Méid an Téacs

Deireadh tagtha le cruinnithe faoin Straitéis 20 Bliain agus tuarascáil le hullmhú

Nollaig 10, 2015

Tá deireadh tagtha le sraith cruinnithe a reáchtáil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta timpeall na tíre faoi dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ba i dTúr an Chloig, ar champas na Roinne Oideachais agus Scileanna, a reáchtáladh an ‘cruinniú mullaigh’ tráthnóna inné.

I láthair ag an gcruinniú bhí ionadaithe ó eagrais éagsúla Ghaeilge, na ranna Stáit, na meáin Ghaeilge agus grúpaí eile, chomh maith le hionadaithe ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, a bhfuil straitéis dá gcuid féin tugtha isteach acu le bliain anuas.

Tugadh léargas ar an méid, dar le dreamanna éagsúla, a baineadh amach faoin Straitéis ó tugadh isteach an chéad lá í cothrom an ama seo cúig bliana ó shin. Ina measc siúd a rinne amhlaidh, bhí Beirtí Ó hAinmhire agus Séamus Mac Giolla Chomhaill, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Steve Ó Culáin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; agus Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

I ndiaidh chaint na bpríomhoifigeach, bhí díospóireacht ghrúpaí ann idir rannpháirtithe an chruinnithe, bunaithe ar chúig mhórthéama: an tOideachas; An Teaghlach agus an Pobal sa Ghaeltacht; an Teaghlach agus an pobal taobh amuigh den Ghaeltacht; Seirbhísí Poiblí; agus na Meáin Chumarsáide agus an Teicneolaíocht.

Mhair an plé agus an díospóireacht idir na grúpaí, ina raibh 55 duine páirteach, ar feadh tuairim is uair go leith. Ag deireadh na díospóireachta, labhair urlabhraí ó na grúpaí éagsúla os comhair an tslua agus thug léargas ar an méid a pléadh agus na topaicí is mó a tháinig chun cinn le linn an chomhrá.

Ba í Anna Davitt ó Fhoras na Gaeilge a labhair thar ceann lucht na meán cumarsáide agus na teicneolaíochta. Ba é an príomhmholadh a tháinig chun cinn ón ngrúpa sin ná cé go bhfuil freastal maith á dhéanamh ag na meáin Ghaeilge ar phobal na Gaeilge, go raibh bearna shuntasach ann do chainteoirí Gaeilge atá sna déaga agus faoi bhun 11 bliain d’aois.
Dúradh freisin go raibh gá le forbairt infreastruchtúir i gceantair tuaithe timpeall na tíre le go mbeadh teacht ag daoine sna ceantair sin ar na seirbhísí Gaeilge nach bhfuil ar fáil ach ar líne.

Labhair Muireann Ní Mhóráin, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, thar ceann an ghrúpa a phléigh dul chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Leag an grúpa sin an-bhéim ar an maolú atá déanta ar an gcúrsa Gaeilge don Ardteistiméireacht le blianta beaga anuas agus dúradh go gcaithfeadh siollabas agus curaclam dúshlánach a thabhairt isteach do na daltaí scoile. Moladh, áfach, an dul chun cinn atá déanta ó thaobh an oideachais bunscoile le roinnt míonna anuas agus an iarracht atá déanta ag an Roinn Oideachais dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann don chainteoir cumasach Gaeilge i láthair na huaire.

Ba é Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a labhair faoi na tuairimí a tháinig chun cinn maidir leis an nGaeilge sa tseirbhís phoiblí. Moladh ranna éagsúla as an méid atá déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn ach dúradh freisin nár leor an méid a bhí á dhéanamh. Tá ‘dea-thoil sna ranna’, a dúradh, ach toisc nach bhfuil aon chaighdeán leagtha síos do na ranna ar fad, is minic a bhíonn drogall ar an bpobal seirbhísí Gaeilge a lorg.

Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb sin má tá ardú le theacht ar ‘líon na ndaoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge’, ceann de spriocanna na Straitéise. Moladh freisin go n-ardófaí go 30% líon na ndaoine a d’fhostófaí le Gaeilge sa Státseirbhís toisc ‘nach leor’ an céatadán díobh atá ann faoi láthair.

