Méid an Téacs

Comórtas

Eanáir 23, 2017

Comórtas

Tá ar gcuid cairde in Gaelchultúr Teo tar éis duaiseanna iontacha a chur ar fáil dúinn le comórtas a reáchtáil. Tá muid cinnte go mbeidh an-suim ag na scoileanna agus naíonraí sna hacmhainní seo.

An chéad áit: Beart Breise Bunscoile http://siopa.ie/ga/i-909-beart_breise_bunscoile/i.aspx…
An dara háit: Beart Bunscoile http://siopa.ie/ga/i-908-beart_bunscoile/i.aspx?id=908
An tríú háit: Póstaer Pearsan http://siopa.ie/ga/i-708-postaer_pearsan/i.aspx?ID=708

Le cur isteach ar an gcomórtas iontach seo, níl le déanamh ach dul chuig ár leathnach Facebook, an cheist shimplí seo a fhreagairt agus an freagra a fhágáil mar thráchtaireacht thíos faoin mbunphostáil.

CEIST: Cad is ainm don suíomh idirlín atá ag Gaelchultúr ar féidir leabhair Ghaeilge a ordú do scoileanna uaidh?
Spriocdháta: 27ú Eanáir 2017 13.00

Mar eolas, is féidir le scoileanna agus le hinstitiúidí eile orduithe a chur isteach trí shonrasc le leabhar ar bith Gaeilge atá i gcló, leabhair scoile san áireamh, a ordú trína suíomh http://siopa.ie/ga/orduithe_ar_sonrasc.aspx

(English) Scoil Naithí Dublin school closed after ‘extensive’ fire damage

Eanáir 23, 2017

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Gaelscoil Éadain Mhóir hoping to boost school numbers as demand for places grows

Eanáir 23, 2017

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Eighty children to miss out on Gaelscoil as waiting list soars

Eanáir 23, 2017

A Gaelscoil in Co Kildare will be unable to provide school places for almost 80 children next September, due to huge numbers enrolling at the school.

Scoil Ui Riada in Kilcock, Co Kildare, has approximately 56 places for next September; however, 52 of those places have already been reserved by siblings of current pupils.

This leaves just four places for new families in the school, as the waiting list hits 130 children. The school has been oversubscribed since 2013, with parents fighting each year for extra places.

In previous years, the school has been granted extra places to accommodate as many children as possible.

However, this year the Department of Education and the school’s patron, the Bishop of Kildare and Leighlin, are insisting that there should only be two streams rather than three. There are four other schools in the area for families to choose from, but parents are adamant that they should have the right to educate their children through the Irish language.

Brendan Shalvey has had his daughter on the waiting list to attend Scoil Ui Riada since she was nine months old but fears that she will not get a place in September.

“It turns out that there are people who have been there from about three months old.

“We want Irish to survive, we want Irish to thrive and we want it to be a living language.”

Parents’ Committee member Eimear de Faoite says the fight for extra places at the school is lasting from spring to September each year. “At this stage, there is a precedent that parents here wish for their children to be educated through Gaeilge,” she added.

Seamus O Muirithe, principal of Scoil Ui Riada, told the Sunday Independent that he supported the parents.

“Unfortunately, at the moment, we are bound by other decisions made by the Department of Education.

”These decisions do not allow us to give parents what they would like in relation to education through the medium of Irish.”

The school’s patron, Bishop Denis Nulty, declined to comment. Last week, Minister for Education Richard Bruton revealed that he intends to tackle school admission policies that give preference to Catholic children. The changes will prevent Catholic schools from exclusively selecting children who have been baptised for admission.

Meanwhile, the Education (Admissions to School) Bill is currently making its way through the Oireachtas.

The bill will mean that waiting lists for schools will be banned, which is intended to alleviate pressure on parents with children attending oversubscribed schools.

Sunday Independent

Díospóireachtaí maidir leis an bPolasaí Oideachas Gaeltachta ar Oireachtas.tv

Eanáir 20, 2017

Thíos tá taifead ar an gcruinniú de Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Dé Máirt, 29 Samhain, 2016 maidir le Soláthar Oideachais sa Ghaeltacht agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017, le Foras na Gaeilge agus Gaeloideachas i láthair.

Thíos tá taifead ar an gcruinniú de Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Dé Máirt, 13 Nollaig, 2016 maidir le Soláthar Oideachais sa Ghaeltacht agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017, le hionadaithe ón Roinn Oideachais & Scileanna i láthair.

Teacht le chéile na bPríomhoidí ag an gComhdháil IPPN, 27 Eanáir

Eanáir 19, 2017

Beidh deis ag na príomhoidí bunscoile ó na Gaelscoileanna agus ó na Scoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag an gComhdháil IPPN i City West ar an Aoine 27 Eanáir. Tugtar cuireadh duitse teacht go dtí an cruinniú uair a chloig ar an Aoine 27 Eanáir ag 13.30 sa Marley Suite, atá ar an dara urlár sa phríomh óstán. Tá Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán,  Anna mar Leas-Uachtarán agus Cathnia mar Iar-Uachtarán ag súil go mór le bualadh libh i City West agus éisteacht a thabhairt ar cé na riachtanais agus ceisteanna atá agaibh a chabhróidh linn obair na heagraíochta a stiúradh go héifeachtach.

Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ag tosú i mí Feabhra 2017!

