Méid an Téacs

Fógartha ag an Aire O’Sullivan go mbeidh seacht mbunscoil nua bunaithe sa chéad dhá bhliain eile

Feabhra 5, 2015

Scéal iomlán ag:

http://www.irishtimes.com/news/education/new-primary-schools-for-dublin-cork-galway-and-wicklow-1.2092582

http://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2015-Press-Releases/PR15-02-05.html

Deontais Le Chéile Trí Ghaeilge

Feabhra 5, 2015

Tá Gaelscoileanna Teo. ag cur deontas ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’.
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Eanáir – Meitheamh 2015 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo.
Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath!
Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe.

Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
•    Naíonraí / naíscoileanna
•    Bunscoileanna
•    Iarbhunscoileanna

Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile.
Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobal.

Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil, féach anseo

Tá gach eolas mar gheall ar an scéim seo ar fáil anseo

Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo

Ceardlanna Drámaíochta agus Teilifíse do scoláirí le Sárscoil Fíbín

Feabhra 4, 2015

Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Sárscoil Fíbín ar ais i mbliana. Ní hamháin go mbeidh deis ag 
scoláirí snas a chur ar a gcuid
 Gaeilge ach cuirfear oiliúint orthu i gcúrsaí drámaíochta le 
saineolaithe amharclannaíochta
 agus teilifíse ar nós:

o Mícheál
 Ó Domhnaill (léiritheoir ar an 
tsraith ‘Aifric’ agus stiúrthóir Meangadh Fíbín TV)
o Darach Ó Tuairisg (léiritheoir agus stiúrthóir Fíbín Teo)
o Paul Mercier (stiúrthóir Aifric agus Stiúrthóir Ealaíne Passion Machine) agus neart aíonna eile.

Beidh ceardlanna drámaíochta agus teilifíse ar siúl ina gcuirfear béim ar an gcumadóireacht, ar an aisteoireacht agus ar an scríbhneoireacht. Beidh na scoláirí faoi stiúr na saineolaithe agus cuirfear comhairle orthu ar bhonn rialta. Ag deireadh an chúrsa, beidh deis ag na scoláirí a gcuid drámaí féin a láithriú ar stáitse, rud a chuirfidh go mór le féinmhuinín agus le cur i láthair na scoláirí. Tugtar cuireadh do na meáin, léiritheoirí TG4 chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú seo.

Reáchtálfar 4 chúrsa agus freastalóidh 100 scoláire ar gach cúrsa. Bíonn éileamh an-mhór ar na cúrsaí seo ach ní gá go mbeadh aon taithí aisteoireachta agat. Cuirfear lóistín ar fáil do na scoláirí i gcroílár Chonamara. Beidh na ceardlanna ar siúl gach lá agus cuirfear an-bhéim ar an teanga labhartha. Cabhróidh an tumchúrsa Gaeilge seo leis an scoláirí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad ag foghlaim scileanna nua ag an am céanna. Mar is eol daoibh, is fiú 40% de mharcanna na hArdteistiméireachta an bhéaltriail agus tabharfaidh sé seo deis do na scoláirí an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh don scrúdú sin.

De bharr go raibh éileamh ollmhór ar an gcúrsa seo le blianta beaga anuas, caithfidh Gaeilge 
labhartha reásunta maith a 
bheith ag na scoláirí agus beidh ar gach scoláire éisteacht a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar an gcúrsa. Tá costas €625 ar an gcúrsa agus clúdaíonn sé seo lóistín, bia, teagascóirí, riarachán, aíonna, taisteal agus araile.

Má tá aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag 091- 505855 nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com

Seo sampla d’obair na Sárscoile:

http://www.youtube.com/watch?v=9jUy1_y8QPE

http://www.youtube.com/watch?v=AorenoUCSYM

p1673450728-o974265052-3

p1751142374-o974265052-3 p1778609255-o974265052-3 p1781650300-o974265052-3

p1862863761-o974265052-3

`Gaeloideachas do Chách’ téama Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta

Feabhra 4, 2015

Beidh Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta ar siúl i mbliana ar an 28 Feabhra 2015 sa Red Cow Moran Hotel i mBaile Átha Cliath. Is é ‘Gaeloideachas do Chách’ téama na comhdhála.

Pléifear topaicí éagsúla ar an lá; airgeadas scoile, cosaint sonraí agus éiteas scoile. Beidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i láthair mar aoi speisialta. Pléifidh an Coimisinéir an ról lárnach atá ag scoileanna i gcearta teanga a chosaint. “Tugann an comhdháil seo deis ar leith domsa labhairt le h-oideachasóirí chun míniú a thabhairt dóibh ar mo ról, agus an chosaint a thugtar do chearta teanga i reachtaíocht na tíre, an tAcht Oideachais 1998 san áireamh. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint mhaith ag Boird Bainistíochta scoileanna agus go deimhin ag múinteoirí na tíre ar chúrsaí cearta teanga.” a dúirt an Coimisinéir.

