An múnla nua pléite ag cruinniú CATT
Samhain 26, 2013
Tionóladh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) in Ard Mhacha ar 20 Samhain 2013.
Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com an tseachtain seo, tá gearrliosta i dtaca le próiseas iarratais an mhúnla nua maoinithe roghnaithe ag Foras na Gaeilge.
Beidh go dtí 6 Nollaig ag 14 eagras ar éirigh leo céim 2 den phróiseas a bhaint amach aighneachtaí substainteacha a ullmhú mar chuid den chéad bhabhta eile den iarratas. Bunaithe ar mheasúnú na n-aighneachtaí scríofa, cuirfear ceannasaithe agus cathaoirligh na n-eagras faoi agallamh idir 6 agus 10 Eanáir 2014.
Le linn an chruinnithe, nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge le linn na tréimhse Iúil-Samhain 2013 i dtaca leis an múnla nua maoinithe a thiocfaidh in áit i 2014. I dtuarascáil a sholáthar Foras na Gaeilge, cuireadh síos ar “Bearta leanúnacha do chur i bhfeidhm na socruithe nua maoinithe, lena n-áirítear léirithe spéise a lorg ó eagraíochtaí incháilithe ar mian leo go ndéanfaí breithniú orthu nuair atá eagraíocht cheannais á roghnú”.
Chuir Foras na Gaeilge in iúl le déanaí gur cuireadh moill ar cheapachán Chomhairleoir Bainistithe Athraithe, a chabhróidh na heagraíochtaí a chuir in oiriúint do na socruithe úra, go dtí Eanáir 2014. Scríobh baill an Fhóraim (grúpa a chuimsíonn 80% de na heagrais bhunmhaoinithe reatha) chuig Airí na CATT roimh chruinniú na seachtaine seo ag iarraidh go síneofar an próiseas reatha de bharr na moille seo.
Glacfar cinneadh i leith na 6 cheanneagraíocht ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge ar 17 Eanáir 2014.
©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Samhain 2013
An Coiste Rialtais ar an nGaeilge cáinte ag an bhfreasúra
Samhain 26, 2013
Níor tháinig an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht le chéile ach faoi dhó le bliain anuas.
Rinneadh an Coiste Rialtais, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, a cháineadh go géar sa Dáil le linn phlé ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an tseachtain seo.
Ag freagairt cheisteanna a d’ardaigh Micheál Martin TD (Fianna Fail), Gerry Adams TD (Sinn Féin) agus Joe Higgins TD (Páirtí Sóisialach), chuir an Taoiseach Enda Kenny in iúl nár tionóladh ach dhá chruinniú le bliain anuas den Choiste Rialtais ar an nGaeilge a bunaíodh le maoirseachta a dhéanamh ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Seoladh an Straitéis i 2010 leis an mór sprioc chun líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 duine go dtí 250,000 duine thar thréimhse 20 bliain. Leagtar amach naoi réimse gnímh sa Straitéis, ina measc tá cúrsaí oideachais, An Ghaeltacht, An Teaghlach (Idirghabháil go luath), Riarachán, Seirbhísí agus Pobal, Na Meáin agus an Teicneolaíocht, Foclóirí, Reachtaíocht agus Stádas, Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.
Léirigh pobal na Gaeilge an-mhíshástacht mí Iúil na bliana seo nuair a d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar dhul chun cinn na Straitéise. Ó shin tá beartaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deireadh a chur le maoiniú Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ó mhí na Nollag na bliana seo agus tá fógartha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go dtiocfaidh deireadh leis an gcóras a thugann marcanna bónais dóibh siúd a thugann faoi scrúduithe earcaíochta an státchórais trí Ghaeilge.
Chuir an Taoiseach in iúl gur tugadh €500,000 i dtaca leis an Straitéis mar chuid den cháinaisnéis i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo agus go bhfuil an tAire Stáit don Ghaeltacht Dinny McGinley ag taistil mórthimpeall Ghaeltachtaí na tíre gach seachtain i leith chur i bhfeidhm polasaithe an Rialtais.
Cháin an freasúra beartais agus ciorruithe úra an Rialtais le linn an phlé mar aon leis an athrú a chuireadh i bhfeidhm ar chur chuige agus ar phróiseas roghnúcháin Bhord Údarás na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus tuairisc an Phríomhchigire a foilsíodh an mhí seo caite ina n-aithnítear bearnaí suntasacha i bhfoghlaim agus i múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Samhain 2013
Maolú na Gaeilge san AE
Samhain 26, 2013
Tá iarrtha ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht go n-iarrfaí go hoifigiúil deireadh a chuir leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach
Áirítear an Ghaeilge i measc 24 teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais ó bhí 2007 ann ach cuireadh maolú ar an stádas sin go dtí 2012, agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, rud a chiallaíonn nach bhfuil de dhualgas ar institiúidí an AE gach cáipéis a aistriú go Gaeilge.
