Mind your language
Bealtaine 10, 2013
You reported on May 7 that those attending “fee-charging schools and those who receive an all-Irish education are most likely to go straight to college from school” and that “pupils attending schools in disadvantaged areas are most likely to drop out”.
However, you failed to note that Irish-speaking schools also operate in disadvantaged areas and, in these areas, provide far better results than the norm.
Also, if disadvantaged areas are stripped out, Irish-speaking schools also outperform fee-paying schools, which do not operate in disadvantaged areas.
Cllr C Enright
Downpatrick, Co Down
www.independent.ie
Time to scrap Irish exam bias
Bealtaine 10, 2013
It emerged this week that pupils attend-ing private schools and those opting to take the Leaving Certificate through Irish were in the two highest categories that progressed to third-level education directly.
I have no issue with private education as people pay extra for this resource and should expect a delivery on their investment. However, I do have an issue with the Leaving Cert through Irish.
People opting to do the exam through Irish have a com-petitive advantage over their peers, both private and state. They are awarded extra points for nothing and therefore have an unfair advantage. It is now mainstream to do the Leaving in Irish and it’s time to re-move this distorted corruption of the State exam points system.
The argument for getting extra points through Irish is not clear , Ibelieve it is a benefit for opting to do the exam in the ‘native’ language rather than the everyday language of Ireland [English]. However ,if one were to be rational about it, there are many immigrant children now in Ireland doing their Leaving in their non-native second language, English. Surely they should be given a similar advantage for completing the exam in their non-native tongue?
Let’s level the playing field here and see how the statistics read in six years’ time. It is interesting to see that 10% of a gap ex-ists between Irish opting students and the next English opting exam students. Ibe-lieve the Irish opting student gets 10% of the marks they didn’t get, free gratis, which ranges between 0 and 6%. I suspect the gap would narrow should the English opt-ing student get those extra marks. It’s enough to push a student up a grade and up in points!
The other item to note, is it time to drop the compulsory requirement to do Irish in non-Irish schools? This would truly level the playing field, and those passionate about Irish could attend and do Irish as a Leaving subject, do all their subjects through Irish with no extra advantage, and those who do not wish to do so could opt out altogether from doing Irish as a subject and restore parity by selecting a subject more suited to their aptitudes. The State exam would then at least be the same for everyone, at present it is not.
Being advantageous to one group at the mercy of others lessens its worth, like it or not. The statistics may be a bit more credible also as they will compare like-for -like.
Brian McKnight
Carrigaline
Co Cork
www.irishexaminer.com
Féidearthacht ann go mbainfidh an rialtas úsáid as an mbuiséad sochar leanaí chun bliain réamhscoile bhreise saor in aisce a chur ar fáil
Bealtaine 10, 2013
Tá tacaíocht iomlán léirithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, leis an seift gur féidir cuid den bhuiséad sochar leanaí, ar ionann é agus €2 billiún, a úsáid chun síneadh bliana a chur leis am bhliain státurraithe réamhscoile.
Tá an tAire Quinn ag teacht leis na tuairimí atá léirithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton, agus ag an Aire Leanaí, Frances Fitzgerald gur úsáid níos éifeachtaí den bhuiséad sochar leanaí a bheadh i gceist leis an chéim seo. Creideann siad go bhféadfadh an chéim seo an bhearna idir páistí a fhaigheann oideachas maith agus nach bhfaigheann a laghdú go suntasach.
Chaith an Rialtas €175 milliún ar an scéim seo anuraidh, atá ag tacú le tuairim is 68,000 dalta i láthair na huaire. Creideann an tAire Quinn go bhféadfadh an díriú a dhéantar sa scéim seo ar pháistí faoi mhíbhuntáiste ionchais na bpáistí sin a bhfeabhsú.
Tuilleadh ar an scéal anseo.
www.naionrai.ie
Bunscoil an tSléibhe Dhuibh – Curaidh Chorn Liam Uí Mhuirí 2013
Bealtaine 10, 2013
Thóg Bunscoil an tSléibhe Dhuibh Chorn Uí Mhuirí, príomhchomórtas Peile Ghaelscoileanna Aontroma, leo ar na mallaibh. 11 Gaelscoil a chuaigh chun páirce ar an lá.
