Méid an Téacs

Próiseas nua maidir le haitheantas meánscoileanna fógartha

Lúnasa 12, 2010

An tseachtain seo caite, d’fhógair an Tánaiste, Mary Coughlan, go mbeidh leasú suntasach ag teacht ar an bpróiseas a bhaineann le hiar-bhunscoileanna nua a aithint.

Tá grúpaí agus eagraíochtaí éagsúla ag fáiltiú roimh fhógra an Tánaiste ach tá cáineadh á dhéanamh ag cuid eile. Tá Gaelscoileanna Teo ina measc siúd atá ag fáiltiú roimh fhógra an Tánaiste.

Faoin gcreatlach nua a bhunófar aontófar na critéir a úsáidfear chun iarratais do bhunú iar-bhunscoileanna a mheas. Mar thoradh ar an bpróiseas seo beidh trédhearcacht ag baint leis an bpróiseas cinnteoireachta ag leibhéal na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le haitheantas a bhronnadh ar scoileanna nua beartaithe.

Ag tagairt do na himpleachtaí a bheadh ann do na hiar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ard-Fheidhmeannach Gaelscoileanna Teo, “Fáiltímid go mór roimh athchóiriú ar an bpróiseas aitheantais d’iar-bhunscoileanna, agus tá sé an-tráthúil i bhfianaise an athbhreithnithe atá á chur i gcrích ar an bpróiseas a bhaineann le haitheantas bunscoileanna.

Táimid muiníneach go mbeidh an t-athchóiriú beartaithe chun leasa an tsoláthair iar-bhunscolaíochta agus go dtabharfar aitheantas cuí do riachtanais agus don éileamh mór ar sholáthar iar-bhunscolaíochta Lán-Ghaeilge.”

I measc na gcritéar atá réamhaitheanta ag an Tánaiste, áirítear an riachtanas a bhainfidh le cumas aon scoil nua a bhunófar chun freastal ar an éagsúlacht. Freagraíonn na scoileanna Lán-Ghaeilge do sholáthar na héagsúlachta ag leibhéal sainmheon creidimh/teanga agus freastlaíonn siad ar gach cúlra teangeolaíoch, sóisialta agus acadúil na ndaltaí.

Tá an Tánaiste ag moladh go mbunófar Aonad Gaelscolaíochta i scoil Lán-Bhéarla. Ag trácht ar an moladh seo, deir Ní Ghréacháin gur maith an rud é go gcuirfear Gaeloideachas ar fáil do dhaltaí áit nach bhfuil dóthain éilimh ann do scoil neamhspleách. Tugann sí rabhadh, áfach, ag rá,

“Ní mór leanacht leis an idirphlé idir an Roinn agus Gaelscoileanna Teo ar mhaithe le hathbhreithniú agus forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar mhúnla an Aonaid mar choincheap agus mar chur chuige.”

Deir sí go bhfuil “a lán dúshlán” ag baint leis an múnla reatha.

Tá sé i gceist go mbunófar Grúpa Comhairliúcháin san Fhómhar a dhéanfaidh moltaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Tánaiste maidir le haitheantas d’iar-bhunscoileanna.

Táthar ag tuar go mbeidh riachtanas ann áit scoile a bheith ar fáil do 67,000 dalta breise faoi 2024. “Second-Level Patronage Advisory Group” nó An Grúpa Comhairleach Pátrúnachta Dara Leibhéal an t-ainm atá ar an ngrúpa comhairliúcháin seo.

Deir Gaelscoileanna Teo go dtréaslaíonn siad don Tánaiste tabhairt faoin bpróiseas seo agus go bhfuil siad “tiomanta don chomhoibriú leis an Tánaiste agus leis an Roinn ar an gceist ríthábhachtach seo”. Tá an eagraíocht ag súil le ról lárnach a imirt sa dúshlán a bhaineann leis an gcóras is éifeachtaí a chur i bhfeidhm.

“Molaimid go gcinnteoidh an Tánaiste go mbeidh ionadaithe le saineolas ar riachtanais na scoileanna Lán-Ghaeilge ar an nGrúpa Comhairleach,” ar siad.