Le blianta anuas, tá Institiúidí éagsúla an AE cáinte ag lucht na Gaeilge as an mí-úsáid a bhaintear as an maolú stádais i leith cháipéisíocht a aistriú cé gur le dlíthe amháin a bhaineann sé. Tar éis don Ombudsman Eorpach gearán i gcoinne Pharlaimint na hEorpa a rinne an Dr Pádraig Ó Laighin a fhiosrú, chinn sé i mí Lúnasa na bliana seo gur chás drochriaracháin a bhí i dteip Pharlaimint na hEorpa a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge.
Dúirt Conradh na Gaeilge go gcruthófaí os cionn 180 post ach deireadh a chur leis an maolú agus gur ghá don Rialtas cinneadh a ghlacadh i leith na ceiste seo in am d’fheachtas earcaíochta an AE.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “Glacadh leis an Máltais mar theanga oifigiúil i 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de thrí bliana. Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an Fhraincis a thabhairt leo agus iad ag obair thall, ós rud é go bhfuil an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga, agus d’fhéadfaí amhlaidh a chur i gcrích don Ghaeilge”.
Táthar ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an maolú go luath agus go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist bhuana agus do phoist ar chonarthaí sealadacha leis an AE sna blianta 2014, 2015, 2016 agus 2017.
©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2013
Tacaíocht d’ESG léirithe ag Uachtarán na hÉireann
Samhain 26, 2013
Mícheál D. Ó hUiginn “an-sásta tacú leis an obair go léir atá idir lámha ag Gaelscoileanna agus ESG chun an fhianaise a spreagadh go barr feabhais”
‘Ó fhianaise go barr feabhais’ ab ea téama Chomhdháil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) na bliana seo a reáchtáladh ar an mBóthar Buí i gCo. na Mí ag an deireadh seachtaine.
Is comhdháil bhliantúil í seo a dhíríonn ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal ag a reáchtáiltear léachtaí, grúpaí sainspéise agus ceardlanna le linn an deireadh seachtaine agus bíonn an-tóir ar imeachtaí na comhdhála gach bliain.
Ba chúis mhór cheiliúrtha í comhdháil na bliana seo mar gheall go bhfuil Gaelscoileanna Teo. ag comóradh 40 Bliain in i mbliana agus cuireadh fáilte roimh aoi an-speisialta go deo, Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ar Dé hAoine le tús a chur leis an deireadh seachtaine ceiliúrtha.
Sheol ESG Teimpléad do Pholasaí Gaeilge do bhunscoil Gaeltachta, áis a chabhróidh le scoileanna a bpolasaí Gaeilge a dhréachtadh, le linn an deireadh seachtaine.
Ag caint ag an gcomhdháil, dúirt Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn go bhfuil “ról an-tábhachtach ag na scoileanna Gaeltachta cumas sa Ghaeilge a chothú agus tacú le húsáid na Gaeilge i measc phobal na Gaeltachta”.
Ghlac Bord Stiúrtha ESG cinneadh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo go ndéanfaí an eagraíocht a scor de bharr go bhfuil diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh.
Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Bhí ESG agus Gaelscoileanna i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht ó bhí 2011 ann, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe.
Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in iúl le déanaí nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.
“Údar dóchais do scoileanna na Gaeltachta an tacaíocht láidir a léirigh Uachtarán na hÉireann dá gcuid oibre, agus an tuiscint a léirigh sé ar thábhacht Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt Anna Ní Chartúir, LeasChathaoirleach ESG.
©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Samhain 2013
Rath na gaelscolaíochta léirithe i Sraith na Scoileanna 2013
Samhain 26, 2013
Foilsíodh Sraith na Scoileanna de chuid The Irish Times inniu inar ainmníodh 9 Gaelscoil ar éirigh le 100% de dhaltaí na bliana seo áit sa chóras tríú leibhéal a bhaint amach.
Cuirtear síos ar na scoileanna ba fhriothálaí i dtaobh an chórais tríú leibhéal sa tsraith bhliantúil agus léiríonn sraith 2013 go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na scoileanna gan táille atá mar scoileanna friothála, 75% den 100 scoil is fearr. Tá Scoil Phobail Mhic Dara, Carna i gCo. na Gaillimhe, ainmnithe ar an tríú scoil friothála gan táille is fearr sa tír
Is iad na scoileanna táille atá mar cheannasaithe i dtaobh na ndaltaí a bhaineann áit amach ar na cúrsaí a bhfuil na pointí iontrála is airde ag baint leo, mar a bhíonn go hiondúil, agus is léir go bhfuil gaelcholáistí ag dul i bhfeidhm ar na cúrsaí airde freisin óir go bhfuil Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan; Coláiste Eoin, Stigh Lorgan agus Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair ainmnithe ar an liosta céanna.
Tá 9 Gaelscoil ainmnithe ar an liosta d’iar-bhunscoileanna na tíre ag cur 100% dá ndaltaí ar aghaidh chuig an gcóras tríú leibhéal:
• Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan
• Coláiste Eoin, Stigh Lorgan
• Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair
• Coláiste Ghobnatan, Baile Bhuirne
• Coláiste Cois Life, Leamhcán
• Gaelcholáiste Chiarraí
• Coláiste Laurel Hill FCJ, Luimneach
• Coláiste na Coiribe, Gaillimh
• Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Tá Scoil Phobail Mhic Dara, Carna i gCo na Gaillimhe, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair agus Coláiste Laurel Hill FCJ, Luimneach ainmnithe ar liosta na scoileanna is fearr sa tír ó thaobh ráta na ndaltaí ar éirigh leo áit sa chóras tríú leibhéal a bhaint amach.
