Lá Gaeilge CLG i gColáiste na Rinne
Feabhra 25, 2014
Is áil le Coiste Cultúrtha na Mumhan CLG a fhógairt go mbeidh an tríú Lá Gaeilge CLG á reachtáil i gColáiste na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge ar an Satharn 8 Márta 2014. Tugann an teacht le chéile seo deis do dhaoine blaiseadh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht a fháil i slí atá taitneamhach agus spéisiúil. Tá sé mar aidhm ag an CLG an Ghaeilge agus ár gcultúr a chur chun cinn i measc na mball agus is ag tógaint ar an mbunús sin a eagraítear an lá seo.
Tá cainteoirí aitheanta mar chuid den lá i mbliana agus aithne go náisiúnta orthu. Beidh plé ar ról an chlub sa chumann ag Eoin Breathnach ó Phort Láirge. Labhróidh Liadh Ní Riada faoi chúrsaí Gaeilge go ginearálta agus stair na teanga go dtí an lá inniu. Roinnfidh Míchéal Ó Muircheartaigh a chuimhní ar shaol an CLG agus labhróidh iar-Uachtarán an Chumainn sa tráthnóna. Beidh deis ag rannpháirtithe an lae plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha a bhaineann leis an gCumann Lúthchleas Gael agus críochnófar an lá le cúpla amhrán.
Tuilleadh eolais ar www.munstergaa.ie nó odrisleain@gmail.com nó 087-7938709
Ó Cuirreáin éirithe as, Ó Domhnaill le ceapadh ag Uachtarán na hÉireann
Feabhra 24, 2014
Rún ainmniúchán an Choimisinéara Teanga rithe i nDáil Éireann agus Seanad Éireann
Agus Seán Ó Cuirreáin ag éirí as a ról mar Choimsinéir Teanga ag an deireadh seachtaine, bhailigh na sluaite sa Spidéal le slán a fhágáil leis an chéad Choimisinéir Teanga ceaptha riamh agus lena gcuid míshástacht a chur in iúl don Rialtas faoin mbealach a bhfuil an státchóras ag caitheamh le pobal na Gaeilge.
Ó Oifig an Coimisinéara Teanga sa Spidéal áit a ngabhadh buíochas le Seán Ó Cuirreáin as an obair a rinne sé thar na 10 mbliana a chaith sé mar Choimisinéir, shiúil an léirsiú go hOifig na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha agus fágadh litir ann don Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., ag impí air seasamh a thógáil ar son phobal na Gaeilge agus Gaeltachta agus athrú meoin, athrú polasaí, agus athrú chur chuige a lorg ag leibhéal an Rialtais.
Iarradh ar an Rialtas Acht na Gaeltachta 2012 a leasú ionas go leagfaí síos teorainn Ghaeltachta bunaithe ar chritéir theangeolaíoch agus go gcuirfí polasaí láidir i bhfeidhm ag cinntiú go soláthródh an státseirbhís seirbhís Gaeilge leordhóthanach do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.
Ag glacadh buíochais leis an slua a bhí i láthair ar an Domhnach, chuir Seán Ó Cuirreáin fáilte roimh Rónán Ó Domhnaill mar Choimisinéir Teanga nua atá le ceapadh go luath.
Ritheadh rún ainmniúchán Uí Dhomhnaill i nDáil Éireann ar an Máirt seo caite agus i Seanad Éireann ar an gCéadaoin. Cuireadh fáilte roimh ainmniúchán Uí Dhomhnaill sa dá Theach ach ardaíodh neart ceisteanna agus buarthaí maidir le staid reatha na Gaeilge.
Léirigh muintir an fhreasúra an-díomá le cinneadh Sheáin Uí Chuirreáin éirí as a ról agus mar a rinneadh sa Spidéal ag an deireadh seachtaine, tugadh ardmholadh dó agus dá fhoireann as an méid a baineadh amach thar thréimhse 10 mbliana.
Mar chuid den phlé a bhí ann maidir leis an ainmniúchán, moladh an slua 10,000 duine a shiúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le déanaí mar chuid de Lá Mór na Gaeilge agus leagadh an-bhéim, sa Dáil agus sa Seanad, ar éilimh an fheachtais. Cáineadh an chaoi a gcaitheann an Rialtas leis an nGaeilge agus maíodh gur gá don Rialtas díriú ar riachtanais phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.
Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais agus tá curtha in iúl ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil na socruithe cuí á gcur in áit le hOifig Mhichíl D. Ó hUiginn chun séala an Uachtaráin a bhronnadh ar an Uasal Rónán Ó Domhnaill an-luath.
Foilsithe ar Gaelport.com
Céilí Mór & Féile i gCorcaigh
Feabhra 24, 2014
An dtaitníonn rince leat? Chuir ort do chuid bhróga agus téir chuig Sráid an Chapaill Bhuí ar an 2ú Márta! Beidh go leor Craic, Ceol agus Rince ann, chomh maith le margadh! Beidh an céilí agus an féile ar siúl mar chuid de Mhí na Gaeilge 2014. Bígí Linn!
Do you enjoy dancing? Put on your dancing shoes and go to Grand Parade on the 2nd of March. There will be plenty of music, dancing and craic, as well as a Market. The Céilí and Festival is running as part of Irish Month 2014! Join Us!
https://www.facebook.com/events/410759889027061/
Bain cáilíocht idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge
Feabhra 20, 2014
Ar mhian leat dearbhú a fháil maidir leis an leibhéal Gaeilge atá agat? Tapaigh an deis sa bhliain 2014 le scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).
Is córas scrúdaithe é TEG d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Tá éileamh leanúnach ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoirí Gaeilge ar cháilíocht TEG atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, Forbairt Naíonraí Teoranta, Coimisiún Fulbright, An Garda Síochána agus eagraíochtaí eile.
Tá sé fógartha ag Ionad na dTeangacha Ollscoil na hÉireann Má Nuad go mbeidh scrúduithe Gaeilge á reáchtáil i naoi n-ionad ar fud na tíre agus thar lear i Nua Eabhrac, Prág, Páras agus Ottawa.
Tá gné nua ag baint leis an gcóras scrúdaithe le cúpla bliain anuas a dhíríonn ar scileanna labhartha amháin. Is féidir páirtchreidiúint TEG a bhaint amach agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh ag gach leibhéal. Is buntáiste mór é an pháirtchreidiúnt seo do dhaltaí meánscoile atá ag réiteach do scrúduithe cainte Gaeilge mar aon le daoine fásta a bhfuil cumas láidir labhartha acu.
Beidh scrúduithe 2014 ar siúl i mí Aibreáin, Bealtaine agus Meitheamh. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 21 Feabhra 2014 do na meánscoileanna agus 14 Márta 2014 d’iarrthóirí eile.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.teg.ie nó glaoch a chur ar (01) 708 3737.
Foilsithe ar Gaelport.com
Agóid ‘Slán le Seán’ ar an Domhnach
Feabhra 19, 2014
Tá máirseáil agóide eagraithe i gConamara faoin téama ‘Slán le Seán’ ar an Domhnach seo chugainn, 23 Feabhra 2014, an lá deireanach do Sheán Ó Cuirreáin ina phost mar Choimisinéar Teanga. Tá deich mbliain caite aige ag tathaint ar an státchóras cloí leis an reachtaíocht maidir le seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Sa deireadh d’éirigh sé as oifig de bharr frustrachas leis an easpa dul chun cinn. Ag fógairt go raibh sé le éirí as an bpost, dúirt sé gurb é an rogha a bhí aige ná ‘seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.’
Tá lucht eagraithe na hagóide ag iarraidh ar dhaoine bailiú le chéile ag 2i.n taobh amuigh de Oifig an Choimisinéara sa Sídheán, An Spidéal i gCo. na Gaillimhe agus is siúlóid tuairim is sé ciliméadar atá i gceist.
