Scéal Ghael-Linn
Samhain 19, 2013
Tá Gael Linn ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana agus chun clabhsúr a chur le himeachtaí comórtha na heagraíochta seolfar Scéal Ghael-Linn ar an Déardaoin, 21 Samhain 2013.
Ba iad Dónall Ó Móráin, Riobard Mac Góráin agus Séamus Mac Crosáin a bhunaigh an eagraíocht sa bhliain 1953 le fiontair úra Ghaeilge a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge agus a léiriú don Rialtas na féidearthachtaí i leith chur chun cinn na Gaeilge ach an t-airgead a bheith ann chuige. Anois, 60 bhliain tar éis a bhunaithe, tá ag éirí chomh maith le tionscadail Ghaeilge agus oidhreachta de chuid Ghael Linn ná riamh.
Is í Mairéad Ní Chinnéide a chuir stair chuimsitheach Gael Linn le chéile ina n-áirítear tionscnaimh éagsúla de chuid Ghael Linn thar na blianta, ina measc amharclann An Damer a bhí lonnaithe ar Fhaiche Stiabhna agus é ina chuid lárnach de shaol sóisialta phobal na Gaeilge san ardchathair ó 1955-1976, scánnáin de chuid na heagraíochta Mise Eire agus Saoirse, agraithionscail Ghael Linn i nGaillimh agus i nDún na nGall, agus na timirí a a bhailigh airgead gach seachtain in áiteanna ar fud na tíre ar son linnte Gael Linn.
An t-oideoir agus an t-údar Fionnbarra Ó Brolcháin a sheolfaidh Scéal Ghael-Linn i Seomra John Field sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar Déardaoin, 21 Samhain 2013, ag 6.15pm.
Foilsithe ar Gaelport.com
Allúntais de chuid na Roinne Gaeltachta
Samhain 19, 2013
Agus muid ag druidim i dtreo dheireadh na bliana, is deas a fheiceáil go bhfuil cúpla pingin fós fanta sa spiorán ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. agus roinnt mhaith deontas fógartha ag a Roinn le seachtain nó dhó anuas.
I measc na ndeontas a fógraíodh, bronnadh na suimeanna thíos:
- €10,164 ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin anuas ar an €70,000 atá ceadaithe cheana chun cur ar a gcumas oibreacha athchóirithe a chur i gcrích ar dhromchla tarramhacadam na scoile agus ballchríoch a chur ar an obair atá á dhéanamh acu in aice na scoile.
- €8,395 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Dhobhair Teo chun trealamh breise a cheannach d’Ionad Naomh Pádraig.
- €35,304 don Chumann Lúthchleas Gael – Comhairle na Mumhan. Tá an deontas á cheadú chun cuid de na costais reatha a bhaineann le raon bearta atá faoi stiúir na Comhairle agus a thacaíonn le chur chun cinn na Gaeilge trí imeachtaí spóirt de chuid an Chumann Lúthchleas Gael i scoileanna Gaeltachta na Mumhan a mhaoiniú go dtí deireadh na scoil-bliana 2013/14.
- €2,085 ceadaithe aige do Mheánscoil San Nioclás, An Rinn, Co. Phort Láirge, chun cur ar a gcumas cuirtíní, soilse agus seastán a cheannach don halla scoile.
- €23,436 ceadaithe aige do Choiste Meitheal Oibre Chill Éinne chun cur ar a gcumas oibreacha áirithe a chur i gcrích ar na seomraí feistis ag páirc peile Chill Éinne.
Is gearr go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag scríobh a litir chuig Dinny na Nollag ag leagan amach ár n-éilimh don bhliain romhainn, más mian le léitheoirí Gaelport.com ionchur a bheith acu sa litir seo, bígí cinnte bhur moltaí a fhágáil ar an bhfóram plé thíos, nó a sheoladh chugainn ar eolas@gaelport.com.
Foilsithe ar Gaelport.com
Céim 2 den Mhúnla Nua Maoinithe
Samhain 19, 2013
Tuairiscíodh ar Gaelport.com an tseachtain seo caite, go raibh an chéad ghearrliosta roghnaithe ag Foras na Gaeilge sa phróiseas i dtaca leis an múnla nua maoinithe.
Tuigtear gur 15 iarratas in iomlán a fuarthas sa chéad chéim den phróiseas, ach gur dícháilíodh ceann amháin de na hiarratais sin. Tá tuairiscithe ag meáin eile gur tháinig trí cheann déag de na hiarratas seo ó eagrais atá cheana féin bunmhaoinithe agus péire ó eagrais sheachtracha, ach níl seo deimhnithe go hoifigiúil ag an bhForas féin.
Tionóladh cruinniú Dé hAoine seo caite, idir Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeilge ar glacadh lena léiriú suime, chun soiléiriú a chur ar fáil maidir le Céim 2 den phróiseas. Beidh aighneacht shubstainteach le hullmhú ag na heagrais sin agus le cur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge roimh an 6 Nollaig 2013.
Cuireadh in iúl sa chruinniú go bhfuil coiste bunaithe ag Foras na Gaeilge cheana féin chun moltóireacht a dhéanamh ar na hiarratais. Ar an gcoiste seo beidh beirt ó Ardbhainistíocht Fhoras na Gaeilge, ball amháin ó Bhord Fhoras na Gaeilge, agus comhairleoir seachtrach sa phleanáil teanga. Tá iniúchóir neamhspleách roghnaithe chun deimhniú a thabhairt go bhfuil an próiseas moltóireachta á chur i gcrích de réir an dea-chleachtais. Thagair oifigigh an Fhorais do bhaol choimhlint leasa le linn an chruinnithe Dé hAoine, ach dúirt nach féidir seo a sheachaint sa chás seo mar dá gcuirfí na gnáth rialacha i bhfeidhm, nach mbeadh aon bhall de bhainistíocht Fhoras na Gaeilge incháilithe don ról.
Beidh gearrliostú eile i gceist sula dtabharfaí faoi Chéim 3 den phróiseas. Roimh an 23 Nollaig 2013, tabharfar cuireadh do cheannasaithe agus do chathaoirligh na n-eagras a éiríonn leo i gCéim 2 den phróiseas, tabhairt faoi agallamh leis an gcoiste thuasluaite ar dháta idir an 6-8 Eanáir 2014. Do na heagrais nach n-éiríonn leo an gearrliosta eile seo a bhaint amach, cuirfear seo in iúl dóibh tráth nach deireanaí ná an 23 Nollaig 2013,
Mar chéim lárnach sa phróiseas seo, chuir Foras na Gaeilge in iúl ar an 25 Iúil 2013 go mbeadh “Comhairleoir Bainistithe Athraithe ar fáil ag gach ceann den 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe le cuidiú leo a n-eagraíocht a chur in oiriúint do na socruithe úra ó fhómhar 2013”. Ag an gcruinniú Dé hAoine seo caite, chuir An Foras in iúl nach mbeidh Comhairleoir Bainistithe Athraithe anois ar fáil go dtí Eanáir 2014. Beidh an ceapachán sin rómhall mar go mbeidh na ceanneagraíochtaí roghnaithe ag Foras na Gaeilge faoin tráth sin.
Tá scríofa ag baill an Fhóraim (grúpa a chuimsíonn 80% de na heagrais bhunmhaoinithe reatha) chuig Airí na ranna urraíochta ag cur in iúl go mbeadh sé níos ciallmhaire dá mbeadh sainchomhairle bainistithe athraithe ar fáil do na heagrais sula mbeidh an cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge. Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge nárbh iad siúd ab chúis leis an moill ar an gceapachán seo, agus mar sin tá síneadh ar an bpróiseas reatha iarrtha ag baill an Fhóraim ar na ranna urraíochta ionas gur féidir an próiseas iomlán, mar a leagadh amach ar an 25 Iúil 2013 a chur i gcrích, de réir an dea-chleachtais.
Foilsithe ar Gaelport.com
Gaelscoileanna Teo. ag ceiliúradh 40 bliain
Samhain 18, 2013
‘Ó fhianaise go barr feabhais’ le plé ag Comhdháil Bhliantúil Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus Gaelscoileanna Teo. ar 22 agus 23 Samhain 2013.
Reáchtálfar Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. in Óstán Johnstown House, An Bóthar Buí, Co. na Mí ar an Aoine agus an Satharn, 22 agus 23 Samhain 2013.
Is comhdháil bhliantúil í seo a dhíríonn ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal go háirithe.
Reáchtáiltear léachtaí, grúpaí sainspéise agus ceardlanna le linn an deireadh seachtaine agus bíonn an-tóir ar na imeachtaí na comhdhála gach bliain.
Cúis mhór cheiliúrtha is ea comhdháil na bliana seo mar gheall go mbeidh Gaelscoileanna Teo. ag comóradh 40 Bliain agus cuirfear fáilte roimh aoi an-speisialta go deo, Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ar Dé hAoine le tús a chur leis an deireadh seachtaine ceiliúrtha. Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., gur “ábhar áthais ar leith é gur ghlac Uachtarán na hÉireann go flaithiúil agus go fonnmhar lenár gcuireadh a bheith linn don cheiliúradh dhá scór bliain den eagraíocht. Fáiltímid go mór roimh an aitheantais seo ar thábhacht na hearnála agus luach na scoileanna lán-Ghaeilge dár tsochaí, agus a ról i bhfeidhmiú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge”.
Díreoidh lucht na comhdhála ar fheidhmiú na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus Don Saol 2011 – 2020 agus cur chuige sár-éifeachtach na scoileanna lán-Ghaeilge ag cothú scileanna Litearthachta agus Uimhearthachta sna daltaí trí chur chuige an tumoideachais.
Le linn an deireadh seachtaine reáchtálfar ceardlanna, grúpaí sainspéise agus seisiúin le hionadaithe ón Roinn Oideachais & Scileanna ag a bpléifear mórcheisteanna an lae idir an phleanáil teanga, an tumoideachas, trialacha caighdeánaithe matamaitice, cumas margaíochta scoileanna, tionchar chóras na bpainéal agus oideachas dátheangach sna naíonáin.
Mhínigh Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo mana an bliana seo, ‘Ó fhianaise go barr feabhais’, i gcomhthéacs ceiliúrtha dhá scór Gaelscoileanna Teo., “tugann Comhdháil Oideachais 2013 deis don eagraíocht agus do na scoileanna lán-Ghaeilge ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfás agus ar an bhforbairt suntasach agus leanúnach atá ar na scoileanna lán-Ghaeilge. Nuair a bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1973 bhí 12 bhunscoil agus 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann, agus anois le 144 agus 36 faoi seach; cruthaítear go bhfuil éileamh ollmhór orthu agus an-rath ag baint leo mar institiúid oideachais a éascaíonn agus a sholáthraíonn oideachas den scoth agus a chumasaíonn leibhéil ard cumais sa Ghaeilge”, a dúirt sí.
Is féidir gach eolas maidir leis an gcomhdháil agus sonraí clárúcháin a fháil ag www.gaelscoileanna.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com
Aighneacht Gaelscoileanna Teo. ar Uileghabhálacht Bhreisithe a Chur Chun Cinn sna Bunscoileanna
Samhain 18, 2013
Is mian le Gaelscoileanna Teo. leis seo aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar fhreagairt do chuireadh ar aighneacht mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar cheist an Uileghabhálacht Bhreisithe a Chur Chun Cinn sna Bunscoileanna.
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh an deis ionchur a bheith acu sa phróiseas ach go háirithe mar a bhaineann leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Fáiltíonn an eagraíocht roimh chóras oideachais a chinntíonn cleachtais uilechuimsitheacha, trédhearcacha, cothrom, agus a ardaíonn muinín na bpobal éagsúla, ach go háirithe na dtuismitheoirí reatha agus ionchasacha, dá réir.
Ghlac Gaelscoileanna Teo. páirt ghníomhach agus lárnach sa bhfóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais sna blianta 2011-2012. D’fháiltíomar go mór roimh an deis ionchur a bheith againn sa phróiseas trí chur i láthair sna seisiún poiblí agus trí aighneachtaí a scríobh. Tógann an aighneacht seo ar na pointí a ardaíodh sna haighneachtaí go dáta ar an ábhar agus déantar forbairt ar na coincheapa ina leith, ag freagairt go díreach do na saincheisteanna a ardaíodh sa chuireadh chun aighneachta.
Is féidir an aighneacht a léamh anseo: Aighneacht Gaelscoileanna Teo. Uileghabhálacht Bhreisithe i mBunscoileanna
Cruinneas agus Scríobh na Gaeilge
Samhain 15, 2013
Más suim leat go bhfreagrófaí nó go bpléifí cúpla cruacheist a bhaineann le Cruinneas na Teanga nó fiú tabhairt fé chúpla alt/fógra a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, seo do sheans. Reáchtálfar Gearrchúrsa Cruinnis sa Ghaeilge i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh ón 14ú-15ú Feabhra 2014 mar chuid de Chlár Gaeilge 2014 ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Díreofar ar chúrsaí foghraíochta agus ar struchtúir na teanga chomh maith leis na botúin is comónta a dheintear sa Ghaeilge scríofa. Agus ina theannta sin díreofar ar na háiseanna is ar na hacmhainní atá anois ann do theagascóirí Gaeilge is do lucht an aistriúcháin. Ní mór dosna rannpháirtithe a bheith líofa go maith sa Ghaeilge cheana féin agus beidh fáilte is fiche roimis na rannpháirtithe moltaí fé ábhar an chúrsa a chur i scríbhinn chugainn roimhré. Beir leat foclóir ar bith atá agat.
€100 costas an chúrsa seo.
Le haghaidh a thuileadh eolais fén gcúrsa seo téir go dtí suíomh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag www.oidhreacht.ie nó cuir fón orainn ag 066 91 56 100 nó cuir ríomhphost chugainn ag eolas@cfcd.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com
Dea-scéal do Ghaelscoil Cois Feabhail – an scoil ag bogadh go foirgneamh buan
Samhain 15, 2013
Tá daltaí, foireann, tuismitheoirí agus Bord Bainistíochta na scoile ag Gaelscoil Cois Feabhail i gCo. Dhún na nGall ag ceiliúradh agus scéal faighte acu go bhfuil cead tugtha ag an Roinn Oideachais dóibh bogadh go foirgneamh buan.
“Cinneadh stairiúil atá ann don scoil,” arsa Antóin Ó Dúgain, Cathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na scoile.
“Ta an scoil ag feidhmiú as cóiríocht sealadach ó bunaíodh í sa bhliain 2000. Is céim ollmhór chun tosaigh é an cinneadh seo dúinn. Léiríonn sé muinín as oideachas trí mheán na Gaeilge i measc an phobail seo.
“Táimid buíoch don Athair O’Hagan as an ról a bhí aige sa tionscadal agus don Deoise as an bhfoirgneamh a bhí ag St. Joseph’s Boys School a chuir ar fáil dúinn. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith as ucht an maoinithe a chur ar fáil dúinn chun an obair athchóirithe a dhéanamh.”
Bogfaidh Gaelscoil Cois Feabhail ó láthair an CLG go dtí an foirgneamh buan atá lonnaithe sa bhaile féin. Cuirfidh an Roinn Oideachais maoiniú suntasach ar fáil chun an obair athchóirithe a dhéanamh. Níl sprioc ama ar fáil go fóill ach táthar ag súil go mbogfaidh an scoil go dtí an foirgneamh buan gan mhoill. Tá An Foras Pátrúnachta i mbun cainteanna le húdaráis na Deoise chun na sonraí a dheimhniú.
“Tugann oideachas trí mheán na Gaeilge buntáiste do pháistí,” arsa Gráinne Nic Robhartaigh, príomhoide na scoile.
“Léiríonn staidéir idirnáisiúnta go mbíonn buntáiste oideachasúil ag páistí a fhoghlaimíonn tríd an dara teanga agus go dtagann feabhas ar a gcumas cognaíoch mar thoradh. Feicfimid an méid seo ó thorthaí meánscoile ár n-iardhaltaí.”