Deir Ruairí Quinn, urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, gur comhartha é bunú an ghrúpa seo de chladhaireacht pholaitiúil Mary Coughlan agus de rud eile a bheith curtha ar an méar fhada.

“Cosúil leo siúd a tháinig roimpi, tá an tAire i ndiaidh cinneadh maidir le Educate Together a aithint mar phátrún dara leibhéal a sheachaint,” ar sé. “Tá na coistí gairmoideachais agus an Eaglais Chaitliceach in aghaidh fhorbairt an oideachais ilchreidmhigh inár meánscoileanna.

Tá an iomarca eagla ar an Aire é seo a cheistiú agus an status quo a athrú.”
Deir an tUasal Quinn freisin nach bhfuil oideachas ilchreidmheach ar fáil do thuismitheoirí faoi láthair, agus go bhfuil sé seo “doghlactha.”

Táthar ag tuar go n-ardóidh an daonra in oirthear na hÉireann níos tapúla ná sa chuid eile den tír, agus deir an tAire Oideachais gur lú seans go mbeidh spás breise i seomraí ranga ann.

“Sna cásanna seo, beidh géarghá le critéir shoiléire agus le trédhearcacht níos fearr maidir le cinntí a dhéanfar faoi phátrúnacht sna scoileanna,” ar sí. “Tá pátrúin éagsúla ag iarraidh scoileanna nua a bhunú. Tá sé tábhachtach go mbeidh critéir shoiléire ann do gach pátrún sula ndéanfaidh siad iarratais.”

Meadhbh Ní Eadhra

An Gaelchampas is mó sa tír le hoscailt i gCarraig Uí Laighin

Iúil 9, 2010

Tá sé fógartha go bhfuil aitheantas sealadach bronnta ar Ghaelcholáiste nua i gCarraig Uí Laighin, i gCorcaigh, a bheidh ag oscailt i 2012.

Tagann an scéal seo i ndiaidh dhá bhliain d’fheachtasaíocht. Beidh an scoil seo ar an ‘Gaelchampas’ is mó sa tír, dar leis an eagraíocht Gaelscoileanna Teo.

Beidh bunscoil agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge chomh maith le scoil do pháistí le riachtanais speisialta ar aon suíomh amháin. Tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais suíomh 21 acra a cheannach i mBaile an Riabhaigh don scoil.

Ba é an Teachta Dála áitiúil i gCarraig Uí Laighin a chuir an dea-scéal in iúl do choiste bunaithe na scoile, seachtain ó shin. “Cinneadh an-dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do thuismitheoirí agus do dhaltaí Charraig Uí Laighin agus tuismitheoirí an cheantair máguaird,” a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo.

“Gabhann muid comhghairdeas mór leis an gcoiste as an éacht atá bainte amach acu agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna as aitheantas a thabhairt don éileamh ó thuismitheoirí agus don riachtanas a bhaineann le soláthar na gaelscolaíochta.”

Beidh an Coiste Gairmoideachais mar phátrún ar an nGaelcholáiste agus tá sé i gceist an suíomh a fhorbairt le go mbeidh áiseanna ann le freastal ar suas 700 dalta. Tá breis agus 460 dalta cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua, a chuir cathaoirleach an choiste bunaithe, Noel O’Regan in iúl, rud a léironn gur rogha an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail. Cuireann an scoil fáilte roimh iarratais ar áiteanna scoile ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó Béarla.

Tabharfar cabhair bhreise do pháistí ag teacht ó scoileanna Béarla ag tús na scoilbhliana má tá gá acu leis. “Déanfaimid ár ndícheall le cinntiú go mbeidh an Gaelcholáiste ar fáil do gach páiste sa cheantar ar fhágáil na bunscoile dóibh,” a deir an tUasal O’Regan.