Beidh seastáin éagsúla ann ar an lá agus freisin fógrófar buaiteoirí Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, atá urraithe i mbliana ag Foras na Gaeilge.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra , Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “ Tá an obair á dhéanamh ag scoileanna An Fhorais Phátrúnachta ag cur oideachas den scoth ar fáil dá ndaltaí. Sa chúlra i ngach scoil bíonn na Boird Bhainistíochta ag cinntiú gur féidir leis na scoileanna feidhmiú chomh maith agus gur féidir leo. Tríd an chomhdháil seo cuirtear eolas agus oiliúint ar fáil do na Boird chun an tacaíocht sin a thabhairt dá scoileanna. I mbliana beidh aoi-chainteoirí againn ag plé Cosaint Sonraí, Bainistiú Airgid agus Soláthar do Scoileanna i measca a lán eile. Cuireann sé ríméad ar leith orainn go bhfuil an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag teacht chun labhairt lenár mbaill mar gheall ar a gcearta i leith na Gaeilge mar a bhaineann sé le scoileanna”.

Is €35 an costas atá ar thicéad, soláistí san áireamh don chomhdháil. Cuirfear dinnéar ar fáil do gach comhalta ag am lóin. Beidh Cruinniú Cinn Bhliana An Foras Pátrúnachta ar an 27ú Feabhra in Óstán an Red Cow ag 7.00in.

Fáilte roimh iarratais do Scéim na nImeachtaí Óige 2015/16

Feabhra 4, 2015

Tá Scéim na nImeachtaí Óige 2015/16 oscailte anois agus fáilte mhór roimh iarratais. Tá na foirmeacha iarratais agus na treoirlínte ar fáil ar an nasc seo:

http://www.gaeilge.ie/sceimeanna-maoinithe-2/

Bailiúchán na Scol

Feabhra 4, 2015

Físeán le fáil ag an nasc seo: http://www.meoneile.ie/ailt/baili%C3%BAch%C3%A1n-na-scol#.VNHrNWisVZg

Is tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann é duchas.ie.

Tá an cnuasach seo ar na bailiúcháin bhéaloidis is mó ar domhan agus anois tá cuid den ábhar á cur ar fáil ar líne.

Cuireadh tús leis an tionscadal in 2012 agus é mar aidhm acu ábhar as Bailiúchán na Scol a chur ar fáil ar líne.

Is bailiúchán é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí agus is é an chéad cheann atá á sholáthar ar duchas.ie.

Thug Meon Eile cuairt ar John Mhicí Ó Baoill de bhunadh Mhín Doire na Slua ach a bhfuil cónaí air anois in Anagaire lena bhean chéile Mary.

D’fhreastail John ar scoil náisiúnta Loch an Iúir agus é ina ghasúr óg agus bhí sé ar dhuine de na páistí scoile a bhailigh scéalta béaloidis óna mhuintir mar chuid de thionscadal Chnuasach Bhéaloideas Èireann sna 1930í.

Tá John ceithre scór and naoi mbliana d’aois anois ach tá cuimhne ghéar aige go fóill ar an tréimhse sin agus ar na scéaltaí.

Dúirt sé “gurb é an scéalaíocht an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu agus i ndairíre an t-aon chaitheamh aimsire a bhí ann”.

Is scéalaí mór le rá a bhí ina sheanathair fán bhaile agus sna oícheanta thiocfadh na comharsana go dtí an teach le haghaidh oíche airneáil.

Tá John iontach go deo sásta go bhfuil a scéaltaí agus scéaltai daoine eile le fáil ar líne anois ionas go mbeidh teacht orthu ag aon duine agus é sona sásta leis an smaoineamh go mbeidh na scéalta a scríobh sé agus é deich mbliana d’aois beo go deo de bharr na hoibre atá ar siúl ag duchas.ie.

http://www.meoneile.ie/ailt/baili%C3%BAch%C3%A1n-na-scol#.VNHrNWisVZg

Scoláireacht ICUF go Canada ar fáil do theagascóirí Gaeilge

Feabhra 4, 2015

Gach bliain, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta, ceaptar méid áirithe teagascóirí chun teagasc inár n-ollscoileanna comhpháirtíochta i gCeanada.

Is é príomhaidhm an chláir seo ná tacú le fás agus forbairt na Gaeilge i gCeanada. Cuirtear teagascóirí ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh taobh istigh den ollscoil, agus chun cuidiú le dul chun cinn na teanga i mbéal an phobail.

Ba chóir an iarratais a sheoladh go ICUF roimh 5in ar an Aoine, 6ú Márta 2015

Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.

Planning bid to be made for Fermoy school

Feabhra 4, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Lá Pitseámaí sna réamhscoileanna ar son Ghníomhaíocht ar son Uathachas in Éirinn

Feabhra 3, 2015

Scéal iomlán ag: www.earlychildhoodireland.ie

Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath

Feabhra 3, 2015

Sonraí ar fáil ag: www.educationposts.ie

« Previous PageNext Page »