Ar an Domhnach tabharfar litir ar lámh do Sheán Ó Cuirreáin, ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre le deich mbliain anuas. Tá sé i gceist ansin ag an lucht agóide siúl soir chomh fada le oifigí Roinn na Gaeltachta, áit a mbeidh litir á shíneadh isteach don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley,ag cur míshástachta pobal na Gaeltachta is na Gaeilge in iúl dhó agus ag iarraidh air féin agus ar an rialtas, deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht ina dteanga féin. Tá sé i gceist ina dhiaidh sin filleadh ar Tigh Phádhraicín in aice láimhe le haghaidh sólaistí agus seisiún amhránaíochta is ceoil.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoin máirseáil ar an Domhnach trí glaoch ar (091) 593185 nó (086) 4048881.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúrsa sa Saibhreas Teanga
Feabhra 19, 2014
Cur síos ar an gcúrsa:
Is cúis dóchais d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, go bhfuil an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus í á labhairt ag scoth na gcainteoirí. Chuige sin, tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag eagrú cúrsa seachtaine atá dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara.
Beidh an bhéim ar nádúr na Gaeilge – stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha, dul na Gaeilge, tráthúlacht agus deisbhéalaíocht etc. agus cruinneas teanga.
Beidh scoth na gcainteoirí agus na dteagascóirí ag roinnt a gcuid eolais le rannpháirtithe an chúrsa agus beidh neart deiseanna ann cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi chúrsaí foclóra, foghraíochta, nádúr na cainte agus go leor eile!
D’fheilfeadh sé seo do dhaoine
- a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus cleachtadh acu ar í a labhairt
- a rinne an Dioplóma sa Ghaeilge, céim sa Ghaeilge nó a bhain amach cáilíocht acadúil sa Ghaeilge
- atá ag múineadh
- atá ag obair sna meáin chumarsáide
- a bhfuil suim acu i gCanúint Chonamara
- a bhfuil leaganacha cainte agus nathanna dúchasacha ligthe i ndearmad acu
- a airíonn go bhfuil an iomarca Béarlachais trína gcuid cainte
- atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus ar mhaith leo go mbeadh canúint na háite agus Gaeilge nádúrtha ag a gcuid gasúr
NB Ní fheilfeadh an cúrsa seo do dhaoine atá fós ag foghlaim na teanga.
Dátaí: 30 Meitheamh – 04 Iúil 2014
Costas: €260 (táille teagaisc)
Tuilleadh eolais: cursaigaeilge@oegaillimh.ie
nó
An Rúnaí, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Foilsithe ar Gaelport.com
Lá Mór na Gaeilge – Tús Feachtais
Feabhra 18, 2014
Ghlac suas go 10,000 duine páirt sa léirsiú a reáchtáladh i mBaile Átha ag an deireadh seachtaine
Shiúil pobail ó cheann ceann na tíre, thuaidh agus theas, ón nGairdín Chuimhneacháin go Dáil Éireann i mBaile Átha Cliath ar an Satharn lena gcuid míshástacht leis an gcaoi a bhfuil an Rialtas ag caitheamh leis an nGaeilge a léiriú mar chuid de Lá Mór na Gaeilge.
Thug busanna ó fud fad na tíre aghaidh ar an bpríomhchathair áit ar bhailigh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar gach aois ghrúpa mar aon le daoine ón mórphobal chun a gcearta teanga agus comhionannas don Ghaeilge a éileamh.
Shiúil an slua go beomhar tríd an chathair agus bratacha agus éadaí dearga á gcaitheamh ag an bhformhór acu i dtaca leis an téama Dearg le Fearg. Ceann scríbe an léirsithe, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, ab ea Sráid Molesworth áit a reáchtáladh slógadh mór le ceol, caint agus ceiliúradh.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, “Níl pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar an dá Rialtas mar gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dhlí shásúil dá gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid”.
