Méid an Téacs

Gaelcholáiste na Mara, Cill Mhantáin

Bealtaine 20, 2015

Sonraí ar fad ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/12299/

Cuireadh chun do thuairim a chur in iúl i dtaobh Oideachais i Limistéir Ghaeltachta

Bealtaine 20, 2015

Moltaí Polasaí Oideachas Gaeltachta

Mar chuid den Straitéis Fiche bliain don Ghaeilge tá réimse moltaí polasaí forbartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, a bhfuil sé mar aidhm leo an soláthar oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht a threisiú.  Is iad taithí scoileanna Gaeltachta agus mórstaidéir thaighde áirithe atá mar bhonn eolais leis na moltaí.  Tá achoimre ar na moltaí polasaí seo le fáil in ‘Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta.

Cuirfear fáilte roimh thuairimí na bpáirtithe leasmhara ar fad, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta agus pobail Ghaeltachta, ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi pholasaí náisiúnta ar sholáthar oideachais sa Ghaeltacht a fhorbairt.

Tugtar cuireadh duit do thuairim a chur in iúl i dtaobh an fhoilseacháin chomhairliúcháin: ‘Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta’.

– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Imeachta%C3%AD/Molta%C3%AD-Polasa%C3%AD-Oideachas-Gaeltachta/Molta%C3%AD-Polasa%C3%AD-Oideachas-Gaeltachta.html#sthash.DfsuKEqO.dpuf

Aighneachtaí

Tá na sonraí mar a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin agus an suirbhé a bheidh le comhlánú le fáil in ‘Cuireadh chun Comhairliúcháin agus Suirbhé: Moltaí Polasaí don SolátharOideachais i Limistéir Ghaeltachta’

Iarrtar ort, le do thoil, an suirbhé a chomhlánú agus a chur ar ais:

ar ríomhphost chuig:        moltai_oideachasgaeltachta@education.gov.ie

sa phost chuig:                 Moltaí Polasaí don Oideachas Gaeltachta, Rannóg Pholasaí, Churaclaim agus Mheasúnachta, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1

Chomh maith leis sin, tugtar cuireadh dóibh siúd a fhreagraíonn an suirbhé aighneachtaí ar leith a  chur isteach ar ríomhphost nó sa phost.  

Beidh an próiseas comhairliúchain ar oscailt ó 5 Bealtaine 2015 go 15 Meitheamh 2015.

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh do Bhaile Átha Cliath

Bealtaine 19, 2015

Tá sé tábhachtach céim siar a thógáil anois agus arís agus aitheantas a thabhairt ar an méid atá bainte amach againn mar phobal.

Is cúis bróid í do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair an fás leanúnach atá tagtha ar líon na n-institiúid lán-Ghaeilge atá ag feidhmiú ar bhonn laethúil.

I mBaile Átha Cliath tá c55 naíonra (seisiúnach – oscailte de ghnáth idir 9-12/1.30), 34 ghaelscoil (2 cheann nua beartaithe), 10 ngaelcholáiste, 25 club óige lán-Ghaeilge, c4000 mac léinn cláraithe le Cumainn Gaelaigh in institiúid tríú leibhéil na cathrach mar aon le Na Gaeil Óga CLG atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge.

Tá fás pobal labhartha na Gaeilge le sonrú i bhfigiúr an daonáireamh deiridh (2011) le 77,048 ag maíomh go labhraíonn siad as Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais anois:

http://census.cso.ie/sapmap2011/Results.aspx?Geog_Type=CTY&Geog_Code=02&CTY=02#T3_310

In ainneoin iarrachtaí an phobal bríomhar seo, tá easnamh ar leith atá ríshoiléir do na hiardhaltaí agus do na múinteoirí sin a roghnaíonn a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge.

Níl aon ionad sa phríomhchathair ag soláthar cúram leanaí lán-Ghaeilge don aoisghrúpa 0-3* bliana.

Chomh maith, níl aon ionad ag soláthar tacaíochtaí do réamhthuismitheoirí atá ag machnamh ar a leanaí a thógáil le Gaeilge nó do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid leanaí le Gaeilge ar bhonn laethúil.

Tá dea-shamplaí le sonrú i mbailte/ i gcathracha eile, mar shampla, le blianta beaga anuas bunaíodh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh san Indreabhán le tacaíocht an Stáit.

