Méid an Téacs

Feall, fírinne agus figiúirí

Deireadh Fómhair 23, 2013

Bhain an ghnáthchleasaíocht chuntasóireachta le fógairt na gciorruithe ar chaiteachas na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2014.

Ciorrú cúig faoin gcéad a deineadh ar bhuiséad na Roinne Gaeltachta, ach aimsíodh leathmhilliún euro ar chúl an toilg chun tús a chur leis an gcóras nua pleanála teanga sa Ghaeltacht. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, gurbh í seo an chéad uair riamh gur cuireadh oiread agus pingin i leataobh do chur i gcrích na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ní hamhlaidh go raibh McGinley ag súil go lasaimis tinte cnámh in ómós dó, ach ba léir gur taibhsíodh don Aire Stáit as seachmall éigin gur chóir dúinn a bheith buíoch as an leathmhilliún. De réir ár bhfigiúirí féin, agus más fíor don taighde teangeolaíocha a spreag an straitéis 20 bliain, níl sa leathmhilliún céanna ach ¤98 do gach lá dá bhfuil fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

(Nach iontach ar féidir a dhéanamh le figiúirí ach beagáinín samhlaíochta a bheith ag duine?) Pé scéal é, má leanann cúrsaí ar aghaidh mar seo, is ar éigean go mbeidh aon ní fágtha chun díol as an dtórramh. Ach an té a bhí ag cáiseamh na gciorruithe ar chaiteachas na Gaeilge an tseachtain seo caite, cuireadh sé a ghuí gur sa bhuiséad a bhí an chuid is measa den scéal. Mar d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin ina óráid ar lá an bhuiséid go raibh athbhreithniú eile le déanamh ar an gcaiteachas poiblí agus de ghnáth ní spáráltar an Ghaeilge nó an Ghaeltacht sna hathbhreithnithe seo. B’amhlaidh an scéal nuair a d’fhógair an Bord Snip Nua a moltaí siúd sa bhliain 2009. Go deimhin, bhí an Bord Snip Nua ag iarraidh go ndúnfaí Roinn na Gaeltachta féin agus go bhfágfaí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin Roinn Oideachais. Níor glacadh leis an moladh scanrúil sin, ach más fíor do thuairiscí áirithe faoi na cainteanna maidir le bunú an chomhrialtais in Earrach na bliana 2011, bhí sé déanach go maith sa lá nuair a thug Roinn na Gaeltachta na cosa léi.

Tháinig Roinn na Gaeltachta slán sa deireadh ach fágann na ciorruithe atá déanta uirthi ag an Rialtas seo agus an ceann a chuaigh rompu go bhfuil sí níos laige ná mar a bhí riamh. Dúirt McGinley an tseachtain seo caite go raibh beagnach ¤40 milliún le caitheamh ag a Roinn ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i 2014, ach is í fírinne an scéil í ná nach mbeidh fágtha ag an Roinn féin ach pinginí suaracha faoin am go mbeidh a buiséad dáilithe. Dá molfaí arís in athbhreithniú nua go gcuirfí deireadh le Roinn na Gaeltachta, bheadh sé níos deacra ná riamh cás a dhéanamh ar son í a choiméad. Mhol an Bord Snip Nua chomh maith go n-aistreofaí feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta go Enterprise Ireland. Ní bheidh ach dríodar airgid ag an údarás i 2014. Dúirt príomhfheidhmeannach an údaráis Steve Ó Cúláin an tseachtain seo caite gur ar éigean go mbeadh dóthain de bhuiséad ag an eagraíocht an bhliain seo chugainn chun na postanna atá cruthaithe sa Ghaeltacht acu a choiméad gan trácht ar fhostaíocht nua a chruthú.

