Méid an Téacs

Daltaí Gaelscoile dearfach faoin nGaeilge

Eanáir 26, 2012

Tá daltaí i nGaelscoileanna i bhfad Éireann n ios dearfaí faoin nGaeilge ná páistí i mbunscoileanna Béarla de réir taighde nua

Léiríonn tuairisc de cuid na hInstidiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go dtaitníonn an Ghaeilge le 45% de dhaltaí na nGaelscoileanna i gcónaí i gcomparáid le 20% i scoileanna Béarla.

Deir 10% de pháistí na nGaelscoileanna nach dtaitníonn an Ghaeilge leo riamh, ach deir 30% de dhaltaí i scoileanna Béarla an rud céanna.  Deir na daltaí eile go dtaitníonn an teanga leo anois is arís.  Taitníonn an Ghaeilge le beagnach 40% de dhaltaí i scoileanna Gaeltachta i gcónaí ach ní thaitníonn an teanga le thart ar 16%.

Ta daltaí Gaelscoile níos dearfaí faoin nGaeilge ná faoi Mhata ach tá siad níos dearfaí faoi Léamh/Béarla ná an Ghaeilge.  Tá daltaí i scoileanna Béarla i bhfad níos dearfaí faoi Mhata agus Léamh ná an Ghaeilge.  Mar shampla deir 45% de dhaltaí gur maith leo an Mata i gcónaí agus 10% nach maith leo riamh é.  Ní thaitníonn an Ghaeilge le 33% de dhaltaí le múinteoir fir agus 28% le múinteoir mná.

De réir an taighde tá daltaí Gaelscoile níos dearfaí faoin gcóras scolaíochta i gcoitinne.  Tá curaclam níos leithne á mhúineadh i nGaescoileanna.

GAELSCÉAL

Méadú 60.8% ar an Ghaelscolaíocht

Eanáir 25, 2012

Léirigh figiúirí a thug John O’Dowd, Aire Oideachais an Tuaiscirt, sa Tionól an fás atá ar an Ghaeloideachas le deich mbliana anuas.

Thar an tréimhse tá méadú 54.2% ar líon na bpáistí atá ag fáil bunscolaíochta trí Ghaeilge ó thuaidh.

Bhí 1,421 i rang a trí sa scoilbhliain 2001/2.  Ba 2,191 a bhí ag an chéim chéanna in 2011/2.

Níl an líon céanna páistí ag gabháil don mheánscolaíocht Ghaeilge.  Mar sin féin, tá méadú 60.8% air sin.

Bhí 342 páiste ag fáil meánoideachais trí Ghaeilge in 2001/2.  Is 550 atá i gceist don scoilbhliain reatha.

Thug O’Dowd an t-eolas i bhfreagra ar cheist ón gComhalta den Tionól Reachta Daithí McKay.

Dúirt Mícheál Ó Duibh, príomh-fheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, gur léirigh na figiúirí an t-éileamh ar an Ghaelscolaíocht.

“Sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí forbairt ar an iar-bhunscolaíocht Ghaeilge.  Más ann don éileamh, tá an dúshlán sin romhainn.”

GAELSCÉAL

Oscailt an tSrutha i Scoil Íosaef

Eanáir 25, 2012

Osclaíodh Sruth na Gaeilge, Scoil Iósaef i Meán Fómhair 2010.  Is Sruth ilchumais é agus tháinig na céad daltaí chugainn anuaraidh ó Ghaelscoileanna áitiúla éagsúla. I mí Mheán an Fhómhair 2011 tháinig naoi scoláire dhéag eile chugainn isteach sa chéad bhliain. Tá muid ag dúil go mór le tógáil ar an éacht a rinne muid anuraidh, agus guíonn muid gach rath ar ár scoláirí nua. Tá dhá sheomra ranga againn agus dhá cheann eile le theacht fá dheireadh 2012, ach bogann na scoláirí tríd an scoil iomlán ar mhaithe le réimse iomlán na n-ábhar a fháil.  Tá foireann Sruth na Gaeilge ar a ndícheall caoga faoin gcéad den churaclam a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Eochairchéim a trí. Faoi láthair déanann lucht an tSrutha na hábhair seo a leanas trí mheán na Gaeilge: an Ghaeilge, an Fhraincis, Reiligiún, Stair, Saoránacht, Forbairt Phearsanta, Infhostaitheacht, Ceol agus Drámaíocht. Tá teacht ar achan áis scoile ag daltaí an tSrutha. Tá Gaelscoláirí anois ina mbaill d’achan chineál club agus cumainn sa scoil; drámaíocht, ceol, galf, peil, sacar, iascaireacht, cócaireacht Fhrancach, camógaíocht agus ríomhaireacht ina measc.  Tuilleadh Eolais le fáil: Seán Ó Fearáin 028 877 61227