Eanáir 19, 2017

An bhfuil aon suim ag do ghrúpa Idirbhliana teacht go Conamara ar ghearrchúrsa i mí Feabhra/Márta? Beidh an chéad Sárscoil Fíbín don Idirbhliain á rith i gConamara ón 27 Feabhra-1 Márta 2017 agus an dara cúrsa ón 1-3 Márta agus tá muid sa tóir ar scoileanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoin scéim píolótach seo.

Fuair Sárscoil Fíbín iarratais ó chomhordaitheoirí Idirbhliana le cúpla bliain anuas a leithéid de chúrsa a rith mar sin tá muid chun géilleadh an bhliain seo. Costas €100 in aghaidh an scoláire atá i gceist a chlúdaíonn lóistín, bia, na ceardlanna srl. Gearrchúrsa 2 lá go leith atá i gceist Luan-Céadaoin nó Céadaoin-Aoine i nGaeltacht Chonamara.

Beidh ceardlann faoi thaifeadadh ar fhón póca, Ceol & Amhráin Nuachumtha, Charades/Drámaíocht bunaithe ar an tSraith Pictiúir don Ardteist, Siúlóid Dúlra & Oidhreachta, Aisteoireacht ar radhairc ón scrúdú béil…..agus go leor craic agus spraoi ar an ngearrchúrsa seo i gConamara.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com

Sárscoil Fíbín don Idirbhliain

COMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA UÍ CHADHAIN 2017

Eanáir 19, 2017

Craobh na hÉireann, Téatar Stanley Quek, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Dé Céadaoin, 25 Eanáir 2017, 5.00 p.m.

FÁILE ROIMH CHÁCH !

Aoichainteoir:   Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge

5.00 p.m.   CRAOBH NA SÓISEAR

Rún: ‘Annus Horribilis’ a bhí sa bhliain 2016!

Foireann A: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Foireann B: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath

Foireann D: Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire

 

6.30 p.m.  CRAOBH NA SINSEAR

Rún: Bheadh Éire aontaithe ar leas mhuintir uile an oileáin seo!

Foireann A: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Foireann B: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Foireann C: Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Co. na Mí

Foireann D: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

 

Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo, a chruthaíonn ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc, le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac os cionn 50 foireann páirt ann i mbliana, agus  tháinig an ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Bronnfar buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnfar duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bheidh rannpháirteach

 

Tuilleadh Eolais: Jamie Ó Tuama, Gael Linn,35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2

T: 01/6753300  R.phost: jamieot@gael-linn.ie www.gael-linn.ie

Siamsóir na Mí 2017

Eanáir 19, 2017

Beidh an comórtas Siamsóir na Mí ar siúl ar an Satharn, 11ú Feabhra 2017 at 7:00 in Aras Pobail Ráth Cairn, Co na Mí. Is comórtas ar leith é chun teacht ar “Shiamsoir na Mí”.

Faoi 9 /  Faoi 12 Corn Chuimhneacháin Jimí O Méalóid

Faoi 15 /18 Corn Chuimhneacháin John Chonraí

Daoine Fásta: Corn Chuimhneacháin Mháirtín Chonraí

Cathfidh na daoine a ghlacann páirt trí cinn de na míreanna seo a lanas a dhéanamh:

 

Amhrán Gaeile a tá.

Scéal no dán Gaeile a aithris.

Damhsa

Uirlis a sheinm.

Portaireacht béil/ Feadáil.

 

Aon bheart eile a mheasfaí a bheadh feiliúnach.

Eolas: rathcairn@eircom.net, www.rathchairn.com, Fón, 046 9432381

Seachtain na Gaeilge i gclub CLG Fine Ghallainn

Eanáir 17, 2017

Beidh na himeachtaí seo a leanas ar siúl ag club CLG Fine Ghallainn i rith Seachtain na Gaeilge:

4ú Márta ag 10.00

Cluiche peile trí Ghaeilge idir páistí faoi 7 ó CLG Na Gaeil Óga agus CLG Fine Ghallainn. A gcéad uair ag tógaint don pháirc i gcluiche ceart le léinte na clubanna agus réiteoirí fásta. Go léir déanta trí Ghaeilge. Lonnaithe i bPáirc Cuimhneacháin Uí Laighléas, Sord Cholm Cille.

1ú Márta ag 21.00

Grúpa Comhrá seachtainiúil. Saor in aisce agus ar oscailt do ghach caighdeán. Fáilte roimh chách. Clubtheach CLG Fine Ghallainn, Sord Cholm Cille.

8ú Márta ag 21.00

Grúpa Comhrá seactainiúil. Saor in aisce agus ar oscailt do ghach caighdeán. Fáilte roimh chách. Clubtheach CLG Fine Ghallainn, Sord Cholm Cille.

15ú Márta ag 21.00

Tráth na gCeisteanna Boird trí Ghaeilge. Oiriúnach do chách. Píosa craic le píosa Gaeilge. Clubtheach CLG Fine Ghallainn, Sord Cholm Cille.

17ú Márta ag 13.00

Lá Mór na nGael. Cóisir mór i halla CLG Fine Ghallainn tar éis paráid Lá Fhéile Padraig, Sord Cholm Cille. Céiliúrfar cultúr na hÉireann le ceol, rince, amhránaíocht, srl… agus, dar ndóigh, an Ghaeilge. Saor in aisce agus ar oscailt do chách.

Tá tuilleadh eolas faoi ghach ócáid ar fail ó Liam Ó Culbáird ar 086-3814422.

« Previous PageNext Page »