Lena chois sin, i mBéal Feirste tá an eagraíocht pobal Ionad Uibh Eachach 25 bliain ar an bhfód ag soláthar réimse tacaíochta do thuismitheoirí (Gaelchúram leanaí lánlae & le déanaí suas go 16 rang Gaeilge sa tseachtain i measc seirbhísí eile) agus faoi láthair sa chathair chéanna, tá naíolann (seirbhís cúram leanaí lánlae) lán-Ghaeilge nua á bunú i mBéal Feirste darbh ainm Teach Mhamó.

Chuirfeadh ionad tacaíochta teaghlaigh seirbhísí tacaíochta ar fáil do theaghlaigh a dteastaíonn uathu a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge nó do theaghlaigh nach labhraíonn an Ghaeilge go hiondúil sa bhaile ach a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an tréimhse is luaithe i saol an linbh i bhforbairt scileanna teangeolaíochta agus a dteastaíonn uathu go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais acu ón tús.

Chun freastal ar na riachtanais seo, ba mhaith linn grúpa oibre a bhunú chun Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a fhorbairt agus ba mhór linn dá gcuirfeadh an t-ionad beartaithe na seirbhísí seo a leanas ar fáil do theaghlaigh:

  • Seirbhís Naíolainne Gaeilge.
  • Seirbhís cúram iarscoile.
  • Teacht le chéile do thuismitheoirí le páistí óga (m.sh. tuismitheoirí sa bhaile & máithreacha ar shaoire mháithreachais)
  • Seirbhís chomhairleach do lánúin nua atá ag smaoineamh ar a leanaí a thógáil le Gaeilge.
  • Seirbhís chomhairleach agus tacaíochta teanga do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó ar mian leo teanga an teaghlaigh a iompú ó Bhéarla go Gaeilge. D’fhéadfaí amach anseo go gcuimseodh an tseirbhís seo cuairteanna baile ó chomhairleoirí teanga.
  • Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.
  • Teagmháil le heagraíochtaí eile sa cheantar agus sa réigiún a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh agus do leanaí.
  • Teagmháil le grúpaí tuismitheoirí in áiteanna eile, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó le mionteanga eile.
  • Seirbhísí tacaíochta teaghlaigh eile ar a n-áirítear, mar shampla, seirbhísí ó Tusla, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus cúrsaí do thuismitheoirí.

Oiriúnaithe ó Fnag.ie

Táimid ag iarraidh tacú leis na naíonraí agus na gaelscoileanna reatha atá ag feidhmiú ar ardchaighdeán timpeall na príomhchathrach.

Is togra pobal-bhunaithe comhoibríoch atá i gceist léi seo mar sin fáilteofar roimh do shaineolas, d’fhuinnimh, do chomhairle agus do thacaíocht.

Beidh an chéad chruinniú den togra seo ar siúl in Uimhir 6, Ceannáras Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC 2 ag a 1i.n. ar an 16 Meitheamh 2015.

Más spéis leat cabhrú linn, tá leathanach ócáide cruthaithe againn ar Facebook (murar féidir leat freastal ar an gcruinniú seo ach spéis leat tacú linn nó bheith ar an eolas faoi dhul chun an togra, b’fhearr teagmháil díreach a dhéanamh linn ag ionadttbac@gmail.com):

https://www.facebook.com/events/1623094857914282/

*Roinnt naíonraí ceadaítear do na leanaí toiseach ar an naíonra roimh an tríú breithlá de ghnáth 2 bhliain 10 mí.

Comhaltacht Michael Jordan san Oideachas (Teagasc na Gaeilge) i gColáiste Phádraig

Bealtaine 18, 2015

Léachtóir ab ea Michael Jordan san Oideachas i gColáiste Phádraig (1952-1982), agus ba mhúinteoir bunscoile é roimhe sin. Bhain na glúinte mic léinn scileanna teagasc, eolas ar an gcuraclam agus fealsúnacht chéimnitheach oideachais amach faoina threoir. Bhí sé ina thacadóir le haghaidh an oideachais pháistelárnaigh i bhfad sula raibh bonn déanta ag an ngluaiseacht sin san oideachas príomhshrutha. Go sonrach, chreid sé go láidir i spreagadh seachas i bpionós, i míniú a thabhairt seachas an cur chuige údarásaí agus i ngné shóisialta agus phearsanta an oideachais murab ionann béim chognaíoch go díreach.