Thug Meon Eile cuairt ar an scoil agus iad ag ullmhú do Chraobh na Cúige. Labhair muid leis na daltaí faoin Fhéile Peile agus faoi thionchar Chumann Lúthchleas Gael orthu…
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Cúrsa Ullmhúcháin saor in aisce don Mhata don Ardteist: 12.05.13
Bealtaine 10, 2013
CÚRSA ULLMHAITHE DON ÁRDTEIST – MATA (Gnáth Leibhéil)
Cúrsa mata saor in aisce ar fáil ar an 12ú Bealtaine (Domhnach) i gColáiste Uí Ghríofa, agus beidh físeanna ar fáil ina dhiaidh ar líne.
TOIPICÍ
Tús / Clarú / Fáilte 09:00 – 09:30
Cothromóidí agus Éagothromóidí 09:30 – 10:45
Sos (Tae/ Caife)
Cruthanna agus Méideanna 11:15 – 12:30
Lón
Líntí 13:30 – 14:45
Sos (Tae/ Caife)
Ciorcail 15:15 – 16:30
www.maths.gcd.ie
Láithreoir: Tomás Mac Eochagáin
Domhnach Bealtaine 12ú 2013 @ Coláiste Uí Ghríofa, An Chuarbhóthar Theas, BÁC 8
‘An Brat Buí’
Bealtaine 9, 2013
Tá cuireadh tugtha do Scoileanna Lán-Ghaeilge páirt a ghlacadh sa tionscnamh ‘An Brat Buí’ a dhéanann ceiliúradh ar éagsúlacht sna scoileanna bunleibhéil agus iarbhunleibhéil.
Tá an-spéis ag an tionscnamh scoileanna lán-Ghaeilge a earcú a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh i gClár an Bhrait Buí a thosóidh Meán Fómhair 2013. Is clár praiticiúil scoil-bhunaithe atá ann a chothaíonn timpeallacht dearfach chuimsitheach ina chuirtear comhionannas agus éagsúlacht chun cinn. Tá an spriocdháta do scoileanna lán-Ghaeilge sínte go dtí an 30 Bealtaine 2013.
Tá an gradam buaite ag 26 scoil sa tír, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus is iontach an rud é go bhfuil 3 ghaelscoil san áireamh anseo – Gaelscoil Riabhach, Co. na Gaillimhe, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Co. an Chláir (atá ag obair i dtreo an bhrait a ghnóthú faoi láthair).
Tá lámhleabhar na scéime ar fáil i nGaeilge anseo: http://www.yellowflag.ie/images/misc/Irish_Travellers_v7_Irish.pdf.
Tá an clár bunaithe ar chur chuige 8 gcéim praiticiúil agus tá sé dírithe ar éachtaí praiticiúla idirchultúrtha le gradam mar thoradh. Is iad na céimeanna atá i gceist ná:
- Oiliúint idirchultúrtha agus frithchiníochas don fhoireann agus don bhord (ceardlann 2 uair an chloig agus tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith).
- Ag cothú gaoil leis an bpobal lasmuigh den scoil,
- Coiste Éagsúlachta a bhunú (baill foirne, tuismitheoirí, daltaí),
- Ag tabhairt faoi athbhreithniú ar idirchultúrachas,
- Ag forbairt plean gnímh le haghaidh scoil a cheiliúrann éagsúlacht,
- Monatóireacht, measúnú agus scaipeadh eolais,
- Obair churaclaim, agus
- Forbairt cód ar éagsúlacht.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ón láithreán gréasáin www.yellowflag.ie. Más mian leat fiú do spéis a léiriú ann thar ceann na scoile tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Paula Madden ar ríomhphost yellowflagprogramme@gmail.com nó ar 01 6796577.
