Méid an Téacs

Beirt Mhúinteoirí Gaelscoile á lorg

Meitheamh 27, 2012

Tá 2 Phost Ionadaíochta a mhairfidh ar feadh tréimhse níos faide ná 26 seachtain le líonadh i nGaelscoil Chloch na gCoillte, Co. Chorcaí.

Iarratais:

Glacfar le hiarratais leictreonacha amháin, roimh 29 Meitheamh 2012, chuig: iarrataisi@gmail.com

Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:

  • Litir iarratais-Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
  • Gráid an chleachtaidh teagaisc
  • Grianghraf ar mhéid ghrianghraf pas
  • Tuairiscí cigireachta
  • CV (Neamhcheangailte/Unbound)
  • Clárú na Comhairle Múinteoireachta
  • Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht

Lá Gaelach – Rás Aigéin Volvo

Meitheamh 27, 2012

Clár – Lá Gaelach Volvo – 5 Iúil

Caint spreagúil faoin ilteangachas

Meitheamh 27, 2012

This is a keynote speech by Prof Antonella Sorace for the newly opened Centre on Multilingualism (UCOM) at the University of Ulster. The Centre aims to provide practitioners, educators, policy makers and service providers with research, assistance, help and advise in relation to speaking in more than one language. This includes not only issues of acquisition of more than one language by children, but also the wider social and cultural benefits of bilingualism and multilingualism for society and the economy.

Físeán

Saol sóisialta agus cultúrtha leanaí agus daoine óga a fheabhsú: Comhairliúchán Poiblí

Meitheamh 27, 2012

Ba mhaith leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige cabhair a fháil uait maidir le pleananna a fhorbairt chun feabhas a chur ar shaol leanaí agus daoine óga thar an tréimhse cúig bliana atá romhainn. Den chéad uair, tá roinn Rialtais amháin freagrach as gach beartas maidir le leas leanaí agus daoine óga. Ba mhaith leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald, TD, do chuid tuairimí a chloisteáil.

Comhairliúchán ar Líne

Scéim Dallóga Do Scoileanna

Meitheamh 27, 2012

Is comhlacht ó Ghaillimh iad Printed Blinds Factory a sheol an ‘Scéim Dallóga Do Scoileanna’ ag comhdháil an IPPN i mí Eanáir 2012. Tá dearthaí oideachasúla ar nós litearthacht na Gaeilge, Béarla, uimhríocht, frith-bhulaíocht, athchúrsáil agus neart eile ar na dallóga seo. Beidh na dallóga maoinithe ag an urraitheoir.

Chomh maith le dallóga a sholáthar do scoileanna, tá an scéim mar chuid de thaighde mhórscála ar shábháilt fuinnimh ag úsáid éadaigh EcoSunFilterTM agus ar conas a fheabhsaíonn dallóga oideachasúla cúrsaí foghlama don dalta. Beidh na scoileanna atá ag glacadh páirt ag líonadh isteach foirmeacha taighde roimh agus i ndiaidh na suiteála, chun léargas agus taithí ar an láthair a léiriú ar cé chomh héifeachtach is atá sé dearthaí oideachasúla a chur ar dhallóga fuinneoige i seomraí ranga.

Chomh maith le bheith mar dhallóg, tá an spás neamhúsáidte anois mar áis foghlamtha/oideachasúil. Tá dearthaí ar fáil i nGaeilge le cabhair ó Fhoras na Gaeilge. Tá cur i láthair le feiceáil ag an nasc thíos: http://www.youtube.com/watch?v=9ZgqAM_MyjI
Úsáidtear ár gcuid dallóga in áit dallóga lándorchaithe. Ar an mbealach seo, níl daltaí dúnta isteach i mbosca dorcha ar feadh leath an lae. Cuirtear an-chuid brú ar a gcuid súl nuair a théann siad amach i ndiaidh seal fhada a chaitheamh ag suí i seomra dorcha (cosúil le teacht amach as pictiúrlann). Mar a sheasann, tá daltaí ag dul tríd seo cúpla uair i rith an lae ar feadh blianta.

Tríd an Scéim Dallóga Do Scoileanna, ba mhian leis an Printed Blinds Factory dallóga a chur ar fáil do scoileanna saor in aisce le hurraíocht ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí atá ag iarraidh a gcuid teachtaireachtaí oideachasúla a chur chun cinn ar na dallóga sa seomra ranga.

Comhlacht dallóga atá sa Printed Blinds Factory a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le scoileanna teacht ar dhallóga den chéad grád saor in aisce. Dearadh an scéim le polasaithe frith-tráchtálachais ag roinnt scoileanna a chosaint agus ní ligtear do na hurraitheoirí fógraí a chur ar na dallóga.

Is féidir le haon bhunscoil in Éirinn páirt a ghlacadh sa scéim tré ghlaoch ar an oifig ar 1800 254637 nó 091 799611. www.printedblindsfactory.com

Gaelscoil an Chuilinn

Meitheamh 27, 2012

Lá Oiliúna Don Luath Léitheoireacht

Meitheamh 27, 2012

14 Meán Fómhair 2012 Baile Átha Cliath

Cuirfidh Jacaí de Brún ón Áisaonad agus grúpa múinteoirí Lá Oiliúna dírithe ar an gclár ‘CLEITE’ ar fáil do mhúinteoirí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge.

