Míbhuntáistí an dátheangachais á bhfiosrú in Ollscoil Cambridge
Meitheamh 23, 2016
Léirítear i dtaighde nua go bhféadfadh go mbaineann míbhuntáistí leis an dátheangachas i réimse áirithe. De réir an taighde, atá fós á dhéanamh in Ollscoil Cambridge i Sasana, tá difríochtaí idir cognaíocht na hinchinne aonteangaí agus cognaíocht na hinchinne dátheangaí agus is ag an inchinn aonteangach atá an lámh in uachtar.
Díríonn an staidéar nua ar an meitichognaíocht, nó an cumas atá ag duine a fheidhmiú cognaíoch féin a mheas.
Roghnaíodh aonteangaigh agus dátheangaigh “óga, sláintiúla” le páirt a ghlacadh in dhá thurgnamh.
Iarradh orthu breathnú ar dhá chiorcal ar scáileán agus buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé acu ciorcal is mó a raibh spotaí bána ann. Bhí rogha éasca ann ó am go chéile – spota amháin i gciorcal amháin agus 20 spota sa cheann eile. Ach bhí sé níos deacra ná sin in amanna eile agus, cur i gcás, 49 spota i gciorcal amháin agus 50 sa cheann eile.
Fiafraíodh de na rannpháirtithe ina dhiaidh sin cén muinín a bhí acu as a gcinneadh féin. Fuarthas nach raibh aon difríocht idir na dátheangaigh agus na haonteangaigh sa chéad turgnamh agus gur mó seans go roghnódh an dá dhream an ciorcal ceart ach gurbh fearr a chruthaigh na haonteangaigh sa dara turgnamh.
Bhí siad níos fearr ag rá cén uair a bhí an ceart acu agus cén uair nach raibh ná mar a bhí na dátheangaigh. Is é sin le rá gur lú tuiscint a bhí ag na dátheangaigh ar a gcumas féin. Deir lucht déanta an taighde nach raibh súil acu lena leithéid de thoradh ar a gcuid oibre agus go léiríonn na torthaí céanna go bhféadfadh míbhuntáistí, chomh maith le buntáistí, a bheith ag baint leis an dátheangachas.
Tá an staidéar fós ag dul ar aghaidh, áfach, agus beidh go ceann trí bliana eile. Tá súil ag lucht a dhéanta tuiscint níos fearr a fháil ar an inchinn dhátheangach. Tá fianaise foilsithe ag an bhfoireann chéanna cheana féin go mbaineann buntáistí ar leith leis an dátheangachas. Fuair siad amach go bhfuil dátheangaigh níos fearr ag déanamh scagadh ar chur isteach briathartha agus go mbíonn súil níos géire acu, go háirithe nuair a iarrtar orthu difríochtaí a aimsiú i bpictiúir.
Deir na taighdeoirí go bhfuil siad ag súil go spreagfaidh an t-eolas nua faoi mhíbhuntáistí an dátheangachais tuilleadh taighde ar an ábhar agus go mbeifear in ann “díospóireacht oscailte” a chothú faoi bhuntáistí agus míbhuntáistí an dátheangachais.
www.tuairisc.ie
Folúntais Poist
Meitheamh 23, 2016
Gaelscoil Lios Tuathail, Ciarraí: Múinteoir tacaíochta foghlama sealadach.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27217/
Gaelscoil Dara, Gaillimh: Múinteoir ranga sealadach
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27176/
Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Corcaigh: Ionadaí ranga.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27178/
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fhailí: Cúntóir riachtanais speisialta buan.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27175/
Gaelscoil Uí Chéadaigh, Cill Mhantáin: Múinteoir ranga.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27167/
Gaelscoil Chill Dara: Múinteoir ranga.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27195/
45 bliain ó tosaíodh an feachtas do Scoil an tSeachtar Laoch
Meitheamh 23, 2016
Os cionn dhá scór bliain ó shin bhí feachtas ar bun i mBaile Munna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le scoil lánGhaeilge a bhunú sa cheantar. Craoladh tuairisc faoin bhfeachtas ar an gclár Féach ar RTÉ agus tá an tuairisc sin le feiceáil arís ar shuíomh Chartlann RTÉ
Dúirt príomhoide na linne seo Fiachra Ó Domhnaill le Tuairisc.ie gur sháraigh lucht an fheachtais na constaicí a bhí rompu na blianta fada ó shin agus gur iontach an tionchar a bhí ag an scoil ar an gceantar ó bunaíodh í.
