Méid an Téacs

The 2017-2018 Fulbright Irish Awards application period is now open!  

Lúnasa 31, 2016

2017-2018 Fulbright Irish Awards Poster

Fulbright Irish Awards provide grants for postgraduate students, researchers, lecturers and professionals across all disciplines, to study, research or teach / lecture in the USA. The application deadline is 4pm, 28th October 2016.

To find out more, visit the Fulbright Irish Awards page. Interested candidates should review the eligibility criteria & award categories on our website, then contact awards@fulbright.ie for the 2017-2018 Award application guidelines & the link to the online application.

 Further information:

  • Fulbright will host a Webinar giving an overview of the Awards on offer at 1pm on Tuesday 13th September 2016. To register, email emma.loughney@fulbright.ie by 3pm on 12th September
  • Fulbright Ireland Ambassadors are available to give on-campus support, find details for the Ambassador on your campus here
  • Fulbright Award Managers can be reached at awards@fulbright.ie or by phone on +353 1 660 7670 to answer queries

 

Folúntais ar Phoist

Lúnasa 31, 2016

• Gaelcholáiste an Phiarsaigh, ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75374

• Gaelscoil Chill Dara, ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75419

• Gaelscoil Mhic Amhlaigh, ag lorg cúntóir riachtais speisialta buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75441

• Gaelscoil Shliabh Rua, ag lorg cúntóir riachtais speisialta buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75431

• Gaelscoil Philib Barún,ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75464

An 20 iarbhunscoil Gaeltachta is fearr sa tír…

Lúnasa 31, 2016

Tá cuntas ar na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ atá lonnaithe sa Ghaeltacht curtha le chéile ag Tuairisc.ie bunaithe ar thaighde náisiúnta a rinne an nuachtán The Sunday Times.

Coláiste Íde, coláiste cónaithe do chailíní sa Daingean i gContae Chiarraí, atá ar bharr liosta na scoileanna Gaeltachta ‘is fearr’ don dara bliain as a chéile. Chuaigh 87.2% de dhaltaí Choláiste Íde ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Is méadú é sin ar an 83.7% a chuaigh ar aghaidh in 2015.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí i scoileanna uile na tíre a chuaigh chun cinn go dtí 32 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas, ach is iad na daltaí a chuaigh chuig ollscoileanna amháin a cuireadh san áireamh san ord ‘fiúntais’.

Níor cuireadh san áireamh sa liosta seo scoileanna atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta ach atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.

Bhí idir ardú agus ísliú le sonrú ar liosta na bliana seo le hais liostaí blianta eile. Ardú den chuid is mó a bhí i gceist do scoileanna Gaeltachta ar an liosta náisiúnta agus ní raibh ach titim réasúnta beag i gceist do na scoileanna nár éirigh leo feabhas a chur ar a scór.

Is í Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna i gConamara an scoil Ghaeltachta is mó feabhas ón mbliain seo caite. Bhí an scoil ar an 190ú scoil ab fhearr ar liosta na bliana seo caite ach léim sí 96 áit agus í ag uimhir 94 i mbliana. Bhí sí ar an deichiú scoil Ghaeltachta ab fhearr anuraidh ach d’éirigh léi an séú háit a bhaint amach i mbliana.

Tá trí scoil ar liosta na bliana seo nach raibh i measc an 400 scoil ‘ab fhearr’ sa tír anuraidh. Is iad sin Scoil Mhuire i mBéal Átha an Ghaorthaidh i Múscraí, Coláiste Ghobnait in Inis Oírr i nGaillimh agus Gairmscoil Fheichín Naofa i gCorr na Móna i nGaillimh.

Baineann conspóid go minic leis na táblaí scoile a fhoilsítear sna nuachtáin náisiúnta.

Sna liostaí do ‘scoileanna friothálacha’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú leibhéal tar éis na hArdteistiméireachta, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus leithne an oideachais, dar le mórán.

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná céatadán na ndaltaí ón scoil a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal áirithe le linn na mblianta acadúla 2013-14, 2014-15 agus 2015-16.

Tabla 1

 

www.tuairisc.ie

 AN CHOMHAIRLE UM OIDEACHAS GAELTACHTA AGUS GAELSCOLAÍOCHTA

Lúnasa 30, 2016

COGGTá folúntas sealadach (3 mhí) ag COGG do riarthóir oifige.

Is gá Gaeilge labhartha agus scríofa ar ardchaighdeán a bheith ag an té a cheapfar, chomh maith le heolas ar an gcóras airgeadais SAGE.