Beidh líon srianta áiteanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Is féidir réamh-áirithint a dhéanamh trí theachtaireacht a sheoladh chuig eolas@cogg.ie.

Is féidir ‘CLEITE’ (60 leabhar) a cheannach ar €100 ón Aisaonad.

Irish language media make a Rí-rá about going online

Meitheamh 27, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile – saor in aisce!

Meitheamh 27, 2012

Más múinteoir iar-bhunscoile tú atá ag teagasc trí Ghaeilge, beidh deis agat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga an samhradh seo mar go bhfuil COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag eagrú dianchúrsa Gaeilge arís i mbliana. Tá an cúrsa seo á reáchtáil i bpáirt le Gaelchultúr agus beidh sé ar siúl i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, idir 20-24 Lúnasa 2012. Ní bheidh aon táille le híoc ag na rannpháirtithe agus cuirfear lón ar fáil gach lá.

“Is é seo an ceathrú bliain dúinn an cúrsa seo a reáchtáil,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bhí an-tóir ar an chlár go dtí seo agus measaimid go mbeidh ráchairt air arís i mbliana.

“Is cúrsa an-phraiticiúil é, ina bhfuil an bhéim ar theanga laethúil na scoile agus ar na gnéithe is lárnaí de ghramadach na Gaeilge. Cuirtear seisiúin speisialtóireachta ar fáil freisin, rud a thugann deis do na rannpháirtithe dul i ngleic le sainteanga agus béarlagair a n-ábhar féin, agus cuirtear na hacmhainní teicneolaíochta is úsáidí don Ghaeilge ar a súile do na múinteoirí chomh maith. Taitníonn an cúrsa le múinteoirí de bhrí go bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais atá acu.”

Fuair an dianchúrsa ardmholadh ó rannpháirtithe na bliana seo caite, agus tá cuid den aiseolas a thug siad le feiceáil thíos.

“Is í seo mo chéad bhliain ag múineadh i nGaelcholáiste agus tá níos mó muiníne agam tar éis an chúrsa seo. Táim an-sásta leis na hacmhainní a fuair mé agus an leabhar gramadaí. Bhí seans agam aon cheist a chur ar na speisialtóirí freisin. Bhí an múinteoir go hiontach agus an-chairdiúil.”

“Tá mé i ndiaidh an-chuid a fhoghlaim. Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn go cinnte.”

“D’fhoghlaim mé a lán rialacha nach raibh ar eolas agam.”

“Freagraíodh gach ceist a cuireadh agus tá na rialacha i bhfad níos soiléire dom anois.”

Tá bróisiúr an chúrsa ar fáil anseo agus is féidir clárú dó ach cliceáil anseo. Moltar dóibhsean ar mian leo tabhairt faoin gcúrsa áit a chur in áirithe roimh 29 Meitheamh 2012.

Cúrsaí EPV ar líne: deis do mhúinteoirí staidéar a dhéanamh ar a sócúlacht

Meitheamh 27, 2012

Agus deireadh na scoilbhliana ag teannadh linn, tá scíth tuillte ag daltaí agus ag múinteoirí na tíre araon. Caithfidh go leor d’aos óg na hÉireann laethanta fada ag ligean a scíthe cois farraige agus, ós rud é go bhfuil réimse leathan cúrsaí ar líne á thairiscint ag Gaelchultúr an samhradh seo, níl aon chúis nach ndéanfadh múinteoirí na tíre amhlaidh.

Tá ocht gcúrsa EPV á dtairiscint ag Gaelchultúr do mhúinteoirí bunscoile i mbliana, agus is féidir tabhairt fúthu ó áit ar bith ar domhan, fad is atá fáil ar an idirlíon ansin. Tá aitheantas faighte ag na cúrsaí go léir ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus beidh gach múinteoir a thabharfaidh faoi cheann acu go críochnúil i dteideal trí lá Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) a thógáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí samhraidh seo nó triail a bhaint as aonaid shamplacha ar www.gaelchultur.com.

“Measaimid go mbeidh an-éileamh ar an dá chúrsa nua atá forbartha againn i mbliana,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí go minic gníomhaíochtaí spraíúla teanga a eagrú sa seomra ranga, ach gheobhaidh siad neart smaointe ó na pleananna ceachta agus ó na físeáin atá mar chuid lárnach den chúrsa Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga.

“Táimid dóchasach go mbeidh an-spéis ag múinteoirí fosta sa chúrsa nua eile atá forbartha againn: Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile. Tá breis is 600 múinteoir tar éis an Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile a dhéanamh go dtí seo, agus tabharfaidh an cúrsa nua seo deis dóibh dul i ngleic le rialacha níos dúshlánaí agus barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga.”

€75 an táille atá i gceist do na cúrsaí ar fad.

« Previous PageNext Page »