Méid an Téacs

Aimsir na gComhdhálacha do mhúinteoirí na tíre

Aibreán 29, 2011

Is é ag an am seo bliana gach uile bhliain a bhíonn comhdhálacha mhúinteoirí na tíre ar bun, comhdhálacha INTO, ASTI agus TUI.

Is ann a dhéantar plé ar cheisteanna a bhaineann le todhchaí an chóras oideachais sa tír chomh maith le mórcheisteanna a bhaineann le múinteoirí páistí de gach uile aois sa  tír agus is ann a leagtar síos clár oibre na gcomhdhálacha don bhliain atá amach rompu.

I mbliana thaistil os cionn 1,500 múinteoir chuig na comhdhálacha.

Bhí an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, ag freastal ar a chéad bhabhta de chomhdhálacha mar Aire nua Oideachais.  Bhí roinnt rún comónta ag an trí chomhdháil, ceisteanna a bhí ag cur imní ar mhúinteoirí  na tíre, is iad sin cúrsaí pá, a gcuid pinsean agus a bhfuil i ndán dá bpoist, agus poist úra do chéimithe úra.  Ní raibh mórán dea-scéala le tabhairt ag an Aire Quinn ag na comhdhálacha agus foláireamh aige do na múinteoirí uile.

Dúirt an tAire Quinn go mbeidh tuilleadh ciorruithe ar bhuiséad na Roinne agus athbhreithniú á dhéanamh ar chaiteachas sa Roinn chéanna.  Deir sé, áfach, nach mbeidh sé ag déanamh ‘slash and burn’ ar bhuiséid ach go mbeidh athbhreithniú criticiúil á dhéanamh ar na cláir éagsúla. Is iad seo a leanas na pointí ba mhó a tháinig chun cinn ag comhdháil INTO i gContae Shligigh, áit a raibh os cionn 750 múinteoir bunscoile Luan na Cásca.

Gaelscéal – Treasa Bhreathnach agus Caroline Ní Chualáin

Fondúireacht Jack and Jill

Aibreán 29, 2011

Tá scéim Phones for Boards ar bun ag an gcumann carthanachta Jack & Jill a théann chun leasa na carthanachta agus na scoileanna a chabhraíonn leo.

Tá sean-fóin póca á bhailiú ag Jack and Jill ó scoileanna. Déanann siad athchúrsáil ar na gutháin agus díolann siad iad. Téann dhá thriain den bhrábús uaidh seo ar aghaidh chuig an charthanacht agus fillean an triain eile ar ais ar na scoileanna. Anuas air seo, beidh deis ag an dá scoil a bhailíonn an líon fón póca is airde bualadh le Jedward i mí an Mheithimh, spreagadh eile dóibh páirt a ghlacadh!

De ghnáth, dáileann Jack and Jill brábúis na scéime seo ar na scoileanna i bhfoirm táirgí cosúil le: cláir bhána idirghníomhacha, ríomhairí glúine, leabhair, geansaithe agus trealamh spóirt agus rudaí eile den chineál sin. Sa chás nach bhfuil táirgí ar bith de dhíth ón scoil, tugtar airgead tirim dóibh.  Tá breis eolais ar fáil ó www.jackandjill.ie/phonesforboards nó 1850-525545. Tá fáilte roimh ghlaonna as Gaeilge agus is é Shane Whelan a bhíonn ag déileáil le glaonna ó na scoileanna lán-Ghaeilge.

Oibríonn fondúireacht Jack and Jill chun curaimí faoisimh agus tacaíochtaí a sholáthar do pháistí le tinnis fhoircheanta acu agus dá gclanna.

Iarratais á lorg Scéim Chónaithe Choláiste na Tríonóide

Aibreán 20, 2011

Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí (Halla na Tríonóide), do mhic léinn a bheidh ag teacht go dtí Coláiste na Tríonóide i 2011. Tá 12 áit á dtairiscint do 2011-2012.

Tabharfar tús aite d’iarratais a fhaightear in Oifig na Gaeilge ar/roimh an Mháirt 31 Bealtaine 2011.

Seol d’iarratas chuig “Scéim Chónaithe Dhartraí”, Oifig na Gaeilge, An Téatar Thiar, Colaiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.

Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge anseo.

