Méid an Téacs

Bunscoil an tSléibhe Dhuibh – Curaidh Chorn Liam Uí Mhuirí 2013

Bealtaine 10, 2013

Thóg Bunscoil an tSléibhe Dhuibh Chorn Uí Mhuirí, príomhchomórtas Peile Ghaelscoileanna Aontroma, leo ar na mallaibh. 11 Gaelscoil a chuaigh chun páirce ar an lá.

Thug Meon Eile cuairt ar an scoil agus iad ag ullmhú do Chraobh na Cúige. Labhair muid leis na daltaí faoin Fhéile Peile agus faoi thionchar Chumann Lúthchleas Gael orthu…

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

An óige curtha i dtreo na litríochta in Ollscoil Uladh

Aibreán 22, 2013

Rinneadh Lá Litríochta na Gaeilge a reachtáil do dhaltaí A Leibhéal in Ollscoil Ulladh i nDoire agus i mBéal Feirste ar na mallaibh.

B’ócáidí iad a d’fheidhmigh mar áis staidéir do scrúduithe agus a thug blaiseadh d’eispéireas na hOllscoile do na mic léinn.

Chuir lucht léinn na hollscoile agus scríbhneoirí iomráiteacha, Séamus Mac Annaidh agus Gréagóir Ó Dúill ina measc, ceardlanna dramaíochta, filíochta agus gearrscéalaíochta ar fáil.

Thug Meon Eile cuairt ar na ceardlanna i nDoire agus labhair muid leis na rannpháirtíthe faoi léinn na hOllscoile, faoi chumadh na litríochta agus faoina gcuid mianta don todhchaí…

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Daltaí Choláiste Feirste ag cur béime ar shábháilteacht ar bhóithre

Aibreán 15, 2013

Tá an méid daoine a fuair bás ar na bóithre i ndiaidh ardú 23% ó thús na bliana.

De réir tuairisc a d’fhoilsigh an Údaráis Um Shábháilteacht ó dheas an tseachtain seo caite fuair 30 duine bás idir Eanáir agus Feabhra 2013, i gcomparáid le 23 le linn na tréimshe céanna anuraidh.

Sa bhliain 2012 maraíodh 48 duine ar na bóithre i dTuaisceart na hÉireann. Cé go bhfuil an figiúr seo ar an líon is ísle a bhí ann le breis agus 80 bliain, tá daoine óige idir 18 – 24 i níos mó baoil chun fulaingt de bharr timpistí bóthair ná aon aois ghrúpa eile.

Tá daltaí ó Choláiste Feirste i ndiaidh dráma a chumadh chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre.

D’éirigh le Féile an Phobail deontas a fháil ón DOE chun an dráma seo a léiriú agus chun daoine a chur ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre.

Is dráma faoi leith é ‘A Chance to Change’ ina bhfuil tragóid uafasach ann ar dtús nuair a fhaigheann cailín óg bás i dtimpiste bóthair. Ansin áfach léiríonn na daltaí an dráma arís, an uair seo bíonn deis ag an lucht féachana an dráma a stopadh agus athruithe a dhéanamh chun iarracht cosc a chur ar an timpiste agus bás an chailín óg a sheachaint.

Tugann an dráma seo feasacht do daoine, déagóirí ach go háiraithe, súil a choinneáil amach agus a bheith níos cúramaí ar na bóithre.

Faoi láthair tá ‘A Chance to Change’ ar siúl i scoileanna timpeall Bhéal Feirste. Beidh sé á aistriú go Gaeilge go luath agus an dráma Gaeilge ‘Deis Duit Athrú’ á léiriú i scoileanna éagsúla timpeall iarthar na cathrach.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta – Míshástacht léirithe faoin Bhille nua Oideachais

Márta 20, 2013

D’fhreastail os cionn 300 toscaire ar Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste.

4,881 páiste atá ag tabhairt faoi Ghaeloideachas sna sé chontae faoi láthair. Ba é ‘Ag gabháil na gairmiúlachta’ téama na Comhdhála.

Labhair Meon Eile le lucht a fhreastalaithe faoi staid reatha an Ghaeloideachais agus faoi thodhchaí na hearnála.

