Méid an Téacs

Gaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach

Bealtaine 19, 2011

Tá clár Gaeilge spleodrach fógartha ag Glór Cheatharlach don samhradh le himeachtaí ar an sceideal a bheidh oiriúnach do gach aoisghrúpa.

Am gnóthach gan dabht a bheidh ann don Ghaeilge i gCeatharlach le himeachtaí agus gníomhaíochtaí thar Mhí  an Mheithimh agus Mí Iúil. Beidh Coláiste Samhraidh do dhéagóirí ó Rang 6 go Bliain 6 ar siúl idir 4 agus 15 Iúil, Campa na nÓg do pháistí óga ó 11-15 Iúil agus Campa Samhraidh do pháistí bunscoile ó 18-22 Iúil. Beidh sraith nua de Chúrsaí Gaelchultúir do dhaoine fásta ar siúl chomh maith. Tá gach eolas faoi Gaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach ar fáil ó Glór Cheatharlach. Buail isteach chuig an oifig nua ar Shráid an Coláiste atá díreach trasna ón Ardeaglais. Is féidir glaoch a chur ar ar 059 9158105 nó 085 1340047 nó scríobh chuig eolas@glorcheatharlach.ie

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach

Campa na nÓg 2011

Bealtaine 19, 2011

Beidh Campa na nÓg ar siúl i Naíonra Ghráig Chuilinn ón 11ú go 15ú  Iúil i mbliana.

Leanfar leis an spórt agus spraoi trí Ghaeilge ó 10.00r.n.- 1.00i.n. ó Luan go  hAoine. Beidh meascán d’imeachtaí oiriúnach do pháistí idir 4 agus 6 bliana d’aois idir ealaín agus ceardaíocht, cluichí agus amhránaíocht, scéalaíocht agus turas chuig ionad spraoi. Tá costas EUR40 ar Champa na nóg. Gach eolas ó Lorraine ar (085) 7377041 nó ó oifig Ghlór Cheatharlach.

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach

Campa Samhraidh 2011

Bealtaine 19, 2011

Eagraítear Campa Samhraidh trí Ghaeilge i gCeatharlach gach bliain agus beidh sé ar siúl arís an samhradh seo.

Is i nGaelscoil Cheatharlach a bheidh an campa lonnaithe mar a bhíonn i gcónaí agus cuirfear fáilte roimh bhuachaillí agus cailíní. Beidh an campa oiriúnach do pháistí atá idir 7 agus 10 mbliana d’aois agus clúdóidh an táille EUR40 imeachtaí uile na seachtaine. I measc na n-imeachtaí beidh cluichí agus ealaín, ceardaíocht agus rince céilí chomh maith le snámh agus roinnt turasanna. Beidh an campa ar siúl ó 10.00r.n. go 2.00i.n. ón Luan 18ú go dtí an Aoine 22ú Iúil. Tá foirmeacha iarratais agus gach eolas  ar fáil ó oifig Glór Cheatharlach. Níl ach caoga áit ar an gcampa agus moltar clárú gan mhoill.

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach

Buaiteoirí Chomórtas Clár Raidió Gael Linn

Bealtaine 18, 2011

Is iad Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2011.

Árainn Mhór, Oileán m’Óige an t-ainm a bhí ar an gclár raidió a chuir na daltaí scoile le chéile faoi stiúir a múinteora Máire Nic Cathmhaoil. Bronnadh duais EUR650, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, orthu. Is iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair i nDún na nGall a tháinig sa dara háit le clár faoin bhéaloideas, agus bronnadh an duais don tríú áit ar na daltaí o Choláiste na nUrsulach, Sligeach.

Foinse

Is iad Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2011.


Árainn Mhór, Oileán m’Óige an t-ainm a bhí ar an gclár raidió a chuir na daltaí scoile le chéile faoi stiúir a múinteora Máire Nic Cathmhaoil. Bronnadh duais EUR650, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, orthu. Is iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair i nDún na nGall a tháinig sa dara háit le clár faoin bhéaloideas, agus bronnadh an duais don tríú áit ar na daltaí o Choláiste na nUrsulach, Sligeach.