Ainmnítear Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan agus Coláiste Eoin, Stigh Lorgain ar an tríú agus an ceathrú scoil is fearr i gCo. Átha Cliath agus tá Coláiste Cois Life, Leamhcán ainmnithe mar uimhir 9 ar an liosta céanna.
Is iad na scoileanna táille, Gaelscoileanna agus scoileanna Stáit i gceantair rachmasacha ag a mbíonn na rátaí is airde.
©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Samhain 2013
Ceolchoirm le Naoi Scoil
Samhain 26, 2013
Naoi mbunscoil in aon chóir amháin
Cuireadh chuig ceolchoirm saor in aisce
Cén áit: Óstán Locha Riach, Baile Locha Riach
Cén uair: tráthnóna Dé Céadaoin, 27 Samhain, ag 5.30 i.n.
Cén fáth: Beidh 9 mbunscoil in Oirthear na Gaillimhe ag teacht le chéile i gcóir ollmhór a rá amhráin Ghaeilge i mbéal an phobail le tionlacan ceolfhoirne.
Saorchead isteach.
Eolas: 091 870718 nó féach ar www.lochariach.com
Aonach Ceirde Nollag
Samhain 26, 2013
AONACH CEIRDE
PRÍOMHAONACH NA NOLLAG
DOMHNACH
01/12/2013
12.00-5.30 i.n
Ceardaíocht lámhdhéanta
ÁRAS CHRÓNÁIN IONAD CULTÚIR
BAILE ÁTHA CLIATH 22
Rostbhandaí as Gaeilge
Samhain 25, 2013
Is mionchomhlacht idirbhliana é “Band-it”, lonaithe i gCathair Luimnigh.
Bhunaíomar an mionchomhlacht seo chun an teanga Gaelach a chuir chun cinn le déagóirí agus daoine óga tríd modhanna nua agus úr a úsáid.
Díolfaimid bandaí riosta le seanfhocal Gaeilge orthu, cosúil le “Tír gan teanga, tír gan anam”. Beimid ag chur céarlanna ar siúil le haghaidh bunscoileanna, Bearla agus Gaeilge, chun Gaeilge a mhúineadh dóibh agus cluichí difriúla imirt leo.
Is féidir dul i dteagmháil linn ar 086-0890921 nó ríomhphoist a sheoladh chugainn ag banditgaeilge@gmail.com
Léarscáil dátheangach saor in aisce
Samhain 25, 2013
Beidh léarscáil den Eoraip Nua ar fáil saor in aisce leis an Irish Times ar an Chéadaoin 27 Samhain. Méid A1 atá ann, agus é dátheangach (Gaeilge agus Béarla).
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
35 Cearnóg Mhic Liam,
Baile Átha Cliath 2.
Fón: 01 6340831
Facs: 01 6341002
In the name of the fada: English giving us a lesson in Irish
Samhain 25, 2013
IT’S lessons in Irish – from England. After centuries in which the occupiers tried to wipe out the Irish language, that bastion of British education and culture, Oxford University, is making amends.
Oxford University Press (OUP) has launched an Irish-English visual dictionary for children from the age of eight. The aim, according to the OUP, is to support the local language revival and to assist parents, schools and children. In their publicity for the colourful dictionary the OUP says: “From the reign of Elizabeth the First through to the ravages of the Famine, Ireland’s language declined and almost disappeared in the 20th Century.
“However, since 2000 there has been a growing resurgence of interest in maintaining and reviving Irish Gaelic with a growing desire to teach the next generation the language of their forebears. This dictionary is a vibrant and fresh way to help children learn Gaeilge.” Each section of the new dictionary features a brief introduction and then numerous illustrations. In total, the book provides 1,500 vocabulary items in Irish and English. Children’s dictionaries publisher at the OUP, Vineeta Gupta, says: “Irish people are quite rightly proud of their heritage and want to keep it alive and pass it on for future generations – and part of our OUP mission is about helping to support language learners wherever they are.”
The language throws up some quirky surprises, the OUP says: “On a chilly day, you might advise your child to wrap up warm with a scairf (scarf) but be mindful you don’t say scairp, because that’s a scorpion.” The publisher says it is interesting that there are many similarities: a cat is a cat in both languages, shoes and belts are often made of leathar, whilst a piotsa (pizza) is popular with children everywhere. “The book is the result of painstaking work with language consultants, teachers, native Irish speakers and children themselves.”
But this is the first time Oxford has produced an Irish-English dictionary for children. The OUP’s enthusiasm for Irish does not mean they have got everything right, however. The illustration showing the different parts of the body gives the word lámh for arm, instead of géag. Lámh is the Irish for hand, géag is the Irish for arm.
Amach ar on líne!
www.irishindependent.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2013
Irish Independent – John Spain