Labhair Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, agus Máire Ní Mhainnín, Údarás na Gaeltachta, faoi na tuairimí a léiríodh faoin teaghlach agus an pobal taobh amuigh den Ghaeltacht agus taobh istigh den Ghaeltacht faoi seach. Ba é an tuairim choitianta a léirigh na grúpaí sin ná go raibh feabhas tagtha ar chúrsaí ó tugadh an Straitéis isteach sa bhliain 2010, ach arís eile go bhféadfaí i bhfad níos mó a dhéanamh chun na spriocanna a leagadh síos cúig bliana ó shin a bhaint amach faoi 2030. Tugadh suntas don ‘easpa spriocamanna’ atá luaite sa Straitéis.

Ba é cruinniú an lae inniu an ceathrú ceann agus an ceann deiridh de shraith cuinnithe a reáchtáladh sna mórchontaetha Gaeltachta le coicís anuas. Bhí trí chruinniú ann roimhe seo, ceann i nDún na nGall, ceann i nGaillimh agus ceann i gCiarraí.
Labhair Tuairisc.ie le roinnt ceannairí pobail atá ag plé le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta i ndiaidh na gcruinnithe sin agus ní mó ná sásta a bhí a bhformhór leis an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis go dtí seo.

Dúradh gur bhraith an pobal [Gaeltachta] go raibh an Roinn tar éis iad a thréigean agus ualach na pleanála teanga á leagan anuas orthu gan acmhainní mar is ceart a chur ar fáil. In aigheacht réamhbhuiséid a d’ullmhaigh Roinn na Gaeltachta féin anuraidh, dúradh go raibh an méid a bhí i ndán don Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge idir dhá cheann na meá.

San aighneacht sin a chuir an Roinn faoi bhráid an Rialtais, dúradh go raibh an Straitéis ag ‘pointe leochaileach’ agus tugadh le fios go raibh an baol ann go gceapfadh pobal na Gaeltachta nach bhfuil an Stát ‘dáiríre’ ná ‘macánta’ faoin teanga.

“The implementation of the 20 Year Strategy is now at a crucial juncture and the support of Gaeltacht communities will be very important.

“It is vital that these communities feel that they have full Government back up and that the State’s efforts with regard to the language are genuine and sincere,” a dúradh in aighneacht na Roinne.

Cuirfear tuarascáil le chéile bunaithe ar an aiseolas a fuarthas ag na cruinnithe Gaeltachta agus cruinniú an lae inné san ardchathair agus cuirfear an tuarascáil sin ar aghaidh chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh dheireadh mhí Eanáir na bliana 2016.

Táthar ag súil go mbeifear in ann na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana idir 2016 agus 2021 a aithint agus a fhoilsiú.

www.tuairisc.ie

Folúntas: Gaelcholáiste Mhuire (A.G.)

Nollaig 10, 2015

Tá múinteoir ar théarma seasta de dhíth i nGaelcholáiste Mhuire (A.G.). Yuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17179/

Suirbhé ag lorg aiseolas ar Chomhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo

Nollaig 9, 2015

Táimid cheana féin i mbun pleanála do Chomhdháil Oideachais 2016 agus ba mhór linn do chúnamh. Seo chugat suirbhé maidir leis an gComhdháil, ag lorg aiseolas uathu siúd a d’fhreastail air i mbliana nó roimhe seo, agus moltaí chomh maith ó éinne bainteach leis na naíonraí agus na scoileanna lán-Ghaeilge maidir le conas is fearr freastal orthu ag comhdhálacha amach anseo. Déardaoin an 17 Nollaig an dáta deiridh le haiseolas a chur chugainn, níl ach dhá nóiméad i gceist leis an suirbhé a chomhlánú, agus beimis ag súil le forbairt a dhéanamh ar an gComhdháil bunaithe ar na torthaí.

http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/

Easpa seirbhísí Gaeilge ina cúis imní do Chonradh na Gaeilge agus an Straitéis á plé i mBÁC

Nollaig 9, 2015

Easpa seirbhísí Gaeilge ón Stát — sin í an cheist is mó a bhfuil Conradh na Gaeilge ag díriú uirthi ag comhdháil faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, go gcaithfear fiafraí an bhfuil an Rialtas ag iarraidh go mbeadh daoine ag éileamh seirbhísí Gaeilge agus an bhfuil a ndóthain daoine ann le Gaeilge sa Státseirbhís chun an tseirbhís sin a sholáthar.

“Tá coras na scéimeanna teanga lochtach agus tá sin aitheanta ag an gCoimisinéir Teanga. Le córas caighdeánaithe, bheadh sé níos soiléire don saoránach cé na cearta atá aige agus bheadh sé níos soiléire don eagraíocht cén dualgas at orthu. Má bhíonn a fhios ag duine go díreach cad iad na seirbhisí atá sé i dteideal a fháil ó eagraíochtaí, is mó seans go ndéanfaidh sé na seirbhísí sin a éileamh,” a dúirt Ó Cearbhaill.

Anuas ar fhadhb na scéimeanna teanga, dúirt an tUachtarán go gcaithfeadh an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh ceannaireacht a léiriú agus meon na gcomhlachtaí Stáit a athrú.

Tá díospóireacht ar siúl sa Roinn Oideachais ó mhaidin faoin méid atá bainte amach faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ó cuireadh tús léi cúig bliana ó shin. Mar chuid den phlé sin, táthar ag breathnú chun tosaigh ar a bhfuil i ndán don Straitéis sa tréimhse cúig bliana atá amach romhainn. Cuirfidh plé an lae inniu deireadh le sraith cruinnithe atá á reáchtálil le cúpla seachtain anuas inár pléadh cur i bhfeidhm na Straitéise.

Díreofar ar dheich gcinn de shaincheisteanna mar chuid den díospóireacht inniu:

– Cé na gníomhaíochtaí atá ag feidhmiú go héifeachtach?

– Cé na gníomhaíochtaí nach bhfuil ag feidhmiú go héifeachtach?

– Cé na céimeanna is gá a thabhairt chun gníomhaíochtaí nach bhfuil ag feidhmiú a chur i gcrích?

– Céard is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge?

– Céard is féidir a dhéanamh chun feasacht teanga an phobail, státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí i leith na Gaeilge a fheabhsú?

– Cén bhail atá ar na struchtúir atá ann chun an Straitéis a chur i bhfeidhm?

– Cén chaoi ar féidir gníomhaíochtaí ábhartha na Straitéise a chur i bhfeidhm ar fud an Státchórais?

– Cén chaoi ar féidir an próiseas pleanála a chur i bhfeidhm?

– Cé na gníomhaíochtaí ar chóir tosaíocht a thabhairt dóibh do na cúig bliana amach romhainn?

– Cén t-ord tosaíochta ba cheart a thabhairt do ghníomhaíochtaí ar leith do na cúig bliana amach romhainn?

Tugadh an Straitéis isteach i mí na Nollag 2010 tar éis di tacaíocht a fháil ó na páirtithe uile i dTithe an Oireachtais agus tar éis próiseas comhairliúcháin agus taighde.

Leagadh naoi réimse gnímh amach sa Straitéis chun trí bhunsprioc na Straitéise a chur i gcrích: líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais a ardú go 250,000; líon na gcainteoirí Gaeltachta a ardú faoi 25%; agus líon na ndaoine a úsáideann na seirbhísí Stáit i nGaeilge agus a bhfuil teacht acu ar an teilifís, an raidió agus na meáin chlóite i nGaeilge, a mhéadú.

www.tuairisc.ie

Folúntas: Meánscoil Gharman, Loch Garman

Nollaig 9, 2015

Tá Meánscoil Gharman ag lorg múinteoir páirt-aimseartha. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17158/

McHugh ‘sásta’ le scéimeanna teanga ainneoin mhian an Choimisinéara córas nua a chur i bhfeidhm

Nollaig 8, 2015

Tá 285 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 gan aon scéim teanga aontaithe le Roinn na Gaeltachta faoi láthair, agus an bhliain seo chugainn, beidh deich mbliana ann ó chéadiarradh ar sé cinn de na comhlachtaí sin scéim teanga a dhréachtú.

Ar na comhlachtaí nach bhfuil aon scéim teanga acu, tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), dream ar iarradh orthu scéim teanga a réiteach sa bhliain 2007. Tá scéim teanga i bhfeidhm ag craobh Limistéir an Iarthair den FSS faoi láthair.

Is iad na comhlachtaí a mbeidh deich mbliana caite acu i mbun scéim teanga a aontú le Roinn na Gaeltachta ná Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann, An Chomhairle Oidhreachta, Amharclann na Mainistreach, An Coimisiún um Scrúdaithe Stáit agus An Ceoláras Náisiúnta.
Tá Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an coláiste tríú leibhéal is mó sa tír, gan scéim teanga ó bhí an bhliain 2009 ann.

In ainneoin líon mór na gcomhlachtaí stáit nach bhfuil aon scéim teanga aontaithe acu, thug an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil go raibh sé sásta le córas na scéimeanna teanga.

Is faoin gcóras seo a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ag freagairt ceist Dála ó Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire McHugh go bhfuil scéimeanna teanga aontaithe le comhlachtaí a mbíonn an plé is mó acu leis an bpobal.

“Tá 107 scéim teanga reatha i bhfeidhm agus tá 115 comhlacht poiblí clúdaithe faoi na scéimeanna sin. Clúdaíonn na scéimeanna teanga sin mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé idirghníomhach ag an phobal leo ar bhonn rialta, lena n-áirítear ranna agus oifigí Stáit, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhlachtaí poiblí eile nach iad,” a dúirt an tAire.

Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach. Bhí na laigeachtaí a chonacthas dó a bhí ar chóras na scéimeanna teanga i measc na gcúiseanna a luaigh an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, lena chinneadh éirí as an ról i mí Feabhra 2014.

www.tuairisc.ie

Aistear agus Síolta – Ceardlann maidir le Treoir Chleachtais do Stiúrthóirí Naíonra

Nollaig 7, 2015

Óstán Clarion, Corcaigh

11-13.30 ar an 9 Eanáir, 2016

Ceardlann do stiúrthóirí naíonra bunaithe ar áiseanna nua ón CNCM

Níl costas ar an gceardlann seo ach is gá clárú roimh an 18 Nollaig 2015 le d’áit a dheimhniú. Déan teagmháil le Jill ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie.

AS_logo

Folúntas: Scoil Gharbháin, Port Láirge

Nollaig 4, 2015

Tá cúntóir riachtais speisialta páirt-aimseartha de dhíth i Scoil Gharbháin. Tuilleadh eolais de dhíth ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24520/

(English) It was a British Army base for more than 150 years, now Ebrington could soon be home to an Irish language school

Nollaig 4, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais maidir le maolú na Gaeilge

Nollaig 4, 2015

Tá glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón AE nó go rachaidh maolú na Gaeilge in éag faoi cheann cúig bliana.

I mí Iúil d’fhógair an Rialtas go mbeifeá ag éileamh go gcuirfí siar cúig bliana dáta éagtha maolú na Gaeilge sa AE seachas deireadh a chur láithreach leis.

Ciallaíonn maolú na Gaeilge nach gá don AE na seirbhísí céanna a chuirtear ar fáil i dteangacha eile a chur ar fáil i nGaeilge.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta fáilte tráthnóna roimh chinneadh na Comhairle Eorpaí glacadh le plean an Rialtais faoina bhfuil sé i gceist cur leis an méid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge as seo go ceann cúig bliana.

Agus fáilte á cur aige roimh an gcomhaontú, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh sé “iontach tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga iomlán oibre d’institiúidí an AE”.

“Cé go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil den Aontas Eorpach ó bhí 2007 ann, cuireann an Rialtas fáilte roimh an chur chuige a chomhaontaigh an Chomhairle inniu chun na catagóirí reachtaíochta atá le haistriú a mhéadú agus leanúint le méadú réamhghníomhach an eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE,” a dúirt McHugh.

Dúirt an tAire go mbeadh an Rialtas “ag obair go dlúth leis an Choimisiún Eorpach agus leis na hinstitiúidí AE eile” chun a chinntiú go mbeadh dóthain aistritheoirí Gaeilge ann chun tabhairt faoin obair a bheidh le déanamh as seo go ceann cúig bliana.

Thíos tá an clár ama do mhéadú céimnitheach na reachtaíochta atá le haistriú go Gaeilge.

Achtanna

 

Dátaí
Treoracha glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017
Cinntí glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2018
Treoracha glactha ag an gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020
Rialacháin glactha ag an gComhairle Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020
Cinntí glactha ag an gComhairle nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020
Rialacháin glactha ag an gCoimisiún Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021
Treoracha glactha ag an gCoimisiún atá dírithe ar gach Ballstát Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021
Cinntí glactha ag an gCoimisiún nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021

www.tuairisc.ie

« Previous PageNext Page »