Foinse

Gaelscoil Uí Ríordáin

Bealtaine 18, 2011

Bunaíodh Gaelscoil Uí Ríordáin sa bhliain 1983 ar shuíomh sealadach agus is ann dúinn i gcónaí! Thosaigh an scoil amach le 20 daltaí sna ranganna naíonáin ach tháinig borradh tapaigh i líon na ndaltaí. Tar éis tamaill, chuir úinéir an suímh seomraí breise leis an bhfoirgneamh féin chomh maith le roinnt seomraí réamhdhéanta. Tá spás anois ann do sheacht gcinn déag de sheomraí ranga agus do halla beag.

Tar éis fheitheamh na mblianta, tá dea-scéal faighte againn maidir le scoil nua. Cheannaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna trí acra i Nollaig 2010 agus é mar sprioc go mbeadh an scoil nua ullamh faoi Mheán Fómhair 2012.
Is foirgneamh trí urlár atá beartaithe, le 24 seomra le gach saoráid agus áis acu agus spás do thart ar seacht gcéad páistí!

Faoi láthair, téann 95% de na scoláirí ar aghaidh go Gaelcholáiste Choilm dá gcuid iar-bhunoideachais. Is é an chéad dhúshlán eile ná go bhfaigheadh an uile pháiste sa cheantar máguaird oideachas dara leibhéil trí mheán na Gaeilge, más é sin a rogha.

Is mó gaisce atá déanta ag iar-scoláirí na Gaelscoile. Tá imreoir Chorcaí, Pádraig Ó Ceallaigh, ar dhuine dá laochra. Bhuaigh sé Craobh Pheile na hÉireann anuraidh agus ba léir ó thús go raibh an-suim ag an gCeallach sa pheil, fiú agus é ina gharsún óg ar scoil anseo i nGaelscoil Uí Ríordáin. Maíonn cuid den bhfoireann anseo go bhfuair sé an oiliúint agus an cumas caide ó mhúinteoirí Chiarraí!

Tagann buíon múinteoirí na scoile ó cheithre hairde na tíre: Gaillimh, An Clár, Ciarraí, Luimneach, Port Láirge agus gan dabht, ó Chorcaigh féin. Grúpa ildánach, díograiseach gan aon agó!

Painéal de Theagascóirí á chur le chéile ag Forbairt Naíonraí Teoranta

Bealtaine 18, 2011

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag lorg teagascóirí na luathbhlianta ó fud fad na tíre chun painéal a chur le chéile. Cuireann FNT cúrsaí aitheanta agus neamhaitheanta ar fáil trí Ghaeilge, dírithe ar an earnáil luathóige, go príomha Naíonraí Gaelacha.

Má tá tú suim agat sna luathbhlianta agus cáilithe chun ceardlann a thabhairt ar ábhar ar leith, nó má tá taithí agat ar mhodúil CDBO (FETAC) a mhúineadh, déan teagmháil linn.

Tá spéis faoi leith ag FNT sna hábhair a leanas: Modúil Cúram Leanaí CDBO Leibhéal 5 & 6, An Ghaeilge, Garchabhair, Fiontraíocht agus Airgeadais, Sábháilteacht Bia, Idirchultúrachas agus Comhionannas.

Moltar don té a bhfuil spéis aige bheith ar phainéal de theagascóirí FNT ríomhphost a sheoladh chuig eolas@naionrai.ie faoin 31 Bealtaine 2011.

Roinn Féin

Bealtaine 18, 2011

TÁ SINN Féin anois i mbun an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL mar is fearr eolas air i mBéarla) i dTuaisceart Éireann, ceann de na ranna is tábhachtaí ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de.
Is é an chéad uair é go raibh páirtí náisiúnach i mbun na roinne seo ó bunaíodh an tionól ag deireadh na 1990í. Bhí an roinn faoi stiúir na bpáirtithe aontachtúla, an Ulster Unionist Party (UUP) agus an Democratic Unionist Party (DUP), le linn an ama ar fad.

Ainmníodh Carál Ní Chuilín, ball tionóil de chuid Shinn Féin as Tuaisceart Bhéal Feirste, ina haire sa roinn Dé Luain. Is iarchime í a bhfuil spéis aici i gcúrsaí cultúir agus taithí aici ar chúrsaí polaitíochta.

An ionann a ceapachán is a rá go mbeidh rath agus bláth ar chúrsaí teanga anois? Bhí beirt bhall de chuid an tionóil – John O’Dowd (Sinn Féin) agus Peter Weir (DUP) – i mbun cainte ar BBC Thuaisceart Éireann oíche Dhomhnaigh faoin obair a bhí roimh an tionól agus na ranna nua.

