Pátrúnacht bunscoileanna lánGhaeilge
Aibreán 19, 2012
Tá sé molta sa tuarascáil a d’fhoilsigh an grúpa comhairligh don fhóram faoi phátrúnacht agus iolrachas in earnáil an bhunoideachais go dtabharfaí aird ar an éileamh ar an ngaeloideachas má ghlactar le moltaí maidir le pátrúnacht a dhífheistiú céim ar chéim.
Moltar sa tuarascáil éagsúlacht pátrúnachta a bhaint amach trí úsáid an stoc scoileanna atá ann cheana féin, go ndéanfaí an t-aistriú le cúnamh ón Roinn, agus go gcuirfear tús le seo trí scrúdú a dhéanamh ar phátrúnacht scoile i mbailte éagsúla timpeall na tíre, Béal Átha na Slua agus Tuaim san áireamh.
Moltar próiseas trí chéim: Go mbaileodh an Roinn Oideachais agus Scileanna eolas maidir leis an éileamh atá ar an dífheistiú; Tuarascáil a ullmhú maidir leis na roghanna pátrúnachta, agus ar deireadh, bheadh ar phátrúin freagra a thabhairt taobh istigh de thréimhse ama faoi leith.
Tá sé molta ag an ngrúpa comhairleach gur cheart anailís a dhéanamh ar an mbealach a thagann bunscoileanna Gaeilge chun cinn agus machnamh a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le scoileanna “satailíte” a bheadh ceangailte le “máthairscoil” lánGhaeilge seanbhunaithe.
Tagraítear sa tuarascáil don mhéadú atá tagtha ar an éileamh ar scoileanna lánGhaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta agus luaitear go bhfuil 30,000 dalta ag freastal ar scoileanna lánGhaeilge lasmuigh don Ghaeltacht anois agus gur cheart eolas mar gheall ar an ngaeloideachas a scaipeadh i measc na dtuismitheoirí a bheidh ag glacadh páirte i gcéim a haon don phróiseas. Bheadh éileamh na dtuismitheoirí ar scoileanna Gaeilge mar chuid den treoir thionscadal maidir lena limistéar atá le dhífheistiú. Deirtear freisin gur cheart go leanfar agus go gcuirfear leis na socruithe taistil do scoláirí ar mhian leo freastal ar scoileanna lánGhaeilge.
Fógrófar cinneadh na Roinne Oideachais mar gheall ar mholtaí na tuarascála i mí na Bealtaine.
http://www.advertiser.ie/galway
Tuam and Ballinasloe parents to be consulted on school patronage
Aibreán 16, 2012
Tacaíocht phoiblí do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh
Aibreán 10, 2012
Tá dúshlán an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., tugtha ag cúigear Theachta Dála Gaillimh Thiar agus iad ag iarraidh a fháil amach cén fáth a bhfuil Gaelscoil Mhic Amhlaigh fágtha ar lár ón liosta scoileanna atá le maoiniú faoi phlean thógála na Roinne ó seo go dtí 2015.
Tá na Teachtaí Dála i measc liosta iomlán de 13 ionadaithe poiblí a shínigh litir chuig an Aire Ruairí Quinn ag éilimh go gcuirfear maoiniú ar fáil don scoil.
Tá an beartas nua ag teacht sna sála ar chruinniú tacaíochta don scoil, cruinniú a mheall breis agus 600 duine chuig Óstán Bhóthar na Trá an tseachtain seo caite.
Chuala an cruinniú go raibh an-chuid obair ullmhúcháin déanta ag an scoil chun síneadh a chur leis an scoil agus cóiríocht bhuan a chur ar fáil do 200 páiste. Dúradh go raibh an scoil réidh le tairiscintí tógála a lorg ach gur tharraing an Roinn Oideachais siar ón tionscnamh ag an nóiméad déanach i mí Eanáir.