Ionad Barr Feabhais san Oideachas agus sna Daonnachtaí atá beoga agus nuálach is ea Coláiste Phádraig, coláiste de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ar cheann de na hinstitiúidí is mó dá leithéid in Éirinn, agus tá thart ar 2,700 mac léinn cláraithe ar raon cláir fhochéime, iarchéime agus dochtúireachta. Suite go lárnach i Sráidbhaile Dhroim Conrach, ar an gcampas chomh maith tá an tIonad um Míbhuntáiste Oideachasúil, Ionad Oideachais Dhroim Conrach, an tIonad um Oideachas Chearta an Duine agus Saoránachta, an tIonad um Staidéar Litríochta agus Cultúrtha Leanaí agus an Clár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí. Tá mórchlár tógála úr ar siúl faoi láthair. Tá Coláiste Phádraig bainteach i bpróiseas ionchorpraithe le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bheidh curtha i gcrích faoin fhómhar 2016.

AN RANNÓG OIDEACHAIS
Tá níos mó ná 50 ball foirne lánaimseartha sa Rannóg, agus mar sin is í ceann de na rannóga acadúla is mó sa tír. Chomh maith le cláir a chur ar fáil ar an leibhéal fochéime agus iarchéime, tá próifíl taighde ghníomhach náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an Roinn agus cuireann sí go mór le forbairt agus critíc bheartais san earnáil.
Tairgeann an Roinn dhá clár tosaigh oideachais do mhúinteoirí, an Baitsiléir Oideachais (BEd) (4 bliana) agus an Mháistreacht Ghairmiúil Oideachais (PME) (2 bhliain), le cohóirt bhliantúla 400 agus 100 faoi seach. Tairgeann an Roinn raon cláir fhochéime san oideachais ó leibhéal teastais go leibhéal dochtúireachta. Lena chois sin, beidh Baitsiléir úr san Oideachas Luath-Óige (BECE) a thairiscint aici in 2015.

Tuilleadh sonraí le fáil ag www.spd.dcu.ie/education

Riachtanais
Ba chóir d’iarratasóirí céim onóracha mhaith (Onóracha 2.1 nó níos fearr ná sin agus céim Mháistreachta más féidir) a bheith acu. Ba chóir go mbeadh suim speisialaithe forbartha acu chomh maith i nGaeilge a theagasc mar chéad teanga nó mar dhara teanga, agus/nó i dteagasc trí mheán na
Gaeilge. Ba chóir go mbeadh pleananna taighde forbartha acu as a mbainfidh siad céim sa taighde amach (M.Ed nó Ph.D).

Coinníollacha maidir leis an gComhaltacht
Beidh ar an iarrthóir rathúil clárú ar chéim taighde ag Coláiste Phádraig (M.Ed nó Ph.D) agus déanfaidh ball foirne maoirseacht air nó uirthi. D’fhéadfadh réimse ar bith a bhaineann le teagasc na Gaeilge i gcomhthéacs bunoideachais agus/nó oideachas múinteoirí oiriúnach don taighde seo agus ba chóir d’iarrthóirí réamhphlean taighde a chur isteach lena n-iarratas ar an gComhaltacht.

Ní mór don iarratasóir rathúil na riachtanais incháilitheachta um mic léinn Taighde/Dochtúireacht ag Coláiste Phádraig a chomhlíonadh, agus beidh orthu an próiseas caighdeánach iarratais um mic léinn Taighde a chomhlánú.

Beidh an comhalta ábalta leas a bhaint as raon tacaíochtaí laistigh den choláiste, lena n-áirítear ardobair chúrsa sa chlár Dochtúireachta (ED.D) agus beidh an deis aige nó aici chomh maith idirghníomhaíocht a dhéanamh le mic léinn taighde agus baill foirne. Beidh rochtain iomlán ar shaoráidí na leabharlainne agus ríomhaireachta ar fáil. Tairgeann Comhaltacht Jordan deis don iarrthóir rathúil fosta chun taithí a fháil ar theagasc tríú leibhéal agus déanfaidh an t-iarrthóir rathúil teagasc maoirsithe faoi mheantóireacht oideoirí múinteora a bhfuil taithí acu.

Tuarastal an Chomhaltachta
Is é scoláireacht dar luach idir €20,000 agus €22,000 (Alt 193 díolúine Scoláireachta de réir mar is infheidhme, an tuarastal le híoc gach ráithe i riaráistí) a íocfar leis an iarrthóir rathúil ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí, ar feadh trí bliana ar a mhéad. Lena chois sin, beidh córas um loghadh táillí le haghaidh obair iarchéime i bhfeidhm. Ní bheidh sé/sí ina fhostaí/fostaí de chuid an choláiste le linn thionacht na chomhlachta.