“Bhí sé mar sprioc ag Lá Mór na Gaeilge brú a chur ar na Rialtais an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an teanga don tír a aithint, móide aitheantas a thabhairt don fhíric go bhfuil grá ag móramh ar oileán na hÉireann don Ghaeilge, ach níl sa mhórshiúl ach tús an fheachtais chun cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin”, a dúirt sé.
Ag eascairt as cruinnithe poiblí a reáchtáladh timpeall na tíre le cúpla mí anuas, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus ag lucht Lá Mór na Gaeilge le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ón dá Rialtas ná:
Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh
Tús feachtais
Tús feachtais a tugadh ar an léirsiú ag an deireadh seachtaine agus táthar ag súil le mórfheachtas a chur ar bun le cothrom na Féinne a bhaint amach do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta.
An chéad chéim eile don fheachtas anois ná siúlóid i gConamara ar Dé Domhnaigh, 23 Feabhra – dáta éirí as Sheáin Uí Chuirreáin mar Choimisinéir Teanga. Cuirfear tús leis an léirsiú ‘Slán le Seán’ ag 2.00pm ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal. Tabharfar litir buíochais don Choimisinéir sula tabharfar faoin siúlóid go Ceanncheathrú na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha áit a bhfágfar litir d’Aire Stáit Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., le míshástacht phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur in iúl dó.
Cuirfear pleananna in áit maidir le bealach chun cinn an fheachtais ag seimineár gnímh a bheas ar siúl ar Dé hAoine, 28 Feabhra 2014, ag 8.00pm mar chuid de chlár Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Tógfar ar rath an léirsithe i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine le mór-léirsiú eile a bheas ar siúl i mBéal Feirste ar Dé Sathairn, 12 Aibreán 2014, áit a dtarraingeofar aird ar leith ar chás na Gaeilge ó thuaidh agus na dúshláin a chuirtear roimh phobal na Gaeilge sna sé chontae.
Coiste Comhairliúcháin
Tá fógartha ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, go bhfuil coiste comhairliúcháin le cur ar bun maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt an tAire Stáit agus é ag caint ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta Dé Luain, 18 Feabhra, go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag cur coiste ar bun i dtaca leis an heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta bunaithe ar mholtaí cuireadh chun cinn ag cruinniú leis na heagraíochtaí i rith an tsamhraidh.
Le linn an agallaimh ar Adhmhaidin, dúirt an tAire Stáit go bhfuil geallta ag an Rialtas éilimh an fheachtais a scrúdú agus go bhfuil curtha in iúl ag an Tánaiste, Éamon Gilmore, go bhfuil sé sásta bualadh le lucht an fheachtais ach cuireadh a fháil, rud a bhfuil déanta cheana féin dar leis an bhfeachtas.
Foilsithe ar Gaelport.com
10,000 Gaeilgeoir dearg le fearg
Feabhra 18, 2014
Deich míle Gaeilgeoir ó fud an oileáin a bhailigh le chéile ar shráideanna Bhaile Átha Cliath lena gcearta teanga a éileamh ag an deireadh seachtaine.
Eagraíodh ‘Lá Mór na Gaeilge’ sna sála ar éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a d’fhág a phost toisc leithcheal an státchórais i leith na Gaeilge, dar leis.
D’ardaigh pobal an tuaiscirt a n-éilimh d’Acht na Gaeilge chomh maith agus fógraíodh ar an lá go reáchtlófar agóid i mBéal Feirste ar 12 Aibreán.
Shiúil slua an tSathairn ón Ghairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell chuig Dáil Éireann, áit a ndearna ionadaithe pobail cur síos ar leatrom an státchórais i leith na teanga.