Is deis iontach é seo do na scoileanna lán-Ghaeilge aitheantas a fháil mar scoileanna atá cuimsitheach agus oscailte do gach páiste agus a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht. Tá súil againn a bheith in ann aitheantas agus poiblíocht a thabhairt do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil an gradam bainte amach acu nó atá ag obair ina threo ag an gComhdháil Bhliantúil 2013 ar an 22 Samhain 2013, tráth a mbeidh Uachtarán na hÉireann inár measc. Tá an-spéis agus tacaíocht á léiriú ag an Uachtarán ar an tionscnamh seo.
Tá eolas thíos freisin maidir le deiseanna do dhaoine (le taithí mhúinteoireachta) a mbeadh spéis acu cabhrú go deonach i gcur chun cinn na scéime sna scoileanna lán-Ghaeilge.
Comhairle nua Raidió na Gaeltachta
Bealtaine 9, 2013
Tá Peadar Mac an Iomaire, iar-Phríomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus duine atá gníomhach ar feadh a shaol i gcúrsaí Gaeltachta, i measc iad siúd atá ainmnithe ar Chomhairle nua Raidió na Gaeltachta.
Deichniúr ar fad atá ar an gComhairle, faoi chathaoirleacht Lorcáin Uí Chinnéide, iar-Phríomhfheidhmeannach ar Tháirgeoirí Éisc na hÉireann. Ainmnithe freisin tá: Antaine Ó Donnaile ó Chontae Ard Mhacha, léiritheoir teilifíse le BBC Thuaisceart Éireann; Dónal Ó Gallchóir as Gaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas, iar-gharda i Maigh Eo; Adrian Breathnach, príomhoide bunscoile agus Stiúrthóir ar Ghael Taca i gCorcaigh; Máire Seosaimhín Breathnach as Gaeltacht na Rinne, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge; Alan Mac Maoldúin, Bainisteoir Cumarsáide Chumann Lúthchleas Gael; Máire Nic Gairbhe, Príomhoide ar Ghaelscoil Adhamhnáin i Leitir Ceanainn; Sibéal Davitt, damhsóir agus scannánóir ó Bhaile Átha Cliath agus Siobhán Seoighe ó Ráth Cairn, feidhmeannach leis an bhForas Pátrúnachta. Is téarma 3 bliana atá ag an gcomhairle nua.
www.advertiser.ie/galway
Amhráin óige Mhúscraí taifeadta ar dhlúthdhiosca
Bealtaine 9, 2013
Tá amhráin óige atá tugtha le sliocht ó ghlúin go glúin i nGaeltacht Mhúscraí, ar fáil anois do lucht éisteachta níos leithne a bhuíochas le dlúthdhiosca nua-thaifeadta.
Seoladh an dlúthdhiosca ‘An Bóthar ó Thuaidh’ de chuid rannpháirtithe Scéim Aisling Gheal san Ionad Cultúrtha le déanaí, agus cuirfear é ar fáil do scoileanna ar fud na tíre.
Mar chuid den dlúthdhiosca bhí páistí ó scoileanna náisiúnta i gCúil Aodha/Barr d’Inse, Baile Mhúirne, Cill na Martra, Béal Átha’n Ghaorthaidh agus Coláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre, faoi stiúir múinteoirí Aisling Gheal, Eilís Ní Shúilleabháin, Eibhlís Uí Thuama agus Máire Ní Chéileachair. I measc an 19 traic gan tionlacan ceoil tá a leithéidí ‘Ó hí, ó hí a deir an bhó’, ‘Bog Braon’ agus ‘Séamuisín’ do pháistí óga, i dteannta le ‘Téir Abhaile ’riú’, ‘An Lacha Bhacach’ agus amhrán Mhúscraí ‘An Poc ar Buile’.
Dúirt comhordaitheoir an taifeadta Liadh Ní Riada: “Is amhráin áitiúla iad ar fad a d’fhoghlaimíomar ónár dtuismitheoirí agus seantuismitheoirí.