Seimineáir ghairmeacha do dhaltaí scoile ar chamchuairt na tíre

Eanáir 24, 2012

Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag  Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr.

Beifear ag díriú ar ionaid i mBéal Átha na Sluaighe, Inis i gCo. An Chláir agus san Uaimh i gCo. na Mí ag deireadh mhí Márta.

Tar éis bhriseadh an tSamhraidh leanfaidh an chamchuairt le seimineáir i nDúrlas Éile i gCo. Thiobraid Árann, Loch Garman agus cuirfear críoch le camchuairt na bliana seo i Nás na Ríogh i gCo. Chill Dara.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.

Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.  Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Tá na seimineáir á eagrú le breis ó 2009 agus go dtí seo tá an-tóir orthu. Rinne na seimineáir seo freastal ar 123 iar-bhunscoil agus suas le 3,808 dalta scoile timpeall na tíre go dtí seo.

Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.

Rith 2012 i gCill Dara

Eanáir 23, 2012

Beidh cruinniú pobail maidir le Rith 2012 (www.rith.ie)  i nGaelscoil Nás na Ríogh, Dé Luain, 30 Eanáir @ 7.30i.n. . Beidh Rith 2012, féile náisiúnta ag céiliúradh ár dteanga náisiúnta, i gContae Chill Dara ar 13 Márta 2012 – díreach ocht seachtain ón Máirt seo chugainn. Beidh lá iomlán ag Rith 2012 sa chontae ag tosú i Léim an Bhradáin ag 9.00 ar maidin, ag rith gan stad trí Chill Droichead, Maigh Nuad, Ráth Cobhtaigh, Claonadh, Na Solláin, Nás na Ríogh, Droichead Nua, Cill Dara, Cill Daingean agus ag críochnú in Áth Í ag 6.30i.n. Ba bhreá linn dá mbeadh gach aon ciliméadar den Rith dílota go grúpa/cumann/duine agus tá ag éirí go maith linn chuige sin an cuspóir sin a bhaint amach go mbeadh céiliúradh treaschontae againn i gCo. Chill Dara ar 13 Márta.

Sonraí Rith 2012 i Co. Chill Dara

Ag an gcruinniú 30 Eanair beidh plé faoi:

  • Cúlra Rith 2012 & freagraí ar cheisteanna coitianta
  • Sláinte & Slandáil
  • Pacásite Scoile Rith 2012 & ábhar tacaíochta eile
  • Ag glacadh páirt? – Smaointe don lá
  • Imeachtaí
  • Turas go Conemara/Árann
  • Cén grúpaí/cumainn/daoine atá ag glacadh páirte
  • Grúpaí/Cumainn/Scoileanna atáimid/gur mhaith linn labhairt leo
  • Oibrithe Deonacha – conas gur féidir libh cuidiú?
  • Reathaí – cén áit siad ag teastáil?
  • Tacaíocht ó Fhoireann Rith

For the sake of our future we must swim upstream

Eanáir 23, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gaeltacht parents oppose teacher ratio changes in smaller primary schools

Eanáir 23, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Protests at new teacher ratios

Eanáir 23, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Nuachtlitir Gaelscoil Chionn tSáile

Eanáir 20, 2012

Nuacht Gaelscoil Chionn tSáile

Groups’ school patrons move

Eanáir 20, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »