Méid an Téacs

Gaeilge chun tosaigh i bhforógra na nÓg

Samhain 21, 2012

Tháinig dha mholadh ar son na Gaeilge go láidir ag seimineár ‘An Óige agus an t-Éireannachas’ ag am deireadh seachtaine inár pléadh fís na tíre.

Roghnaigh na hionadaithe óga 15 mholadh le dul isteach sa fhorógra dar teideal “Glac seilbh ar athrú” agus cuireadh iad faoi bhráid an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn agus Aire na bpáistí, Frances Fitzgerald.

“Is iontach an rud é gur tháinig an Ghaeilge chun cinn go mór i measc na n-óg. Is teachtaireacht láidir í do pholaiteoirí na tíre,” arsa Paula Melvin, a bhí mar bhean an tí ar an ócáid.

Is ábhar suntais é gur bhain an moladh leis an nGaeilge an méid is mó vótaí amach ar son athraithe i dteagasc na Gaeilge.

Moladh go nglacfaí cur chuige athnuaite i dtaca le múineadh na Gaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireachta; ábhar (éigeantacht) a dhíríonn ar labhairt na teanga an chéad chuid agus ábhar (roghnach) a dhíríonn ar litríocht na Gaeilge an dara cuid, a mbeidh Gaelscoileanna mar bhonn leo. Dhírigh an tríú moladh is mó a fuair vótaí leis an bhforbairt ar dheiseanna sóisialta a bhaineann leis an nGaeilge.

“Tá muid ag iarraidh go rachaidh ceannairí na tíre seo i gcomhar linne chun ár bhfís don tír a bhaint amach agus táimid ag coimeád súil ghéar amach do fhreagra an rialtais ar an dearbhú seo,” arsa Paula.

I measc na molta i dtaobh reachtaíochta a bhaineann le ginmhilleadh agus an ‘X-case’, sochaí ilchineálach a chur chun cinn, agus comhionannas i dtaca le pósadh agus le huchtú.

Toradh is ea an forógra seo ar shraith ceardlanna agus seimineár a eagraíodh ó thús mhí na Bealtaine seo caite, tiomanta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, ag a raibh 800 ionadaí óg i láthair as achan cearn den tír.

www.gaelsceal.ie

Faoiseamh maidir le cúntóir ranga Gaelscoile

Samhain 9, 2012

Bogadh cúntóir ranga as Béal Feirste, Caoimhe Prigent amach as an aonad dianchúram ag tús na seachtaine seo i ndiaidh di seachtain a chaitheamh ann de bharr taisme inár thit sí ón bhus scoile.

Scoilteadh cloigeann Caoimhe nuair a thit sí ón bhus scoile ag timpeall 8.30r.n ar an bhealach chuig Scoil an Droichid ar Bhóthar Ormeau, áit ina raibh sí ag obair mar chúntoir ranga. Bhí inchinn Chaoimhe ata agus rinneadh obráid uirthi le linn na seachtaine le dul i ngleic leis sin.

“Tá cuma dhearfach ar rudaí le dhá lá anuas agus dea-toradh ar an obráid. Tá faoiseamh orainn go bhfuil sí múscailte.” arsa Liam Prigent, athair na mná óige.

“Ní a fhios againn féin cén dóigh ar tharla an taisme, beidh níos mó eolais faoi nuair a thagann Caoimhe ar ais chuici féin. Tá muid dearfach go bhfuil feabhas ag teacht uirthi de réir a chéile” arsa seisean.

Rinne Bord bainistíochta Scoil an Droichid cinneadh gan labhairt leis na meáin ach dheimhnigh siad go raibh foireann na scoile ag coinneáil i dteagmháil le muintir Caoimhe agus ag iarraidh na daltaí a chur ar an eolas fúithi.

Bhí cuid mhór ráflaí faoi cad é ar tharla agus faoin tionchar a bheadh ar a leithéid de thaisme ar pháistí ach mhaígh Príomhoide na scoile, Fionnuala Mc Cotter nach bhfaca na daltaí an taisme.