Ghéill Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach bhord an údaráis, ar Nuacht TG4 Dé Céadaoin seo caite go raibh seans ann gur ag díriú ar chúrsaí teanga agus cultúrtha amháin a bheadh an eagraíocht amach anseo. Má tharlaíonn sé sin beidh an rud a bhí uathu le fada faighte ag mandairíní na Roinne Airgidis, agus más é an plean a bhí acu an t-údarás a dhéanamh chomh bocht sin mar eagraíocht fiontraíochta go mba chuma ann nós as dó sa deireadh, chaithfeá a rá go bhfuil ag éirí go geal leis an bplean céanna. Ba rídheacair faoin dtráth seo cás a dhéanamh i gcoinne aistriú feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta chuig Enterprise Ireland dá molfaí a leithéid arís san athbhreithniú nua. Shamhlófá go gcaithfeadh an t-athbhreithniú nua súil ghéar chomh maith ar eagraíochtaí ar nós TG4 agus RnaG go háirithe i bhfianaise a raibh le rá faoin dá stáisiún le déanaí sa tuarascáil ar an gcraoltóireacht phoiblí a rinne an comhlacht cuntasóireachta Crowe Horwath don BAI. Mar thoradh ar an obair sin, tá RnaG á scrúdú faoi láthair ag an áisíneacht stáit NewEra agus tá TG4 ag ullmhú plean cúig bliana nua bunaithe ar bhonn airgeadais níos “réadúla”.

Thug saineolaithe stuama blianta fada ag éileamh go rachfaí i muinín na pleanála teanga mar leigheas ar chruachás na Gaeilge. Ach is cosúla anois an phleanáil teanga le leithscéal ná leigheas. Leithscéal áisiúil atá ann ag polaiteoirí atá ag iarraidh éalú ó cheisteanna faoi chiorruithe nó faoi chúlú an Stáit óna dhualgas i leith na Gaeilge. Ba chóir dúinn a bheith buíoch is cosúil go bhfuil straitéis 20 bliain againn, go bhfuil Aire Stáit ón nGaeltacht agus Taoiseach le Gaeilge againn, go bhfuil córas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus leathmhilliún euro ar fáil do phobal na Gaeltachta chun go gcuirfidís féin an córas i bhfeidhm.

Ba chóir a bheith buíoch, is cosúil, gur ann dúinn in aon chor.

www.irishtimes.com

Foilsithe ar Gaelport.com 23 Deireadh Fómhair 2013

The Irish Times – Seán Tadhg Ó Gairbhí

Gearradh siar ar airgead do chúrsaí Gaeilge

Deireadh Fómhair 23, 2013

Cháin Conradh na Gaeilge buiséad an Rialtais, á rá nach raibh an Rialtas “ag troid ar son mhaoiniú na Gaeilge agus Gaeltachta a chosaint agus a fhorbairt”.

Dúirt Julian de Spáinn ón chonradh go raibh “an Rialtas ag maíomh as ciste de €500,000 a chur ar leataobh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ach ar an lámh eile, tá an Rialtas chun nach mór EUR3 milliún a bhaint ó scéimeanna agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga. “Conas gur féidir linn tiomantas an Rialtais i leith na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 a chreidiúint nuair atá an Rialtas céanna ag lagú chumas feidhmiúcháin na n-eagras Stáit agus pobail, a bheidh riachtanach leis an straitéis a bhaint amach?”

Cháin sé an “laghdú suntasach” a rinneadh “ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta agus dochar déanta, mar sin, dá chumas poist a chruthú sa Ghaeltacht. “Le comhthéacs a chur leis an laghdú seo, beidh €10 milliún breise ag an IDA in 2014. Ní léir go bhfuil an bhuairt chéanna ar an Rialtas le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht”. Thug Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le fios i ráiteas go raibh an Rialtas ag cur €0.5 milliún ar fáil do chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ag baint cúig faoin gcéad den bhuiséad do sheirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta: “Ní bhainfear torthaí na straitéise amach gan infheistíocht chuí sa phróiseas pleanála teanga, agus is deacair a shamhlú gur féidir forbairtí sa réimse seo a bhaint amach nuair atá buiséad na Roinne atá freagrach as á ghearradh bliain ar bhliain.”