Ábhar mór sásamh a bhí sa slua mór a d’fhreastail ar an gcruinniú poiblí dar le Dairíona Nic an Iomaire, príomhoide na scoile. Ag trácht ar an tacaíocht seo dúirt sí freisin “ Laistigh de 10 lá, shínigh breis agus 3000 de shaoránaigh na Gaillimhe achainí chun an cinneadh a athrú. Tá 12 bliain caite againn ag feitheamh, tá gach céim sáraithe againn agus ní bheidh an scéal seo ag dul a chodladh. Má tá an Rialtas dáiríre maidir lena ndílseacht do pháistí, don oideachas, do chruthú todhchaí níos folláine agus cosaint na Gaeilge féin, tá dualgas orthu gníomhú láithreach.”
www.advertiser.ie/galway
Foirgnimh nua do Ghaelscoileanna
Márta 22, 2012
Cé go bhfuil fáilte curtha ag an bhForas Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo. roimh an scéal go bhfuil 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh sa phlean tógála atá fógartha ag an Aire Oideachais, tá méadú ar an olc atá ar phobal scoile Ghaelscoil Mhic Amhlaigh de bharr nach bhfuil an scoil sin ar an liosta beag nó mór.
Go deimhin ní hiad pobal na scoile amháin atá ag ceistiú maoiniú a chur ar fáil chun scoil úr nua a thógáil sa cheantar gan freastal ceart a dhéanamh i dtús ar scoil sheanbhunaithe, agus scoil a bhfuil ard-cháil bainte amach aici.
Ar na gaelscoileanna i gContae na Gaillimhe atá san áireamh sa liosta cúig bliana tá: 2013: Coláiste na Coiribe. 2014: Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach; Gaelscoil Riada, Baile Átha an Rí. 2015: Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim; Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach; Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus Gaelscoil de hÍde, Órán Mór.
Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht bhuan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht shealadach do chuid den scoil.
Beidh fiche a dó bhunscoil faoin bhForas Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le dhá bhunscoil eile faoin bpátrún agus chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas.
GALWAY ADVERTISER
Múinteoirí san Uisce
Feabhra 23, 2012
Tá Coláiste uisce, Coláiste Samhraidh atá lonnaithe i mBéal an Mhuirthead i dtuaisceart Mhaigh Eo, ag tabhairt cuiridh do mhúinteoirí freastal ar dheireadh seachtaine eachtraíochta atá á eagrú acu ar an 30 Márta.
Tabharfar deis do mhúinteoirí dhá lá a chaitheamh i mbun imeachtaí eachtraíochta trí mheán na Gaeilge agus é saor in Aisce. Caithfidh uimhir oide a bheith ag gach múinteoir le freastal ar an gcúrsa seo.
Deir lucht an Choláiste tabharfaidh an deireadh seachtaine seo deis chun tuiscint a fháil ar an mbealach a spreagann muid na daltaí trí ghníomhaíochtaí eachtraíochta.
Tuilleadh eolas ó clodagh@uisce.ie.
GALWAY ADVERTISER
Áiseanna Gaeilge ar iTunes
Feabhra 23, 2012
Tá togra foghlamtha seolta ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar chainéal iTunes.
Seo cnuasach saibhir fuaime, fís, amhráin, dánta agus scéalta staire atá curtha le chéile ó chartlann Raidió na Gaeltachta agus ó chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an áis nua dírithe ar na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre agus tá sé ar fáil saor in aisce @ itunes.cogg.ie
GALWAY ADVERTISER
A Rá ar an Raidió
Feabhra 23, 2012
Cuirfidh Raidió na Gaeltachta tús Dé Luain seo chugainn, 27 Feabhra, le A Rá, sraith nua do dhaltaí atá ag réiteach do scrúdú na hardteistiméireachta.
Tá an tsraith á cur i láthair ag Síle Ní Scanláin agus gach seachtain beidh trí mhiondhráma, bunaithe ar théamaí a bhaineann le saol an déagóra, le cloisteáil. Pléifear téamaí an dráma i stíl chruthaitheach, snasta agus réalaíoch a spreagfaidh suim dhaoine óga, agus beidh gnéithe gramadaí agus foclóra fite fuaite síos tríd an scéal. Beidh saineolaithe sa stiúideo chomh maith agus iad ag labhairt ar ghnéithe éagsúla den scrúdú.
Tá an tsraith seo á léiriú ag Meangadh Fíbín Teo. Raidió na Gaeltachta, Dé Luain 27 Feabhra ag 10.15 r.n.
GALWAY ADVERTISER
NUIG launches iTunes channel to help schoolchildren learn Irish
Feabhra 3, 2012
Deireadh le Díospóireachtaí Ghael-Linn?
Feabhra 3, 2012
Tá sé ráite ag Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, go bhfuil Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú do chomórtais Díospóireachta Ghael Linn.
Agus é ag labhairt ag bronnadh na nduaiseanna do chomórtais na bliana seo d’iarr sé ar Fhoras na Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo agus dúirt sé gur “cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas”.
Mar thoradh ar chomórtais na bliana seo tá Fionnuala de Bhailís, Clíona Ní Bhriain agus Síofra Ní Shé, foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag ceiliúradh a mbua i gCraobh na hÉireann i Roinn na Sóisear de Chomórtas Díospóireacht Uí Chadhain, comórtas do Ghaelcholáistí agus do scoileanna Gaeltachta dara-leibhéal.
Is í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a chuidigh agus a chabhraigh leis an bhfoireann ar a mbóthar chun na Craoibhe agus bhí sí an-bhródúil as na scoláirí. Éacht eile é seo don Scoil Chuimsitheach, mar gur thug foireann shinsearach na scoile an chraobh leo trí bliana as a chéile – 2009, 2010 agus 2011.
Bronnadh buanchorn Gael Linn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach agus tugadh cuireadh dóibh freisin páirt a ghlacadh i Rí Chéile, féile dhíospóireachta bliantúil a reáchtálann Gael Linn do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig, i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba.
GALWAY ADVERTISER
Rith 2012 ag teacht go Gaillimh
Eanáir 19, 2012
Is in Inis Mór, Árann, a chuirfear críoch le Rith 2012, ar lá le Pádraig na bliana seo, tráth a bhainfear amach ceann scríbe ollrith 1,000km a chuirfear tús leis sa Bhun Beag, Gaoth Dobhair, ar Déardaoin 8 Márta.
Is féile náisiúnta é Rith 2012 a bheidh ar siúl ón 8-17 Márta mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 1000km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh, ag rith ó mhaidin go hoíche thar 10 lá leis na mílte duine ag glacadh páirte ann thar 200 baile.
Beidh baitín sealaíochta speisialta, le teachtaireacht fholaithe istigh ann, á iompar ag Rith 2012 ó thús go deireadh. Ag críoch an rith, léifear amach an teachtaireacht tacaíochta seo don Ghaeilge in Inis Mór.
Beidh páirt lárnach ag Contae na Gaillimhe freisin sa Rith mar ag 8.45r.n. ar an 16 Márta fágfaidh reathaithe Rith 2012 Baile Locha Riach agus iad ag dul tríd Bhaile Átha an Rí, Órán Mór, cathair na Gaillimhe agus ceantar Chois Fharraige agus iad ar a mbealach chuig an Cheathrú Rua.
Is féidir le haon duine rith ar aon chuid den chúrsa. Ní gá do dhuine aonair clárú, ach tá rogha ann do chiliméadar féin a cheannach, agus leis an rogha seo rithfidh tú le do ghrúpa cairde chun tosaigh le duine agaibh ag iompar an bhaitín. Má tá grúpa nó scoil ag iarraidh páirt a ghlacadh sa Rith, seilbh a ghlacadh ar an mbaitín agus rith chun tosaigh, is féidir leo é seo a dhéanamh ach ciliméadar a cheannach.
Is slí nua é Rith 2012 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann agus airgead á bhailiú d’fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna.
Tá gach eolas ar fáil ag www.rith.ie nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.
Galway Advertiser