Fiafraíodh de O’Dowd – aire nua oideachais Thuaisceart Éireann agus fear a mbeidh cúram chúrsaí gaeloideachais air – fiafraíodh de an mbeadh acht Gaeilge le cur chun cinn? Freagra cúramach a thug O’Dowd, á rá go raibh mórán dóigheanna ann leis an teanga a fhorbairt.

Spéisiúil fosta an méid a bhí le rá ag Weir. Ba faoi chúram a pháirtí féin – an páirtí is mó sa tionól – a bhí DCAL go dtí le deireanas. Dúirt sé go mbeadh ar aon acht dul os comhair an tionóil agus nár “priority” ag a pháirtí féin é; bhí cúrsaí airgid teann agus mheas sé nithe ní ba thábhachtaí bheith ann le hairgead a chaitheamh orthu. An ngéillfeadh an DUP an roinn sa chás go raibh imní orthu go mbeadh acht teanga ann?

Bíodh sin mar atá, beidh ar Shinn Féin seifteanna éigin a aimsiú le cuma níos fearr a chur ar a bpolasaí teanga – polasaí atá rud beag cosúil le Peter André faoin am seo; cluineann gach duine faoi ach ní ghlacann duine ar bith i ndáiríre é.

Tá cuid de lucht na Gaeilge sa Tuaisceart ciniciúil go maith faoi dhintiúir an pháirtí sa réimse seo ag an bhomaite – fiú daoine a thugadh tacaíocht dóibh roimhe seo. Ní leor acu an status quo.

Bíodh is nach ndearna ceachtar den dá pháirtí aontachtúla iarracht cur as d’oibriú trasteorann Fhoras na Gaeilge, ní fhéadfá a rá go ndearna siad iarracht rómhór cur le forbairt na Gaeilge ach an oiread.

Thairis sin ar fad, tá an saol sa Tuaisceart ag tabhairt dhúshlán na teanga oiread chéanna agus atá sé sa Deisceart. D’éirigh le lucht na teanga – de gach imir pholaitiúil – ceist na Gaeilge a chur chun cinn ar dhóigh éifeachtach ar feadh na mblianta agus, mura bhfuil cúrsaí ina stad ar fad, tá snag ann.

Tá na gaelscoileanna in iomaíocht le gnáthscoileanna Béarla agus amhras – go fóill féin – ar go leor tuismitheoirí dul sa seans le hoideachas trí mheán na Gaeilge ó tharla nach bhfuil an teanga acu féin.

Na páistí a fhaigheann oiliúint ar an bhunleibhéal sa Ghaeilge, ní i gcónaí a bhíonn deis acu oideachas dara leibhéal i nGaeilge a dhéanamh – agus ní i gcónaí a roghnaíonn siad é fiú sa chás go mbíonn sé ar fáil.

Is beag cúrsa Gaeilge atá le fáil ar bhunscoileanna Béarla Caitliceacha – gan a bheith ag caint ar scoileanna stáit. Agus an méid oibre atá ar siúl sa réimse sin, eagrais dheonacha atá á dhéanamh go ciúin stuama.

Agus tá laghdú ar líon na ndaltaí ar scoileanna Caitliceacha Béarla meánscoile a dhéanann staidéar ar an teanga.

Le cois cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn sa Tuaisceart, beidh deis ag DCAL tionchar a imirt ar chúrsaí teanga trí Fhoras na Gaeilge, eagras thuaidh/theas.

(An spreagfaidh aire Shinn Féin i mBéal Feirste an Rialtas i mBaile Átha Cliath le cúram níos práinní a dhéanamh den straitéis 20 bliain?)

Mar a dúirt gníomhaí teanga amháin atá neamhspleách ar an pháirtí: “B’ait nár ghlac Sinn Féin leis an roinn roimhe seo. D’fhéadfadh gur rud maith é páirtí bheith i mbun DCAL a bhfuil cos acu sa dá dhlínse. Ach bí cinnte gur ar mhaithe le Sinn Féin atá siad á dhéanamh!”

Agus sin go díreach fadbh eile – is léir don díograiseoir is daille teanga faoin am seo gur minic gur ar mhaithe leo féin a fheidhmíonn lucht Gaeilge Shinn Féin. Tá na milliúin punt faighte ag an pháirtí agus ag a leathbhádóirí cultúir le linn phróiseas na síochána lena gcuid tionscnamh féin a chur chun cinn.

Ní “pobal” aontaithe iad lucht na Gaeilge, thuaidh nó theas, agus is minic iomaíocht ina measc gan amhras.

B’fhéidir gur ag an úrscéalaí Seosamh Mac Grianna atá an cur síos is fearr ar na cúrsaí seo. Ag scríobh ina leabhar, An Druma Mór, faoi iaróg áitiúil agus an scoilt a tháinig sa pobal dá bharr sin, dúirt sé go bhfeicfeadh cuairteoir fánach chun an cheantair “go raibh comharsana áiride nach ndéanfadh comhrá ar bith thar chlaitheacha le chéile; go mbíodh na fir a bhíodh ag siúl le chéile Dé Domhnaigh sna meithleacha le chéile lá den tseachtain; nach raibh cead ach ag leath an bhaile a chos a chur isteach i mbád ar bith; go mbíodh na páistí ag troid le chéile ní ba mhinice ná a bhí nádúrtha”.

Feicfidh muid ar ball cé a chuirfeas cos i mbád a chéile.

Irish Times

Buntáiste Breise na Gaeilge – Camchuairt 2011!

Bealtaine 18, 2011

Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre le linn 2011.  I mí Márta na bliana seo bhailigh slua ollmhór de dhaltaí scoile in Óstán An Dolmen i gCeatharlach ag ceann de na seimineáir seo agus i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna beimid ag díriú ar ionaid i gCora Droma Rúisc, i gCarraig Mhachaire Rois, i Luimneach agus i bPort Láirge.

Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mhór.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí,  rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar a leithéidí seo – todhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Tá na seimineáir á n-eagrú ó 2009 agus go dtí seo tá an-tóir orthu. Rinne na seimineáir seo freastal ar 78 iar-bhunscoil agus suas le 2,500 dalta scoile timpeall na tíre.

Tá liosta de na dátaí thíos do na seimineáir atá beartaithe níos déanaí i mbliana agus más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil go luath le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.

Tá fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.

Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma -11 Deireadh Fómhair 2011

Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin  -12 Deireadh Fómhair 2011

Luimneach- 22 Samhain 2011

Dún Garbhán, Co. Phort Láirge- 23 Samhain 2011

Foilsithe ar Gaelport.com 17 Bealtaine 2011

Seomra Comhrá Scoil Gharbháin

Bealtaine 16, 2011

Ghlac trí ghaelscoil páirt i dtionscnamh a bhí á stiúradh ag Múinteoir Sinéad Ní Mhurchadha ó Scoil Gharbháin, Dún Garbhán le déanaí. Cruthaíodh nasc fíorúil idir daltaí i Rang 6 Scoil Gharbháin, Gaelscoil Philib Barún agus Gaelscoil na nDéise ag úsáid seomraí comhrá ar suíomh idirlín na scoile. Bhuail na daltaí lena chéile i dtimpeallacht fíorúil (an seomra comhrá) uair sa tseachtain ar feadh tréimhse sé seachtaine. An cuspóir a bhain leis ná deiseanna breise a thabhairt do dhaltaí idirghníomhnú as Gaeilge le daltaí eile ar chomhaois leo féin, ar mhaithe le inniúlacht teanga a fhorbairt agus féiniúlacht na ndaltaí a leathnú.

Bhí fócas faoi leith ag gach seisiún comhrá, bhí na topaicí cainte roghnaithe ag na daltaí, ábhair a bhí bunaithe ar an gCuraclam Gaeilge agus oiriúnach dá saol féin. Gach seachtain, chaith na daltaí roinnt ama sa seomra ranga ag ullmhú don rannpháirtíocht sa seomra comhrá, rud a chuaigh go mór chun tairbhe ar chaighdeán an chaidrimh. Bhailigh stiúrthóir an tionscnaimh sonraí agus aischothú ó dhaltaí de réir mar a bhí an tionscnamh ag forbairt. Ba léir ón méid a bhí le rá ag daltaí go raibh an t-uafás le fáil as páirt a ghlacadh ina leithéid. D’úsáideadar Gaeilge i slite nua le grúpa daltaí nua. Thug sé deiseanna dóibh an dearcadh a bhí acu ar úsáid na Gaeilge a athnuachan. Ár mbuíochas le GAELSCOILEANNA TEO. a chuir deontas ar fáil dúinn.

Gaelscoil Gharbháin

Gaelscoil na nDéise

Gaelscoil Philib Barún

Young writers take part in Scríobh Leabhar project

Bealtaine 16, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »