Méid an Téacs

Seisiún Eolais faoin Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht) i gColáiste Ollscoile Naomh Muire

Deireadh Fómhair 23, 2015

Seisiún Eolais

Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht)

12.15 p.m. – 1.45 p.m. 27 Máirt 2015.

Tá an Teastas Iarchéime san Oideachas (TICO) dírithe ar chéimithe a bhfuil ard líofacht sa Ghaeilge acu agus ar mian leo bheith cáilithe ina múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge. Gheobhaidh tú eolas ar na gnéithe seo a leanas ag an tseisiún dhátheangach seo:

 Coláiste Ollscoile Naomh Muire- cé muid féin agus saol an Choláiste;
 Gnáthaimh iarratais agus iontrála;
 An Clár TICO sa Bhunscolaíocht agus san Iarbhunscolaíocht.

Beidh deis ann ceisteanna a chur má tá níos mó eolais de dhíth. Más maith leat freastal ar an tseisiún eolais, iarrtar ort dul i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil faoi 12.00 Aoine 23 Deireadh Fómhair 2015.

Beidh fearadh na fáilte romhat go Coláiste Ollscoile Naomh Muire.

Muna bhfuiI tú ábalta freastal ar an tseisiún ach gur mhaith leat pacáiste iarratais a fháil, gabh i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil trí ríomhphost agus luaigh do sheoladh baile sa teachtaireacht.
Rphost: admissions@smucb.ac.uk nó guthán 028 90268320

Folúntas: Scoil Naithí, Baile Átha Cliath

Deireadh Fómhair 22, 2015

Tá múinteoir acmhainne páirt-aimseartha de dhíth i Scoil Naithí. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23906/

Folúntas: Gaelscoil na Camóige, Baile Átha Cliath

Deireadh Fómhair 22, 2015

Tá Gaelscoil na Camóige ag lorg ionadaí do mhúinteoir tacaíochta foghlama. Tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23905/

Polasaí nua oideachais don Ghaeltacht le críochnú roimh ‘dheireadh na bliana’

Deireadh Fómhair 22, 2015

Cuirfear críoch ar an dréachtpholasaí nua oideachais don Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana seo agus foilseofar san athbhliain é.

Tugadh an méid sin le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh an tseachtain seo faoi na moltaí oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh i dtús an tsamhraidh.

I gceanncheathrú na Roinne Oideachais a bhí an cruinniú, mar a raibh díospóireacht faoi na moltaí, ina measc an moladh gur trí mheán na Gaeilge amháin a mhúinfí leanaí Gaeltachta sa chéad dá bhliain den bhunscoil.

Ba é cuspóir na díospóireachta machnamh agus iniúchadh a dhéanamh ar na mórthéamaí agus na mórcheisteanna a tháinig chun cinn sa próiseas comhairliúcháin ar an oideachas Gaeltachta a d’fhógair an tAire Oideachais Jan O’Sullivan i mí Bealtaine.

Fógraíodh ag díospóireacht na seachtaine seo go raibh deireadh oifigiúil tagtha anois leis an bpróiseas sin agus go mbeifí ag luí isteach idir seo agus mí na Nollag ar dhréachtadh an pholasaí nua Gaeltachta féin.

Nuair an bheidh an polasaí nua sin dréachtaithe, cuirfidh an tAire Oideachais faoi bhráid an Rialtais é san athbhliain.
I láthair ag an seisiún comhairliúcháin Dé Luain, bhí Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Joe Hamill, Ard-Rúnaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus oifigigh ón dá roinn sin.

Labhair scata mór aoichainteoirí ag an ócáid chomh maith, ina measc, Seosamh Mac Donnacha, Comhordaitheoir Acadúil, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Pádraig Ó Duibhir, Cláraitheoir Choláiste Phádraig; Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); Pádraig Firtéar, Príomhoide Phobalscoil Chorca Dhuibhne; agus Máire Ní Neachtain, Ceann na Roinne Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.