Iarratas
Chun iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Michael Jordan, ba chóir d’iarratasóirí réamhphlean taighde (600 focal) a chur isteach, chomh maith le CV, ina dtaispeántar go cuimsitheach á dtaithí teagaisc agus a suimeanna faoi leith sa churaclam faoi:
12 iarnóin, Dé Mairt, an 26 Bealtaine 2015 chuig:
Rannóg na nAcmhainní Daonna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
D’fhéadfadh sé go gcuirfí iarratasóirí faoi agallamh mar chuid den phróiseas roghnúcháin.

Ní ghlacann Coláiste Phádraig iarratais leictreonacha

Ní mór go n-éireoidh leis an iarrthóir rathúil i bpróiseas grinnfhiosrúcháin na nGardaí d’fhonn an ceapachán don áit a fháil.
Is fostóir comhdheiseanna é Coláiste Phádraig

Folúntas: Gaelscoil na Cruaiche, Maigh Eo

Bealtaine 18, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19817/

Folúntas: Gaelcholáiste Mhuire, Co Chorcaí

Bealtaine 18, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/12102/

Folúntas: Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Co Chorcaí

Bealtaine 18, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/12168/

Tuarascáil faoi chóras a thugann ar scoileanna Gaeltachta glacadh le múinteoirí gan Gaeilge leagtha os comhair an Oireachtais

Bealtaine 14, 2015

Mhaígh an Roinn Oideachais go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír oilte le gasúír Gaeltachta a theagasc. ‘Deargaimidí’ a dúradh in imscrúdú Oifig an Choimisinéara Teanga

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt ar scoileanna Gaeltachta glacadh le múinteoirí gan Gaeilge – agus níl siad sásta géilleadh do chinneadh de chuid an Choimisinéara Teanga gur sárú é seo ar an Acht Oideachais.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ar maidin go bhfuil tuarascáil speisialta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais aige faoi dhiúltiú na Roinne moltaí a oifige a chur i bhfeidhm.

D’eascair an cás as gearán a rinne bunscoil Ghaeltachta le hOifig an Choimisinéara i 2013. Bhraith an scoil go raibh brú orthu glacadh le múinteoir nach raibh dóthain Gaeilge aige.

Mhaígh an Roinn go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír oilte le múineadh in aon scoil, scoileanna Gaeltachta san áireamh, agus thagair siad don chomhaontú idir an Roinn agus ceardchumainn na múinteoirí faoina líontar folúntais as painéil ar a mbíonn daoine atá ag feitheamh le postanna.

Sa chás seo, bhí na múinteoirí ar fad a bhí ar an bpainéal den tuairim iad féin nach raibh dóthain Gaeilge acu le dul ag múineadh i scoil Ghaeltachta.

Mar thoradh ar an imscrúdú ar an gcás, chinn sé gur sárú a bhí sa chóras seo ar fhoráil san Acht Oideachais 1998 a éilíonn go gcaithfidh an Roinn “cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta”.

Dúirt an Coimisinéir Teanga ag an am, Seán Ó Cuirreáin, gur “deargamaidí” é a mhaíomh go bhféadfadh duine múineadh trí Ghaeilge i scoil Ghaeltachta gan líofacht mhaith i nGaeilge a bheith aige agus “gur léir don saol mór nach bhfuil líofacht mhaith i nGaeilge ag gach bunmhúinteoir cláraithe sa tír”.

Dúirt sé freisin “gur bhocht an scéal é go mbeadh múinteoir ceaptha i scoil Ghaeltachta a bhí ag múineadh trí Ghaeilge agus go raibh cumas níos fearr sa teanga sin ag daltaí na scoile ná ag an múinteoir féin”.

Bhí deis ag an Roinn athchomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh chinneadh an Choimisinéara, deis nár ghlac siad leis. Ó tharla nár chuir an Roinn moltaí an Choimisinéara i bhfeidhm ach an oiread, chinn an Coimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, tuarascáil speisialta faoin gcás a leagan os comhair Thithe an Oireachtais.

Scéal ó www.tuairisc.ie

Folúntas: Gaelscoil na Bóinne, Co. na Mí

Bealtaine 14, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19813/

Folúntas: Gaelscoil Ultain, Muineachán

Bealtaine 14, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19811/

« Previous PageNext Page »