Seo chugaibh achoimre ar Lá mór na Gaeilge.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Scrúduithe TEG 2014
Feabhra 17, 2014
Teastas Eorpach na Gaeilge 2014
Scrúduithe Gaeilge do Dhaoine Fásta
Beidh scrúduithe TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge), scrúduithe Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta, ar siúl sna hionaid seo in Éirinn (ag brath ar éileamh):
- Béal Feirste
- Caisleán an Bharraigh
- Cill Airne
- Cill Chainnigh
- Corcaigh
- Gaillimh
- Gaoth Dobhair
- Leitir Ceanainn
- Luimneach
- Má Nuad
agus sna hionaid seo thar lear:
- Páras
- Prág
- Nua Eabhrac
- Ottawa
ar na dátaí seo:
- Meánleibhéal 2 (B2): 5.04.2014 *Sásaíonn B2 na critéir iontrála Gaeilge do chúrsaí bunmhúinteoireachta*
- Meánleibhéal 1 (B1): 10.05.2014
- Bonnleibhéal 2 (A2): 24.05.2014
- Bonnleibhéal 1 (A1): 7.06.2014
Is é an 14 Márta 2014 an spriocdháta d’iarratais.
Tuilleadh eolais / further information:
www.teg.ie
01 708 3737 / 708 6417
Seoltar Seachtain na Gaeilge ó cheann ceann na tíre
Feabhra 17, 2014
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 1 – 17 Márta leis na mílte imeacht in Éirinn agus thar lear chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh.
Is iad an peileadóir Ciarán Kilkenny agus láithreoirí Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Lynette Fay ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2014 agus tháinig siad le chéile inniu chun an fhéile a sheoladh ó cheann ceann na tíre.
Osclófar Seachtain na Gaeilge ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCill Airne, Dé Sathairn, 1 Márta ag 14.30 le féile sráide go 16.30 agus ceolchoirm saor in aisce ón mbanna ceoil aitheanta, Seo Linn, a bhí le feiceáil sna físeáin de chuid Choláiste Lurgan i rith an tsamhraidh.
Beidh Rith 2014, an t-ollrith náisiúnta ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, ar siúl ó 7 – 15 Márta agus beidh go leor imeachtaí eile i ngach contae sa tír. Agus na mílte imeacht ar siúl idir 1 – 17 Márta, beidh deis ag an bpobal ar fad sult a bhaint as an bhféile agus as an nGaeilge, is cuma má tá cúpla focal agat nó a lán.
Freastlóidh ambasadóirí na féile ar imeachtaí ar fud na hÉireann agus ag cur na féile agus na Gaeilge chun cinn le linn Sheachtain na Gaeilge.
Agus é ag caint ar a ról mar ambasadóir, dúirt Ciarán Kilkenny go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach dó agus go mbaineann sé úsáíd aisti “gach uair a bhíonn deis agam.”
“Beidh mé páirteach i lá Gaeilge agus cluiche atá á eagrú ag mo chlub, Caisleán Cnucha, leis an gclub, Na Gaeil Óga, ar 1 Márta. Táimid ag súil le slua breá ar an lá agus leis an nGaeilge a bheith mar chroí-lár na hócáide.”
Dúirt Máire Treasa Ní Dhubhghaill go mbeidh sise freisin ag dul chuig go leor imeachtaí agus ag bualadh le pobail éagsúla agus daltaí scoile. “Táimid ag iarraidh ar dhaoine Seachtain na Gaeilge a úsáid mar dheis chun níos mó Gaeilge a úsáid agus tá rud ann do chuile dhuine leis an réimse imeachtaí a bheidh ar siúl.”
Tá Lynette Fay ag dúil go mór le Ceiliúradh Phobal Gaeilge Bhéal Feirste a chuirfidh críoch oifigiúil le Seachtain na Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig. “Beidh mé mar bhean an tí ag an ócáid i Halla na Cathrach agus beidh ceol, amhránaíocht, damhsa agus craic d’óg agus d’aosta,” arsa Lynette.
Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain.
Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar www.snag.ie agus ar aip na féile, SnaG 2014, atá ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar iTunes agus ar Google Play. Is féidir Seachtain na Gaeilge a leanúint ar Facebook (SeachtainnaGaeilge) agus ar Twitter (@SnaGaeilge).
Brenda Ní Ghairbhí
Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 3649776 / +353 (0)1 4757401 / brenda@cnag.ie