Méid an Téacs

Folúntais le Gaelcholáiste Céitinn

Meitheamh 27, 2017

aerobics class in a gym

 

Tá múinteoirí Fraincis agus Gaeilge, Mata agus Gaeilge, Eacnamaiocht Bhaile agus Gaeilge, Tíreolaíocht agus Gaeilge agus Mata, Fraincis, Tíreolaíocht agus Eacnamaíocht Bhaile trí Ghaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 7ú lá Iúil 2017 . Is féidir leat cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie.

Folúntais Samhraidh le Gaelcholáiste Cholumba

Bealtaine 31, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Gaelscholáiste Cholumba ag déanamh cúrsa Samhraidh coicíse a reachtáil i gColáiste na hOllscoile.

 

 
Dátaí: Dé Máirt 6ú Meitheamh-16ú Meitheamh
Ionad: U.C.D.
Amanta: 10.00am -1.30pm (Ranganna)
1.30pm – 4pm (gníomhaíochtaí roghnach)
Teagmhálaí: Anne Ruane, 087-2361869
Ranganna: Daltaí ag dul isteach sa tríú bliain i Mí Mean Fómhair
Daltaí ag dul isteach sa dara bliain i Mí Mean Fómhair
Daltaí ag dul isteach sa chéad bhliain i Mí Mean Fómhair

Grúpa bheag de dhaltaí ag dul isteach sa chúigiú/séú bliain i Mí Mean Fómhair
Má mian lear cur isteach ar na folúntais seo, mar Stiúrthóir ranga nó Stiúrthóir Ranga &Gníomhaíochtaí, is féidir teagmháil a dhéanamh le Anne ar 087-2361869 nó tríd ríomhphost a sheoladh chuig info@gaelcholaistecholumba.com.

Folúntas le Glór na nGael

Bealtaine 12, 2017

 

Glór na nGael

 

Is gluaiseacht náisiúnta í Glór na nGael, a bhfuil forbairt na Gaeilge sna réimsí oibre seo a leanas “Forbairt phobail, eacnamaíochta agus béim ar leith ar thógáil páistí le Gaeilge” mar spriocanna lárnacha oibre aige.

Tá Riarthóir Oifige (lánaimseartha) á lorg don ról seo a leanas;

Riarthóir Oifige

Príomhdhualgais an phoist

  • Córais riarachán na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhdaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal (fón, r-phost agus postas)
  • Plé le horduithe díolacháin, idir seachadta agus ceannachán stoic.
  • Córas rialú stoic a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Tacaíocht a thabhairt do Bhainisteoir na gComórtas

Inniúlachtaí Riachtanacha

  • Taithí ar obair riaracháin oifige
  • Ardchaighdeán Gaeilge scríofa
  • Ardchaighdeán Gaeilge labhartha

Inniúlachtaí Inmhianaithe

  • Taithí ar úsáid na nuatheicneolaíochta
  • Taithí ar phróiseáil orduithe
  • Taithí ar bhainistiú stoic

Scála Tuarastail:

De réir Scála tuarastail Oifigeach Chléireachais (Scála Caighdeánach) Ciorclán- 17/2015 2A

€21,879-€37,341 

Suíomh Oibre:

Beidh an Riarthóir Oifige nuacheaptha lonnaithe in Oifig Ghlór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí agus ag feidhmiú faoi stiúir Bainisteoir na gComórtas.

Seol d’iarratas i nGaeilge mar aon le CV i nGaeilge roimh 5.00 i.n., 31 Bealtaine 2017, chuig post@glornangael.ie (D’fhéadfaí painéal iarrthóirí a chur le chéile, bunaithe ar na hiarratais a chuirfear isteach ar an bpost reatha seo, a bhféadfaí tarraingt air sa chás go mbeadh folúntas eile le líonadh roimh dheireadh 2017).

Tá tuilleadh eolais faoi Ghlór na nGael le fáil ar www.glornangael.ie agus cuir síos ar na háiseanna atá á fhorbairt ar www.udar.ie

Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge.

.Fóras na Gaeilge

Folúntais i gColáiste Oiriall

Aibreán 25, 2017

 

54754361_180

 

 

 

 

 

 

 

Beidh réimse postanna lánaimseartha le líonadh i gColáiste Oiriall i Muineachán an bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i gColáiste Oiriall. San áireamh, beidh Múinteoir Bitheolaíocht & Corpoideachas, Múinteoir Tíreolaíocht & Gaeilge, Múinteoir Béarla & ábhar eile, Múinteori Ceimic & Eolaíocht, Múinteoir Eolaíocht & Bitheolaíocht, Múinteoir Gnó & ábhar eile, Múinteoir Eacnamaíocht Bhaile agus Múinteoir Ceol de dhíth. Tá na postanna fógraithe faoi láthair ar an suíomh idirlín Cavan Monaghan etb nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Phríomhoide, Brendan Ó Dufaigh ag 086 3815672. Tá foirmeacha iaraatais ag teastáil, seachas CVs.

Múinteorí ag teastáil i mBaile Átha Cliath

Aibreán 18, 2017

unnamed

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Beidh Coláiste de hÍde Gaelcholáiste 300 dalta i dTamhlacht Bhaile Átha Cliath a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, ag lorg na muinteoirí seo a leanas don scoilbhliain 2017 / 2018. Is féidir  iarratais a chuir isteach ar www.etbvacancies.ie agus CV a sheoladh chuig eolas@colaistedehide.ie

.

  • Múinteoir Gaeilge/Béarla 22 uair in aghaidh na seachtaine
  • Múinteoir Gaeilge/Tíreolaíocht nó Múintoeir Gaeilge/Stair 22 uair in aghaidh na seachtaine
  • Múinteor Ceol-OSPS-Stair 22 uair in aghaidh na seachtaine.  Tréimhse Saoire Mátháireachas atá i gceist leis an folúntas seo.
  • Múinteoir Fraincis/Béarla 22 uair in aghaidh na seachtaine

Coláiste Ghlór na Mara – Príomhoide le Ceapadh

Feabhra 15, 2017

Coláiste GnaMAn Fóras Pátrúnachta

   

Coláiste Ghlór na Mara

Iarbhunscoil a d’oscail i Meán Fómhair 2014 le freastal ar mhór-cheantar Bhaile Brigín, Co Átha Cliath.

Uimhir Rolla : 68082L

Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil

Príomhoide

le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 20 Márta 2017.

Iarbhunscoil, dheonach, ilchreidmheach, lán-Ghaeilge do chailíní agus buachaillí is ea Coláiste Ghlór na Mara, atá faoi Iontaobhas Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna lánGhaeilge le 124 daltaí ar rolla. Tá na daltaí seo roinnte idir an chéad, dara agus tríú bhliain. Tá foirgneamh nua-tógtha ag an scoil le spás go forbairt suas go 800 dalta.

Is féidir foirm iarratais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an gCathaoirleach ag po17cgnm@gmail.com

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe (ar pháipéar amháin) a sheoladh ar ais chuig:

Tim Ó Tuachaigh, Dollards Cottage, Drogheda Rd, Bremore, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32X766 roimh 5.00 in ar an 3 Márta 2017.

Beidh na hagallaimh don phost seo ann Déardaoin 9 Márta 2017.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Coláiste Ghlór na Mara.

« Previous Page