Cliath.
Tá cód iompair déanta amach i gcomhairle leis na comhlachtaí pátrúnachta a chuirfidh teorainn le caiteachas ar sholáthar an eolais. Tá an cód ceaptha chun a chinntiú go seolfar na suirbhéanna i mbealach réasúnta, agus go seachnófar tráchtaireacht chonspóideach.
Ag lainseáil an tionscnaimh dó, dúirt an tAire Quinn, “I gcás an-chuid tuismitheoirí is é seo an chéad uair a mbeidh fíor-rogha acu maidir leis an gcineál bunscoile a ba mhaith leo a bpáistí a bheith ag freastal uirthi, bíodh sí sainchreidmheach, il-sainchreidmheach, lán-Ghaelach nó cineál eile.”
“Tá Éire na nua-aoise an-éagsúil agus ní mór dúinn a bheith cinnte go bhfónann ár scoileanna don éagsúlacht seo. Bíodh is go bhfuilimid faoi chomaoin ag comhlachtaí reiligiúnacha mar gheall ar a gcion oibre san oideachas, tá an fhéidearthacht ann anois go n-athrófaí an córas pátrúnachta bunscoile chun gur fearr a mbeadh sé ag réiteach leis an tsochaí atá anois ann.”
Táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí na bpáistí réamhscoile agus bunscoile sna háiteanna seo suirbhéanna a chomhlánú ag cur in iúl céard iad a gcuid roghanna maidir leis an gcineál bunscoile a ba mhaith leo a bpáistí a bheith ag freastal uirthi.
Is éard tá i gceist ná a fháil amach arbh fhearr le tuismitheoirí rogha níos leithne a bheith acu maidir le pátrúnacht scoile ná mar atá acu faoi láthair. Bainfear feidhm as freagraí na dtuismitheoirí chun a chinneadh céard iad na hathruithe, más ann dóibh, gur cheart iad a dhéanamh chun raon níos leithne cineálacha bunscoile a chur ar fail sna háiteanna seo.
Is iad na pátrúin atá ann faoi láthair sna cúig cheantar phíolótacha ná An Foras Pátrúnachta agus easpaig de chuid na hEaglaise Caitlicí agus Eaglais na hÉireann.
Is iad na comhlachtaí pátrúnachta atá tar éis a léiriú go mba shuim leo bheith ina bpátrúin ar scoileanna dífheistithe sna cúig cheantar ná An Foras Pátrúnachta, Ag Foghlaim le Chéile, CGOanna, an Líonra Náisiúnta Foghlama, agus an Redeemed Christian Church of God.
Lean an tAire Quinn air, “Táim ag gríosú na dtuismitheoirí intofa go léir chun deimhin a dhéanamh de go n-éistfear dá nglór trí páirt a ghlacadh sna suirbhéanna seo. Deis stairiúil í seo do thuismitheoirí chun tírdhreach na bunscolaíochta a athchumrú do na glúine atá le teacht.”
“Tar éis don suirbhé a bheith píolótaithe sna cúig cheantar tosaigh, beimid á chur i bhfeidhm sna 44 ceantar eile an mhí seo chugainn.”
Is é an Grúpa neamhspleách um Scoileanna Nua a Bhunú a dhéanfaidh maoirseacht ar phróiseas an tsuirbhé. Foilseoidh an Roinn tuairiscí mionsonraithe ar thorthaí na suirbhéanna.
Má shonraíonn na suirbhéanna éileamh ar phátrúnacht eile sna ceantair seo, breithneoidh an Roinn aistriú phátrúnacht scoileanna i gcomhar leis na pátrúin atá ann cheana.
Tá an suirbhé le fáil ag: www.education.ie agus iarrtar ar gach tuismitheoir agus caomhnóir intofa é a chomhlánú ar líne faoi 9ú Samhain. Moltar do thuismitheoirí agus caomhnóirí a n-uimhir PSP a bheith in aice láimhe acu nuair a bheidh siad ag rochtain ar an suirbhé ar líne mar iarrfar seo chun críocha bailíochtaithe.
