An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas: Páipéir roghnaithe ar fáil anois i bhfoirm PDF
Lúnasa 4, 2016
Níos mó ná riamh, tá gá le béim a chur ar thaighde, ar oideachas agus ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí chun machnamh agus iniúchadh a dhéanamh ar bhuanna agus ar dhua an oideachais lán-Ghaeilge. Tá plé gairmiúil lánbhrí den sórt sin ríthábhachtach le haghaidh rath agus fhás leanúnach an oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn agus le haghaidh an tumoideachais ar fud na cruinne.
Is ar an mbonn sin a eagraíodh An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas ar an Aoine 15 Bealtaine agus ar an Satharn 16 Bealtaine 2015 i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Ghlac lucht acadúil, cleachtóirí agus daoine gairmiúla páirt sa díospóireacht chriticiúil ar na ceisteanna leanúnacha agus ar na freagraí nuálacha ar leith a bhaineann leis an tumoideachas. Tá toradh ar an díospóireacht chriticiúil ar cuireadh tús léi ag an gcomhdháil le fáil sna hailt atá á bhfoilsiú mar imeachtaí na comhdhála san imleabhar seo, An Tumoideachas: Bua nó Dua.
Tá léargas san imleabhar ar threochtaí reatha taighde ar an tumoideachas i gcomhthéacs uile-oileánda na hÉireann. Tá 19 n-alt phiarmheasúnaithe sa leabhar seo atá curtha in eagar ag T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire. Tá na hailt bunaithe ar chuir i láthair a rinneadh ag an gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. Léirítear sna páipéir seo scoth an taighde agus an chleachtais a bhaineann le gnéithe éagsúla den tumoideachas teanga. Cuireann na húdair taighde nua i láthair agus déanann siad a machnamh ar na féidearthachtaí atá ann leis an oideolaíocht agus na beartais i réimse an tumoideachais a neartú. Cuntas cuimsitheach é atá sothuigthe mar sin féin, agus tabharfar suntas do na hailt i measc múinteoirí, taighdeoirí, oideoirí múinteoirí, lucht deartha curaclaim agus lucht déanta beartas atá ag obair i gcomhthéacsanna oideachais teangacha agus ag plé leo sin. Deis atá sa leabhar chun idirphlé tuisceanach thar chomhthéacsanna éagsúla agus malartuithe eolais a chur ar bun.
Tá An Tumoideachas: Bua nó Dua ar fáil go digiteach thíos.
An Tumoideachas: Bua nó Dua – Páipéir roghnaithe
Ciste do Learbharlanna ar fáil ó Fhoras na Gaeilge
Iúil 28, 2016
Tá ciste ar fáil ó Fhoras na Gaeilge arís i mbliana chun tacú le leabharlanna ócáidí liteartha Gaeilge a reáchtáil. Is deis iontach í seo do leabharlanna timpeall na tíre cur lena gcuid clár reatha agus iad a leathnú.
Gach eolas anseo
Deireadh Seachtaine Bia agus Beocht
Iúil 28, 2016
Deireadh Seachtaine Bia agus Beocht
12 + 13 Samhain / November
Má tá suim agat scileanna cócaireachta a fhoghlaim as Gaeilge agus timpeallacht an Daingin a fheiscint sé seo do sheans deireadh seachtaine a chaitheamh anseo sa Daingean agus linn sa Scoil Chócaireachta!
Foghlaim scileanna nua sa chistin linn sa scoil chócaireachta agus bain taitneamh as áileacht agus saibhreas na leithinise le linn na siúlóidí agus turasanna eagraithe.
Is féidir ráta speisialta a fháil don deireadh seachtaine iontach seo i dtithe lóistín den scoth ar an mbaile.
Liosta lóistíní le ráta speisialta ná:
Óstán Benners
Greenmount House
Lighthouse B&B
Pax House
Bamburys Guesthouse
YNA Dingle Cottages
*luaigh an Scoil Chócaireachta seo agus tú ag cur do lóistín in áireamh chun an ráta speisialta a fháil*
Ag súil tú a fheiceáil sa Daingean!
Chun an deireadh seachtaine seo a chur in áireamh
Glaoigh ar 086 872 3521 nó
r-phost info@dinglecookeryschool.com
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin deireadh seachtaine seo, nó faoi aon chúrsa eile, lean an nasc www.dinglecookeryschool.com
Áis nua foilsithe ag CARLA dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais agus Tumoideachas
Iúil 20, 2016
Tá lámhleabhar nua foilsithe ag CARLA dár teideal Struggling Learners and Language Immersion Education: Research-Based, Practitioner-Informed Responses to Educators’ Top Questions. Cuimsíonn sé eolas a bheadh ina chabhair do thuismitheoirí agus oideachasóirí. Tá tuilleadh eolais maidir leis, chomh maith le háiseanna ábhartha, ar fáil ar shuíomh CARLA: http://carla.umn.edu/immersion/learners.html.
Tuilleadh díomá do thuismitheoirí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath a bhí ag feachtasaíocht ar son scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach
Iúil 15, 2016
Lorg An Foras Pátrúnachta athbhreithniú le deireanaí ar chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna gan aon soláthar a chur ar fáil don 733 páiste i gceantar Marino/Dhroim Conrach/Bhaile Átha Cliath 1 a bhí ag lorg oideachas lán-Ghaeilge ilchreidmheach. Tá an-díomá ar thuismitheoirí an cheantair le freagra an Aire Oideachais agus Scileanna ar an gceist – nach bhfuil sé toilteanach aon aitheantas a thabhairt do scoil lán-Ghaeilge nua in ainneoin an éilimh ollmhóir ó thuismitheoirí áitiúla agus brú ó Gaelscoileanna Teo. agus An Foras Pátrúnachta araon. Leanfaidh Gaelscoileanna Teo. ag plé leis na tuismitheoirí áitiúla agus eagrófar cruinniú leo sna laethanta amach romhainn chun deiseanna éagsúla a phlé agus le haiseolas a lorg maidir leis an bpróiseas pátrúnachta – eolas a roinnfear leis an Roinn.
