Méid an Téacs

Múinteoirí Ranga á earcú ag Gaelscoil Éadan Doire

Lúnasa 21, 2017

 

 

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí ranga á earcú ag Gaelscoil Éadan Doire. Conarthaí buan atá i gceist.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais do mhúinteoirí, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta chuig iarrataisgsed2017@gmail.com faoin 28ú lá de mhí Lúnasa. Tosóidh an scoilbhliain ar an séú lá de mhí Mheán Fómhair.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91254.

Múinteoir Ranga á earcú ag Scoil Lorcáin

Lúnasa 21, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Scoil Lorcáin, i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath.  Conradh buan atá i gceist.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le  cv agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta chuig agallaimhscoillorcain@gmail.com faoin 28ú lá de mhí Lúnasa. Tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá de mhí Mheán Fómhair.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91391.

Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil Uí Earcáin

Lúnasa 21, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta de dhíth ar Ghaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas,
Baile Átha Cliath. Conradh buan atá i gceist. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gceathrú lá fichead de Lúnasa agus tosóidh an scoilbhliain ar an 30ú lá den mhí.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv agus foirm iarratas do Chúntóirí Riachtanais Speisialta chuig priomhoideleah@gmail.com.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/90951.

Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Scoil Neasáin

Lúnasa 21, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta ar son na naíonaín de dhíth ar Scoil Neasáin i mBaile Hearman, Baile Átha Cliath. Conradh buan atá i gceist. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gceathrú lá de Mheán Fómhair agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá deag de Mheán Fómhair.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv,  cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig ceapachanscn@gmail.com.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/9183.

Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil an Eiscir Riada

Lúnasa 10, 2017

gaelscoil_eiscir_riada200x200-1

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil an Eiscir Riada. Post buan atá i gceist, ag tosú ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.

Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, maraon le cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 23ú lá de mhí Lúnasa chuig;

Gaelscoil an Eiscir Riada,
Cluain Calga,
An Tulach Mhór,
Co. Úibh Fháilí

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh; https://www.educationposts.ie/post/view/90888 

Muinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca don bhliain seo chugainn. Conradh buan atá i gceist. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Uileog de Búrca. Cé gur post do mhúinteoir ranga atá i gceist, d’fhéadfadh seo athrú amach anseo.

Caithfear litir iarratais mar aon le reifreann, cv, foirm iarratais do mhúinteoirí agus cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir a sheoladh sa phost chuig Gaelscoil Uileog de Búrca, Lochán na mBan, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Caithfear “Iarratas” a scríobh ar an gclúdach.

Tá sé riachtanach go bhfuil árd-chaighdeán sa Ghaeilge labhartha agus scríofa ag múinteoirí na scoile agus glacfar le hiarratais trí Ghaeilge amháin.

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dara lá fichead lá de mhí Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90835.

Folúntas mar Chúntóir Riachtanais Speisialta

Iúil 19, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas  ar fáil do Chúntóir Riachtanais Speisialta le Gaelscoil Éadan Doire, ag tosú ar an 29ú lá de mhí Lúnasa. Post buan atá i gceist.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le foirm iarratais do Chúntóirí Riachtanais Speisialta agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig Iarrataisgsed2017@gmail.com. Glacfar le hiarratais ar líne. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 25ú lá de mhí Iúil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/88565.