Léirigh Príomhfheidmeannach na Comhairle, Dr Micheál Ó Duibh míshástacht faoi stádas na Gaeilge sa Bhille nua Oideachais… Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Ógras i gCrois Mhic Lionnáin ag ceilúradh bliana ar an fhód

Eanáir 14, 2013

Le himeacht deich mbliana, tá Gaeloideachas iomlán ar fáil in Oirdheischeart Chúige Uladh idir naíscolaíocht, bunscolaíocht agus meánscolaíocht.

Ach d’aithin an Ciorcal Comhrá áitiúil nach raibh imeachtaí sóisialta rialta ar fáil don óige lena dteanga dhúchais a chleachtadh. Corradh an ama seo anuraidh, chinn Ciorcal Comhrá an Mhullaigh Bháin in Ard Mhacha Theas Craobh Ógras a bhunadh leis an fholúntas seo a líonadh agus deis a chur ar fáil don aos óg an teanga a labhairt i gcomhthéacs sóisialta.

Anois, beagnach bliain tar éis a bhunaithe, tá na scórtha stócach ag freastal ar himeachtaí seachtainiúla na Craoibhe in Ionad Óige na Croise i gCrois Mhic Lionnáin.

Chaith Meon Eile tráthnóna leo ar na mallaibh agus iad i mbun siamsaíochta agus labhair muid faoina gcraobh.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Dráma raidió dhaltaí Choláiste Feirste

Eanáir 2, 2013

Tá Bríd Ó Gallchóir i gceannas ar Aisling Ghéar, an Compántas Amharclainne Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Rinneadh nasc idir Aisling Ghéar, Raidió Fáilte agus Coláiste Feirste ar na mallaibh le dráma a léiriú ar an raidió.

Is rud faoi leith é dráma raidió mar go gcaithfidh na haisteoirí bheith ag smaoineamh ar rithim a nglórtha thar aon rud eile.

Scríobh daltaí ó Choláiste Feirste chomh maith le Bríd an dráma dar teideal ‘An Chéad Lá’ agus é bunaithe ar scéal a bhaineann leis an scoil.

Bhí ‘An Chéad Lá’ le cloisteáil ar Raidió Fáilte, 107.1FM Dé Sathairn 22 Nollaig ar 3in.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Féile Leabhar na Nollag

Nollaig 11, 2012

Mar chuid de shraith imeachtaí dírithe ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge a mhéadú, bhí Féile Leabhar na Nollag ar siúl i Halla Uladh, Béal Feirste le déanaí. Ba iad Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon a bhí ag reachtáil na hócáide speisialta seo agus bhí imeachtaí ar siúl ar feadh an lae do dhaoine óga chomh maith le daoine níos síne. Spreagadh páistí scoile i dtreo na léitheoireachta ar maidin agus bhí neart léachtaí ar siúl i rith an lae chomh maith. Tugadh neart eolais do dhaoine maidir le cén sort leabhair a cheannach, le leabhair ar díol ag go leor foilsitheoirí Gaeilge. Bhí an t-iriseoir ó The Irish News, Robert McMillen, i láthair chomh maith le neart scríbhneoirí eile, Philip Cummings agus Séamus Mac Annaidh ina measc. Bhí an t-imeacht saor in aisce. Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Féile na Samhna agus sean-chleachtais mhuintir na Gaeltachta

Deireadh Fómhair 31, 2012

Oíche faoi léith is ea oíche Shamhna, oíche phisreogach, gheasrógach ar a mbíonn eagla roimh rudaí neamhshaolta. Fosta, lá mór do Chríostaithe atá ann agus tugtar ómós do na mairbh.

B’as féile phágánach a d’eascair an fhéile Chríostaí agus le himeacht ama tháinig na scéalta sí i gcomharbacht air seo.

San am i láthair bíonn an óige ag dul ó dhoras go doras ar lorg bob nó bia agus bíonn an dream níos sine gleasta i gcultacha bréaga ach cad é faoin dream a bhfuil cuimhne acu ar na laethanta a bhíodh ann?

Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Curraighín, scéalaí as Gaeltacht Ghleann Cholm Cille faoina bpisreoga agus faoin chreideamh a bhíodh á chleachtadh ag bunú na tuaithe um Shamhna: Féach an físeán ar Meon Eile.

Ag tógáil an Ghaeloideachais i dTír Eoghain

Lúnasa 7, 2012

Cuireadh críoch chroíúil le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain na bliana seo le dinnéar speisialta agus Céilí Mór in Óstán an Europa, Béal Feirste, Dé Sathairn seo caite. Mar is iondúil, chomhoibrigh an Scoil agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta le chéile ar an oíche le hairgead a bhailiú le haghaidh an Ghaeloideachais. I mbliana chuaigh an t-airgead a cruinníodh i dtreo na scoile nua-bhunaithe, Gaelscoil na Deirge, i gContae Thír Eoghain. Anseo tugann an Cathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí na scoile, Maolíosa McHugh, cuntas ar scéal Ghaelscoil na Deirge go dtí seo agus ar thábhacht an airgid seo don tionscadal.

Is scoil úr-bhunaithe í Gaelscoil na Deirge, atá suite taobh amuigh de Chaisleán na Deirge in iarthar Thír Eoghain.

Mar an gcéanna le Gaelscoileanna eile nach bhfuil aitheanta go hiomlán ag an Roinn Oideachais go fóill, tá an scoil ag teacht i dtír ar iarrachtaí leanúnacha tógála airgid agus ar fhláithiúlacht mhuintir na háite.

Tá fréamhacha na scoile nua le fáil i Naíscoil na Deirge, a bunaíodh sa bhliain 2008 le deis a thabhairt do thuismitheoirí áitiúla an Gaeloideachas a roghnú dá bpáistí.

Tá, ar an mheán, 12 dalta ag freastal ar an naíscoil gach bliain ó shin agus dá mbeadh oideachas bunscoile ar fáil i nGaeilge sa cheantar, ghlacfadh thart ar sheisear an rogha sin in aghaidh na bliana.

Is dá bharr sin a bhunaigh muid coiste ar leith a raibh sé de sprioc aige bunscoil Ghaeilge a bhunú, rud a chuirfeadh le hoideachas na bpáistí agus a chuideodh go mór le clárú na naíscoile.

I ndiaidh plé áirithe ar an cheist, cinneadh go rachfaí ar aghaidh le bunú bunscoile i nGleann na Deirge agus thoiligh an scoil áitiúil Bhéarla, San Proinsias Assisi, seomra sealadach a ligean ar cíos do Bhunscoil na Deirge.

Cuireadh tús le hagallaimh ina dhiaidh sin agus tá áthas orainn a rá go bhfuil múinteoir anois ceaptha, Treasa Ní Duibhinne a bhí i gceannas roimhe seo ar Naíscoil na gCrann ar an Ómaigh.

Tá obair dhíograiseach curtha isteach ag an Bhord Gobharnóirí le hairgead a bhailiú don scoil úr agus cé go dtuigeann muid an dúshlán atá romhainn, tá muid in ann aige.

I mí Feabhra na bliana seo chuir an coiste tús le crannchur a meastar go gcruinneoidh leath na gcostas don bhliain amach romhainn agus le cuidiú Iontaobhas na Gaelscolaíochta, agus an ócáid mhór ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtáin, tá súil againn go mbeidh muid in ann an chuid eile a thabhairt isteach.

Tá tábhacht mhór ag baint leis an oideachas trí mheán na Gaeilge i saol agus i dtodhchaí ár náisiúin, agus géarghá le maoiniú a thógáil d’earnáil na Gaelscolaíochta ar fud na tíre.

Tá muid an-bhuíoch mar sin de gach duine agus grúpa a thacaigh linn go dtí seo.

Ina measc sin tá oibrithe deonacha ár gcoiste, Iontabhas na Gaelscoileachta, Comhairle na Gaelscoileachta, Gaelphobal An tSratha Báin, Bord Gobharnóirí San Proinsias Assisi agus an tAthar Ó Dochartaigh as an socrú ar leith a rinne siad le haghaidh láthair na scoile, agus ar ndóigh tá buíochas ag dul do na daoine sin ar fad a thug airgead dúinn ag an deireadh seachtaine agus ag ócáidí eile i linn na bliana.

Tá muid ag súil go mór leis an obair, agus toradh a fheiceáil ar an obair sin, sa tréimhse amach romhainn.

Tús maith, leath na hoibre.

Maolíosa McHugh, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil na Deirge

meoneile.ie

« Previous Page