Tá líne chabhrach saor ar fáil sa Roinn d’aon duine a bhfuil deacrachtaí ar bith aige/aici ag comhlánú an tsuirbhé: 1800 303621. Beidh an Líne Chabhrach seo ar oscailt ó 9.30am go 1pm agus ó 2pm go 5pm ón Luan go dtí an Aoine.
Mas rud é nach féidir le tuismitheoirí rochtain ar an suirbhé ar líne, is féidir cóip chrua a iarraidh ach glaoch a chur ar an uimhir shaorghlao 1800 303621.
CRÍOCH
Liosta nuashonraithe ceantar le cur san áireamh i gcéim tosaigh na suirbhéanna
An tInbhear Mór
Béal an Átha
Béal Átha na Sluaighe
Baile Formaid/Séipéal Iosóid/Baile Phámar/Gort na Silíní[1]
Droichead na Bandan
Biorra
Bun Cranncha
Carraig na Siúire
Carraig Uí Leighin
Caisleán an Bharraigh
Cill Droichid
Cluain Meala
Cóbh
Baile Átha Cliath 6
Dún Garbháin
Éadan Doire
Inis Córthaidh
Mainistir Fhear Maí
Ceanannas
Cill Dara
Cill Airne
Léim an Bhradáin
An Longfort
Baile Locha Riach
Mullach Íde
Muineachán
An tAonach
Ros Mhic Thriúin
An Pasáiste Thiar
Port Mearnóg
Ros Comáin
Ros Cré
An Ros
Sionainn
Na Sceirí
Durlas
Tiobraid Árann
Trá Mhór
Baile Átha Troim
Tuaim
Cathair na Mart
Cill Mhantáin
Eochaill
Fionnbhrú (An Chill Mhór Thiar agus Beaumont san áireamh)
[1]Nótail le do thoil go bhfuil an ceantar seo ag dul in ionad Baile Átha Cliath 4 sa liosta bunaidh de 44 ceantar, mar go n-osclófar bunscoil nua sna blianta atá le teacht a chuirfidh éagsúlacht ar fáil i gceantar Baile Átha Cliath 4
Gabhann Comhairle na Gaelscolaíochta comhghairdeas le Scoil na Fuiseoige
Deireadh Fómhair 22, 2012
Foirgneamh Úr Scoil na Fuiseoige
Dúirt Dr. Micheál Ó Duibh Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, “Tá áthas orm gur cuireadh cuireadh orm bheith i láthair ag oscailt fhoirgneamh na scoile úire Scoil na Fuiseoige. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an scoil as an chuireadh seo. Is cúis bhroid dom bheith mar chuid d’earnáil atá go fóill ag fás agus ag forbairt. Is léiriú maith é Scoil na Fuiseoige ar an fhás agus ar an fhorbairt sin in earnáil na gaelscolaíochta agus rachaidh infheistíocht na Roinne Oideachais go mór ar leas dhaltaí na gaelscolaíochta sa chuid seo de Bhéal Feirste”.
Anuas air seo dúirt an Dr. Micheál Ó Duibh, “Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil le gach duine a raibh baint acu le Scoil na Fuiseoige go háirithe Príomhoide na Scoile Eilís Uí Neill, Bord Gobharnóirí, foireann, tuistí, daltaí agus pobal iomlán na gaelscolaíochta sa cheantar. Gabhaim comhghairdeas daoibh as an obair uilig atá curtha isteach acu leis an staid seo i bhforbairt na scoile a bhaint amach. Tá áthas orm fosta go raibh Comhairle na Gaelscolaíochta ábalta tacaíocht a thabhairt don scoil ina feachtas le cóiríocht chuí a fháil don scoil”.
“Tá an scoil seo anois go hiomlán réidh agus ullmhaithe chun riar ar riachtanais dhaltaí na gaelscolaíochta sa blianta atá amach romhainn agus guím gach ráth ar phobal na scoile sna blianta atá amach romhainn”.