Is féidir litir an Aire Oideachais agus Scileanna a léamh anseo
Achainí, Scoil an Droichid i mBéal Feirste
Iúil 6, 2016
Tá feachtas ar bun ag Scoil an Droichid i mBéal Feirste in aghaidh ciorraithe atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais, a mbeidh impleachtaí suntasacha acu don soláthar lán-Ghaeilge. Tá tuilleadh eolais agus achainí na scoile le léamh ar https://www.change.org/p/peter-weir-mla-call-on-the-minister-of-education-to-reverse-decision-of-cuts-to-ime-nurture-prevision?recruiter=44955402&utm_source=share_petition&utm_medium=email&utm_campaign=share_email_responsive
Léigh an préasráiteas thíos:
“On Friday afternoon 24th June at the end of the school day, and on the last week of term Principal of Scoil an Droichid Fionnguala Mc Cotter was informed by the Department of Education (DE) that funding for our much needed nurture group had been cut in the June monitoring round, despite an identified need by the Education Authority (EA) and that same department. Nurture Groups have been in operation for some years, 30 schools in the North of Ireland and 11 schools in Belfast, with a notable absence of Irish Medium Schools (IM). Scoil an Droichid applied and were eligible in this initial cohort. Two years later DE finally realised the inequality of this first pilot scheme and the need for a second cohort of IM schools. Scoil an Droichid and Bunscoil Bheann Mhadagáin were instructed to open these essential nurture groups in September 2016. Thus, our schools employed and trained nurture teachers and assistants. EA provided whole staff training in both schools. Resources were ordered and rooms refurbished and huge investments made. Parents and children were informed and provision celebrated by all.
Our communities are utterly devastated and deeply disappointed at the Minister’s questionable decision, particularly at this late stage considering our careful planning and preparation. Is this the beginning of the attack on IM schools? Please join us tomorrow at 10am at Stormont. WE CANNOT ALLOW THIS TO HAPPEN TO OUR CHILDREN AND COMMUNITIES. Tacaigí lenár dteaghlaigh”
Dearbháin ar luach €5000 nó £5000 le buachan ó National Book Tokens
Iúil 1, 2016
Comórtas chun dearbháin ar luach €5000 nó £5000 le buachan ó National Book Tokens. Cuir do scoil áitiúil chun cinn inniu agus b’fhéidir go mbuafá féin dearbhán €100/£100 ag an am céanna.
Your school needs you! Win £5,000 (€5,000) of National Book Tokens – enough to buy hundreds of books for the library. To sweeten the deal, you’ll also get £100 (€100) of National Book Tokens for yourself!
Spriocdháta/Competition closes 31ú Iúil 2016
Spás Súgartha Nua i nGaelscoil Uí Riada
Iúil 1, 2016
Osclaíodh spás súgartha nua i nGaelscoil Uí Riada, Wilton, Corcaigh, ar an 7ú Meitheamh. ‘Cúl an Tí’ a thug muintir na scoile ar an spás iontach seo. Is áit súgartha í – ach le dífríocht – ‘siad daltaí na scoile a bhí lárnach i bpleanáil an spáis. Chabhraigh baill ón Roinn Teiripe Saothair in Ollscoil Chorcaí leis an scoil le dearadh an spáis agus lorgaíodar tuairimí na ndaoine a bheadh á úsáid – na daltaí féin.
Tá na gnéithe ann a bhionn i ngach spás – sleamhnán, balla dreapadóireachta, dréimire rópa, bíomaí chun cothromaíocht a fhorbairt. I dteannta sin tá bothán ann gur féidir le daltaí suí lena gcairde agus ciorcal cainte a úsáidtear mar sheomra ranga ‘amuigh faoin aer’.
Is as adhmad agus ábhair nadúrtha atá sé tógtha agus fágtar cúinní ag fás go fiáin leis. Is breá le daltaí na scoile ó naíonáin go dtí na hardranganna ‘Cúl an Tí’ agus é lán de ‘iontaisí an tsaoil’.
Stiúrthóir do Champa Samhraidh Locha Riach de dhíth.
Meitheamh 21, 2016
Beidh an campa ar siúl ón 2 go dtí an 12 Lúnasa 2016.
Maidir le stiúrthóir an champa:
-Beidh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach.
-Múinteoir bunscoile lánaimseartha atá a dhíth.
Beidh fáilte roimh iarratais, roimh 30 Meitheamh 2016, ag na seoltaí seo a leanas: oifig@lochariach.com.
Má tá suim agat sa phost seo, cuir scairt le do thoil ar Mharcas, Gaeilge Locha Riach, 0871953884.
Is féidir tuilleadh eolais faoin eagrais seo a fháil ar www.lochariach.com.
Má tá spéis agat bheith i do bhall foirne téigh i dteagmháil linn.
Iris Shruth na Gaeilge, Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha, ar fáil ar líne
Meitheamh 20, 2016
Tá an t-eagrán is déanaí de Scéala Scoile, Iris Shruth na Gaeilge, Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha, ar fáil ag an nasc thíos:
https://issuu.com/scealascoile/docs/sc__ala_scoile__eagr__n_29__meithea/1
Tá na 4 eagrán a foilsíodh i mbliana ar fáil ag www.issuu.com/scealascoile