Foilsithe ar Gaelport.com 20 Aibreán 2011

Sparánachtaí taighde 2011

Aibreán 20, 2011

Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh thairiscintí ó mhic léinn dochtúireachta (Phd) nó ó thaighdeoirí eile do sparánachtaí taighde ar mhaithe le taighde a dhéanamh ar ábhar a bhaineann lena feidhmeanna reachtúla (oideachas trí mheán na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge). Féach www.cogg.ie

Is fiú suas le €15,000 in aghaidh na bliana go ceann 3 bliana gach sparánacht a bhronnfar.

Seol chuig pol@cogg.ie iarratais ag tabhairt eolais faoi: ábhar an taighde; an foras cáiliúcháin; maoirseoirí an taighde; amscála  an taighde; aon taighde mór eile sa réimse céanna; agus aon eolas ábhartha eile.

Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain 16 Bealtaine 2011.

An Ghaeilge á ceiliúradh i measc na n-imirceach

Aibreán 19, 2011

Bronnfar gradam ar dhuine eiseamláireach amháin a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc imirceach in Éirinn ag gradaim Metro Éireann  a bheidh ar siúl i Mí an Mheithimh. Beidh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir seo den chéad uair.

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar na daoine, grúpaí, eagraíochtaí agus iriseoirí a chuireann le tuiscint thrascultúrtha. Chuir an nuachtán trascultúrtha tús leis na gradaim sa bhliain 2002 agus i mbliana tá  na gradaim urraithe ag An Post, Oifig lánpháirtithe Chomhairle Cathrach Átha Cliath, Foras na Gaeilge, The Irish Times agus stiúideo MK Design.

Roinnfear na gradaim i gcatagóir ilcultúrtha agus catagóir na meán agus cuirfear fáilte roimh iarratais ón earnáil dheonach, earnáil stáit agus earnáil phríobháideach chomh maith leis na meáin chlóite, craolacháin agus idirlín.

Is féidir daoine nó eagraíochtaí atá ag obair ar son na Gaeilge a ainmniú do ghradaim Fhoras na Gaeilge .Is féidir leis an bpobal ainmniúchán a dhéanamh do na gradaim i mbliana ar shuíomh gréasáin www.mamaawards.com.

©Foilsithe ar Gaelport.com 19 Aibreán 2011

Lá na Naíonraí

Aibreán 18, 2011

Beidh an lá náisiúnta do Naíonraí ‘Lá na Naíonraí’ ar siúl i mbliana Dé Céadaoin, 18 Bealtaine. Eagraíonn an t-eagras deonach Na Naíonraí Gaelacha an lá seo gach bliain chun aird an phobail a tharraingt ar obair na Naíonraí agus chun éachtaí na bliana a cheiliúradh leis na páistí agus na tuismitheoirí.
Ar an lá seo téann beagnach gach Naíonra sa tír ar thuras nó déanann siad ceiliúradh ar an lá trí lá spóirt nó ceolchoirm a chur ar siúl.

www.naionrai.ie

Caitriona Ruane faces challenge over bus fund decision

Aibreán 14, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Lá eolais do na polaiteoirí

Aibreán 14, 2011

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do pholaiteoirí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Beidh an lá eolais ar siúl in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, ar Dé Céadaoin, 1 Meitheamh. Is é seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil lá stocaireachta eagraithe acu. Tá Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuiridh do Theachtaí Dála agus Seanadóirí bualadh leo le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a phlé le hionadaithe ón dá eagraíocht. Beidh daoine i láthair freisin óna dáilcheantair éagsúla ar fud na tíre le labhairt lena bpolaiteoirí féin ag an lá eolais. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta i dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú le pobal na Gaeilge agus iad féin a thabhairt suas chun dáta ar chúrsaí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “D’éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.” Déanfar plé freisin ar an lá eolais ar chuid de na moltaí fiúntacha a bhí i bhforógraí na bpáirtithe maidir le múineadh na Gaeilge agus conas an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais ag an lá eolais.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha

An bhfuil tusa ábalta Baile le Gaeilge a dhéanamh de do Phobalsa do TG4?

Aibreán 12, 2011

Tá sraith úrnua á léiriú ag TG4 agus Adare Productions ina mbeidh pobail nach pobail Ghaeltachta iad in ann dul in iomaíocht lena chéile le bheith ina mBuaiteoirí G-Team 2011 agus duais €40,000 ó Fhoras na Gaeilge a bhuachan
le húsáid chun a gceantar áitiúil a chur chun cinn. Beidh an clár nua agus nuálach seo urraithe ag Foras na Gaeilge.

Seard atá sa‘G-Team’ sraith nua 10 clár ar TG4 ina bhfeicfear pobail nach labhraínn Gaeilge ó cheann ceann na hÉireann agus dúshlán a thabhairt dóibh ár dteanga dhúchasach a úsáid ina saol ó lá go lá. An bhfuil do bhúistéir áitiúil in ann feoil a dhíol leat i nGaeilge? An bhfuil na tuismitheoirí áitiúla in ann go leor den teanga a fhoghlaim le scéal a léamh dá leanaí ag am codlata?

Tá Ceannairí Foirne le Gaeilge i ngach réigiún á lorg againn faoi láthair lena mbaile féin a chur san iomaíocht agus le bheith i gceannas ar iarracht a bpobal a ‘G-Day’ (Lá na Gaeilge) féin a bhaint amach.

Is éard a bheidh in ‘G-Day’ an lá a thiocfaidh na ceamaraí chuig an mbaile le féachaint ar an bpobal agus féile á reáchtáil acu agus dian-iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a labhairt i gcaitheamh an lae. Beidh na ceannairí foirne i gceannas ar gach gné den ullmhúchán ag druidim le G-Day ar an lá féin. Beidh na ceannairí foirne freagrach as muintir an bhaile a spreagadh dul i ngleic le dúshlán an G-Team chomh maith, agus an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá sna seachtainí
roimh an fhéile.

An ceannaire foirne tusa? An gcónaíonn tú i bpobal a bhainfeadh tairbhe agus taitneamh as dúshlán An G-Team? An féidir leat do phobal áitiúil a eagrú, a threorú agus a spreagadh a seacht ndícheall a dhéanamh agus dul san iomaíocht i gcomórtas fíor-náisiúnta? Más ea, ba mhaith linn é a chlos uait…

An 11 Aibreán beidh foirm iarratais do An G-Team ar fáil don chéad uair ar láithreán gréasáin TG4. An lá sin, agus go ceann 2 seachtaine ina dhiaidh sin- agus sin amháin – beidh ceannairí foirne ó bhaile ar bith nach baile Gaeltachta é, ar fud na tíre, in ann iarratas a dhéanamh.

Meet ‘An G-Team’ judges:

Lorcan MacGabhann
Chaith Lorcán tréimhsí  oibre le Conradh na Gaeilge, le  hÓgras, le Bord na Gaeilge, ina Fheidhmeannach Sinsearach i mBord na Gaeilge , le bhForas na Gaeilge agus ó 2001 mar Cheannasaí le Glór na nGael. Is bunaitheoir agus Cathaoirleach é ar Ghaelscoil Thaobh na Coille ó 1995 i leith. Ba cisteoir agus ball de Bhord Stiúrtha Gaelscoileanna Teo é ó 2000 – 2004. Ba cathaoirleach é agus is ball de Bhord Stiúrtha Foras Patrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge é ó 1996 go dáta.

Rossa Ó Snodaigh
Rossa, ceoltóir agus gníomhaí teanga agus duine de bhunaitheoirí an bhanna rac Gaeilge ‘Kíla’.   D’oibrigh sé go dian dicheallach le Gaelscoil a bhunú ina cheantar áitiúil Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma.   Bhí an-bhaint freisin ag Rossa le bunú an ‘Speaker’s Square’ i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath agus is é a bhíonn i mbun ‘Puball Gaeilge’ Electric Picnic gach bliain.

Mary Hanafin
Iarmhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Staire í Mary Hanafin.   Chaith sí cheithre bliana déag ina Teachta Dála agus sa tréimhse sin bhí sí ina hAire Oideachais agus Eolaíochta (2004-08), ina hAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (2008-10), in hAire Turasóireachta, Cúltúir agus Spóirt (2010-11) agus ina hAire Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta (2011).

Le tuilleadh eolais d’fháil, déan teagmháil le:
Adare Productions ag 01 2843877

Which are the fastest growing schools – and which are down?

Aibreán 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Next Page »