Thar ceann an choiste bunaithe, ghabh sé buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas, ina measc siúd an an t-iar-Theachta Dála Batt O’Keeffe (le linn a ré mar Aire Oideachais), iar Theachta Dála Barry Cogan agus cathaoirleach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Barra Ó Briain.

Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt na scoile ar fáil ar an suíomh www.gaelcholaistecarrigaline.net.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
09 Iúil 2010

Fís na Gaelscolaíochta Beo i nDoire

Meitheamh 25, 2010

Tá pleanáil ag dul ar aghaidh faoi láthair chun soláthar iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge a bhunú do na daltaí Gaelscoile a dhéanann freastal ar na Gaelscoileanna i nDoire agus ar an Srath Bán.

Druideadh Meánscoil Dhoire, iarbunscoil lán-Ghaeilge a bunaíodh sa bhliain 1994, dhá bhliain ó shin agus mar sin tá tábhacht ar leith ag baint leis an bpleanáil seo d’iarbhunscoil nua sa chathair.
Bunaíodh meitheal oibre iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge an 18ú Bealtaine 2010 mar thoradh ar an idirphlé le hionadaithe ó Bhord Gobharnóirí na nGaelscoileanna uile i nDoire agus ar an Srath Bán.
Is daoine atá ainmnithe ó na Gaelscoileanna uile atá sa mheitheal oibre seo agus an Dr. Micheál Ó Duibh (Comhairle na Gaelscolaíochta) ina chathaoirleach. Ó bunaíodh an mheitheal oibre seo tá go leor oibre déanta i dtaca le forbairt na hiarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge i nDoire.

Go dtí seo, tá anailís agus plé déanta ag an mheitheal oibre ar threochtaí líon na ndaltaí Gaelscoile atá agus a bheidh in aois aistrithe thar na chéad 7 mbliana atá amach romhainn.
Tá measúnú déanta ag an mheitheal oibre ar mhúnlaí éagsúla iar-bhunscolaíochta ionas gur féidir na múnlaí is oiriúnaí do riachtanais na Gaelscolaíochta a roghnú.

Anuas air seo, tá comhairliúchán déanta le príomhoidí Gaelscoileanna i nDoire, ar an Srath Bán, i mBun an Phobail agus i mBun Cranncha chun a dtuairimí agus a ndearcaí i leith fhorbairt na hiarbhunscolaíochta a fháil.
Dúirt an Dr. Micheál Ó Duibh go bhfuil sé iontach sásta a bheith ina chathaoirleach ar an mheitheal oibre agus go bhfuil meanma láidir an chomhoibrithe ann ó na Gaelscoileanna i nDoire agus ar an Srath Bán.

“Tá mé iontach sásta bheith i mo chathaoirleach ar an mheitheal oibre seo nó tá meanma láidir an chomhoibrithe ann ó na Gaelscoileanna i nDoire agus ar an Srath Bán.
Chuir an fócas ar chomhoibriú ar leas coitianta an pháiste Gaelscoile saintréith ar leith le hobair na meithle oibre, rud atá maith agus cuiditheach.

Tuigeann muid go léir nach obair fhurasta atá i mbunú sholáthar iar-bhunscolaíochta ach creideann muid go láidir go bhfuil an ceart ag daltaí teacht a bheith acu ar iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge.”
Creideann an tUasal Ó Duibh agus an mheitheal oibre gur chóir dó seo bheith ann do Mheán Fómhair 2011 nó ar an dáta is luaithe ina dhiaidh.

Tacaíonn Comhairle na Gaelscolaíochta leis an dearcadh seo.
Tá an mheitheal oibre den tuairim go bhfuil ceantar iar-bhunscolaíochta Dhoire réidh don iar-bhunscolaíocht agus deir Ó Duibh go bhfuil súil acu go rachaidh obair na meithle oibre seo píosa fada chun ‘scoil fhuinniúil agus inbhuanaithe’ a bhunú, a bheidh tarraingteach do na daltaí Gaelscoile uile agus a dhéanfaidh ardchaighdeán oideachais a ofráil do pháistí na scoile ar fad.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
25 Meitheamh 2010

« Previous Page