“Tá an dara Gaelscoil anois ann i mBaile Munna, is léiriú ann féin an méid sin ar an tógáil phobail a tharla i ndiaidh bhunú na scoile seo. Ba iad lucht na n-árasán a d’éiligh an scoil, mar is léir ón tuairisc ar Féach, agus bhí go leor fadhbanna acu an scoil a fháil.
“Bhí sagart an pharóiste ag rá le muintir na háite ‘you can’t speak English never mind Irish’ le linn an fheachtais. Ach sáraíodh na constaicí agus tá an scoil ina cuid lárnach den cheantar anois. Ní chreidfeá líon na ndaoine a bheannaíonn i nGaeilge dom agus mé ag siúl timpeall an bhaile,” a dúirt Ó Domhnaill.
Dúirt sé go bhfuil mic, iníonacha agus garmhic agus gariníonacha na ndaoine a d’fhreastail ar an scoil nuair a osclaíodh í sna 1970í anois ag freastal uirthi agus go bhfuil naisc láidre teaghlaigh agus pobail le brath inti.
“Tá grúpaí ann a d’eascair ón scoil, ciorcail chomhrá, grúpaí damhsa agus ceoil agus cumainn spóirt ann a mbíonn go leor Gaeilge le cloisteáil iontu. Tá cúpla leaid ag imirt le foirne CLG Bhaile Átha Cliath agus is i nGaeilge a labhraíonn siad nuair a thagann siad ar cuairt,” a dúirt sé.
Físeán: http://www.rte.ie/archives/2016/0620/796840-ballymun-as-gaeilge/
Folúntais Poist
Meitheamh 21, 2016
Múinteoir do shaoire mhaithreachais: Gaelscoil Éanna, Co na Mí
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26865/
Príomhoide: Gaelscoil na Ríthe, Co na Mí
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27002/
Múinteoir tacaíochta: Gaelscoil na Ríthe, Co na Mí
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27089/
Cúntóir riachtanais speisialta: Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27007/
Múinteoir do shaoire mhaithreachais: Gaelchólaiste Cheatharlach
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/20530/
Múinteoir: Gaelchólaiste Cheatharlach
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/20531/
Cúntóir riachtanais speisialta: Gaelscoil an Mhuilinn, Co na hIarmhí
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27028/
Múinteoir sealadach: Gaelscoil Nás na Ríogh, Co na Mí
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27117/
Múinteoir acmhainní: Gaelscoil an Inbhir mhóir, Cill Mhantáin
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27148/
Gaelscoil an Inbhir Mhóir múin buan
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27144/
Múinteoir sealadach: Gaelscoil an Inbhir Mhóir, Cill Mhantáin
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27145/
Múinteoir do shaoire mhaithreachais: Gaelscoil an Inbhir Mhóir, Cill Mhantáin
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27151/
Príomhoide: Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27150/
Múinteoir: Gaelscoil Éadan Doire
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27158/
Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn: Turas Treoraithe i nGaeilge, Dé Sathairn 30 Iúil 2016, 10.30am – 4.30pm
Meitheamh 21, 2016
Stiúrthóir do Champa Samhraidh Locha Riach de dhíth.
Meitheamh 21, 2016
Beidh an campa ar siúl ón 2 go dtí an 12 Lúnasa 2016.
Maidir le stiúrthóir an champa:
-Beidh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach.