Bhí ionadaithe i láthair ó eagraíochtaí teanga agus oideachais éagsúla.

Tuigtear gurbh í an cheist is mó a bhí ag déanamh tinnis dá raibh i láthair ná ceist na n-acmhainní agus dóthain daoine a bheith ar fáil chun an polasaí nua a chur i bhfeidhm.

Mar sin féin, ábhar dóchais agus misnigh an méid a pléadh. Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt an gníomhaí pobail agus teanga, Donncha Ó hÉallaithe, gur “cruinniú fiúntach a bhí ann”.

“Tá intinn úr oscailte ag an Roinn Oideachais maidir le ceist an oideachais sa Ghaeltacht agus tá an-dóchas a’m go dtiocfaidh maitheas as, an fhaid is a bheas aitheantas scoileanna Gaeltachta ag brath ar chritéir teangeolaíochta seachas ar theorainneacha oifigiúla nach bhfuil aon chiall leo,” a dúirt sé.

B’iontach le Ó hÉallaithe an chaoi ar tugadh faoin bplé agus an chaoi ar cuireadh béim ar chúinsí na Gaeltachta go sonrach.

“Bhí sé thar a bheith ionraic agus réalaíoch mar chruinniú agus dírithe ar an nGaeltacht ar bhealach a bhí thar a bheith suntasach,” a dúirt sé.

Mhol an gníomhaí teanga do dhaoine dul i gcion ar pháirtithe polaitiúla a oiread agus ab fhéidir leo aimsir an olltoghcháin.

“Tá sé an-tábhachtach go deo go ndéanfaí stocaireacht ar na páirtithe éagsúla polaitiúla mar tógfaidh sé bliain nó dhó na polasaithe nua [oideachais] a chur i bhfeidhm agus níor mhaith liom go bhfágfaí ar an trá fholamh iad agus go gcaithfí i dtraipisí iad dá dtiocfadh páirtithe nua sa rialtas,” ar seisean.

www.tuairisc.ie

Cloiseann Coiste Oireachtais go bhfuil an Ghaeilge sna Gaeltachtaí i mbaol mar theanga dhúchasach

Deireadh Fómhair 21, 2015

Gníomhartha atá ag teastáil anois ní caint ná tuairiscí chun todhchaí na Gaeilge a shealbhú, a dúirt iriseoir agus ionadaí pobail le fochoiste Oireachtais ar an Máirt.

Tá Sorcha Ní Chéilleachair bainteach le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Grúpa é atá i mbun feachtais chun áiseanna agus tacaíochtaí cúi a chur in áit chun an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga dhúchasach.

“Níl a thuilleadh cainte ag teastáil. Tá an taighde déanta,” a duirt sí.

“Má tá ocras ar leanbh ní haon mhaith a bheith ag caint faoi: caithfear an leanbh a bheathú,” dar léi.

Bhí sí ag caint ar an Máirt ag Fo-Choiste Speisialta Oireachtais ar an Stráitéis Teanga 20 Bliana. An t-ábhar a bhí faoi chaibidil ná Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaioch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006-2011.

Dar leis an údar Conchúr ÓGiollagáin tá an teanga sna Gaeltachtaí i ngéarchéim agus ní úsáidfear í mar theanga laethúil faoin mbliain 2025, muna bhfuil cur chuige láidir ón rialtas. Ceann de na moltaí a chur sé chun cinn ná Coimisiún Éigeandála a bhunú chun dul i ngleic leis an gcreimeadh.

Bhí eagrais Gaeilge ós cómhair an Choiste inniu chun an tuairisc a phlé. Ina measc bhí Údaras na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna Teoranta, agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Dúirt Ní Cheilleachari más duairc agus éadóchasach an scéal faoi láthair, is nIos duairce agus níos éadóchasaí a bheas sé má bhíonn easpa gníomhartha.

