Méid an Téacs

Spriocdháta don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014

Eanáir 15, 2014

Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don chomórtas náisiúnta chun Amhrán nua a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014 ag druidim linn.

Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nuachumtha. Glacfar le hamhráin thraidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre agus amhráin rac-cheilteach ar dhlúthdhioscaí suas go 5.00i.n. ar an 31ú Eanair 2014. Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gcomórtas náisiúnta a reachtáilfear san Ostán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, 8ú Márta. Beidh painéal de mholtóirí aitheanta i mbun moltóireachta agus bronnfar €1,000 ar an mbuaiteoir. Déanfaidh IMRO urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn. Beidh an t-amhrán a roghnófar in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Choirn agus An Bhriotáin sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014 a bheidh ar siúl um Cháisc i nDoire.

Beidh comórtas speisialta i mbliana d’iomaitheoirí faoi 17 mbliana d’aois ar an oíche chéanna. Mar sin cuirfear fáilte roimh amhráin nuachumtha ó amhránaithe aonair agus ó ghrúpaí ceoil óga agus beidh €200 chomh maith le trófaí le buachaint. Tá rialacha agus foirm iarratais ar an suíomh greasáin www.panceltic.ie. Glór Cheatharlach atá ag eagrú an chomórtais náisiúnta agus tá gach eolas ar fáil ach glaoch a chur ar oifig Ghlór Cheatharlach ar 085/1340047, 087/2857048, 059 9158105 nó is féidir scríobh chuig emma@glorcheatharlach.ie . An seoladh do dhlúthdhioscaí agus iarratais roimh 5.00i.n. ar 31ú Eanair ná An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach.

www.carlow-nationalist.ie

Learn Irish this New Year in Carlow

Eanáir 15, 2014

Following the unprecedented success of Gaelchultúr adult Irish evening classes in Carlow over the last five years, Glór Cheatharlach is delighted to announce that a new series of classes for Spring 2014 will commence in Carlow this February.

The courses were first launched in September 2008 and have been hugely successful with many participants returning again and again to take part in the courses. A special reduced fee of €180 is also on offer for Carlow learners who sign up now. Courses will commence the week of February 3rd, 2014 with all classes being held in Carlow County Council offices on the Athy Road. All levels will be on offer this term- beginners, elementary and intermediate. The emphasis is on getting participants speaking the language and there is a level to suit everybody, whatever their current ability from those who have never spoken a word of Irish to those wishing to improve on their ‘Cúpla Focal’ to those who want to improve their fluency.

Beginners will be held on Monday evenings. Elementary and Intermediate levels will be on Tuesday evenings. All classes run from 7-9pm over 10 weeks. While the beginners level (Bunrang 1) is suitable for those who have never before learned the language, the elementary level is the starting point for those who may not have used Irish for some years but who would have some basic knowledge of the language from their schooldays. Emma Whitmore, Oifigeach Gaeilge with Glór Cheatharlach said: “We are delighted that Gaelchultúr classes are returning to Carlow once again this year. Last year’s participants really enjoyed the learning experience and we hope to see lots of new faces as well as some familiar ones from last year returning. It shows once again what a strong connection people in Carlow with the Irish language with so many people wanting to learn or improve their skills in the language. The Gaelchultúr courses are the ideal opportunity for those interested in learning Irish and the course itself is fantastic.
Participants really enjoy the classes and feel so much more confident in their abilities once they get into the course”.

Those unsure which course to choose can do a quick self assessment on the Gaelchultúr website www.gaelchultur.com which will recommend which level suits them best. The cost of the 10 week course is €180 and registration is now open online on www.gaelchultur.com or by calling 1890 252 900. Further information available from Emma in Glór Cheatharlach on (059) 9158105, (085) 1340047 or by emailing emma@glorcheatharlach.ie

www.carlow-nationalist.ie

Scéalaíocht, Sean-nós agus Puipéid do Pháistí

Deireadh Fómhair 15, 2013

D’fhreastail na céadta páistí ar na himeachtaí do bhunscoileanna a eagraíodh mar chuid d’Féile an Fhómhair i gCeatharlach le deanaí.

Thug an scéalaí proifisiúnta Aideen Mc Bride ceardlanna scéalaíochta do ranganna a cheathair agus a chuig agus bhí an-éileamh ar áiteanna. Blas den rince sean-nós a bhí ar chlár na féile do rang a sé agus bhí an rinceoir aitheanta Irene Cunningham as Caiseal, Conamara ar fáil chun na bunchéimeanna a mhúineadh. Ghlac ceithre chéad dalta leis an gcuireadh agus an dúshlán chun triail a bhaint as an stíl áirithe rince seo agus d’éirigh go han-mhaith leo.