Beidh gnáth fhreagrachtaí riaracháin oifige i gceist.

Tuarastal: €2800 in aghaidh na míosa.

Is i mBaile Átha Cliath atá COGG lonnaithe.

Seol CV chuig poist@cogg.ie roimh 4pm Déardaoin 8 Meán Fómhair 2016

Laurel Hill Coláiste FCJ Luimneach – Éacht agus buaicphointe i Stair na Scoile.

Lúnasa 30, 2016

Comhghairdeas le gach éinne atá bainteach le Laurel Hill Coláiste FCJ, ainmnithe mar an scoil is fearr sa tír san Sunday Times ar an Domhnach don tríú bhliain as a chéile.  Ta ríméad orainn go bhfuil scoil lán- Ghaelach ar bharr an liosta.  ‘Is cúis áthais agus bhróid dúinn go bhfuil an scoil seo ‘gainne, atá ar an bhfód ó 1935 ar aghaidh, tar éis an t-aitheantas seo a fháil.   Ina theannta san, tá áthas orainn go bhfuil ag éirí chomh maith san le scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre’ arsa Aedín Ni Bhriain, príomhoide Laurel Hill Coláiste FCJ.

BRÉALÚ: An Ceoldráma’ ag Electric Picnic

Lúnasa 29, 2016

dm

Clár Iomlán:

Capture

3

22

33

 

Íoga ar Scoil

Lúnasa 29, 2016

YOGAar-scoil-flyer

Folúntais ar Phoist

Lúnasa 29, 2016

• Gaelcholáiste Cheatharlach ag lorg ionadaí do shaoire mhaithreachais.
http://www.educationposts.ie/post/view/75215

• Gaelscoil an Bhradáin Feasa, ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75267

• Gaelscoil an Bhradáin Feasa, múinteoir tacaíochta foghlama do shaoire mháithreachais.
http://www.educationposts.ie/post/view/75269

• Gaelscoil Donncha Rua, ag lorg ionadaí do mhúinteoir ranga.
http://www.educationposts.ie/post/view/75302

• Gaelscoil na Ríthe,ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75331

• Coláiste Cois Life, ag lorg múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/75338

Teidil nua ag Cois Life.

Lúnasa 26, 2016

logo

Tá leathanaigh réamheolais ar theidil nua Cois Life le feiceáil ag na naisc thíos. Foilseofar na leabhair seo ar an 15 Meán Fómhair. Is scéinséar den scoth é An Tearmann, an cúigiú leabhar ag an údar agus iriseoir Alex Hijmans, agus oirfidh sé dóibh siúd ar mhaith leo an taobh eile – an taobh bundúchasach – den Bhrasaíl a bhlaiseadh. In Cinnlínte: Saol an Iriseora, scríobhann Deaglán de Bréadún ( Eagarthóir an Tuaiscirt le The Irish Times nuair a bhí na comhráití do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar siúl ) faoi na buaicphointí ina shaol gairmiúl.

 

2016 AIS_Eng-Gae_Cinnlínte_saol-an-iriseora

2016 AIS_Eng-Gae_AnTearmann

Nuacht ó Scoil Náisiúnta Ros Dumhach , Béal an Átha, Co Mhaigh

Lúnasa 26, 2016

 Buaiteoirí Náisiúnta

IMG_0340

Comhghairdeas do Hayden O Murchú, Madison Ní Mhurchú Kale Markwick agus a phriomhoide Dr. Anita  Ní h- Éilí a bhuaigh an chéad áit náisiúnta do chlár Radió a chum siad do Seachtain na Gaeilge. Seo an deichiú duais Náisiúnta  do scoil Náisiúnta Ros Dumhach, Béal an Átha, Co Mhaigh Eo  thar na blianta le h-aghaidh scéaltaí, dánta, cláir raidió, Ealaín agus dramaíocht.

Comortáis Éalaine

IMG_0328

Comhghairdeas do Oisín Mac Aodha, Scoil Náisiúnta Ros Dumhach , Béal an Átha, Co Mhaigh Eo a bhuaigh Teastas mar gheall ar an obair Ealaíne a rinne sé ar “ Caora & Uan” le h-aghaidh an comortais  náisiúnta do Texaco. Fuair sé ard-mholadh mar gheall ar a phictiúr. Tá Oisín le feiceáil lena príomhóide, Dr. Anita Ní h- Eilí.

Next Page »