“Theastaigh uainn traidisiún na hamhránaíochta sa cheantar, i gcanúint agus i bhfoghraíocht Mhúscraí, a chur chun cinn agus a chaomhnú,” a luaigh Liadh, a dúirt go raibh sé ar intinn na páistí a thaifeadadh ag canadh na n-amhrán ionas go bhféadfadh páistí eile iad a fhoghlaim ag an airde céanna, le cúnamh na liricí atá ar fáil sa leabhrán a ghabhann leis an dlúthdhiosca. Dúirt sí go raibh Scéim Aisling Gheal, a fheidhmíonn trí na scoileanna áitiúla, ag cabhrú chun an traidisiún amhránaíochta ar an sean-nós a bhfuil clú ar Ghaeltacht Mhúscraí ina leith, a choimeád beo. Táthar ag súil go mbainfear úsáid as an dlúthdhiosca mar áis teagaisc i scoileanna eile, leis an tacaíocht atá faighte aige ón Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht, fad a thug Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Contae Chorcaí tacaíocht don Scéim Aisling Gheal.
Is iad Julie Ní Choinceanainn, Maebh Ní Dhuinnín, Dara Ó Loingsigh, Mary Jo Ní Éalaithe, Ailsa Ní Fhuaráin, Róisín Ní Ríordáin, Dylan de Faoite, Gearóid Ó Cróinín, Eoin Ó Conaill, Jack Ó hÉalaithe agus Tadhg Ó Ríordáin na páistí a taifeadadh ar an dlúthdhiosca. Tá ‘An Bóthar ó Thuaidh’, taifeadta ag Tadhg Ó Céilleachair i mBaile Mhuirne, ar dhíol sna siopaí áitiúla ar chostas Euro 15.
www.eveningecho.ie
Campaí Samhraidh do pháistí i gContae na Gaillimhe
Bealtaine 9, 2013
Tá clár na bliana de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge i gContae na Gaillimhe, campaí atá á reáchtáil do dhaoine óga, seolta anois.
Beidh Campaí samhraidh ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe le linn mhí Iúil agus Lúnasa. Tá méadú ollmhór tagtha ar na Campaí seo le dornán blianta anuas de bharr na deise a thugann na campaí do pháistí spraoi agus taitneamh a bheith acu agus iad ag freastal ar Champa trí Ghaeilge. Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois, ach tá roinnt ceantair freisin atá ag díriú ar pháistí idir 5-7 mbliana d’aois. Reáchtálfar imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Le linn na gcampaí samhraidh seo bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge. Tosaíonn na campaí ag a 10.00r.n. gach maidin agus leanann siad ar aghaidh go dtí 3.00i.n. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh ag 091-567824, conradh@bradan.iol.ie.
www.advertiser.ie/galway
‘Dea-chleachtas’ teanga le plé
Bealtaine 8, 2013
“An dea-chleachtas a roinnt” an téama a bheidh ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a bheidh ar siúl in Óstán Hilton, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 24ú Bealtaine, 2013.
Deich mbliana ó shin a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla in Éirinn agus tá an reachtaíocht faoi athbhreithniú i láthair na huaire. Le tábhacht na reachtaíochta a mheas a thiocfaidh coimisinéirí teanga ó thíortha as gach cearn den domhan le chéile.
Comhthéacs idirnáisiúnta
Scrúdóidh lucht na comhdhála ról an stáit agus an phobail maidir le cearta teanga. Tabharfaidh an ócáid deis do na coimisinéirí agus lucht teanga plé a dhéanamh ar chás teangacha i dtíortha na hEorpa agus na hAfraice, eolas a mhalartú agus ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Beidh coimisinéirí agus ionadaithe teanga ón Bhreatain Bheag, ón Fhionlainn, ó Cheanada, ón Chosaiv agus ón Chatalóin ann. An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Fiontar DCU agus Aonad Teanga, Polasaí agus Pleanála de chuid Ollscoil Cardiff atá ag eagrú na hócáide.
Eolas: eolas@coimisineir.ie nó 091-504006
The Irish Times, Bileog – Míreanna
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 8 Bealtaine 2013