An sean scéal Hansel agus Gretel a bhí faoi chaibidil ag páistí na Gaelscoile nuair a chuireadar an seó puipéid i láthair i halla na scoile. Bhain na céadta as ranganna a dó, a trí agus a cheathair I scoileanna áitiúla taitneamh as an léiriú le scáth puipéid. Ar chlár na féile do bhunscoileanna chomh maith bhí comórtas ealaíne an fhómhair, spraoicheist na féile agus lá náisiúnta na gcrann. Clár lán agus freastal iontach ar na himeachtaí uile. Gabhann Glór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na daltaí agus a múinteoirí as gach tacaíocht agus comhoibriú i rith na féile.

www.carlow-nationalist.ie

Ciorcail Ghaeilge Iarscoile faoi lán seoil i gCeatharlach

Deireadh Fómhair 8, 2013

Cuireadh tús leis na Ciorcail Chomhrá Iarscoile do mhicléinn an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta i gCeatharlach cúpla seachtain ó shin agus táid faoi lán seoil anois.

Tá na ciorcail eagraithe do mhic léinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt agus a chleachtadh go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Tá an-éileamh ar an seirbhís áirithe seo agus suas le caoga dalta ag freastal ar na ciorcail. Is léir go bhfuil na daltaí ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe leis an méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hardteistiméireachta ag dul don bhéaltriail anois.

Bíonn na ciorcail chomhrá ar siúl tar éis scoile ó 4.30-5.30i.n. in Ionad Phobal New Oak. Tagann ciorcal na sóisear le chéile gach Máirt agus ciorcal na sinsear gach Céadaoin. Bíonn múinteoir cáilithe i bhfeighil chun an comhrá a stiúiriú agus a threorú. Tá cúpla spás fós ins an dá chiorcal a leanfaidh ar aghaidh gach seachtain go dtí an Nollaig. €20 an táille don téarma iomlán. Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach. Teil 059 9158105, 085 1340047 nó seol rphost chuig eolas@glorcheatharlach.ie

www.carlow-nationalist.ie

Nuachtán Nua Seachtain do mhic léinn

Deireadh Fómhair 8, 2013

Cuireadh tús coicís ó shin le nuachtán nua Gaeilge, Seachtain, san Irish Independent a thagann mar chomharba ar an nuachtán Foinse.

Nuachtán ocht leathanach atá i gceist agus tá sé ar fáil saor in aisce leis an Irish Independent gach Céadaoin. I measc na scribhneoirí ata ag soláthar ábhair don nuachtán seachtainiúil nua tá Dáithí Ó Sé agus Micheál Ó Muircheartaigh. Beidh nuachtán eile dar teideal ‘Ar Fheabhas’ á chur ar fáil ag Independent Media do scoileanna ar fud na tíre chomh maith. Níor fhill ‘Foinse’ mar fhorlíonadh san Irish Independent ag tús na scoilbhliana nua. Bunaíodh ‘Foinse’ sa bhliain1996, agus cuireadh é ar fáil go seachtainiúil go dtí samhradh 2009 le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

Nuair a theip ar an maoiniú seo, rinneadh athsheoladh ar ‘Foinse’ i bhfómhar na bliana 2009, le leagan amach nua agus modh seachadta nua agus é ar fáil mar fhorlíonadh san Irish Independent gach Ceadaoin. Bíodh is go bhfuil an nuachtán nua Seachtain á chur ar fáil anois ag Independent Media le haghaidh scoláirí na tíre, níl nuachtán Gaeilge ar fáil chun spéis Ghaeilgeoirí sa scribhneoireacht Ghaeilge a mhúscailt agus a chothú. Ní fios fós cé chomh fada is a bheidh sé go dtí go mbeidh foilseachán rialta clóite ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Ag súil nach mbeidh an fanacht ro-fhada.

www.carlow-nationalist.ie

Deireadh le nuachtán Foinse

Meán Fómhair 18, 2013

Tá fógartha ag an gcomhlacht Móinéar Teoranta go bhfuil deireadh curtha leis an leagan clóite den nuachtán seachtainiúil agus nach mbeidh Foinse ar fáil ar sheilfeanna shiopaí nuachtáin ag deireadh na míosa mar a bhí beartaithe go dtí seo.
Bunaíodh Foinse i 1996, agus cuireadh nuachtáin náisiúnta Gaeilge ar fáil go seachtainiúil go dtí samhradh 2009 le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Nuair a theip ar an maoiniú seo, rinneadh athsheoladh ar Foinse i fómhar na bliana 2009, le leagan amach nua agus modh seachadta nua agus é ar fáil mar fhorlíonadh san Irish Independent. Go dtí le déanaí, cuireadh an nuachtán ar fáil gach Céadaoin, agus bhí an-tóir air, go háirithe i measc scoileanna na tíre agus i measc fhoghlaimeoirí na teanga. Sa bhreis ar an nuachtán seachtainiúil, tá roinnt mhaith tionscadal eile ar líne curtha ar bun ag Móinéar Teo. le blianta beaga anuas, ina measc suíomh eolais www.foinse.ie agus blag gramadaí. Le blianta beaga anuas, tá curtha go mór ag foireann Foinse le húsáid na Gaeilge sna meáin shóisialta agus iad an-ghníomhach ar Facebook, YouTube agus Twitter. Cé nach mbeidh leagan clóite den nuachtán ar fáil a thuilleadh, beidh ábhar oideachasúil, a bhaineann le Foinse Óg agus Foinse sa Rang, fós le fáil ar www.foinse.ie.

Ag tús na bliana seo, d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh cinneadh glactha acu chun deireadh a chur le conradh an nuachtáin seachtainiúil ‘Gaelscéal’. Is í an chúis a thug Foras na Gaeilge leis an ngearradh seo ag an am ná nach raibh ag éirí leis an nuachtán ó thaobh díolacháin de. Tugadh figiúr de thuairim is 1,300 cóip in aghaidh na seachtaine mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí. Dar le Foras na Gaeilge níobh é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge. I láthair na huaire níl aon nuachtán clóite Gaeilge ar fáil chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge. Chuaigh Foras na Gaeilge i mbun taighde san earrach, agus reáchtáladh cruinnithe poiblí agus sraith d’fhócas grúpaí agus é i gceist go reáchtálfaí scéim nua go luath chun foilseachán nua a chur ar fáil in áit Gaelscéal. Níl aon toradh ar an taighde seo foilsithe go fóill agus faraoir níl aon nuachtán Gaeilge ar sheilfeanna shiopaí. Braithfidh scoileanna ach go háirithe Foinse uatha gach seachtain.

www.carlow-nationalist.ie

Clárú do Ranganna Oíche i gCeatharlach

Meán Fómhair 18, 2013

Fógraíonn Glór Cheatharlach go bhfuil clárú faoi lán seoil do na ranganna Gaeilge agus ranganna sa Sean-Nós do dhaoine fasta atá á n-eagrú an fómhar seo.
Cuirfear tús anocht, Dé Mháirt, 17ú Meán Fómhair, leis an sean-nós i nGaelcholáiste Cheatharlach agus leanfar leis na ceachtanna gach Máirt thar sé seachtaine ó 7.00-8.00i.n. Táille an chúrsa ná €30 agus cuirfear fáilte roimh thosaitheoirí agus feabhasóirí araon. An damhsóir aitheanta Irene Cunningham as Gaillimh an teagascóir. Is rinceoir proifisiúnta í Irene agus chomh maith leis an sean-nós a theagasc tá an domhan siúlta aici ag damhsa ag féilte agus ócáidí éagsúla. Seo deis iontach chun cúpla bunchéim sa sean-nós a fhoghlaim. Tá gach eolas ar fáil ó 087 2857048 nó is féidir bualadh isteach chuig an rang sa Gaelcholáiste. Beir leat na bróga rince agus buidéal uisce!

Tá clárú ag dul ar aghaidh go breá chomh maith do na ranganna Gaeilge atá eagraithe ag Glór Cheatharlach i gcomhar le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr. Cuirfear cúrsaí ag bun, meán agus ard leibhéil ar fáil ag braith ar éileamh le tosnú an tseachtain seo chugainn. Beidh rang dhá huaire an chloig ar fhad ar oíche amháin sa tseachtain thar deich seachtaine. Na ranganna go léir ar siúl in Áras an Chontae, Bóthar Átha Í, Ceatharlach ó 7.00-9.00i.n. €180 an táille agus is gá clárú gan mhoill chun cúrsaí a chinntiú. Gach eolas agus clárú ar líne ar www.gaelchultúr.com agus freisin ó Glór Cheatharlach ar 059 9158105.