Tá Caoimhe faoi chúram in Oispidéal Victoria Ríoga i mBéal Feirste go fóill.

http://www.gaelsceal.ie/

Coláiste Feirste ag feitheamh ar bhus go fóill

Samhain 9, 2012

NÍL socrú go fóill maidir le córas saorthaistil agus busanna faoi leith do dhaltaí Choláiste Feirste. Sin ainneoin gur rialaigh Ard-Chúirt an Tuaiscirt in athbhreithniú breithiúnach bliain ó shin gur ceart go mbeadh. Níl fiú iomrá ar dháta lena leithéidí a chur i bhfeidhm.

An tseachtain seo caite, agus iad ag tabhairt freagra ar cheist ó Ghaelscéal, dúirt an Roinn Oideachais nár socraíodh cúr- saí maidir le córas taistil don scoil go fóill. Dar leis an urlabhraí go raibh an breithiú- nas suntasach agus táb- hachtach “which requires careful and detailed consideration.”

Bhí athscrúdú déanta ag stát- sheirbhísigh ar an gceist. Tá torthaí an athscrúdaithe anois faoi bhráid an Aire, John O’Dowd ó Shinn Féin. Ní raibh an t-urlabhraí in ann a rá má bhí amscála ann.

An 27ú Eanáir anuraidh, chuir an Comhalta den Tionól Reachtach Dáithí McKay ceist ar O’Dowd maidir le ceist an taistil. D’fhreagair O’Dowd go raibh dianscrúdú cúramach de dhíth sula mbeadh sé ábalta freagra a thabhairt. Bhí a chuid stáitseirbhíseach le moltaí a thabhairt dó “in the near future.”

Tá an breithúnas a thug an Bhreitheamh Treacy soiléar: “In my view the provision of transport facilities to schools in any sector is critial to the development of that sector and the provision of genuine perental choice..the respondent must now to the extent required by this judgement reconsider the matter”.

Baineann an cás ach go háirithe le dhá grúpa dalta. Is iad an chéad dream ná daltaí i dtuaisceart Bhéil Feirste, i gceantracha Lag an Aoil, Ard Eoin agus an Seanpháirc. De réir rialacha na Roinne, ní tugtar cuidiú le taisteal do dhaltaí meánscoile má tá siad fá trí mhíle den scoil. Tá na ceantracha seo faoin raon sin – ach go mbeadh ar na daltaí siúil trí ceantar dílseach na Seanchille. De réir na rialacha, tá cead ag an Bhord Oideachais agus Leabharlainne a fhiosrú “whether there are circumstances sufficiently exceptional to set aside normal circumstances..”

Is iad an dara dream ná daltaí as Dún Pádraig, 23 míle ón scoil. Bhí an Cllr. Cadogan Enright ón mbaile ar dhuine den mhuintir a chur tús leis an athbhreithniú breithiúnach. Bhí iníon s’aige ar an scoil nuair a cuireadh tús leis, sa tríú bliain ar an ollscoil nuair a eistíodh é. Dúirt sé go raibh idir fearg agus díomá air.

“Thug an breithiúnas cead don Aire polasaí Shinn Féin san earnáil seo a chuir i bhfeidhm,” ar seisean.

http://www.gaelsceal.ie/

Spriocdháta Siansa Gael Linn ag teannadh linn

Samhain 2, 2012

Tá go dtí an Aoine 9 Samhain ag daoine le cur isteach ar chomórtas Siansa Gael Linn 2013.

“Tá bileoga Siansa Gael Linn 2013 scaipthe ar scoileanna, ar eagrais agus ar chlubanna ceoil ar fud na tíre faoin am seo,” arsa riarthóir an chomórtais, Niamh de Búrca.

“Tá súil againn grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta a thabhairt leo, mar atá déanta ag grúpaí ar nós Téada, Altan, Danú, Liadán agus araile.”

Tá an comórtas oscailte do dhaoine óga atá ós cionn 12 bhliain agus faoi bhun 19 mbliana d’aois. Bíonn idir cúigear agus ochtar i ngach grúpa. Cuireann grúpaí a rogha féin ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ar dhiosca – clár leanúnach idir 10 agus 12 nóiméad ar fhad a bhíonn de dhíth.

Ó na hiarratais tosaigh sin, roghnaítear tuairim is 32 grúpa le páirt a ghlacadh i gceardlanna le ceoltóirí aitheanta – Ciarán Ó Maonaigh (Fidil) agus Breanndán Ó Beaglaoich (Boys of the Lough agus Beginish) a bheidh ina mbun ón 21 – 26 Feabhra 2013.