Tá an t-Údarás i bhfeighil pleanáil teanga. Dúirt an príomh-fheidhmeannach Steve Ó Cúláin leis an gCoiste go raibh dúshlán mór ann chun aidhmeanna an Stráitéis Teanga 20 bliana a chur chun críche.

Dar le Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge, léirigh an Tuairisc an phráinn a bhí i gceist. Chreid sé go raibh sé indéanta an Ghaeltacht a shábhaíl.

Ach dar leis, níl an toil pholaitiúil ann faoi láthair. “Níl Aire Gaeltachta buan againn agus níl guth againn ag an Rialtas,” a dúirt sé. Mheabhraigh sé chomh maith go raibh maoiniú an Údaráis gearrtha go géar le roinnt bhlianta anuas.

Mhaígh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Féin) gur náireach an scéal é ce chomh annamh is a bhí an Coiste ag teacht le chéile. Mheabhraigh sé an t-easpa “buy-in” agus cheistigh sé an mbeadh sé níos fearr déanamh réidh leis an Straitéis agus chur chuige nua a chur inn áit.

Dúirt an Teachta Éamon O Cuiv (Fianna Fáil) go raibh sé soiléir do aon dune ag cónaí sa Ghaeltach go raibh dúshlán mór ann.
“S’é mo bharúil nach mairfidh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga naisiunta,” a dúirt sé.

Ghlac Teachtaí Sean Kyne (Fine Gael) agus Robert Dowds (Lucht Oibre) páirt sa díospóireacht chomh maith leis an Seanadóir Fiach Mac Conghail. B’é Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil) a bhí mar chathaoirleach.

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltacht Áine Ni Ghallachair leis an gcoiste go mba fhearr a bheith cúramach gan an Ghaeilge “a chur i gcré na cille sula bhfuil sí básaithe”.

Dúirt sí go bhfuil a lán daoine óga ag caint Gaeilge lena bpáistí agus nach raibh sé ró-mhaih nuair a bhí daoine ag caint go síoraí faoi bhás na Gaeilge.

www.irishtimes.com

Ní féidir an bhagairt ar an teanga sa Ghaeltacht a shéanadh, dar le Ó Giollagáin.

Deireadh Fómhair 21, 2015

Déanann Conchúr Ó Giollagáin coasint ar an Tuarascáil ar Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011

Alt iomlán anseo:

www.independent.ie

Torthaí taighde ar an nGaeltacht fritorthúil, dar le Mac Con Iomaire

Deireadh Fómhair 21, 2015

Nochtann Rónán Mac Con Iomaire a thuairimí ar an Tuarascáil ar Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011

Alt iomlán le fáil anseo:

www.independent.ie

Tionól Teagaisc 2015 in Institiúid Oideachais Marino ar an 14 Samhain

Deireadh Fómhair 21, 2015

Tá áthas ar an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) a fhógairt gur in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath a bheidh Tionól Teagaisc 2015 ar siúl ar an Sathran 14 Samhain. Seimineár Náisiúnta Gaeilge atá sa Tionól Teagaisc.

Beidh Tionól na bliana seo oscailte do mhúinteoirí bunscoile chomh maith le múinteoirí iarbhunscoile. Is deis é do mhúinteoirí teacht le chéile i bhfóram gairmiúil, tacúil le freastal ar rogha ceardlann phraiticiúil agus éisteacht le múinteoirí agus le saineolaithe éagsúla ag labhairt faoi ghnéithe ar leith de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge.

Tá áthas orainn chomh maith go mbeidh Caoimhe Máirtín mar aoichainteoir ar an lá. Ócáid chéiliúrtha a bheidh ann, ag céiliúradh na dea-chleachtais uile atá ar siúl i seomraí ranga ar fud na tíre.