Tá fáilte roimh thuismitheoirí a bhfuil spéis acu sa scoil teagmháil a dhéanamh leo ar 074-9385762. Reáchtálfar oíche eolais do thuismitheoirí ar an Déardaoin 28 Samhain ag 6.30pm.
“Mholfainn do thuismitheoirí a bhfuil ceist acu faoi oideachais trí mheán na Gaeilge freastail ar an ócáid seo. Tá sé tábhachtach go bhfuil an t-eolas go léir ag tuismitheoirí sula dhéanann siad cinneadh agus tabharfar léargas ar na buntáistí a bhaineann le páiste a chur go Gaelscoil ag an ócáid,” arsa Nic Robhartaigh.
SpeakTalkChat – Do Ghaeltacht ar Líne
Samhain 15, 2013
Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste: www.speaktalkchat.com
Is Meáin Chomhrá Sóisialta é SpeakTalkChat.com a thugann deis dá bhaill comhrá nó físchomhrá a dhéanamh ar bhonn na dteangacha agus na n-ábhar spéise atá i bpáirt acu. Bhí ár seoladh oifigiúil (leagan beta) ag Oireachtas na Samhna, 2013.
Cláraigh le catagóir bhallraíochta a fheileann duitse nó do theaghlach.
Comhlánaigh do phróifíl ag cur in iúl na teangacha atá agat, leibhéal do chumais sna teangacha sin agus na hábhair spéise atá agat.
Déan cuardach i measc úsáideoirí eile chun teacht ar dhaoine a bhfuil na hábhair agus na teangacha spéise céanna acu.
Cuirfidh SpeakTalkChat.com a leithéid de liosta úsáideoirí ar fáil duit go huathoibríoch freisin.
Socraigh coinní comhrá le húsáideoirí eile nó téigh i mbun físchomhrá ar an bpointe más rud é go bhfuil siad ar líne cheana féin.
Féadfaidh tú an córas teachtaireachta inmheánaí a úsáid chun ‘ríomhphost’ a sheoladh chuig úsáideoirí eile.
Déan cuardach ar ghrúpaí/ar fhóraim a bhaineann le do chuid ábhair spéise, nó cruthaigh do ghrúpa/d’fhóram féin.
Na Catagóirí Bhallraíochta
Ballraíocht do dhaoine fásta; ocht mbliana déag d’aois agus níos sine.
Ballraíocht Teaghlaigh.
Déagóirí sinsearacha 16 bliana d’aois nó 17 mbliana d’aois.
Déagóirí sóisearacha, 13, 14 nó 15 bliana d’aois.
Oideoirí; ag leibhéal bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal/duine fásta.
Tá beartas láidir um chosaint leanaí/déagóirí againn.
Le meas,
Aodhán
+353 (0) 85 1546 097
Aodhán Ó Duagáin
SpeakTalkChat
aidan.duggan@speaktalkchat.com
www.speaktalkchat.com
twitter.com/speaktalkchat
facebook.com/SpeakTalkChat
Agóid ar an 20 Samhain, fáilte roimh tacaíocht
Samhain 15, 2013
Beidh tuistí agus lucht leanúna páistí nach bhfuair áit i nGaelcholáiste Mhuire, Mainistir Thuaidh , Corcaigh, ag eagrú agóid taobh amuigh oifig Edmund Rice Trust sa Charraig Dubh Dé Céadaoin seo chugainn, an 20 Samhain, ag 12pm.
Tá an agóid in aghaidh an polasaí iontrála nua a chuireann bac ar pháistí ó Ghaelscoil Pheig Sayers freastal ar an scoil agus bheadh fáilte roimh tacaíocht ar an lá. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón scoil: 021-4309619 nó eolas@peigsayers.com.
Deis d’fhiontraithe óga!
Samhain 14, 2013
Iarratais oscailte anois do Junior Dragons’ Den. Cliceáil ar an nasc i gcomhair níos mó eolais: www.bankofireland.com/dragons