As na ceardlanna seo, roghnófar ocht ngrúpa chun páirt a ghlacadh sa chraobhchomórtas a bheidh ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ar an Domhnach, 14 Aibreán 2013. Beidh an ocht ngrúpa seo san iomaíocht do dhuaischiste €4,500. Is í Mary Bergin (Dé Danann, Dordán) a bheidh ag moltóireacht in éineacht le Ciarán agus Breanndán ar an oíche mhór seo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó www.gael-linn.ie

www.gaelsceal.ie

An Eaglais Chaitliceach: Osclóidh muid Gaelscoileanna

Deireadh Fómhair 26, 2012

Ta se ráite ag an Eaglais Chaitliceach go ndéanfaidh siad freastal ar an éileamh don Ghaelscolaíocht a léireofar i suirbhéanna ar thuismitheoirí atá a ndéanamh timpeall na tíre.

Seoladh scéim phíolótach i gcúig cheantar an tseachtain seo le mianta tuismitheoirí faoin saghas oideachais ata uathu dá bpáistí a mheas. Is í an chéad cheist ar na suirbhéanna na an bhfuil Béarla nó Gaeilge uathu mar theanga teagaisc a bpáistí. Iarrtar orthu ansin cén sainmheon credimh atá uathu agus an bhfuil scoil aon-inscne nó scoil mheasctha uathu.

Ta an tAire Oideachais ag súil go n-aistreofar pátrúnacht ón Eaglais Chaitliceach go heagraíochtaí eile faoin bpróiseas. Má ta taighde faoin éileamh atá ann don Ghaelscolaíocht cruinn, bheadh impleachtaí móra ann don chóras bunscolaíochta chomh maith.

De réir staidéir a rinne Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann in 2000, chuirfeadh suas le 30% den phobal a bpáistí chuig Gaelscoil dá mbeadh ceann ar fail go háitiúil. Tá thart ar 7% de pháistí na Poblachta ag freastal ar Ghaelscoileanna faoi láthair.

Is féidir le tuismitheoirí a rá go bhfuil siad sásta leis an sainmheon creidimh atá ar fail ina gceantar ach go bhfuil siad ag iarraidh an teanga teagaisc a athrú. Dúirt urlabhraí ón Eaglais chaitliceach go bhfuil siad lánsásta Gaelscolaíocht a chuir ar fáil má léiríonn na suirbhéanna go bhfuil éileamh ann di.

“Tá an Eaglais mar phátrún ar thart ar 80 bunscoil lánGhaeilge, mar sin ta muid i gcroílár na hearnála cheana féin,” arsa an tAthair Micheal Drumm.

“Tá an bhéim sna meáin á leagan ar cheist an tsainmheoin, ach sílim gur ceann de na rudaí is suimiúla faoi na suirbhéanna ná go bhfuil rogha teanga ag tuismitheoirí den chéad uair riamh,” arsa Drumm, atá ina chathaoirleach ar Pháirtnéireacht na Scoileanna Caitliceach chomh maith.

“Léireoidh na suirbhéanna go bhfuil éileamh ann don Ghaelscolaíocht, ta mé cinnte faoi sin. Aithnítear go forleathan go bhfuil éileamh ann don ghaelscolaíocht nár ligeadh amach.”

“Ní bheadh deacracht againn i bprionsabal teanga teagaisc scoile a athrú go Gaeilge. Gan amhras bheadh orainn plé a dhéanamh leis an bpobal áitiúil faoin mbealach a ndéanfaí sin.”

Tá na suirbhéanna i mbun i gcúig cheantar i dtosach báire; An tInbhear Mór, Caisleáin an Bharraigh, An Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú i mBaile Átha Cliath. Tá go dtí 9 Samhain ag tuismitheoirí na suirbhéanna a dhéanamh. Déanfar iad in 39 ceantar eile níos déanaí.

Beidh rogha ag tuismitheoirí pátrúin éagsúla a roghnú, ina measc, an Eaglais Chaitliceach, Eaglais na hÉireann, an Foras Pátrúnachta agus Ag Foghlaim le Chéile. Tá fáilte curtha ag an Foras Pátrúnachta roimh na suirbhéanna.

“Deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lánGhaeilge a chur chun cinn ina gceantar,” arsa Ard-Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra. “Más mian le tuismitheoirí scoil lánGhaeilge ba chóir dóibh na buntáistí atá leis a mhíniú do thuismitheoirí eile agus a dtacaíocht a lorg.”

Dúirt an tAire Oideachais Ruairí Quinn gur “deis stairiúil í seo do thuismitheoirí chun tírdhreach na bunscolaíochta a athchumrú do na glúine atá le theacht.”

www.gaelsceal.ie

Rath ar an nGaeilge in Ard Mhacha

Deireadh Fómhair 19, 2012

Athrú meoin le mothú i bhfogas d’Eamhain Mhacha a scríobhann Méabh Ní Thuathaláin

Tá meon na nAontachtaithe in Ard Mhaca ag athrú, dar le Seán Maoilsté, oifigeach Forbartha na Gaeilge de chuid Cairde Teo. Anuraidh, díreoidh aird na meán ar Jim Speers, Chomhairleoir an UPP de chuid Ard Mhaca, mar gheall ar an gcáineadh a rinne sé ar an nGaeilge. Dar leis, “the only place Irish will take you is back to the bog”, ach creideann Seán Ó Maoilsté go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí.

“Tá pleananna againn Cultúrlann a bhunú agus rinne muid cur i láthair os comhair na gComhairlí ar na mallaibh le tacaíocht a fháil don tionscadal. Bhí Jim Spears i measc na gComhairlí agus thug sé moltaí fiúntacha dúinn maidir leis an suíomh a bhí muid ag coimhéad air” arsa Maoilsté.

“Ní hé go raibh sé go mór son na Cultúrlainne ach tuigeann sé go bhfuil an éileamh ann faoina choinne. Tuigeann sé go bhfuil muid ag iarraidh poist a chothú agus nach bhfuil muid ag tabhairt faoi chun aighneas a chothú ná a dhath ar bith. Thug sé éisteacht dúinn cibé, agus is comhartha é sin go bhfuil rudaí ag athrú,” arsa seisean.

Thosaigh an Ghaeloideachas 17 bliain ó shin in Ard Mhacha agus tá breis agus 400 dalta sa chóras Gaeloideachais in Ard Mhacha faoi láthair ag leibhéal na hiarbhunscoile, na bunscoile, na naíscoile agus na réamh-naíscoile. Tá Gaeilge iontach láidir sna scoileanna Béarla agus ina measc siúd sa Ghaeloideachas in Ard Mhaca chomh maith, dar le Sean Ó Maoilsté.

“Bíonn muid ag obair le daltaí ó Choláiste Phádraig, meánscoil áitiúil, agus le daltaí ón aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona, agus tá an caighdeán céanna Gaeilge ag na daltaí. Fiú amháin Coláiste Chaitríona, sa chuid den scoil nach bhaineann leis an aonad, bíonn siadsan iontach maith ag an nGaeilge fosta,” arsa Sean Ó Maoilsté.

“É sin ráite, tá daltaí ag teacht fríd an gcóras Gaelscolaíochta agus ag freastal ar na meánscoileanna Béarla. agus tá bunús iontach acu, rud a théann i bhfeidhm go cinnte ar na daltaí eile atá sa rang.

Tá thart ar 170 páiste ag freastal ar an aonad Gaeilge i Bunscoil na mBráithre Críostaí, an oiread céanna agus atá ag freastal ar an aonad Béarla sa scoil. Tá 25 páiste ar an naíscoil faoi láthair agus 25 eile sa ghrúpa súgartha atá dírithe ar pháistí atá 3 bliana d’aois.

“Tá an Ghaeilge iontach láidir sa scoil. Tá éiteas láidir a ritheann tríd an scoil trí chéile. Bíonn imeachtaí éagsúla á reáchtáil i ndiaidh am scoile trí mheán na Gaeilge, club drámaíochta, foireann peile le Gaeilge,” arsa Ó Maoilsté.

Ag an leibhéal meánscoile, tá 142 dalta ag freastal ar an aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona chomh maith. Tá 2,926 ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ag leibhéal iar-bhunscoile san iomlán, sna meánscoileanna Béarla agus sa chóras Gaeloideachais. I mbliana, tá 324 ag gabháil don GCSE Gaeilge agus tá 77 ag déanamh Gaeilge mar ábhar A-Leibhéal.