Is cuma cén rang, cén bhliain, cén leibhéal, cén clár nó cén earnáil atá á mhúineadh agat, reáchtálfar ceardlanna a fhreastalóidh ar do chuid sainriachtanais agus a chuirfidh féidearthachtaí nua ar fáil don seomra ranga. Sa bhreis ar na ceardlanna praiticiúla a bheidh dírithe ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge, beidh líon mór seastáin ann agus beidh deis iontach ann bualadh le múinteoirí eile agus tuairimí a mhalartú.

Lean an nasc thíos chun clárú agus chun breathnú ar bhróisiúr Tionól Teagaisc 2015 .
http://www.pdst.ie/conferences

Ní bhfuair Conchúr Ó Giollagáin cuireadh teacht i láthair ag cruinniú Oireachtais faoina thuarascáil Ghaeltachta

Deireadh Fómhair 21, 2015

Níor tugadh aon chuireadh do Chonchúr Ó Giollagáin teacht i láthair ag cruinniú de choiste Oireachtais a bhí ar siúl tráthnóna, in ainneoin gur thug cathaoirleach an choiste a mhalairt le fios faoi dhó ag an gcruinniú céanna.

Tugadh suntas dó tráthnóna nach raibh Ó Giollagáin i láthair ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais ag ar tugadh fianaise mar gheall ar ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Thug beirt seanadóirí a bhí ag an gcruinniú, Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Fiach Mac Conghail (NS), suntas dó nach raibh Ó Giollagáin, duine d’údair an Nuashonrú, i láthair.

“Cá bhfuil Conchúr Ó Giollagáin?” a d’fhiafraigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, a dúirt go raibh iontas air nach raibh cuireadh faighte ag an ollamh ollscoile.

Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt cathaoirleach an choiste, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, gur tugadh cuireadh don Ollamh Ó Giollagáin teacht i láthair an chruinnithe agus gur labhair cléireach an choiste leis an ar an bhfón.
Thug Ó Murchú le fios nach raibh ar chumas Uí Ghiollagáin a bheith i láthair.

Ach dúirt Conchúr Ó Giollagáin le Tuairisc.ie tráthnóna nach bhfuair sé aon chuireadh teacht i láthair an choiste agus gur chuala sé mar gheall ar chruinniú an lae inniu den chéad uair nuair a léigh sé scéal faoi ar Tuairisc.ie “ag leathuair tar éis a hocht ar maidin”.

Bhain conspóid fhada le foilsiú an Nuashonrú toisc go raibh easaontas idir Ó Giollagáin agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil, faoi mholtaí a bhí déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde.

Sa deireadh tháinig Údarás na Gaeltachta agus Conchúr Ó Giollagáin ar réiteach agus níor foilsíodh na moltaí mar chuid den Nuashonrú a d’fhoilsigh an tÚdarás.

Foilsíodh go neamhspleách moltaí údair na tuarascála, agus dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh tráthnóna gur cheart go mbeadh na moltaí sin á bplé chomh maith ag an gcoiste Gaeilge.

Bhí ionadaithe i láthair ag an gcruinniú i dtithe an Oireachtais inniu ó Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gaelscoileanna Teo. agus Conradh na Gaeilge.

Géarchéim na Gaeltachta: ‘Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi’

Deireadh Fómhair 21, 2015

Deineadh cáineadh láidir i dTithe an Oireachtais tráthnóna ar ‘easpa gnímh’ an státchórais agus an Rialtais maidir leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht a ndéantar cur síos uirthi i dtuarascáil Ghaeltachta.

Bhí ionadaithe ó eagraíochtaí teanga éagsúla i láthair tráthnóna ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais chun fianaise a thabhairt mar gheall ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta i ndeireadh mhí na Bealtaine.

Ina chuid fianaise siúd, dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge go raibh níos mó “frustrachais agus ciniciúlachta” ná riamh ann i measc phobal na Gaeilge toisc a laghad sin a bheith á dhéanamh ag an Stát agus an t-aos polaitiúil maidir le cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge.

Dúirt Mac Fhlannchadha gur léir nach raibh “an toil pholaitiúil” ann tabhairt faoi na dúshláin atá roimh an teanga.
Ag trácht dó ar an gcóras pleanála teanga a cuireadh ar bun sa Ghaeltacht dúirt sé “gur chaith an Roinn [Roinn na Gaeltachta] an fhreagracht sin ar Údarás na Gaeltachta” ar dúradh leo “déanaigí an phleanáil teanga nó bainfimid airgead díbh”.

Ina dhiaidh sin, a dúirt sé, chuir an tÚdarás an fhreagracht ar na heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht ar deineadh an bhagairt chéanna orthu mar gheall ar mhaoiniú is a deineadh ar an Údarás féin.

Dúirt Mac Fhlannchadha nach raibh “aon cheannaireacht” á tabhairt ag an Rialtas maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go raibh “sceanairt” déanta ar bhuiséad an Údaráis agus buiséad Fhoras na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh “cinneadh polaitiúil le déanamh againn mar thír – an bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt slán?”.

Más amhlaidh go bhfuil, is é an chéad rud a theastódh ná go gceapfaí Aire Sinsearach chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a dúirt Mac Fhlannchadha.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go raibh “an chaint ar fad déanta agus gur gníomh a theastaíonn anois”.

Dúirt Ní Chéilleachair gur “pictiúr fírinneach, réadúil, ionraic” de staid na teanga a bhí sa Nuashonrú.

“Cén fáth go mbeifí á shéanadh mar sin? Ní féidir ligint don mhórtas cine ná don gcur i gcéill ná do chúiseanna a bhaineann le maorlathas na ranna stáit dallamullóg a chur orainn – seo mar atá cúrsaí agus sin é,” a dúirt sí.

Bhain Ní Chéilleachair earraíocht as samhlacha a bhaineann le saol an tuismitheora chun a pointe a threisiú.

“Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi, caithfear an nappy a athrú nó beidh impleachtaí i gceist. Má tá ocras ar an leanbh – ní haon mhaith bheith ag caint faoi, caithfear é a bheathú. Má tá an leanbh ag gol – ní haon mhaith bheith ag caint faoi caithfear an leanbh a shuaimhniú.

“Agus más rud é go bhfuil imní ort faoi do pháiste agus go dtugann tú go dtí an dochtúir é agus go ndeir an dochtúir go bhfuil an páiste sin tinn, an-tinn – ach – dá ndéanfaí cúram de agus na cógais chearta a thabhairt dó – go bhfuil seans maith go dtiocfaidh sé as. Ní haon mhaith a thuilleadh cainte ag an staid sin. Agus ní haon mhaith an tinneas a shéanadh,” a dúirt urlabhraí Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go raibh an Stát mar a bheadh “an tImpire ag imeacht ina chraiceann dearg” fad is a bhain sé le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt sé chomh maith nach raibh eagraíochtaí teanga atá ag brath ar an Stát “ag rá sách láidir leis an Aire [Aire Stáit na Gaeltachta] nach bhfuil an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge “ag obair”.

D’easontaigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil le háiteamh Uí Chlochartaigh gur cheart “dearmad” a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean nua a chur ina háit.

Dúirt Ó Cuív gur cheart an Straitéis mar atá a chur i bhfeidhm, rud nach bhfuil á dhéanamh, dar leis, agus cur léi más gá ina dhiaidh sin.

Is í “an mhoill” atá “ag marú” na Straitéise, a dúirt Ó Cuív.

Dúirt sé nach mairfeadh an Ghaeltacht gan “an teanga a bheith aitheanta mar theanga náisiúnta”.

Dúirt cathaoirleach an choiste Labhrás Ó Murchú gur aithin sé “an phráinn” a bhain le cás na teanga sa Ghaeltacht agus mhol sé go mbeadh cruinniú eile ann faoi cheann coicíse chun tuilleadh ple a dhéanamh ar an Nuashonrú.

« Previous PageNext Page »