www.carlow-nationalist.ie

Deireadh Seachtaine do Dhaoine Fásta sa Ghaeltacht

Meán Fómhair 18, 2013

Dóibh siúd gur spéis leo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmasféar taitneamhach spraíúil, tá Gael Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine go Domhnach, 11ú go 13ú Deireadh Fómhair 2013.
Is í seo an séú bhliain don eagras an ócáid ráthúil seo a eagrú i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn. I rith na deireadh seachtaine gheobhaidh foghaimeoirí fásta na Gaeilge blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá ranganna comhrá Gaeilge ag meánleibhéal, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird, seisiúin cheoil agus ciorcail chomhrá! Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite timpeall uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath i gContae na Mí. Bunaíodh an Ghaeltacht sa bhliain 1935 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí. Is Gaeltacht bheo í a ofrálann timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.

Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil. Táille na deireadh seachtaine ná €180 an duine le lóistín, béilte, ranganna agus siamsaíocht san áireamh. Is deis iontach í seo do dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh i suíomh nádúrtha na Gaeltachta. Ní foláir clárú go luath áfach mar bíonn an-éileamh ar áiteanna ar an gcúrsa áirithe seo gach bliain. Gach eolas ar fáil ó Gael Linn ar www.gael-linn.ie nó 01 6751200 nó is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach ar 085 1340045 nó scríobh chuig emma@glorcheatharlach.ie

www.carlow-nationalist.ie

Bliain nua sa Naíonra i gCeatharlach

Meán Fómhair 11, 2013

Cuireadh tús le bliain nua i Naíonra Cheatharlach an tseachtain seo caite agus nach sona sásta atá na páistí óga ann. Bhí gach rud in ord agus in eagar dóibh ag na stiúrthóirí Lorraine Mhic Eoin agus Madeleine Seá.

‘Séard atá i gceist le Naíonra ná grúpa páistí réamhscoile a thagann le chéile go rialta trí Ghaeilge i dtimpeallacht taitneamhach faoi chúram stiúrthóirí cáilithe. Cuireann foireann an Naíonra gach deis ar fáil chun forbairt iomlán an pháiste a chur i gcrích. Modh an tsúgartha an cur chuige a leantar mar is é seo an modh foghlama is nádúrtha do pháistí den aois áirithe seo. Cuirtear rogha leathan d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí éagsúla a oireann do pháistí idir aois a trí agus a cuig ar fáil go proifisiúnta agus go snasta dóibh maidin i ndiaidh maidine sa Naíonra.

Tá Naíonra Cheatharlach ag cur seirbhís, cúram agus oideachas réamhscoile ar fáil i gCheatharlach le breis is tríocha bliain. I seomra breá in Ionad Snámha, Graig Chuilinn a thagann an grúpa le chéile gach maidin ó 9.30-12.30. Tá an Naíonra rannpháirteach sa Bhliain Réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE). Faoin scéim seo is féidir le gach leanbh leas a bhaint as an mbliain réamhscoile sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil. Maireann an Bhliain Réamhscoile Saor thar 38 seachtain le soláthar de 3 uair an chloig in aghaidh an lae ar feadh cúig lá sa tseachtain. Is féidir gach eolas a fháil ó Lorraine ag 085/7377041 nó ó Glór Cheatharlach ag 059/9158105.

www.carlow-nationalist.ie

Ciorcail Chomhrá do mhicléinn i gCeatharlach

Meán Fómhair 11, 2013

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go n-eagrófar Ciorcail Chomhrá Iarscoile do mhicléinn an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an fómhar seo.

Díreoidh na ciorcail orthu siúd atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ceaptar go gcuirfidh daltaí an-fháilte roimh gach deis agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hardteistiméireachta ag dul don bhéaltriail. Beidh na Ciorcail Chomhrá ar siúl ó 4.30-5.30i.n. in Ionad Phobal New Oak. Gach Máirt ag tosú ar an 24ú Meán Fómhair a thiocfaidh daltaí i mbliain 1-3 le chéile agus beidh fáilte roimh mhicléinn i mbliain 4-6 gach Céadaoin ón 25ú Meán Fómhair ar aghaidh. ‘Sé táille iomlán an chúrsa don téarma go dtí an Nollaig ná €20. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe gan mhoill agus tabharfar tús áite don chéad 20 iarratas i ngach ciorcal. Chun tuilleadh eolais agus clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach. Teil 059 9158105, 085 1340047 nó seol rphost chuig eolas@glorcheatharlach.ie

www.carlow-nationalist.ie

« Previous PageNext Page »