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) go raibh “buille eile buailte” ag an Rialtas ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bhí gearradh siar déanta ar chistí Údarás na Gaeltachta in áit breis airgid a chur ar fáil le fostaíocht a chruthú: “Le roinnt blianta anuas tá an maoiniú atá ag an údarás le fostaíocht a chruthú gearrtha ó EUR26 milliún go dtí EUR5.8 milliún i mbliana. “De réir tuairisc Indecon tamall siar theastaigh ar a laghad EUR12 milliún in aghaidh na bliana leis na jabanna atá ann a chaomhnú, gan trácht ar jabanna nua a chruthú.” Cháin sé fosta an gearradh siar EUR1.3 milliún a rinneadh ar na heagrais Ghaeilge. Thug Foras na Gaeilge le fios gur aithin siad “go raibh cinntí deacair le déanamh ag an Rialtas agus deimhníonn muid go mbainfear an leas is fearr as na hacmhainní teoranta atá againn”. Samhail úrnua Ní fada go mbeidh deireadh leis an chéad chéim eile sa phróiseas fada achrannach le hatheagar a chur ar na heagraíochtaí Gaeilge.

D’fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh siad ar lorg léirithe suime ó ghrúpaí a bhí ag iarraidh feidhmiú mar “cheanneagraíochtaí”. Beidh na ceanneagraíochtaí freagrach as sé réimse ar leith: Gaeloideas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge; oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh; forbairt phobail agus eacnamaíochta; deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasán; ardú feasachta, cosaint teanga agus iomadaíocht agus forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga.

Tá go dtí Dé Céadaoin 30ú Deireadh Fómhair ag eagrais léiriú suime a chur faoi bhráid an fhorais.

www.irishtimes.com

Foilsithe ar Gaelport.com 23 Deireadh Fómhair 2013

The Irish Times

Nótaí ón Léacht: How bilingual learning contributes to educational achievement

Deireadh Fómhair 23, 2013

Léacht le Charmian Kenner 18.10.13: How bilingual learning contributes to educational achievement

Bileog eolais le Charmian Kenner: Teacher Partnerships for Bilingual Learning

Spraoicheisteanna Fhéile an Fhómhair

Deireadh Fómhair 22, 2013

B’iontach na hocáidí Gaelacha a reachtáladh i gCeatharlach mar chuid d’imeachtaí Fhéile an Fhómhair i mbliana.

I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl, bhí dhá Spraoicheist, ceann amháin dírithe ar dhaltaí sa chéad agus sa dara bliain agus ceann eile do dhaltaí na nardranganna i mbunscoileanna an cheantair. Bhí beagnach fiche foireann i láthair do Spraoicheist na chéad agus na dara bliana a bhí ar siúl in Ionad Pharóiste na hArdeaglaise. Bhí daltaí ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, ó Choláiste an Chnoic Bhig agus ó Phobalscoil na Tulaí san iomaíocht. Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna ann bunaithe ar cheol, cursaí reatha, spórt, scannáin, stair, tíreolas agus eolas ginearálta. Bhí an bua ag foireann Ghaelcholáiste Cheatharlach ag deireadh na mbabhtaí agus tháinig foireann ón bPobalscoil agus ó Ghaelcholáiste Cheatharlach sa dara agus sa triú háit.

Tháinig breis is céad dalta ó bhunscoileanna an cheantair maille lena dtuismitheoirí agus lena múinteoirí le chéile i gClub Éire Óg le déanaí chun páirt a ghlacadh i Quizboird na mBunscoileanna. Bhí 23 foireann páirteach ó ocht scoil éagsúil. Ina measc bhí le daltaí ó Ghaelscoil Eoghain Uí Thuraisc, Scoil Bhaile Nua Dún Leicne, Scoil Dhiarmada, Scoil an Easpaig Uí Fhoghlú, Scoil Mhuire gan Smál, Scoil Náisiúnta Bheann na gCaorach, Scoil Náisiúnta Thigh an Raoireann, Scoil Náisiúnta Ard Lios agus Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa. Bhí idir mhúinteoirí, dhaltaí agus thuismitheoirí thar a bheith sásta le caighdeán na gceisteanna. Ag deireadh cúig bhabhta bhí foireann ó Scoil Náisiúnta Thigh an Raoireann chun tosaigh le 43 marc as 50 agus bronnadh an chéad áit orthu. Tháinig foireann ó Ghaelscoil Cheatharlach sa dara háit le 42 marc agus bhí foireann ó Scoil Bhaile Nua Dún Leicne sa triú háit le 40 marc. Deineadh comhghairdeas leis na foirne go léir a ghlac páirt i Spraoicheist na Féile agus bronnadh duaiseanna deasa ar na buaiteoirí uile.

Gabhann Glór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na foirne uile a bhí páirteach i spraoicheisteanna Fhéíle an Fhómhair agus le muintir Éire Óg as na háiseanna a chur ar fáil dúinn. Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 22 Deireadh Fómhair 2013

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach

Ceolfhoireann Shiansach UCD: Peter & The Wolf

Deireadh Fómhair 22, 2013

Tá áthas ar CHEOLFHOIREANN SHIANSACH UCD ceolchoirm de scéal ceoil clasaiceach Prokofiev do leanaí, Peter & the Wolf, a chur i láthair le scáthphuipéadóireacht bheo ó Amharclann Phuipéad Julie-Rose McCormick. Deis uathúil a bheidh anseo ceol Prokofiev a chloisteáil le tráchtaireacht Ghaeilge, arna fheabhsú ag gné fhísiúil dhraíochtúil. Áirítear sa cheolchoirm rogha ceoil ó Carnival of the Animals le Saint-Saens agus ón William Tell Overture le Rossini.

Beidh dhá léiriú ar siúl Dé Céadaoin 13 Samhain ag 1pm agus 7pm i Halla Astra, Ionad Mac Léinn UCD (Campas Belfield).

Tá ticéid ar fáil ó www.eventbrite.ie agus seo a leanas na praghsanna:
Leanaí €5
Lamháltais (Mic Léinn, Pinsinéirí, Daoine Dífhostaithe) €6
Daoine fásta €10
Ticéad Teaghlaigh (2 duine fásta, 2 leanbh) €25
Lascaine 20% do ghrúpaí de 10 nó níos mó

Tá fáilte roimh gach duine, cuma cén aois iad, agus molaimid go mór do theaghlaigh agus do ghrúpaí scoile freastal ar an ócáid. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le orchestra@ucd.ie nó féach www.ucd.ie/orchestra.

Lecture: ‘Tyranny of no alternative’: Teachers and students working towards socially just schooling.

Deireadh Fómhair 22, 2013

The Vere Foster Trust and the Institute of Educational Research in Ireland (IoERI) present
EDUCATION POLICY
PUBLIC LECTURE SERIES
Challenging the ‘tyranny of no alternative’:
Teachers and students working towards socially just schooling.
Venue: National Gallery of Ireland
Merrion Square W, Dublin 2

Vere Foster, 19th century philanthropist and Anglo-Irish gentleman, established progressive emigration and education schemes in post-famine Ireland. Recognising the connection between education and the strength of the nation, he founded the Irish National Teacher’s Organisation (INTO) in 1868. His legacy offers many valuable lessons for contemporary Irish Education.

RSVP verefostertrust@gmail.com to reserve a seat
6.30pm Thursday 7 Nov 2013

CHALLENGING THE ‘TYRANNY OF NO ALTERNATIVE’: TEACHERS AND STUDENTS WORKING TOWARDS SOCIALLY JUST SCHOOLING.
MARTIN MILLS, THE UNIVERSITY OF QUEENSLAND
This presentation will seek to demonstrate how all schools can take up the challenge of addressing the economic, cultural and political injustices faced by young people from various backgrounds. It begins from the premise that many young people and teachers experience contemporary schooling as less than satisfying, but that this need not be the case. It will draw on data from a range of ‘alternative’ schools in Australia and England to explore the ways in which all schools can become more socially just. The data will come from interviews with teachers and students in schools variously known as ‘second chance’, ‘flexi-schools’ and ‘flexible learning centres’ and schools sometimes referred to as ‘democratic’. The first set of schools regularly caters to the needs of young people who experience severe social and economic disadvantage through, for example, poverty, homelessness and caring responsibilities. Many of these young people have been failed by the mainstream education system, yet now demonstrate a great enthusiasm for learning. The second group of schools cater to more middle class students, but demonstrate how engaged young people can be when involved in schools’ decision-making processes. In both sets of schools, teachers indicated that they were freed from many of the neo-liberal pressures shaping education systems globally, and that this made their work more productive and rewarding, which in turn benefited their students.