“Tá daoine ar an eolas faoi rogha na Gaelscolaíochta in Ard Mhaca anois. Tá fás millteanach ar chúrsaí ónár thosaigh sé,” a dúirt sé.

Tá Naíscoil Shliabh Fuaid le n-oscailt ar an bhfobhaile i mBaile Mhic an Aba atá cúpla míle ón gcathair féin. Tá Comhairle na Gaelscolaíochta i mbun staidéir maidir leis an éileamh atá ann don naíscolaíocht ar an gCéide. Chomh maith leis sin, tá grúpa eile ag iarraidh grúpa súgartha a bhunú ar an taobh eile d’Ard Mhacha fosta. Is eagraíocht í Cairde Teo a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail agus a bhíonn ag plé leis an bpobal áitiúil.

“Tá muid ag obair ar thionscal faoi láthair le daoine idir óg agus aosta, a dhéanfaidh comparáid idir na fadhbanna sóisialta ar nós dífhostaíocht, drugaí, féinmharú, cúrsaí ceardchumainn agus mar sin de. Ní dóigh liom tríocha bliain ó shin go raibh trácht ar fhéinmharú ach is cinnte go raibh sé ag tarlú. Tá cúrsaí ceardchumainn iontach lag faoi láthair i gcomparáid le tríocha bliain ó shin nuair bhí beagnach gach duine ina mbaill do cheardchumainn,” arsa Ó Maoilsté.

www.gaelsceal.ie

Troidfidh mé ar son na n-eagraíochtaí atá bunaithe anseo sa Tuaisceart: Ní Chuilín

Deireadh Fómhair 18, 2012

Níl sé soiléir an bhfaca Aire Cultúir, Ealaíón agus Fóillíochta an Tuaiscirt aon mholtaí nua ó Fhoras na Gaeilge maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge, ach dúirt an tAire, Carál Ni Chuilín, i bhfreagra a thug sí sa Tionól Dé Máirt na seachtaine seo caite nach bhfaca sí moltaí ar bith. Gheall sí, áfach, go dtroidfeadh sí “100%” ar son na n-eagras atá bunaithe ó Thuaidh. Bhí sí ag tabhairt freagra ar cheist ó Dominic Ó Brolcháin (SDLP). Bhain sin le scéal ar an Irish Times, mar ar cuireadh síos ar mholtaí nua ón bhForas. Sa scéal, dúradh go mbeadh sé cinn de ‘cheanneagraíocht’ ann agus iad uilig lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bheadh siad ábalta eagrais eile a earcú mar fochonraitheoirí.

D’iarr an Brolchánach ar an Aire an mbeidh sí ábalta a dheimhniú nach rachadh na moltaí nua “chun dochair d’eagraíochtaí Gaeilge anseo sa Tuaisceart agus go seasfadh sí an fód do na heagraíochtaí sin?” Dúirt an tAire gur sa cheist a chead chuala sí faoin scéal ar an Irish Times. Ní fhaca sí moltaí ar bith ón bhForas go dtí seo. “Deimhním 100% go dtroidfidh mé ar son na n-eagras atá bunaithe anseo sa Tuaisceart,” ar sise. “In amanna, tá freastal ar riachtanais na n-eagras maoinithe mar chuid den fhreastal ar riachtanais na hearnála, nó ní thig leat freastal a dhéanamh gan acmhainn ar an talamh… Déanfaidh me cinnte go mbeidh na socruithe maoinithe iomlán ionadaíoch, go ndéanfaidh siad freastal ar achan duine ar an oileán, agus nach mbeidh siad claonta i dtreo dhream amháin, ar aimhleas agus díobháil daoine eile.”

Dé hAoine seo caite, chuir Gaelscéal ríómhphost chun na Roinne ag fiosrú an raibh moltaí ón bhForas feicthe ag an Aire faoi sin. Go mall tráthnóna Dé Luain, chuir urlabhraí freagra chugainn. Duirt sé gur cuireadh cás gnó chomh maith le moltaí fá choinne cuíchóiriú an bhunmhaoinithe chuig Státseirbhísígh sa dá roinn urraithe. (An Roinn Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta). “Tá feidhmeannaigh anois ag scrúdú na moltaí seo, an breithmheas eacnamaíochta agus fírinniú an rogha is dealraithí,” arsa an t-urlabhraí. Meastar go bpléifear na moltaí ag an gcéad chruinniú eile de Shruth Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Tá sin le bheith ann an 12ú lá de mhí na Nollag. Níos luaithe i mbliana, shocraigh an Foras gan dul ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe, ach is léir nach bhfuil deireadh le conspóid maidir le cursaí maoinithe.

www.gaelsceal.ie

Gaelscoil Nua oscailte i nDún Geimhin

Meán Fómhair 14, 2012

D’OSCAIL Gaelscoil Neachtain i nDún Geimhin, Co Doire, don chéad uair Dé Luain. Tá 63 dalta ar an scoil faoi láthair.

Cuireadh tús leis an scoil naoi mbliain ó shin, mar shruth Gaeilge i mBunscoil Naoimh Chainnigh ar an bhaile.

Gaelscéal na seachtaine seo : Fuil, Foréigean agus Fuarchúiseachas : Fear dúnmharaithe i mBÁC i lár an lae – tuairisc ón láthair; Samhail Nua Mhaoinithe diúltaithe 100% – 3,000 aighneacht i gcoinne na Samhla; Aistriúcháin ó Bhéarla na leabhair is mó díola i nGaeilge

Cuireadh an iarratas chuig an Seirbhís Pleanála ó thuaidh an seachtain seo caite le síneadh a chur leis an scoil.

Is scoil rialaithe é Gaelscoil Neachtain. De ghnáth, luaitear an earnáil sin le scoileanna a dhéanann freastal ar an phobal Protastúnach.

Dúirt Nodlaig Ní Bhrollaigh, Cathaoirleach choiste na scoile, gur mar scoil rialaithe a bhí an tacaíocht ab fhearr le fáil.

“Bhíomar istigh mar aonad, ní raibh an spás againn le forbairt,” ar sise. “Ní raibh ach beirt mhúinteoir againn. Anois tá príomhoide againn.”

Tá Iníon Uí Bhrollaigh iontach sásta leis an tacaíocht a fuair siad ó Bhord Oideachais agus Leabharlainne an Iarthair (WELB).

“Tá siadsan ag foghlaim faoin Ghaeloideachas chomh maith,” ar sise.

Dar léi go bhfuil tábhacht leis an stádas nua. “Tá sé tábhachtach don Ghaeloideachas go bhfuilimid ag oscailt doirse do dhaoine sa phobal,” ar sise.

“Tá fhios againn nach bhfuil sin ag dul a tharlú thar oíche.”

Bhíodh scoil rialaithe i nDún Geimhin. Druideadh sin ceithre bliain ó shin. Tá ath-chóiríú le déanamh ar an bhfoirgneamh agus tá Gaelscoil Neachtain le haistriú isteach ann i gcionn 18 mí.

Idir an dá linn, tá sé lonnaithe i mBunscoil Naoimh Chainnigh ar fad. Thosaigh 25 páiste ar an naíscoil i mbliana.

GAELSCÉAL

Gaelscoil an Chuilinn, dea-thoradh don Fhoras Pátrúnachta

Meán Fómhair 7, 2012

D’oscail gaelscoil nua, Gaelscoil an Chuilinn, a dhoirse den chéad uair ag tús na míosa seo, i mBaile an Tirialaigh, le 14 leanbh idir shóisear agus sinsear.

Is scoil nua, idirchreidmheach í Gaelscoil an Chuilinn a bheas ag cur oidis trí Ghaeilge ar fáil i mBaile an Tirialaigh.

“Níl aon amhras ann ach go gcuirfidh Gaelscoil an Chuilinn go mór le pobal Bhaile an Tirialaigh agus an ceantar máguaird. Tabharfaidh sé tuilleadh roghanna do thuismitheoirí oideachas lánGhaeilge a roghnú dá bpáistí,” a dúirt Ó hEaghra, Ardrúnaí an Forais Pátrúnachta.

“Seo an tríú Gaelscoil déag ata ag feidhmiú faoin bhForas Pátrúnachta i mBaile Átha Cliath agus beidh dhá ghaelscoil eile ag oscailt sa chontae in 2013. Íocfaidh fás agus forbairt ar Ghaelscoil an Chuilinn de réir a chéile agus beidh An Foras Pátrúnachta ag obair leo i rith an ama chun tacú leis an scoil agus lena chinntiú go bhfuil scoil den scoth á chur ar fail don phobal,” a deir Ó hEaghra.

Ta an Foras Pátrúnachta ar an bhfód ó 1993 i leith, eagraíocht ata “dírithe ar oideachas lánGhaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.”

Cuireann siad tacaíocht ar fáil do scoileanna lánGhaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal, “Faoi láthair, tá 61 bunscoil agus cúig mheánscoil ag feidhmiú tríd an bhforas Pátrúnachta gus ta muid ag cur leis an líon sin i gcónaí,” a dúirt sé.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Gaelscoil an Chuilinn, nó faoin mbealach le daltaí a chlárú leis an scoil nua trí ghlaoch a chur ar an bpríomhoide, Fergus Ó Conghaile ag 86-3236187 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com.

www.gaelsceal.ie

Samhail Nua Mhaoinithe diúltaithe 100%

Meán Fómhair 5, 2012

3,000 aighneacht i gcoinne na Samhla

Dé Luain na seachtaine seo, d’eisigh Foras na Gaeilge Tuarascáil Chríochnúil ón bpróiseas comhairliúcháin ar an tSamhail Nua Maoinithe (SNM), an plean maoinithe a bhí molta acu d’eagrais Ghaeilge. Níor chuir scríbhneoirí na tuarascála, Seirbhísí Pleanála Teanga, fiacail ann: sa phróiseas, dhiúltaigh beagnach achan ceann den 3,000 aighneacht don SNM. Thosaigh sin leis na heagrais: “Is léir ón aiseolas go bhfuil an earnáil, beagnach ina hiomláine, go mór in aghaidh na SNM.

“Deir ionadaithe agus baill ba n-eagras nach bhfuil siad in aghaidh athbhreithniú agus athstruchtúrú na hearnála ach go mbeadh aon athchoimriú bunaithe ar thorthaí taighde proifisiúnta bunaithe ar dhea-chleachtais na pleanála teanga seachas athstruchtúrú agus cónascadh mar a bheadh san earnáil ghnó phríobháideach.” Dheimhnigh an Tuarascáil go bhfuil fadhb leis an gcaidreamh idir na heagrais Ghaeilge agus an Foras: “Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil easpa muiníne sna próisis agus táthar den tuairim ná éisteadh lena gcuid tuairimí sa chéad dá bhabhta den phróiseas comhairliúcháin. Bhí an tuairim ag freagróirí sa babhta comhairliúcháin seo go raibh punann scéimeanna na SNM amháin le plé agus nach raibh aon mhalairt rogha eile ann… “Tá na freagróirí den tuairim nach dtuigeann foras na Gaeilge an obair a bhí ar bun acu, na sainscileanna atá acu, na ról, líon agus tábhacht na n-oibrithe deonach sna heagrais.”

Tá na fadhbanna maidir le caidreamh idir foras agus earnáil ag leanúint leo, dar leis an Tuarascáil. De bharr na staire eatarthu “ta easpa muiníne le brath sa phróiseas an uair seo agus nár leanadh an próiseas cuí sa chéad dá chomhairliúcháin agus dá bhrí sin nach rabhadar bailí.” Is léir, ach go háirithe, gur thug scríbhneoirí na tuarascála cluas éisteachta d’aighneachtaí a rinne eagrais ó Thuaidh. B’iad na heagrais Thuaisceartacha, ach go háirithe, a bhí buartha. Luaitear an difear idir an dá dhlínse sa tír. Luaitear aighneacht a rinne Iontaobhas Ultach, inar dúradh nár comhlíonadh próiseas cuí de réir treoirlínte an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Cuirtear san áireamh moltaí a rinne an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht, gur gá fostaíocht leanúnach le saintaithí na mball agus na bhfostaithe a choinneáil. San am céanna, deimhníonn an tuarascáil go bhfuil na heagrais bhunmhaoinithe sásta glacadh le hathrú, comhoibriú idir na heagrais san áireamh. Scríobh 16 den 19 eagras go hoscailte go raibh. Níor dhúirt ceann ar bith gur cheart do chúrsaí fanacht mar atá.

Cinnte, tá bóthar fada roimh an bhForas le scéim a bheidh inghlactha ag na heagrais a chur le chéile.

www.gaelsceal.ie

« Previous PageNext Page »