-Múinteoir bunscoile lánaimseartha atá a dhíth.
Beidh fáilte roimh iarratais, roimh 30 Meitheamh 2016, ag na seoltaí seo a leanas: oifig@lochariach.com.
Má tá suim agat sa phost seo, cuir scairt le do thoil ar Mharcas, Gaeilge Locha Riach, 0871953884.
Is féidir tuilleadh eolais faoin eagrais seo a fháil ar www.lochariach.com.
Má tá spéis agat bheith i do bhall foirne téigh i dteagmháil linn.
Iris Shruth na Gaeilge, Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha, ar fáil ar líne
Meitheamh 20, 2016
Tá an t-eagrán is déanaí de Scéala Scoile, Iris Shruth na Gaeilge, Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha, ar fáil ag an nasc thíos:
https://issuu.com/scealascoile/docs/sc__ala_scoile__eagr__n_29__meithea/1
Tá na 4 eagrán a foilsíodh i mbliana ar fáil ag www.issuu.com/scealascoile
Ó Pheann an Phiarsaigh i mBéal Feirste agus Anagaire an tseachtain seo
Meitheamh 20, 2016
Béal Feirste 23/6
Beidh an dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir á léiriú sa Chultúrlann i mBéal Feirste, Déardaoin, 23 Meitheamh @ 8 i.n. Mar chuid den oíche, beidh ceol le Diane Cannon agus Claire Nic Ruairí. Cead isteach £5. Lacáiste £3.
Anagaire 25/6
Halla Anagaire, Tír Chonaill – Dé Sathairn, 25 Meitheamh @ 8.30 i.n. Ceol den scoith ina dhiaidh le Dónal MacDaibhéid, Suzanne McDevitt agus Conor O Gallchóir. Beidh dráma grinn ó Rann na Feirste le Niall Mac Eamharcaigh le deireadh a chur leis an oíche.
_______________________________
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste – Déardaoin, 23 Meitheamh @ 8 i.n.
Halla Anagaire, Tír Chonaill – Dé Sathairn, 25 Meitheamh @ 8.30 i.n. (ceol den scoith ina dhiaidh agus dráma grinn ó Rann na Feirste)
Oileán Thoraí (Trasna na dtonnta linn!) – Déardaoin, 7 Iúil (Am le fógairt)
Ionad Pobail Dhún Lúiche – Dé Sathairn, 9 Iúil @ 8 i.n (ceol den scoith ina dhiaidh)
Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill 2016, i gCaisleán Uidhlín, Co. an Dúin – Dé hAoine, 15 Iúil @ 8 i.n.
Féile Chnoc Fola (Ionad Phobail Chnoc Fola), Tír Chonaill – Dé hAoine, 22 Iúil @ 8 i.n.
Gleann Cholm Cille, Iardheisceart Thír Chonaill – Dé Ceadaoin, 27 Iúil
Ros Goill, Na Dúnaibh, Tír Chonaill – Dé Ceadaoin, 3 Lúnasa
Áras Éanna, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe – Dé Sathairn, 6 Lúnasa
_______________________________
Blaiseadh beag den dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir:
http://tuairisc.ie/fisean-o-pheann-an-phiarsaigh-ag-griosadh-meanma-na-gcarad/
Noel Ó Gallchóir – Donegal Daily
Noel Ó Gallchóir – The Irish Times
Noel Ó Gallchóir – Pádraig Mac Piarais (NOS.ie)
Noel Ó Gallchóir – Seosamh Mac Grianna
Noel Ó Gallchóir – BBC Stewart Parker Winner
An dráma
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.
Noel Ó Gallchóir
Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é Noel Ó Gallchóir. Tá a shaol caite aige ag plé leis an oideachas trí Ghaeilge agus le cur chun cinn na teanga agus an chultúir. Ba mhúinteoir é i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó 1977 agus bhí sé ina phríomhoide sa scoil ó 1998 go 2015. Tá suim faoi leith aige sa stair, sa scríobh agus sa drámaíocht. Le linn 2014/15 chuir Noel seó aonair eile dar teideal ‘Idir Dhá Cheann na hImní’ os comhair an phobail 25 huaire. Saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna ab ábhar don dráma sin agus léiríodh é go forleathan ar fud na tíre. Bronnadh Gradam Stewart Parker 2015 ar an dráma agus d’éirigh leis gradam a bhaint amach ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gCorcaigh chomh maith.
Beir bua agus beannacht,
Seán https://www.facebook.com/OPheannanPhiarsaigh/
Call for secular Gaelscoil in north Dublin
Meitheamh 20, 2016
Reversal sought on rejection of first non-denominational gaelscoil in north Dublin area
Campaigners for a multidenominational Gaelscoil in north Dublin are calling for a change in the criteria used to grant school patronage after an application to open an Irish-medium school was rejected.
Minister for Education Richard Bruton refused to sanction the Gaelscoil in the Drumcondra/Marino/Dublin 1 catchment area despite the application registering the names of 733 children from the immediate area and adjacent school districts.
The children’s names – a record-breaking number for Gaelscoil campaigns nationwide – were submitted by proposed patron An Foras Pátrunachta on behalf of parents as part of the application.
Despite noting evidence “of considerable demand for all-Irish provision at primary level”, the department rejected the Gaelscoil application in favour of an Educate Together school, scheduled to open on the All Hallows campus inDrumcondra in September.
The department’s New Schools Establishment Group determined that some of the children listed on the Gaelscoil application were from outside the immediate area due to be served by the school.
Parents say a derogation should be given to Gaelscoileanna on the basis that they cannot numerically compete with English-language schools in any given catchment area.
Secular ethos
Supporters of the proposal argue that there is no comparable multidenominational Irish-medium school in any of the adjoining school districts and the proposed school would be the only Irish-medium school of this type on the northside of the city.
Parents are now hoping the minister will allow for the co-location of the school alongside the new Educate Together school on the All Hallows site.
Karolina Stefanczak, a Polish woman living and working in Ireland who wishes to send her three-year-old daughter Gaia to the Gaelscoil, said despite the high level of interest stated, “many of us were from ‘outside the catchment area’ and therefore ‘disqualified’”.
“Currently there is not a single Irish-medium multidenominational primary school available from O’Connell Street to Swords. Living in the capital as we do it is bizarre that we do not have the option of this type of education. The Government should ensure that there is this type of education available for any parents who want it without imposing significant distances on them to travel.”
Highlighting the fact that the school would be the only Irish-medium school in the area without a religious ethos, she said: “Such a school would break that idea that the Irish language is only available to Catholics. Having a multidenominational Irish school opens the Irish language to everybody.”
In answer to a parliamentary question asked by Green Party TD Catherine Martin on the matter in the Dáil this week, Mr Bruton said his officials “are keeping the changing demographics in the Drumcondra/Marino/Dublin 1 area under review”.
‘Grave injustice’
Siún Mulrennan from Drumcondra, who speaks Irish to her children at home, said she and her family were “devastated” when the application was rejected. “Parents I have spoken to since the decision feel that this is a grave injustice.”
Ms Mulrennan believes the refusal to grant permission is in contravention of the 20-Year Strategy on Irish which says a high standard of all-Irish education will be provided to school students whose parents or guardians so wish.
Despite the rejection, parents are continuing to register their children’s names for the Gaelscoil and over 800 children are now on the list.
An online petition started by Ms Mulrennan and her husband calling on the Minister to co-locate an Irish-medium school with the Educate Together school on the All Hallows campus has been signed by more than 1,600 people.
A decision is expected in the coming days on an appeal lodged by An Foras Pátrunachta with the Department of Education over its refusal to approve the application.
(English) Gael Choláiste Chill Dara principal retires
Meitheamh 20, 2016