Martin Mills, The University of Queensland Martin Mills is a Research Professor in the School of Education at The University of Queensland, Australia. Martin’s research interests include the sociology of education, social justice in education, alternative schooling, gender and education, school reform and new pedagogies. Martin’s work in these areas has been significant in contributing to international and national debates on these topics. His recent co-authored books include Re-engaging young people in education: learning from alternative schools and Boys and schooling: Beyond Structural Reform. Martin has been on a number of government advisory committees, for example, the Equity advisory group to the Queensland Studies Authority. Substantial policy advice has also been provided through the numerous government reports that he has co-authored, the most recent of which is a report to the Australian Capital Territory government on the alternative provision of schooling in that Territory.

Irish groups urged to apply to new funding bodies

Deireadh Fómhair 21, 2013

Foyle Sinn Féin MLA Raymond McCartney has encouraged Irish language groups in Derry to apply to be part of new all-Ireland funding structures.

“I have great confidence in the northern-based Irish language groups who have been to the forefront of the revival in Gaeilge. Some of the groups expressed concerns about their future under the new arrangements. We have received assurances that there are no predetermined outcomes to the make up of the all-Ireland structures,” he said.

www.derryjournal.com

Foilsithe ar Gaelport.com 21 Deireadh Fómhair 2013

Seisiúin Comhrá don 5ú & 6ú Bliain

Deireadh Fómhair 21, 2013

Labhairt na Gaeilge don 5ú agus 6ú Bliain Meánscoile

  • Beidh seisiún comhrá Gaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn gach Máirt ó 4.30i.n go 6.00i.n
  • Ag tosú ar an Mháirt 5 Samhain 2013
  • Is deis iontach í seo chun cur le do chuidse Gaeilge
  • Bí linn
  • €50 i gcomhair sé seachtaine
  • Fón : 046 9432381 rathcair@eircom.net

Corn an Earagail

Deireadh Fómhair 18, 2013

Shocraimid an comórtas peile ar an Aoine seo caite 11ú D. Fómhair. Bhí ceithre scoil i láthair : Scoil Fhionáin An Fálcarrach, Acoil Dhoire Beaga, Scoil An Luinnigh agus Scoil an Chlochan Liath – bhí seacht fhoireann san iomlán trí fhoireann cailíní agus ceithre fhoireann buachaillí. Bhí sé ar siúl i bpáirc GAA Chloich Cheann Fhaola ar feadh an lae – bhí an ghrian ag soilsiú anuas orainn agus bhí lá iontach ag gach duine – thugamar buíochas do GAELSCOILEANNA Teo. as an seans a thabhairt dúinn seo a bheith again agus is é an moladh a bhí ann go mbeadh sé again gach bliain má fhaigheann muid an deontas. Cheannaíomar dhá chorn  agus thugamas ‘Corn an Earagail’ orthu agus boinn fosta.

Scoil Fhionáin4

Scoil Fhionáin1

Scoil Fhionáin3

Scoil Fhionáin2

Comhdháil Altram

Deireadh Fómhair 18, 2013

“Two Windows on the World” – Comhdháil Idirnáisiúnta Altram, Tower Hotel, Doire 25.09.13- 26.09.13 -27.09.13

