Naíonra Lios na nÓg
Samhain 1, 2016
An Corn Sam Mhic Uidhir sa naíonra.
(English) Oiche Shamhna Bunscoil an Iúir
Deireadh Fómhair 27, 2016
Cúram Leanaí Bheal An Átha Móir Teo
Deireadh Fómhair 24, 2016
Tá Cúram Leanaí Bheal An Átha Móir Teo, Co. Liatroma ag ceiliúradh fíche bliain ar an bhfód. Osclaíodh é ar an 21 Deireadh Fómhair 1996.
Nuachtlitir an CNCM
Deireadh Fómhair 21, 2016
Dea-scéal fógartha sa Bhuiséad do Scoileanna Aon-Oide
Deireadh Fómhair 12, 2016
Fáiltíonn Gaeloideachas (Gaelscoileanna Teo.) roimh fhógra an Aire Bruton go gceadófar an dara múinteoir do gach scoil oileáin gur scoil aon oide í agus an dara múinteoir do gach scoil gur scoil aon oide í ar an mórthír a bhfuil múinteoir i bhfeighil 6 rang nó os a chionn. Ar fíor-bheagán infheistíochta ag leibhéal na Roinne, tá inmharthanacht scoileanna beaga oileáin níos daingne. Gabhann muid buíochas leis an Aire Kyne, T.D. a chabhraigh go mór le feachtas Scoil Náisiúnta Inis Meáin ina leith, agus a léirigh an-tacaíocht do chás na scoileanna beaga, inmharthanacht na n-oileán agus caomhnú na Gaeilge. Comhghairdeas leis na scoileanna a mbaineann an dea-scéal seo leo. Tá sé i gceist ag Gaeloideachas tabhairt faoi fheachtas stocaireachta ar cheist an chóimheasa sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sna míonna atá romhainn.
Tionól Teagaisc 2016
Deireadh Fómhair 11, 2016
Beidh Tionól Teagaisc 2016 á reáchtáil ag an PDST ar an Sathran 22 Deireadh Fómhair in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath (09:00 – 16:00) Seimineár Náisiúnta Gaeilge atá sa Tionól Teagaisc do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile. Is féidir le múinteoirí freastal ar rogha ceardlann phraiticiúil faoi mhúineadh na Gaeilge agus éisteacht le múinteoirí agus le saineolaithe éagsúla ag labhairt faoi ghnéithe ar leith de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge.Is féidir clarú ag http://www.pdst.ie/ga/comhdhalacha
Bronnadh ag Tuistí i gColáiste de hÍde
Deireadh Fómhair 3, 2016
Bronnadh ó Chairde de hÍde
Ag ócaid ceiliúradh Fháilte do Bhliain a haon nua i gColáiste de hÍde bhronn cathaoirleach Chairde de hÍde (Cumann na dTuistí) Clár Uí Mhurchú dearbhán ar bheirt dhalta bhliain a sé 2016 don dhalta a fuair na torthaí is fearr sa choláiste i.e. Riain Leon agus don dhalta leis an iarracht is fearr Lisa Ní Mhuirí.
Beidh Rian ag freastal ar Scoil Acadamh Ríoga na Mainlia agus beidh Lisa ag freastal ar Institiúid Theicneolaiochta Thamhlachta. Guíonn Cairde gach rath ar na daltaí uilig ina gcúrsaí agus ina ngairmeacha amach anseo.
Is Eolaí Mé ag tosú tráthnóna ar Cúla 4!!
Meán Fómhair 20, 2016
Ná déanaigí dearmad go bhfuil an tsraith nua eolaíochta ‘Is Eolaí Mé’, dírithe ar dhaoine óga idir 8-12 bliain d’aois ag tosú tráthnóna ar Cúla 4 ag 5.25i.n – Beidh an clár á chraoladh gach Máirt agus Déardaoin as seo go Nollaig! Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 chomh maith, a bheidh an-úsáideach do mhúinteoirí sa seomra ranga. Seolfar an suíomh gréasáin www.cula4.com/iseolaime inniu chomh maith agus beidh gach eolas le fáil anseo faoi thurgnaimh eolaíochta, faoin mír ‘Déan é seo sa Bhaile’ agus gach ní eile a bhaineann leis an gclár.
Is faoi chúrsaí Maighnéadas atá an chéad chlár agus téama difriúil á chur i láthair ag Peadar i ngach clár. An raibh a fhios agat gur maighnéad mór amháin é an domhan agus an ghrian chomh maith? An raibh a fhios agat go bhfuil maighnéid i ríomhairí, i dtáibléid agus i bhfóin phóca? Inniu tugann Peadar cuairt ar cheann de na maighnéid is mó sa tír ag ionad athchúrsála miotail. Téann Úna & a cairde ag treodóireacht sa choill agus caithfidh siad an bealach a dhéanamh ag úsáid léarscáil agus compás.Beidh Dylan Seoighe & Chelsea Seoighe ag cabhrú le Peadar sa stiúideo chun maighnéad a dhéanamh. Cuireann Aodh an dallamullóg ar an Ollamh nuair a théann sí i bhfolach faoin mbord le maighnéad mór.
Beidh an-spraoi ag Peadar, Úna agus a gcairde ag fiosrú cúrsaí eolaíochta i ngach clár mar sin déanaigí cinnte a bheith ag féachaint ar Cúla 4 gach Máirt agus Déardaoin ag 5.25 sa tráthnóna!!
Cumann na bhFiann 2016-2017
Meán Fómhair 20, 2016
Tá na sonraí ar fad ceangailte maidir leis an ngréasán d’Óg Clubanna a bheidh ag oscailt againn ar fud na tíre an tseachtain seo. Tá na Clubanna dírithe ar an aois grúpa 10-18 agus fáiltítear aon bhall nua gur mian leo a chuid Gaeilge a chleachtadh agus a húsáid go rialta ar bhonn sóisialta.
Má tá ceist ar bith agat faoi na Clubanna seo, ní gá ach teagmháil a dhéanamh ar ais liom nó leis na huimhreacha in aice na gClubanna ar an liosta.
Íoslódáil an liosta anseo: clubanna-cumann-na-bhfiann-2016-2017
Cumann na bhFiann | Ionad Óige na hÉireann | Droim Rí | Co. na Mí | A85 K221
Fón (+3531) 825 9342
Rphost traic@cnb.ie | Suíomh www.cnb.ie
Comhrá ’16
Meán Fómhair 13, 2016
Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt faoi churiarracht domhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh a bhaint amach. Beidh Comhrá ’16 á reáchtáil ag an gConradh ó 11/10/16 go 18/10/16 agus faoi láthair tá scoileanna á lorg acu le páirt a ghlacadh sa churiarracht. Is féidir le scoil ar bith páirt a ghlacadh ar feadh uair a chloig (nó níos mó, más spéis libh). Ní theastaíonn ach idirlíon agus ríomhaire le ceamara.
Tá tuilleadh eolais ar fáil san fhíseán thíos nó ar snag.ie/comhra