Lainseáil Oifigiúil

Seoladh an chéad chomhdháil idirnáisiúnta riamh Altram ar dátheangachas, “Two Windows on the World”, go hoifigiúil ag Mark Durkan MP, ag ócáid cheiliúrtha in Óstán an Túir, Doire tráthnóna Dé Céadaoin, 25 Méan Fómhair 2013. Ba í aidhm na chomhdhála ná na buntáistí ginearálta a bhaineann le bheith dátheangach ag aois luath “a cheiliúradh, a fhoghlaim, a chur in iúl agus a chur chun cinn”, le fócas ar leith ar tumoideachas Gaeilge.
Thug Cathaoirleach Altram agus Bean a Tí don óiche, Áine Andrews, Méara Dhoire Martin Reilly isteach, agus é a chuir fíor-fáilte go Doire chuig na toscairí. Thug sí isteach agus ghabh sí buíochas fosta leis na cainteoirí eile, ionadaí ón City of Derry Culture Company, Shóna McCarthy agus Gerry Conway ón Health & Social Care Board, na heagraíochtaí a rinne urraíocht, mar aon le Foras na Gaeilge agus Iontaobhas Ultach, ar an Chomhdháil.
Sholáthar daltaí tréitheacha, a d’fhreastal ar nó atá ag freastal faoi láthair ar naíscoileanna agus bunscoileanna lán-Ghaeilge, an siamsaíocht ar an óiche – damhsa na hÉireann le deirfiúracha Clíona agus Éimear Devlin ó Gaelscoil na bhFál, damhsa sean-nós le hEdel Ní Churraoin, ceol traidisiúnta le Donncha Mac Giolla Mhuire agus Níamh Níc Ghiolla Mhuire ó Gaelscoil Éadain Mhóir agus críochnaíodh an óiche le sraith mhórthaibhseach ó cheoltóir Béal Feirste Gráinne Holland, iardhalta de chuid Bunscoil Phobal Feirste. Bhí an cráic ar dóigh agus an t-atmaisféar bunaithe don dá lá de “Two Windows on the World” le teacht.

Lá 1
Ar an Déardaoin 26 Meán Fómhair, Lá Eorpach na dTeangacha, d’fhreastail thart ar 50 toscaire ó chúlraí gairmiúla cúram leanaí, oideachas, pobal agus earnáil phobail. Thug Martina Anderson FPE an t-aitheasc tosaigh ar an lá.
Thug Dónall Ó Riagáin, Comhairleach Neamhspléach agus Iar-Cheannasaí den Bhiúró Eorpach ar Theangacha Neamhfhorleathana, na cainteoirí don seisiún maidine. I dtús báire bhí Dr.Antonella Sorace, Ollamh le Teangeolaíocht Fhorbartha in Ollscoil Dhún Èideann, a d’fhreagair an ceist ‘Why does bilingualism matter?” agus Dr. Piet Van de Craén ó Ollscoil Vrije sa Bhruiséil, a bhí ag caint ar “Early Bilingualism & the European Union’. Bhí cainteanna suimiúla ann fosta ó Aodán Mac Póilin, Stiúrthóir Iontaobhas ULTACH ar ‘The Irish Language – The Northern Ireland Situation”, agus ó Áine Andrews, Cathaoirleach Altram, ar “Early Years Irish Language Immersion in Northern Ireland, Achievements & Challenges”.
Ba í an t-aidhm de Lá 1 ná léargas níos soiléire ar dátheangachas agus ar thumoideachas sna luathbhlianta a chur ar fáil. Ag trácht tar éis éisteacht leis na cur i láthair ba í an tuairim ghinearálta ná gur chuir siad le peirspictíochtaí nua luachmhar ar fhorbairt bheartais agus dea-chleachtas.

Lá 2
Is iad na cleachtóirí naíscoile a bhí go mór an sprioc-lucht féachana ar an darna lá don chomhdháil ar an Aoine 27ú Meán Fómhair. Tháinig níos mó ná 65 toscairí ón earnáil tumoideachais Gaeilge sna luathbhlianta le heolas nua a chloisteáil agus teicnící nua a fhoghlaim a chuirfeadh siad i bhfeidhm ansin sa suíomh naíscoil. Cuireadh tús le clár De hAoine le sraith léirithe siamsaíochta ó pháistí áitiúla a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge I nDoire – Gaelscoil Éadain Mhóir agus Bunscoil Cholmcille. Bhí an tOllamh Antonella Sorace arís ar láimh chun an príomhchaint ar ‘Why does bilingualism matter?” a sholáthar. Ina dhaidh seo bhí ceardlanna taitneamhacha phraiticiúla den scoth ann ó Ababú agus The Gathering Drum.
Rinne an ócáid seo ceiliúradh ar chultúr agus oidhreacht Dhoire i mbliain seo Chathair an Chultúir. Tá Altram ag súil is go gcothóidh an chomhdhail tuiscint níos iomláine ar ról shealbhú na Gaeilge sna luathbhlianta sa tsochaí seo.

Grianghraf

« Previous PageNext Page »